Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D2460

Cinneadh (AE) 2022/2460 ón gCoimisiún an 13 Samhain 2022 maidir leis an scéim cabhrach náisiúnta fhadtéarmach don talmhaíocht i réigiúin thuaisceartacha na Sualainne (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 9240) (Is é an téacs Sualainnise amháin atá barántúil)

C/2022/9240

IO L 321, 15.12.2022, pp. 22–37 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2460/oj

15.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 321/22


CINNEADH (AE) 2022/2460 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Samhain 2022

maidir leis an scéim cabhrach náisiúnta fhadtéarmach don talmhaíocht i réigiúin thuaisceartacha na Sualainne

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 9240)

(Is é an téacs Sualainnise amháin atá barántúil)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint d’Ionstraim Aontachais na hOstaire, na Fionlainne agus na Sualainne leis an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 142 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh 96/228/CE (1) d’fhormheas an Coimisiún an scéim cabhrach náisiúnta fhadtéarmach don talmhaíocht i réigiún an Tuaiscirt den tSualainn (“an scéim cabhrach Nordach”) mar a thug an tSualainn fógra ina leith de bhun Airteagal 143 den Ionstraim Aontachais d’fhonn údarú a fháil faoi Airteagal 142 den Ionstraim Aontachais. Cuireadh Cinneadh C(2010) 6050 ón gCoimisiún (2) in ionad Chinneadh 96/228/CE. Cuireadh Cinneadh (AE) 2018/479 ón gCoimisiún (3) in ionad an Chinnidh sin.

(2)

Toisc go rachaidh údarú na Sualainne chun an scéim cabhrach Nordach a chur chun feidhme mar a leagtar amach i gCinneadh (AE) 2018/479 in éag an 31 Nollaig 2022, ní mór cinneadh nua a ghlacadh.

(3)

Le litir dar dáta an 1 Iúil 2022, thug an tSualainn fógra don Choimisiún faoina togra chun fadú a chur leis an scéim cabhrach Nordach. Mhol an tSualainn go leasódh an Coimisiún Cinneadh (AE) 2018/479 chun leanúint den scéim le tréimhse bhailíochta bliana níos faide, an luach tagartha bliantúil iomlán a mhéadú, rud a chiallaíonn go ndéanfaí coigeartú éigin ar na leibhéil tacaíochta, agus athrú ar an dáta faoinar cheart don tSualainn tograí a dhéanamh chun an scéim a leasú agus a fhadú.

(4)

An cabhair náisiúnta fhadtéarmach dá dtagraítear in Airteagal 142 den Ionstraim Aontachais, tá sé ceaptha a áirithiú go gcoimeádfar an ghníomhaíocht talmhaíochta sna réigiúin thuaisceartacha arna cinneadh ag an gCoimisiún.

(5)

Agus na tosca dá dtagraítear in Airteagal 142(1) agus (2) den Ionstraim Aontachais á gcur san áireamh, is iomchuí na haonaid riaracháin, arna ngrúpáil de réir fo-réigiúin, atá suite lastuaidh den líne 62 chéim chomhthreomhar nó gar di agus a ndéanann dálaí aeráide inchomparáide difear dóibh, a fhágann go bhfuil deacrachtaí ar leith ag baint leis an ngníomhaíocht talmhaíochta. Sna fo-réigiúin sin ina bhfuil an dlús daonra níos ísle ná nó cothrom le 10 áitritheoir ina aghaidh an chiliméadair chearnaigh, meastar an limistéar talmhaíochta arna úsáid (LTÚ) a bheith cothrom le 10 % nó níos lú de dhromchla fhoriomlán an bhardais agus an cion den LTÚ atá tiomnaithe do bharra curaíochta atá ceaptha lena gcaitheamh ag an duine níos lú ná nó cothrom le 20 %. Ba cheart fo-réigiúin atá timpeallaithe ag limistéir eile a chur san áireamh, fiú mura sásaíonn siad na ceanglais chéanna.

(6)

Chun riaradh na scéime a éascú agus chun í a chomhordú le tacaíocht faoi Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus (4), is iomchuí na haonaid bhardasacha chéanna a áireamh leo sin a fhaigheann cabhair faoin gCinneadh seo agus na haonaid atá sa limistéar arna dteorannú faoi Airteagal 32(2), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus Airteagal 71(2) de Rialachán (AE) 2021/2115 sa Phlean Straitéiseach CBT le haghaidh chur chun feidhme an chomhbheartais talmhaíochta sa tSualainn 2023-2027.

