Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D2575

Cinneadh (AE) 2022/2575 ón gComhairle an 19 Nollaig 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Comhpháirtíochta arna bunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le cinneadh ón gComhairle Comhpháirtíochta a ghlacadh chun liosta de dhaoine aonair atá toilteanach agus inniúil ar bheith ina gcomhaltaí de bhinse eadrána faoin gComhaontú sin a bhunú

ST/15401/2022/INIT

IO L 334, 28.12.2022, pp. 99–103 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2575/oj

28.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 334/99


CINNEADH (AE) 2022/2575 ÓN gCOMHAIRLE

an 19 Nollaig 2022

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Comhpháirtíochta arna bunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le cinneadh ón gComhairle Comhpháirtíochta a ghlacadh chun liosta de dhaoine aonair atá toilteanach agus inniúil ar bheith ina gcomhaltaí de bhinse eadrána faoin gComhaontú sin a bhunú

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 217, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (1) (‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’), tugadh i gcrích é le Cinneadh (AE) 2021/689 (2) ón gComhairle agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2021.

(2)

De bhun Airteagal 752(1) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, tá an Chomhairle Comhpháirtíochta, arna bunú le hAirteagal 7(1) den Chomhaontú sin, le liosta de dhaoine aonair atá toilteanach agus inniúil ar bheith ina gcomhaltaí de bhinse eadrána a bhunú. Tá trí fholiosta le bheith sa liosta: foliosta amháin de dhaoine aonair a bhunófar ar bhonn tograí ón Aontas; foliosta amháin de dhaoine aonair a bhunófar ar bhonn tograí ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann (‘an Ríocht Aontaithe’); agus foliosta amháin de dhaoine aonair nach náisiúnaigh de cheachtar den dá Pháirtí iad a fhónfaidh mar chathaoirleach don bhinse eadrána.

(3)

Tá cúigear ar a laghad le háireamh ar gach foliosta.

(4)

De bhun Airteagal 741(2) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, tá na headránaí uile le bheith ina ndaoine nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras, agus a bhfuil na cáilíochtaí is gá acu chun iad a cheapadh do na hoifigí breithiúnacha is airde ina dtír féin nó atá ina ndlí-eolaithe a bhfuil inniúlacht aitheanta acu. Tá saineolas le bheith léirithe acu sa dlí agus i dtrádáil idirnáisiúnta, lena n-áirítear saineolas faoi ábhair shonracha a chumhdaítear faoi Theidil I go VII, Caibidil 4 de Theideal VIII, Teidil IX go XII de Cheannteideal a hAon de Chuid a Dó nó Ceannteideal a Sé de Chuid a Dó den Chomhaontú Trádála agus Comhair, nó saineolas sa dlí agus in aon ábhar eile a chumhdaítear leis an gComhaontú sin nó le haon chomhaontú ar forlíonadh air é agus, i gcás cathaoirligh, taithí a bheith acu ar nósanna imeachta um réiteach díospóide.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 752(3) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, níl daoine atá ina gcomhaltaí, ina n-oifigigh nó ina seirbhísigh eile d’institiúidí an Aontais, de rialtas Ballstáit ná de rialtas na Ríochta Aontaithe le bheith ar an liosta sin.

(6)

Ar bhonn na dtograí ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe, tá an Comhairle Comhpháirtíochta le foliosta d’ochtar maidir le seasamh chathaoirleach an bhinse eadrána a chomhaontú, agus dhá fholiosta de sheisear maidir le seasamh chomhaltaí an bhinse eadrána a chomhaontú.

(7)

Tá bunú an tseasaimh atá le glacadh thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach sa Chomhairle Comhpháirtíochta a mhéid a bhaineann le hábhair a thagann faoi inniúlacht an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach faoi réir nós imeachta ar leithligh.

(8)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhpháirtíochta a bhunú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leagtar amach sa dréachtchinneadh ón gComhairle Comhpháirtíochta atá i gceangal leis an gCinneadh seo an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhpháirtíochta arna bunú ag Airteagal 7(1) den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile.

Airteagal 2

Foilseofar an cinneadh ón gComhairle Comhpháirtíochta in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Nollaig 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. SÍKELA


(1)   IO L 149, 30.4.2021, lch. 10.

(2)  Cinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála maidir le faisnéis rúnaicmithe a mhalartú agus a chosaint, (IO L 149, 30.4.2021, lch. 2).


DRÉACHT

CINNEADH UIMH. ... ÓN gCOMHAIRLE COMHPHÁIRTÍOCHTA ARNA BUNÚ LEIS AN GCOMHAONTÚ TRÁDÁLA AGUS COMHAIR IDIR AN TAONTAS EORPACH AGUS AN COMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH, DE PHÁIRT, AGUS RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN, DEN PHÁIRT EILE

AN ...

