This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D2479
Council Decision (CFSP) 2022/2479 of 16 December 2022 amending Decision 2014/145/CFSP concerning restrictive measures in respect of actions undermining or threatening the territorial integrity, sovereignty and independence of Ukraine
Cinneadh (CBES) 2022/2479 ón gComhairle an 16 Nollaig 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
Cinneadh (CBES) 2022/2479 ón gComhairle an 16 Nollaig 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
ST/15777/2022/INIT
IO L 322I, 16.12.2022, pp. 687–688
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
16.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
LI 322/687 |
CINNEADH (CBES) 2022/2479 ÓN gCOMHAIRLE
an 16 Nollaig 2022
lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/145/CBES (1). |
|
(2) |
Tá an tAontas fós diongbháilte agus tacaíocht á tabhairt aige do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine. |
|
(3) |
I bhfianaise na staide, is iomchuí spriocdháta nua a thabhairt isteach maidir leis an maolú lena gceadaítear dífheistiú eintitis liostaithe ar leith. Leis an spriocdháta nua sin ní dhéantar a bhailíochtú go haisghníomhach dífheistithe nach gcomhlíonann na ceanglais is gá faoi Chinneadh 2014/145/CBES, amhail dífheistiú neamhúdaraithe tar éis an t-eintiteas a liostú. Is iomchuí freisin an maolú ar reo sócmhainní agus ar an toirmeasc cistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil a leathnú chuig dhá eintiteas nua liostaithe, ionas go gceadaítear oibríochtaí, conarthaí, nó comhaontuithe eile, a tugadh i gcrích roimhe seo leis na heintitis sin, a fhorchinneadh. Chun aghaidh a thabhairt a thuilleadh ar ábhair imní maidir le slándáil an tsoláthair bia i dtríú tíortha, tugtar isteach le Cinneadh XXX ón gComhairle maolú nua lena gceadaítear díreo sócmhainní daoine áirithe a raibh ról suntasach acu i dtrádáil idirnáisiúnta, sular liostaíodh iad, i dtáirgí talmhaíochta agus bia, lena n-áirítear cruithneacht agus leasacháin, agus lena gceadaítear cistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil dóibh. Chun teacht timpeall a sheachaint, cuirtear de chúram ar údaráis inniúla náisiúnta oibríochtaí den sórt sin a údarú. Agus é sin á dhéanamh acu, ba cheart dóibh gníomhú i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún chun cur chun feidhme aonfhoirmeach a áirithiú ar fud an Aontais. Is féidir le húdaráis inniúla náisiúnta spreagadh a fháil ó thosaíochtaí na Náisiún Aontaithe agus WFP (an Clár Domhanda Bia) chun dul i ngleic le neamhshlándáil an tsoláthair bia ar fud an domhain. Ní dochar an maolú sin do bhearta sriantacha eile arna bhforchur ag an Aontas ar an Rúis agus ar thíortha eile ná d'ábhair imní slándála náisiúnta na mBallstát faoi seach. |
|
(4) |
Ní mór don Aontas tuilleadh gníomhaíocht a dhéanamh chun bearta áirithe a chur chun feidhme. |
|
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/145/CBES a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
I gCinneadh 2014/145/CBES, leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
|
(1) |
i bpointe (a) de mhír 10, cuirtear an dáta ‘28 Feabhra 2023’in ionad an dáta ‘31 Nollaig 2022’; |
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 15: ‘15. De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit a údarú, faoi cibé coinníollacha a mheasfaidh na húdaráis inniúla a bheith iomchuí, cistí reoite áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh, nó cistí áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil don eintiteas sin a liostaítear faoi uimhir iontrála 108 faoin gceannteideal 'Eintitis' san Iarscríbhinn, tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil cistí nó acmhainní eacnamaíocha den sórt sin riachtanach chun díolachán agus aistriú atá ar bun i dtaca le cearta dílseánaigh atá faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach an eintitis sin i nduine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe san Aontas a thabhairt chun críche an 17 Meitheamh 2023. Leis an spriocdháta sin ní dhéantar a bhailíochtú go haisghníomhach dífheistithe nach gcomhlíonann na ceanglais is gá faoin gCinneadh seo.’; |
|
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 17: ‘17. De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit a údarú cistí reoite áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh ar leis na heintitis a liostaítear faoi uimhreacha iontrála 53, 54, 55, 79, 80, 81, 82, 108, 126 agus 127 faoin gceannteideal 'Eintitis' san Iarscríbhinn iad, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil do na heintitis sin, faoi cibé coinníollacha a mheasfaidh na húdaráis inniúla a bheith iomchuí agus tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha sin riachtanach chun táirgí talmhaíochta agus bia, lena n-áirítear cruithneacht agus leasacháin, a cheannach, a allmhairiú nó a iompar. De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit, bunaithe ar mheasúnú sonrach agus cás ar chás, a údarú, le haghaidh gach idirbhirt ábhartha ar leithligh, cistí reoite áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh ar leis na daoine nádúrtha iad a liostaítear faoin gceannteideal 'Daoine' san Iarscríbhinn, a raibh ról suntasach acu i dtrádáil idirnáisiúnta i dtáirgí talmhaíochta agus bia, lena n-áirítear cruithneacht agus leasacháin, sular liostaíodh iad, nó cistí áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil do na daoine sin, faoi cibé coinníollacha a mheasfaidh na húdaráis inniúla a bheith iomchuí agus tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil cistí nó acmhainní den sórt sin riachtanach chun táirgí talmhaíochta agus bia, lena n-áirítear cruithneacht agus leasacháin, a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a allmhairiú chuig tríú tíortha chun aghaidh a thabhairt ar shlándáil an tsoláthair bia. Gníomhóidh an Ballstát lena mbaineann, agus oibríochtaí den sórt sin á n-údarú aige, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún. Cuirfidh sé na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin mír seo, laistigh de 2 sheachtain ón údarú.’; |
|
(4) |
cuirtear isteach an mhír seo a leanas: ‘20. De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit a údarú cistí reoite áirithe nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a scaoileadh ar leis an eintiteas a liostaítear faoi uimhreacha iontrála faoin gceannteideal ‘Eintitis’ san Iarscríbhinn iad, nó cistí nó acmhainní eacnamaíocha áirithe a chur ar fáil do na heintitis sin, faoi cibé coinníollacha a mheasfaidh na húdaráis inniúla a bheith iomchuí agus tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha sin riachtanach chun oibríochtaí, conarthaí, nó comhaontuithe eile, lena n-áirítear caidreamh comhfhreagrach baincéireachta, arna thabhairt i gcrích roimh an 17 Meitheamh 2023 a fhoirceannadh faoin 16 Nollaig 2022. Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú arna dheonú faoin mír seo laistigh de 2 sheachtain ón údarú.’. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 16 Nollaig 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BEK
(1) Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 16).