(7)

An tréimhse thagartha ar cheart forbairt na táirgeachta talmhaíochta agus leibhéal na tacaíochta foriomláine a mheas i ndáil léis, lena n-úsáidtear an staidreamh náisiúnta atá ar fáil mar bhonn agus d’fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach a áirithiú i ndáil leis na hearnálacha uile den táirgeadh, is í an bhliain 1993 is ceart a bheith ann.

(8)

I gcomhréir le hAirteagal 142 den Ionstraim Aontachais, ba cheart don mhéid iomlán cabhrach arna deonú a bheith leordhóthanach chun gníomhaíocht talmhaíochta a choinneáil ar bun i réigiúin thuaisceartacha na Sualainne ach ní fhéadfaidh tacaíocht fhoriomlán atá níos airde ná an leibhéal tacaíocht le linn tréimhse tagartha réamhaontachais atá le cinneadh a bheith i gceist léi. Chun tacaíocht a dheonú faoi Airteagal 142 den Ionstraim Aontachais ag leibhéal leordhóthanach i bhfianaise na gcostas táirgeachta atá ann faoi láthair agus gan an leibhéal tacaíochta le linn na tréimhse tacaíochta réamh-aontachais a shárú, is iomchuí an fhorbairt sa innéacs praghsanna do thomhaltóirí idir 1993 agus 2022 sa tSualainn a chur san áireamh agus an t-uasleibhéal cabhrach is incheadaithe faoin Airteagal sin á chinneadh.

(9)

Dá réir sin, ar bhonn na sonraí ó 1993 go dtí deireadh mhí Aibreáin 2022, ba cheart an t-uasmhéid bliantúil cabhrach a shocrú ag SEK 473,75 milliún, arna ríomh mar mheán thar thréimhse 6 bliana ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2028.

(10)

Chun an scéim cabhrach Nordach a shimpliú agus chun ligean don tSualainn a bheith solúbtha maidir leis an gcabhair a dhíriú ar earnálacha éagsúla den táirgeadh, ba cheart méid uasta bliantúil cabhrach amháin a leagan síos don tacaíocht iomlán, a chuimsíonn tacaíocht uasta ar leithligh le haghaidh táirgeadh agus iompar bainne bó d’fhonn dáileadh cothromaithe tacaíochta a áirithiú.

(11)

Ba cheart an chabhair a dheonú go bliantúil ar bhonn tosca táirgeachta (aonaid beostoic agus heicteáir), ach amháin i gcás bó bainne inar cheart é a dheonú ar bhonn aonaid táirgeachta (cileagraim) laistigh de na teorainneacha iomlána a leagtar síos leis an gCinneadh seo.

(12)

D’fhonn freagairt phras a thabhairt ar luaineacht i bpraghsanna aschuir talmhaíochta agus chun gníomhaíochta talmhaíochta a choinneáil ar bun i réigiúin thuaisceartacha na Sualainne, is iomchuí ligean don tSualainn méid na cabhrach a bhunú, le haghaidh gach bliana féilire, in aghaidh na hearnála le haghaidh catagóir chabhrach agus in aghaidh an aonaid táirgeachta.

(13)

Ba cheart don tSualainn idirdhealú a dhéanamh idir an chabhair ina réigiúin thuaisceartacha agus méideanna bliantúla cabhrach a shocrú de réir déine an bhaic nádúrtha agus de réir chritéir oibiachtúla agus thrédhearcacha eile a bhfuil baint acu leis an gcuspóir a leagtar amach in Airteagal 142(3), an tríú fomhír den Ionstraim Aontachais, is é sin an táirgeadh agus an phróiseáil phríomhúil traidisiúnta a choinneáil ar bun, feabhas a chur ar na struchtúir do tháirgeadh, margú agus próiseáil na dtáirgí talmhaíochta, dáileadh na dtáirgí sin a éascú agus a áirithiú go ndéanfar an comhshaol agus an timpeallacht tuaithe a chaomhnú.

(14)

Ba cheart an chabhair a íoc go bliantúil bunaithe ar líon iarbhír na dtosca táirgeachta incháilithe. Ba cheart ligean don tSualainn áfach an cabhair le haghaidh bainne bó, béaróga agus muca lena marú chomh maith le hiompar bó bainne a íoc i dtráthchodanna bliantúla. Beidh an chabhair do bhainne bó bunaithe ar an táirgeadh iarbhír chun leanúnachas an táirgthe a áirithiú.

(15)

Ba cheart róchúiteamh do na táirgeoirí a sheachaint trí íocaíochtaí neamhdhlite a aisghabháil go pras agus roimh an 1 Meitheamh den bhliain dár gcionn ar a dhéanaí.

