This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D2489
Council Decision (EU) 2022/2489 of 25 November 2022 on the position to be taken on behalf of the European Union at the 42nd meeting of the Standing Committee of the Convention on the conservation of European wildlife and natural habitats (the ‘Bern Convention’)
Cinneadh (AE) 2022/2489 ón gComhairle an 25 Samhain 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 42ú cruinniú de Bhuanchoiste an Choinbhinsiúin maidir le caomhnú fhiadhúlra agus ghnáthóga nádúrtha na hEorpa (“Coinbhinsiún Bheirn”)
Cinneadh (AE) 2022/2489 ón gComhairle an 25 Samhain 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 42ú cruinniú de Bhuanchoiste an Choinbhinsiúin maidir le caomhnú fhiadhúlra agus ghnáthóga nádúrtha na hEorpa (“Coinbhinsiún Bheirn”)
ST/14590/2022/INIT
IO L 323, 19.12.2022, pp. 90–91
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
19.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 323/90 |
CINNEADH (AE) 2022/2489 ÓN gCOMHAIRLE
an 25 Samhain 2022
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 42ú cruinniú de Bhuanchoiste an Choinbhinsiúin maidir le caomhnú fhiadhúlra agus ghnáthóga nádúrtha na hEorpa (“Coinbhinsiún Bheirn”)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Thug an tAontas an Coinbhinsiún maidir le caomhnú fhiadhúlra agus ghnáthóga nádúrtha na hEorpa (1) (“Coinbhinsiún Bheirn”) i gcrích le Cinneadh 82/72/CEE ón gComhairle (2) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 1982. |
|
(2) |
De bhun Airteagal 17 de Choinbhinsiún Bheirn, féadfaidh an Buanchoiste a bunaíodh le Coinbhinsiún Bheirn (an “Buanchoiste”) cinntí a ghlacadh chun na foscríbhinní a ghabhann le Coinbhinsiún Bheirn a leasú. |
|
(3) |
Le linn an 42ú cruinniú a bheidh ag an mBuanchoiste ón 28 Samhain go dtí an 2 Nollaig 2022, tá an Buanchoiste le cinneadh a ghlacadh maidir le Foscríbhinn II agus Foscríbhinn III a ghabhann le Coinbhinsiún Bheirn a leasú. |
|
(4) |
De bhun Airteagal 13(6) de Choinbhinsiún Bheirn, tá a Rialacha Nós Imeachta (na “Rialacha Nós Imeachta”) tarraingthe suas ag an mBuanchoiste agus, i gcomhréir le Riail 21, is féidir leis an mBuanchoiste na Rialacha Nós Imeachta a leasú. |
|
(5) |
Ag an 42ú cruinniú, iarrtar ar an mBuanchoiste freisin leasuithe ar na Rialacha Nós Imeachta a ghlacadh. |
|
(6) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh sa Bhuanchoiste thar ceann an Aontais a shuíomh, ó tharla go mbeidh an dá chinneadh ceangailteach ar an Aontas. |
|
(7) |
Thíolaic an Eilvéis togra chun an Mac tíre (Canis lupus) a bhogadh ó Fhoscríbhinn II a ghabhann le Coinbhinsiún Bheirn (“Speicis fána atá faoi dhianchosaint”) go dtí Foscríbhinn III (“Speicis fána faoi chosaint”). |
|
(8) |
Bunaithe ar na sonraí atá ann faoi láthair, níl údar, ó thaobh eolaíochta agus caomhnú de, le stádas cosanta gach daonra mac tíre a ísliú. Tá stádas caomhnaithe éagsúil ag an speiceas ar fud na mór-roinne, agus gan ach 18 gcuid náisiúnta as 39 gcuid de réigiúin bhithgheografacha san Aontas ina meastar a stádas caomhantais a bheith fabhrach. Dearbhaítear é sin leis an bhfaisnéis eolaíoch is déanaí atá ar fáil maidir le stádas caomhantais an speicis, a tháinig as an tuairisciú a rinneadh faoi Airteagal 17 de Threoir 92/43/CEE ón gComhairle (3) agus faoi Rún Uimh. 8 (2012) de Choinbhinsiún Bheirn. Ní mór an stádas dianchosanta a choinneáil mar gheall, freisin, ar bhagairtí leanúnacha ar an speiceas, lena n-áirítear bagairtí atá ag teacht chun cinn amhail fálta teorann agus hibridiú idir madraí agus mic tíre. |
|
(9) |
Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas cur i gcoinne an togra ón Eilvéis. |
|
(10) |
Mhol Rúnaíocht Choinbhinsiún Bheirn, i gcomhar le Biúró an Bhuanchoiste, roinnt leasuithe ar na Rialacha Nós Imeachta, go háirithe chun modhanna oibre agus nósanna imeachta Choinbhinsiún Bheirn a oiriúnú do mhodhanna agus d’uirlisí oibre fíorúla nua. |
|
(11) |
Freagraíonn na leasuithe atá beartaithe ar na Rialacha Nós Imeachta do chleachtais atá i bhfeidhm cheana féin i gcomhaontuithe comhshaoil iltaobhacha eile nó do chleachtais atá ann cheana sa Choinbhinsiún Bheirn a nglactar leo go forleathan. |
|
(12) |
Ba cheart don Aontas, dá bhrí sin, tacú leis na leasuithe atá á mbeartú ar na Rialacha Nós Imeachta, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is mar seo a leanas a bheidh an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, i dtaca le hábhair a thagann faoina inniúlacht, ag an 42ú cruinniú de Bhuanchoiste an Choinbhinsiúin maidir le caomhnú fhiadhúlra agus ghnáthóga nádúrtha na hEorpa (“Coinbhinsiún Bheirn”):
|
(a) |
cur i gcoinne an togra chun an Mac tíre (Canis lupus) a bhogadh ó Fhoscríbhinn II a ghabhann leis an gCoinbhinsiún (“Speicis fána atá faoi dhianchosaint”) go dtí Foscríbhinn III (“Speicis fána faoi chosaint”) a ghabhann le Coinbhinsiún Bheirn; agus |
|
(b) |
tacú leis na leasuithe atá á mbeartú ar Rialacha Nós Imeachta an Bhuanchoiste atá in TPVs/Inf(2022)29: “Leasuithe atá á mbeartú ar Rialacha Nós Imeachta an Bhuanchoiste” ó Rúnaíocht Choinbhinsiún Bheirn. |
Airteagal 2
I bhfianaise na bhforbairtí a tharla ag an 42ú cruinniú den Bhuanchoiste, féadfaidh ionadaithe an Aontais, i gcomhairle leis na Ballstáit, comhaontú le mionchoigeartú ar an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (b), le linn cruinnithe comhordúcháin ar an láthair, gan aon chinneadh eile ón gComhairle.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Samhain 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. SÍKELA
(1) IO L 38, 10.2.1982, lch. 3.
(2) Cinneadh 82/72/CEE ón gComhairle an 3 Nollaig 1981 maidir le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin maidir le caomhnú fhiadhúlra agus ghnáthóga nádúrtha na hEorpa (IO L 38, 10.2.1982, lch. 1).
(3) Treoir Uimh. 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7).