This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D2539
Political and Security Committee Decision (CFSP) 2022/2539 of 13 December 2022 on the appointment of the EU Force Commander for the European Union military operation in Bosnia and Herzegovina and repealing Decision (CFSP) 2022/59 (BiH/34/2022)
Cinneadh (CBES) 2022/2539 ón gCoiste polaitiúil agus slándála an 13 Nollaig 2022 maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh le haghaidh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2022/59 (BiH/34/2022)
Cinneadh (CBES) 2022/2539 ón gCoiste polaitiúil agus slándála an 13 Nollaig 2022 maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh le haghaidh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2022/59 (BiH/34/2022)
ST/15456/2022/INIT
IO L 328, 22.12.2022, p. 99–100
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 20/01/2024; Arna aisghairm le 32023D2130
22.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 328/99 |
CINNEADH (CBES) 2022/2539 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA
an 13 Nollaig 2022
maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh le haghaidh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2022/59 (BiH/34/2022)
TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38 de,
Ag féachaint do Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/570/CBES ón gComhairle an 12 Iúil 2004 maidir le hoibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin (1), agus go háirithe Airteagal 6(1) di,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
De bhun Airteagal 6(1) de Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/570/CBES, d’údaraigh an Chomhairle don Choiste Polaitiúil agus Slándála na cinntí ábhartha a dhéanamh maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh le haghaidh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin (Oibríocht ALTHEA) (“Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh”). |
(2) |
An 10 Eanáir 2022, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh 2022/59 (2), lena gceaptar an Maor-Ghinearál Anton WESSELY mar Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh. |
(3) |
An 13 Deireadh Fómhair 2022, mhol údaráis mhíleata na hOstaire an Maor-Ghinearál Helmut HABERMAYER a cheapadh i gcomharbas ar an Maor-Ghinearál Anton WESSELY mar Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh ón 20 Eanáir 2023. |
(4) |
Thacaigh Ceannasaí Oibríochta Oibríocht ALTHEA leis an moladh ó údaráis mhíleata na hOstaire. |
(5) |
An 24 Samhain 2022, d'aontaigh Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh leis an moladh ó údaráis mhíleata na hOstaire. |
(6) |
Ba cheart, da bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2022/59 a aisghairm. |
(7) |
An 12 agus an 13 Nollaig 2002, ghlac Comhairle Eorpach Chóbanhávan dearbhú lena ndearbhaítear nach mbeidh feidhm ag socruithe ‘Beirlín Plus’ agus a gcur chun feidhme ach amháin maidir leis na Ballstáit sin den Aontas is comhaltaí de ECAT nó atá rannpháirteach i gclár Comhpháirtíocht na Síochána, agus a bhfuil comhaontuithe déthaobhacha slándála tugtha i gcrích acu le ECAT dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar an Maor-Ghinearál Helmut HABERMAYER mar Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh le haghaidh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin (Oibríocht ALTHEA) ón 20 Eanáir 2023.
Airteagal 2
Aisghairtear Cinneadh (CBES) 2022/59.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 20 Eanáir 2023.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Nollaig 2022.
Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála
D. PRONK
An Cathaoirleach
(1) IO L 252, 28.7.2004, lch. 10.
(2) Cinneadh (CBES) 2022/59 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 10 Eanáir 2022 maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh le haghaidh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2021/5 (BiH/32/2022) (IO L 10, 17.1.2022, lch. 77).