(16)

Mar a fhoráiltear in Airteagal 142(2) den Ionstraim Aontachais, níor cheart go dtiocfadh méadú ar an táirgeacht fhoriomlán thar an leibhéal táirgeachta traidisiúnta sa limistéar atá cumhdaithe faoin scéim cabhrach Nordach mar thoradh ar an gcabhair a dheonaítear faoin gCinneadh seo.

(17)

Dá bhrí sin, is gá líon uasta bliantúil na dtosca táirgeachta incháilithe do gach catagóir cabhrach, agus uasmhéid bliantúil incháilithe táirgeachta do bhainne bó, a bhunú, ar leibhéal atá cothrom leis an leibhéal sna tréimhsí tagartha nó níos ísle ná sin.

(18)

I gcás inar mó líon na dtosca táirgthe i gcatagóir, nó méid an táirgthe do bhainne bó, ná an t-uasleibhéal i mbliain ar leith, ba cheart líon na dtosca táirgeachta incháilithe nó méid an bhainne bó a laghdú, chun meánmhéideanna 5 bliana a urramú, faoi líon comhfhreagrach de thosca táirgeachta sna blianta féilire tar éis na bliana inar sáraíodh an t-uasmhéid, ach amháin i gcás cabhair iompair do bhainne bó, do bhéaróga agus do mhuca lena marú agus do bhainne bó ar féidir an méid incháilithe a laghdú faoi mhéid a fhreagraíonn don mhéid breise sa mhí dheireanach den bhliain inar sáraíodh an t-uasmhéid.

(19)

Ós rud é gur cheart, leis an bhfógra faoi thograí chuig an gCoimisiún maidir le fadú agus leasú a dhéanamh ar an gcabhair a údaraítear faoin gCinneadh seo, go mbeifí in ann measúnú ar an scéim a ullmhú go tráthúil, is gá an fógra sin a cheadú sa bhliain chéanna leis an tuarascáil 5 bliana agus síneadh a chur le tréimhse bhailíochta údarú na scéime cabhrach Nordaí ó chúig bliana go sé bliana.

(20)

I gcomhréir le hAirteagal 143(2) den Ionstraim Aontachais, cuirfidh an tSualainn faisnéis ar fáil don Choimisiún maidir le cur chun feidhme agus éifeachtaí na cabhrach. Chun measúnú níos fearr a dhéanamh ar éifeachtaí fadtéarmacha na cabhrach agus d’fhonn leibhéil na cabhrach a shocrú mar mheáin ilbhlianta, is iomchuí tuairisciú a dhéanamh ar éifeachtaí socheacnamaíocha na cabhrach gach 5 bliana agus tuarascálacha bliantúla a sholáthar ina mbeidh an fhaisnéis airgeadais agus an fhaisnéis cur chun feidhme eile is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos sa Chinneadh seo.

(21)

Is iomchuí na rialacha a shonrú a bheidh infheidhme maidir le leasuithe ar an scéim arna tabhairt isteach ag an gCoimisiún nó arna moladh ag an tSualainn chun ionchais dhlisteanacha thairbhithe na cabhrach a chosaint agus chun leanúnachas na scéime a áirithiú ionas gur féidir cuspóirí Airteagal 142 den Ionstraim Aontachais a shaothrú go héifeachtúil.

(22)

Ba cheart don tSualainn a áirithiú go ndéanfar bearta rialaithe iomchuí i leith tairbhithe cabhrach. Chun éifeachtacht na mbeart sin agus trédhearcacht i gcur chun feidhme na scéime cabhrach Nordaí a áirithiú, ba cheart na bearta rialaithe sin a ailíniú a mhéid is féidir leis na bearta a dhéantar faoin gcomhbheartas talmhaíochta.

(23)

Chun an aidhm maidir leis an táirgeadh a choinneáil ar bun, mar a luaitear in Airteagal 142 den Ionstraim Aontachais, agus chun riar na tacaíochta a éascú, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ón 1 Eanáir 2023.

(24)

Ar mhaithe le soiléireacht, ba cheart Cinneadh (AE) 2018/479 a aisghairm. Is iomchuí bearta idirthréimhseacha a sholáthar maidir le tuairisciú ar an tacaíocht de bhun Airteagal 142 den Ionstraim Aontachais arna íoc sa tréimhse 2018-2022 faoi Chinneadh (AE) 2018/479 ón gCoimisiún,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cabhair údaraithe

1.   Ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2028 údaraítear don tSualainn an scéim chabhrach fhadtéarmach don talmhaíocht a chur chun feidhme sna réigiúin tuaisceartacha dá cuid a liostaítear in Iarscríbhinn I.

