Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D2574

    Cinneadh (AE) 2022/2574 ón gComhairle an 19 Nollaig 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhpháirtíochta arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an tréimhse eatramhach dá dtagraítear in Airteagal 552 (11) den Chomhaontú sin ar lena linn a fhéadfaidh an Ríocht Aontaithe maolú ón oibleagáid sonraí i dTaifead Ainmneacha Paisinéirí na bpaisinéirí a scriosadh tar éis dóibh imeacht as an Ríocht Aontaithe

    ST/15378/2022/INIT

    IO L 334, 28.12.2022, p. 96–98 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2574/oj

    28.12.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 334/96


    CINNEADH (AE) 2022/2574 ÓN gCOMHAIRLE

    an 19 Nollaig 2022

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhpháirtíochta arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an tréimhse eatramhach dá dtagraítear in Airteagal 552 (11) den Chomhaontú sin ar lena linn a fhéadfaidh an Ríocht Aontaithe maolú ón oibleagáid sonraí i dTaifead Ainmneacha Paisinéirí na bpaisinéirí a scriosadh tar éis dóibh imeacht as an Ríocht Aontaithe

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 16(2) agus Airteagal 87(2)(a), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

    Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2021/689 ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, agus an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bhaineann le nósanna imeachta slándála le haghaidh malartú agus cosaint faisnéise rúnaicmithe (1),

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    De bhun Airteagal 542 den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (2), leagtar amach i dTeideal III de Chuid a Trí (FORFHEIDHMIÚ AN DLÍ AGUS COMAHR BREITHIÚNACH IN ÁBHAIR CHOIRIÚLA) den chomhaontú sin rialacha faoinar féidir sonraí i dtaifead ainmneacha paisinéirí (‘PNR’) a aistriú chuig údarás inniúil na Ríochta Aontaithe agus faoina bhféadfaidh na húdaráis sin iad a phróiseáil agus a úsáid i gcás eitiltí idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, agus leagtar amach ann na bearta cosanta sonracha i ndáil leis sin.

    (2)

    Déantar foráil le hAirteagal 552(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair go bhfuil an Ríocht Aontaithe le sonraí PNR na bpaisinéirí a scriosadh tar éis dóibh imeacht as an tír, ach amháin i gcás ina léirítear i measúnú riosca gur gá na sonraí PNR sin a choinneáil.

    (3)

    Déantar foráil le hAirteagal 552 (11) den Chomhaontú Trádála agus Comhair gur féidir leis an Ríocht Aontaithe maolú ó mhír 4 den Airteagal sin ar bhonn sealadach ar feadh tréimhse eatramhaí, go dtí go mbeidh coigeartuithe teicniúla curtha chun feidhme ag an Ríocht Aontaithe ar a córais próiseála PNR a luaithe agus is féidir. Le linn na tréimhse eatramhaí sin, tá údarás inniúil na Ríochta Aontaithe le cosc a chur ar úsáid na sonraí PNR atá le scriosadh i gcomhréir le hAirteagal 552(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair trí na bearta cosanta breise a liostaítear in Airteagal 552(11), pointí (a) go (d) den Chomhaontú Trádála agus Comhair a chur i bhfeidhm maidir leis na sonraí PNR sin.

    (4)

    I gcomhréir le hAirteagal 552(12)(a) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, tá an chomhlacht riaracháin neamhspleách dá dtagraítear in Airteagal 552(7) den Chomhaontú Trádála agus Comhair chun tuairisciú ar cibé ar cuireadh na bearta cosanta sonraí i bhfeidhm go héifeachtach, agus tá údarás maoirseachta na Ríochta Aontaithe dá dtagraítear in Airteagal 525(3) den Chomhaontú Trádála agus Comhair le tuairim faoin méid sin a chur ar fáil.

    (5)

    Déantar foráil le hAirteagal 552(10) den Chomhaontú Trádála agus Comhair go bhfuil feidhm ag Airteagal 552(11) den Chomhaontú Trádála agus Comhair mar gheall ar na himthosca speisialta a chuireann bac ar an Ríocht Aontaithe na coigeartuithe teicniúla is gá a dhéanamh chun na córais próiseála PNR a d’oibrigh an Ríocht Aontaithe fad a bhí feidhm ag dlí an Aontais maidir léi a iompú ina gcórais lena bhféadfaí sonraí PNR a scriosadh i gcomhréir le hAirteagal 552(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair.