LENA MBUNAÍTEAR LIOSTA DE DHAOINE AONAIR A BHEIDH TOILTEANACH AGUS INNIÚIL AR BHEITH INA GCOMHALTAÍ DE BHINSE EADRÁNA, FAOIN GCOMHAONTÚ TRÁDÁLA AGUS COMHAIR

TÁ AN CHOMHAIRLE COMHPHÁIRTÍOCHTA,

Ag féachaint don Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (1) (“an Comhaontú Trádála agus Comhair”), agus go háirithe Airteagal 752(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 752(1) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, tá an Chomhairle Comhpháirtíochta le liosta a bhunú de dhaoine aonair a bheidh toilteanach agus inniúil ar bheith ina gcomhaltaí ar bhinse eadrána. Beidh 15 dhuine ar a laghad ar an liosta sin agus beidh 3 fholiosta ann: (a) foliosta amháin de dhaoine aonair a bhunófar ar bhonn moltaí ón Aontas; (b) foliosta amháin de dhaoine aonair a bhunófar ar bhonn moltaí ón Ríocht Aontaithe; agus (c) foliosta amháin de dhaoine aonair nach náisiúnaigh de cheachtar den dá Pháirtí iad a fhónfaidh mar chathaoirleach don bhinse eadrána.

(2)

Áireofar cúigear ar a laghad ar gach foliosta.

(3)

De bhun Airteagal 741 den Chomhaontú Trádála agus Comhair, beidh na headránaí uile ina ndaoine nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras, agus a bhfuil na cáilíochtaí is gá acu chun iad a cheapadh do na hoifigí breithiúnacha is airde ina dtír féin nó atá ina ndlí-eolaithe a bhfuil inniúlacht aitheanta acu. Beidh saineolas léirithe acu sa dlí agus i dtrádáil idirnáisiúnta, lena n-áirítear saineolas faoi ábhair shonracha a chumhdaítear faoi Theidil I go VII, Caibidil 4 de Theideal VIII, Teidil IX go XII de Cheannteideal a hAon de Chuid a Dó nó Ceannteideal a Sé de Chuid a Dó, nó saineolas sa dlí agus in aon ábhar eile a chumhdaítear leis an gComhaontú Trádála agus Comhair nó le haon chomhaontú ar forlíonadh air é agus, i gcás cathaoirligh, taithí a bheith acu ar nósanna imeachta um réiteach díospóide.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 752(3) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, ní bheidh daoine atá ina gcomhaltaí, ina n-oifigigh nó ina seirbhísigh eile d’institiúidí an Aontais, de rialtas Ballstáit ná de rialtas na Ríochta Aontaithe ar an liosta sin.

(5)

Ar bhonn na dtograí ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe, is iomchuí don Chomhairle Comhpháirtíochta an dá fholiosta de sheisear maidir le seasamh chomhaltaí an bhoird eadrána a chomhaontú, agus an foliosta d’ochtar maidir le seasamh chathaoirleach an bhinse eadrána a chomhaontú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leagtar amach san Iarscríbhinn an liosta de dhaoine aonair a bheidh toilteanach agus inniúil ar bheith ina n-eadránaithe faoin gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a ghlactha.

Arna dhéanamh ...,

Thar ceann na Comhairle Comhpháirtíochta

Na Comhchathaoirligh


(1)   IO L 149, 30.4.2021, lch. 10.


IARSCRÍBHINN

(a)

An foliosta de dhaoine aonair arna bhunú ar bhonn moltaí ón Aontas:

 

Laurence BOISSON DE CHAZOURNES

 

Irina BUGA

 

Hélène RUIZ FABRI

 

Michael HAHN

 

Crenguța LEAUA

 

Peter Leo Henri VAN DEN BOSSCHE

(b)

An foliosta de dhaoine aonair arna bhunú ar bhonn moltaí ón Ríocht Aontaithe:

 

Lorand Alexander BARTELS

 

Lawrence COLLINS

 

Jean E. KALICKI

 

Surya P. SUBEDI

 

David UNTERHALTER

 

Janet M. WHITTAKER

(c)

An foliosta de dhaoine aonair ba cheart fónamh mar chathaoirleach don bhinse eadrána:

 

Leora BLUMBERG

 

Thomas COTTIER

 

William J. DAVEY

 

Gavan GRIFFITH

 

Valerie HUGHES

 

Campbell MCLACHLAN

 

Penelope Jane RIDINGS

 

J. Christopher THOMAS


Top