2.   Ní sháróidh méid iomlán na cabhrach a dheonófar SEK 473,75 milliún in aghaidh na bliana féilire. Measfar gur meáin bhliantúla na cabhrach a deonaíodh le linn na tréimhse 6 bliana féilire a chumhdaítear leis an gCinneadh seo na huasmhéideanna bliantúla.

3.   Leagtar amach in Iarscríbhinn II na catagóirí cabhrach agus na hearnálacha táirgeachta do gach catagóir, na meánmhéideanna bliantúla uasta a cheadaítear, mar a shonraítear i mír 2, lena n-áirítear an t-uasmhéid ar leithligh do tháirgeadh agus iompar bainne bó, chomh maith le líon uasta bliantúil na dtosca táirgeacht incháilithe in aghaidh na catagóire cabhrach.

4.   Deonófar cabhair ar bhonn tosca táirgeachta incháilithe nó méideanna táirgeachta mar a leanas:

(a)

in aghaidh an chileagraim den táirgeadh iarbhír i dtaca le táirgeadh bainne bó;

(b)

in aghaidh an aonaid bheostoic i dtaca le feirmeoireacht ainmhithe;

(c)

in aghaidh an heicteáir i dtaca le táirgeadh barr agus gortóireachta lena n-áirítear caora;

(d)

mar chúiteamh ar na costais iarbhír chun bainne bó a iompar, agus aon tacaíocht phoiblí eile á hasbhaint i dtaca leis na costais chéanna.

Ní fhéadfar cabhair atá nasctha le méideanna táirgeachta a dheonú ach amháin chun bainne bó a tháirgeadh agus ní bheidh an chabhair nasctha le táirgeadh amach anseo in aon chás.

Leagtar amach in Iarscríbhinn II na rátaí comhshó go haonaid bheostoic le haghaidh na gcineálacha éagsúla beostoic.

5.   I gcomhréir le mír 3 agus laistigh de na teorainneacha atá leagtha amach in Iarscríbhinn II, déanfaidh an tSualainn idirdhealú idir an chabhair ina réigiúin thuaisceartacha agus socróidh sí na méideanna cabhrach go bliantúil in aghaidh na dtosca táirgeachta, an chostais nó an aonaid táirgeachta ar bhonn critéar oibiachtúil a bhaineann le déine an bhaic nádúrtha agus tosca eile a chuireann le baint amach na gcuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 142(3), an tríú fomhír, den Ionstraim Aontachais.

Airteagal 2

Tréimhsí tagartha

An tréimhse thagartha dá dtagraítear sa dara fleasc d’Airteagal 142(3), an chéad fhomhír, den Ionstraim Aontachais, is e 1993 a bheidh ann a mhéid a bhaineann leis na cainníochtaí agus leis an leibhéal tacaíochta a leagtar amach in Airteagal 1 den Chinneadh seo.

Airteagal 3

Coinníollacha maidir le cabhair a dheonú

1.   Leagfaidh an tSualainn síos, laistigh de na teorainneacha dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, na coinníollacha maidir le cabhair a dheonú do na catagóirí éagsúla tairbhithe. Áireofar sna coinníollacha sin na critéir incháilitheachta agus roghnúcháin a chuirfear i bhfeidhm agus áiritheofar leo go gcaithfear go cothrom le tairbhithe.

2.   Íocfar an chabhair leis na tairbhithe bunaithe ar thosca táirgeachta iarbhír nó, a mhéid a bhaineann le táirgeadh bainne bó, ar mhéid na táirgeachta iarbhír, dá dtagraítear in Airteagal 1(4).

3.   Íocfar an chabhair gach bliain, ach amháin i gcás bainne bó, cabhair iompair do bhainne bó, béaróga agus muca lena marú a bhféadfar an chabhair ina leith a íoc i dtráthchodanna míosúla.

4.   Déanfar sárú ar líon uasta bliantúil na dtosca táirgeachta nó na méideanna atá incháilithe le haghaidh cabhrach, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II, a chur san áireamh mar laghdú comhfhreagrach ar líon na dtosca táirgeachta sa bhliain tar éis an tsáraithe i gcás ina n-íoctar an chabhair ina tráthchodanna bliantúla nó sa mhí dheireanach den bhliain sa chás ina n-íoctar an chabhair go míosúil.

5.   Glacfaidh an tSualainn na bearta iomchuí chun an rótháirgeadh dá dtagraítear i mír 4 a chosc i gcás inar dócha go dtarlódh rótháirgeadh den sórt sin, bunaithe ar réamh-mheastacháin staidrimh oifigiúla nó arna bhfíorú go hoifigiúil.