    (6)

    Déantar foráil le hAirteagal 552(13) den Chomhaontú Trádála agus Comhair i gcás ina mbeidh na himthosca speisialta dá dtagraítear in Airteagal 552(10) den Chomhaontú Trádála agus Comhair fós ann, go bhfuil an Chomhairle Comhpháirtíochta le síneadh bliana a chur leis an tréimhse eatramhach dá dtagraítear in Airteagal 552(11) den Chomhaontú Trádála agus Comhair. Rinne an Chomhairle Comhpháirtíochta cinneadh chuige sin an 21 Nollaig 2021, agus ar an gcaoi sin cuireadh síneadh leis an tréimhse eatramhach go dtí an 31 Nollaig 2022 (3).

    (7)

    Faoi na coinníollacha céanna agus, ina theannta sin, má léiríonn an Ríocht Aontaithe go bhfuil dul chun cinn substaintiúil déanta aici maidir lena córais próiseála PNR a iompú ina gcórais lena bhféadfaí sonraí PNR a scriosadh i gcomhréir le hAirteagal 552(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, cé nárbh fhéidir iad a iompú go hiomlán chuige sin go fóill, cuirfidh an Chomhairle Comhpháirtíochta síneadh bliana, arb é an ceann deiridh é, leis an tréimhse eatramhach, is é sin go dtí an 31 Nollaig 2023.

    (8)

    Tá feidhm ag Treoir (AE) 2016/681 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) maidir le húsáid PNR chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh laistigh den Aontas i gcomhréir leis na Conarthaí.

    (9)

    An 29 Meán Fómhair 2022, chuir an Ríocht Aontaithe measúnú de bhun Airteagal 552(12)(b) den Chomhaontú Trádála agus Comhair faoi bhráid an Choiste Speisialaithe maidir le Forfheidhmiú an Dlí agus um Chomhar Breithiúnach arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair (‘an Coiste Speisialaithe’).

    (10)

    Tháinig an Ríocht Aontaithe ar an gconclúid ina measúnú go bhfuil na himthosca speisialta dá dtagraítear in Airteagal 552(10) den Chomhaontú Trádála agus Comhair fós ann agus go bhfuil dul chun cinn substaintiúil déanta maidir lena córais próiseála PNR a iompú ina gcórais lena bhféadfaí sonraí PNR a scriosadh i gcomhréir le hAirteagal 552(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, cé nárbh fhéidir iad a iompú go hiomlán chuige sin go fóill. Thug an Ríocht Aontaithe dá haire gur dhear sí agus gur thóg sí acmhainn chun sonraí PNR a scriosadh i gcomhréir le hAirteagal 552(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair agus go bhfuil an acmhainn sin i mbun chéim na tástála béite. Ina theannta sin, luaigh an Ríocht Aontaithe go raibh sí ag forbairt próiseas measúnaithe riosca uathoibrithe bunaithe ar fhianaise oibiachtúil chun a chinneadh cad iad na sonraí PNR atá le coinneáil tar éis do na paisinéirí imeacht as an Ríocht Aontaithe. De bhun Airteagal 552(13) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, rinne an Coiste Speisialaithe tuarascáil na Ríochta Aontaithe a mheas an 13 Deireadh Fómhair 2022.

    (11)

    An 29 Meán Fómhair 2022, chuir an Ríocht Aontaithe tuarascáil de bhun Airteagal 552(12)(a) den Chomhaontú Trádála ón gcomhlacht riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 552(7) den Chomhaontú Trádála agus Comhair faoi bhráid an Choiste Speisialaithe, mar aon le barúil ó údarás maoirseachta na Ríochta Aontaithe um chosaint sonraí dá dtagraítear in Airteagal 525 (3) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, lena leagtar amach cur i bhfeidhm éifeachtach na mbeart cosanta dá bhforáiltear in Airteagal 552(11) den Chomhaontú Trádála agus Comhair.

    (12)

    De bhun Airteagal 552(13) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, rinne an Coiste Speisialaithe tuarascáil na Ríochta Aontaithe a mheas an 13 Deireadh Fómhair 2022. An tráth sin, d’fhreagair an Ríocht Aontaithe roinnt ceisteanna ón Aontas agus chuir sí faisnéis bhreise ar fáil faoi chur i bhfeidhm na mbeart cosanta sonraí, faisnéis a chomhaontaigh sí a chur ar fáil i scríbhinn ina dhiaidh sin.