6.   Déanfar ró-íocaíocht nó íocaíocht neamhdhlite leis an tairbhí a aisghabháil trí na méideanna comhfhreagracha a asbhaint ón gcabhair a íocadh leis an tairbhí an bhliain dár gcionn nó a aisghabháil ar bhealach eile sa bhliain sin, i gcás nach bhfuil aon chabhair dlite don tairbhí. Déanfar na méideanna míchuí a aisghabháil faoin 1 Meitheamh den bhliain dár gcionn.

Airteagal 4

Bearta faisnéise agus rialaithe

1.   Déanfaidh an tSualainn, mar chuid den fhaisnéis arna soláthar de bhun Airteagal 143(2) den Ionstraim Aontachais, faisnéis maidir le cur chun feidhme na cabhrach arna deonú faoin gCinneadh seo le linn na bliana féilire roimhe sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin gach bliain roimh an 1 Meitheamh.

Bainfidh an fhaisnéis leis na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)

sainaithint na n-aonad bardais inar íocadh an chabhair trí bhíthin léarscáil mhionsonraithe agus, i gcás inar gá, trí shonraí eile;

(b)

an táirgeacht iomlán, lena gcumhdaítear an bhliain tuairiscithe, do na foréigiúin atá incháilithe le haghaidh cabhrach faoin gCinneadh seo, arna shloinneadh i gcainníochtaí do gach ceann de na táirgí a shonraítear in Iarscríbhinn II;

(c)

líon iomlán na dtosca táirgeachta agus na gcainníochtaí, líon na dtosca táirgeachta agus na gcainníochtaí atá incháilithe do chabhair agus líon na dtosca táirgeachta agus na gcainníochtaí arna dtacú in aghaidh na hearnála táirgeachta a shonraítear in Iarscríbhinn II maille le miondealú de réir táirge laistigh de gach earnáil, lena n-áirítear aon sárú ar an líon uasta bliantúil de thosca táirgeachta agus cainníochtaí a cheadaítear, chomh maith leis an tuairisc ar bhearta, más ann dóibh, arna ndéanamh chun rótháirgeadh den sórt sin a chosc;

(d)

an chabhair iomlán a íocadh, méid iomlán na cabhrach in aghaidh na catagóire cabhrach agus an cineál táirgeachta, na méideanna arna n-íoc le tairbhithe in aghaidh na toisce táirgeachta/an aonaid eile, chomh maith leis na critéir chun méideanna cabhrach a idirdhealú de réir foréigiúin agus de réir cineálacha gabháltas feirme nó ar bhonn breithnithe eile;

(e)

an córas íocaíochta a cuireadh i bhfeidhm mar aon le mionsonraí maidir le haon réamhíocaíochtaí atá bunaithe ar mheastacháin, íocaíochtaí deiridh chomh maith le ró-íocaíochtaí breathnaithe agus aisghabháil orthu;

(f)

méideanna na cabhrach arna n-íoc faoi Airteagal 32 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle sna haonaid riaracháin a chumhdaítear leis an gCinneadh seo;

(g)

tagairtí do reachtaíocht náisiúnta trína gcuirtear an chabhair chun feidhme.

2.   Roimh an 1 Meitheamh 2028, cuirfidh an tSualainn tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin, sa bhreis ar an tuarascáil bhliantúil lena gcumhdaítear an bhliain 2027, ina gcumhdófar an tréimhse 5 bliana ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2027.

Léireofar sa tuarascáil sin na nithe seo a leanas go háirithe:

(a)

an chabhair iomlán a íocadh le linn na tréimhse 5 bliana, agus a dáileadh ar chatagóirí cabhrach, ar chineálacha táirgeachta agus ar fhoréigiúin;

(b)

i gcás gach catagóire cabhrach, na méideanna iomlána táirgeachta in aghaidh na bliana agus don tréimhse 5 bliana, líon na dtosca táirgeachta agus leibhéil ioncaim na bhfeirmeoirí sna réigiúin atá incháilithe don chabhair;

(c)

éabhlóid an táirgeachta, na próiseála agus na margaíochta talmhaíochta i gcomhthéacs sóisialta agus eacnamaíoch na réigiún tuaisceartach;

(d)

éifeachtaí na cabhrach ar chosaint an chomhshaoil agus ar chaomhnú na tuaithe;

(e)

tograí maidir le forbairt mheántéarmach na cabhrach bunaithe ar na sonraí a chuirtear i láthair sa tuarascáil.

3.   Soláthróidh an tSualainn sonraí i bhfoirm a bheidh comhoiriúnach leis na caighdeáin staidrimh arna n-úsáid ag an Aontas.

4.   Déanfaidh an tSualainn gach beart is gá chun an Cinneadh seo agus bearta rialaithe oiriúnacha a chur i bhfeidhm i leith tairbhithe na cabhrach.

5.   Déanfar bearta rialaithe a chomhchuibhiú a mhéid is féidir leis na córais rialaithe arna gcur i bhfeidhm faoi scéimeanna tacaíochta an Aontais.

Airteagal 5

Aon leasuithe a chur i bhfeidhm

1.   Bunaithe ar an bhfaisnéis ar an scéim tacaíochta dá dtagraítear in Airteagal 4 agus ag féachaint don chomhthéacs náisiúnta agus do chomhthéacs an Aontais maidir le táirgeadh talmhaíochta chomh maith le tosca ábhartha eile, cuirfidh an tSualainn tograí iomchuí faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Iúil 2028 maidir leis an gcabhair arna húdarú faoin gCinneadh seo a fhadú agus a leasú.

2.   Má chinneann an Coimisiún an Cinneadh seo a leasú, go háirithe ar bhonn aon athruithe ar chomheagruithe na margaí nó ar an scéim tacaíochta dírí nó athrú ar ráta aon státchabhrach talmhaíochta náisiúnta údaraithe, ní bheidh feidhm ag aon leasú ar an gcabhair a údaraítear leis an gCinneadh seo ach amháin ón mbliain tar éis na bliana inar glacadh an leasú.

Airteagal 6

Aisghairm

Aisghairtear Cinneadh (AE) 2018/479 le héifeacht ón 1 Eanáir 2023. Mar sin féin, leanfaidh Airteagal 4(2) den Chinneadh sin d’fheidhm a bheith aige maidir leis an gcabhair a deonaíodh in 2018-2022 faoin gCinneadh sin.

Airteagal 7

Cur i bhfeidhm

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón 1 Eanáir 2023.

Airteagal 8

Seolaí

Is chuig Ríocht na Sualainne a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Nollaig 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)  Cinneadh 96/228/CE ón gCoimisiún an 28 Feabhra 1996 maidir le scéim cabhrach náisiúnta fhadtéarmach chun cabhrú le feirmeoirí i réigiúin thuaisceartacha den tSualainn (IO L 76, 26.3.1996, lch. 29).

(2)  Cinneadh C(2010) 6050 ón gCoimisiún an 8 Meán Fómhair 2010 maidir le scéim cabhrach náisiúnta fhadtéarmach chun cabhrú le feirmeoirí i réigiúin thuaisceartacha den tSualainn.

(3)  Cinneadh (AE) 2018/479 ón gCoimisiún an 20 Márta 2018 maidir leis an scéim cabhrach náisiúnta fhadtéarmach don talmhaíocht i réigiúin thuaisceart na Sualainne (IO L 79, 22.3.2018, lch. 55).

(4)  Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus atá le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 1).

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).


IARSCRÍBHINN I

FO-RÉIGIÚN 1

Cúige

Aonad bardais

Paróiste

Dalarna

Älvdalen

Idre

Jämtland

Krokom

Hotagen

 

Strömsund

Frostviken

 

Åre

Åre

 

 

Kall

 

 

Undersåker

 

Berg

Storsjö

 

Härjedalen

Linsell

 

 

Hede

 

 

Ljusnedal

 

 

Tännäs

Västerbotten

Storuman

Tärna

 

Sorsele

Sorsele

 

Dorotea

Risbäck

 

Vilhelmina

Vilhelmina

Norrbotten

Arvidsjaur

Arvidsjaur

 

Arjeplog

Arjeplog

 

Jokkmokk

Jokkmokk

 

 

Porjus

 

Pajala

Muonionalusta

 

 

Junosuando

 

Gällivare

Gällivare

 

 

Nilivaara

 

 

Malmberget

 

Kiruna

Jukkasjärvi

 

 

Vittangi

 

 

Karesuando

Limistéir talmhaíochta fho-réigiún 1

6 700 ha

FO-RÉIGIÚN 2

Cúige

Aonad bardais

Ceantar

Dalarna

Malung

Lima

 

 

Transtrand

 

Älvdalen

Särna

Västernorrland

Örnsköldsvik

Trehörningsjö

Jämtland

Ragunda

Borgvattnet

 

 

Stugun

 

Bräcke

Bräcke

 

 

Nyhem

 

 

Håsjö

 

 

Sundsjö

 

 

Revsund

 

 

Bodsjö

 

Krokom

Näskott

 