    (13)

    An 21 Samhain 2022, thíolaic an Ríocht Aontaithe an fhaisnéis bhreise sin i scríbhinn. Meastar, dá bhrí sin, go bhfuil na himthosca speisialta dá dtagraítear in Airteagal 552(10) den Chomhaontú Trádála agus Comhair fós ann, agus gur léirigh an Ríocht Aontaithe go bhfuil dul chun cinn substaintiúil déanta aici maidir lena córais próiseála sonraí PNR a iompú ina gcórais lena bhféadfaí sonraí PNR a scriosadh i gcomhréir le hAirteagal 552(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, cé nárbh fhéidir iad a iompú go hiomlán chuige sin go fóill. Dá bhrí sin, de bhun Airteagal 552(13) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, ba cheart don Chomhairle Comhpháirtíochta síneadh bliana, arb é an ceann deiridh é, a chur leis an tréimhse eatramhach dá dtagraítear in Airteagal 552(11) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, go dtí an 31 Nollaig 2023.

    (14)

    Is é an Coiste Speisialaithe an chomhlacht inniúil chun faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar chur chun feidhme Chuid a Trí den Chomhaontú Trádála agus Comhair lena n-áirítear an measúnú bliantúil atá comhlacht riaracháin neamhspleách na Ríochta Aontaithe a dhéanamh de bhun Airteagal 552(7) den Chomhaontú Trádála agus Comhair ar an gcur chuige atá á chur i bhfeidhm ag údarás inniúil na Ríochta Aontaithe maidir leis an ngá atá le sonraí PNR a choinneáil de bhun Airteagail 552 (4). Meastar go mbeidh na coigeartuithe teicniúla uile is gá curtha i gcrích ag an Ríocht Aontaithe faoin 31 Nollaig 2023 chun go mbeidh a córais próiseála PNR in ann sonraí PNR a scriosadh i gcomhréir le hAirteagal 552(4) den Chomhaontú Trádála agus Comhair agus go gcuirfidh sí ‘an Coiste Speisialaithe’ ar an eolas faoi.

    (15)

    Tá an Comhaontú Trádála agus Comhair ina cheangal ar na Ballstáit uile de bhua Chinneadh (AE) 2021/689, Cinneadh a bhfuil Airteagal 217 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ina bhunús dlí substainteach aige.

    (16)

    Tá an Danmhairg agus Éire faoi cheangal ag Cuid a Trí den Chomhaontú Trádála agus Comhair de bhua Chinneadh (AE) 2021/689 agus dá bhrí sin tá siad rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Chinnidh seo lena gcuirtear an Comhaontú Trádála agus Comhair chun feidhme,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhpháirtíochta arna bhunú le hAirteagal 7(1) den Chomhaontú Trádála agus Comhair, teacht ar chomhaontú maidir leis an dara síneadh go dtí an 31 Nollaig 2023, arb é an ceann deiridh é, ar an tréimhse eatramhach, ar lena linn a fhéadfaidh an Ríochta aontaithe maolú ón oibleagáid sonraí i dtaifead ainmneacha paisinéirí na bpaisinéirí a scriosadh tar éis dóibh imeacht as an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 552(13) den Chomhaontú Trádála agus Comhair.

    Airteagal 2

    Foilseofar an Cinneadh ón gComhairle Comhpháirtíochta in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Nollaig 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. SÍKELA


    (1)  IO L 149, 30.4.2021. lch. 2.

    (2)  IO L 149, 30.4.2021, lch. 10.

    (3)  Cinneadh Uimh. 2/2012 ón gComhairle Comhpháirtíochta arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, an 21 Nollaig 2021 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an tréimhse eatramhach ar lena linn a fhéadfaidh an Ríocht Aontaithe maolú ón oibleagáid sonraí i dTaifead Ainmneacha Paisinéirí na bpaisinéirí a scriosadh tar éis dóibh imeacht as an Ríocht Aontaithe, (IO L 467, 29.12.2021, lch. 6).

    (4)  Treoir (AE) 2016/681 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le húsáid sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh (IO L 119, 4.5.2016, lch. 132).


    Top