 

Aspås

 

 

Ås

 

 

Laxsjö

 

 

Föllinge

 

 

Offerdal

 

 

Alsen

 

Strömsund

Ström

 

 

Alanäs

 

 

Gåxsjö

 

 

Hammerdal

 

 

Bodum

 

 

Tåsjö

 

Åre

Mattmar

 

 

Mörsil

 

 

Hallen

 

Berg

Berg

 

 

Hackås

 

 

Oviken

 

 

Myssjö

 

 

Åsarne

 

 

Klövsjö

 

 

Rätan

 

Härjedalen

Sveg

 

 

Vemdalen

 

 

Ängersjö

 

 

Lillhärdal

 

Östersund

Östersund

 

 

Frösö

 

 

Sunne

 

 

Näs

 

 

Lockne

 

 

Marieby

 

 

Brunflo

 

 

Kyrkås

 

 

Lit

 

 

Häggenås

Västerbotten

Vindeln

Vindeln

 

 

Åmsele

 

Norsjö

Norsjö

 

Malå

Malå

 

Storuman

Stensele

 

Sorsele

Gargnäs

 

Dorotea

Dorotea

 

Åsele

Åsele

 

 

Fredrika

 

Lycksele

Lycksele

 

 

Björksele

 

 

Örträsk

 

Skellefteå

Boliden

 

 

Fällfors

 

 

Jörn

 

 

Kalvträsk

Norrbotten

Jokkmokk

Vuollerim

 

Övertorneå

Svanstein

 

Pajala

Pajala

 

 

Korpilombolo

 

 

Tärendö

 

Gällivare

Hakkas

Limistéir talmhaíochta fho-réigiún 2

46 600 ha

FO-RÉIGIÚN 3

Cúige

Aonad bardais

Ceantar

Värmland

Torsby

Södra Finnskoga

Dalarna

Älvdalen

Älvdalen

Gävleborg

Nordanstig

Hassela

 

Ljusdal

Hamra

 

 

Los

 

 

Kårböle

Västernorrland

Ånge

Haverö

 

Timrå

Ljustorp

 

Härnösand

Stigsjö

 

 

Viksjö

 

Sundsvall

Indal

 

 

Holm

 

 

Liden

 

Kramfors

Nordingrå

 

 

Vibyggerå

 

 

Ullånger

 

 

Torsåker

 

Sollefteå

Graninge

 

 

Junsele

 

 

Edsele

 

 

Ramsele

 

Örnsköldsvik

Örnsköldsvik

 

 

Anundsjö

 

 

Skorped

 

 

Sidensjö

 

 

Nätra

 

 

Själevad

 

 

Mo

 

 

Gideå

 

 

Björna

Jämtland

Ragunda

Ragunda

 

Bräcke

Hällesjö

 

Krokom

Rödön

 

Strömsund

Fjällsjö

 

Åre

Marby

 

Härjedalen

Älvros

 

 

Överhogdal

 

 

Ytterhogdal

 

Östersund

Norderö

Västerbotten

Nordmaling

Nordmaling

 

Bjurholm

Bjurholm

 

Robertsfors

Bygdeå

 

 

Nysätra

 

Vännäs

Vännäs

 

Umeå

Umeå Landsförsamling

 

 

Tavelsjö

 

 

Sävar

 

Skellefteå

Skellefteå Landsförsamling

 

 

Kågedalen

 

 

Byske

 

 

Lövånger

 

 

Burträsk

Norrbotten

Överkalix

Överkalix

 

Kalix

Nederkalix

 

 

Töre

 

Övertorneå

Övertorneå

 

 

Hietaniemi

 

Älvsbyn

Älvsby

 

Luleå

Luleå Domkyrkoförsamling

 

 

Örnäset

 

 

Nederluleå

 

 

Råneå

 

Piteå

Piteå Stadsförsamling

 

 

Hortlax

 

 

Piteå Landsförsamling

 

 

Norrfjärden

 

Boden

Överluleå

 

 

Gunnarsbyn

 

 

Edefors

 

 

Sävast

 

Haparanda

Nedertorneå-Haparanda

 

 

Karl Gustav

Limistéir talmhaíochta fho-réigiún 3

108 650 ha

FO-RÉIGIÚN 4

Cúige

Aonad bardais

Ceantar

Värmland

Torsby

Lekvattnet

 

 

Nyskoga

 

 

Norra Finnskoga

 

 

Dalby

 

 

Norra Ny

 

Filipstad

Rämmen

 

Hagfors

Gustav Adolf

Dalarna

Vansbro

Järna

 

 

Nås

 

 

Äppelbo

 

Malung

Malung

 

Rättvik

Boda

 

 

Ore

 

Orsa

Orsa

 

Mora

Våmhus

 

 

Venjan

 

Falun

Bjursås

 

Ludvika

Säfsnäs

Gävleborg

Ovanåker

Ovanåker

 

 

Voxna

 

Nordanstig

Ilsbo

 

 

Harmånger

 

 

Jättendal

 

 

Gnarp

 

 

Bergsjö

 

Ljusdal

Ljusdal

 

 

Färila

 

 

Ramsjö

 

 

Järvsö

 

Bollnäs

Rengsjö

 

 

Undersvik

 

 

Arbrå

 

Hudiksvall

Bjuråker

Västernorrland

Ånge

Borgsjö

 

 

Torp

 

Timrå

Timrå

 

 

Hässjö

 

 

Tynderö

 

Härnösand

Härnösands Domkyrkoförsamling

 

 

Högsjö

 

 

Häggdånger

 

 

Säbrå

 

 

Hemsö

 

Sundsvall

Sundsvalls Gustav Adolf

 

 

Skönsmon

 

 

Skön

 

 

Alnö

 

 

Sättna

 

 

Selånger

 

 

Stöde

 

 

Tuna

 

 

Attmar

 

 

Njurunda

 

Kramfors

Gudmundrå

 

 

Nora

 

 

Skog

 

 

Bjärtrå

 

 

Styrnäs

 

 

Dal

 

 

Ytterlännäs

 

Sollefteå

Sollefteå

 

 

Multrå

 

 

Långsele

 

 

Ed

 

 

Resele

 

 

Helgum

 

 

Ådals-Liden

 

 

Boteå

 

 

Överlännäs

 

 

Sånga

 

Örnsköldsvik

Arnäs

 

 

Grundsunda

Jämtland

Ragunda

Fors

Västerbotten

Umeå

Umeå Stadsförsamling

 

 

Teg

 

 

Ålidhem

 

 

Holmsund

 

 

Hörnefors

 

 

Holmön

 

 

Umeå Maria

 

Skellefteå

Skellefteå Sankt Olov

 

 

Skellefteå Sankt Örjan

 

 

Bureå

Limistéir talmhaíochta fho-réigiún 4

69 050 ha

FO-RÉIGIÚN 5

Cúige

Aonad bardais

Ceantar

Värmland

Kil

Boda

 

Eda

Eda

 

 

Järnskog

 

 

Skillingmark

 

 

Köla

 

Torsby

Fryksände

 

 

Vitsand

 

 

Östmark

 

Grums

Värmskog

 

Årjäng

Silbodal

 

 

Sillerud

 

 

Karlanda

 

 

Holmedal

 

 

Blomskog

 

 

Trankil

 

 

Västra Fågelvik

 

 

Töcksmark

 

 

Östervallskog

 

Sunne

Gräsmark

 

 

Lysvik

 

Filipstad

Gåsborn

 

Hagfors

Hagfors

 

 

Ekshärad

 

 

Norra Råda

 

 

Sunnemo

 

Arvika

Arvika Östra

 

 

Arvika Västra

 

 

Stavnäs

 

 

Högerud

 

 

Glava

 

 

Bogen

 

 

Gunnarskog

 

 

Ny

 

 

Älgå

 

 

Mangskog

 

 

Brunskog

 

Säffle

Svanskog

 

 

Långserud

Dalarna

Gagnef

Mockfjärd

 

 

Gagnef

 

 

Floda

 

Leksand

Leksand

 

 

Djura

 

 

Ål

 

 

Siljansnäs

 

Rättvik

Rättvik

 

Mora

Mora

 

 

Sollerön

 

Falun

Svärdsjö

 

 

Enviken

Gävleborg

Ockelbo

Ockelbo

 

Ovanåker

Alfta

 

Gävle

Hamrånge

 

Söderhamn

Söderhamn

 

 

Sandarne

 

 

Skog

 

 

Ljusne

 

 

Söderala

 

 

Bergvik

 

 

Mo

 

 

Trönö

 

 

Norrala

 

Bollnäs

Bollnäs

 

 

Segersta

 

Bollnäs

Hanebo

 

Hudiksvall

Hudiksvall

 

 

Idenor

 

 

Hälsingtuna

 

 

Rogsta

 

 

Njutånger

 

 

Enånger

 

 

Delsbo

 

 

Norrbo

 

 

Forsa

 

 

Hög

Limistéir talmhaíochta fho-réigiún 5

72 300 ha


IARSCRÍBHINN II

 

Meánchabhair bhliantúil uasta le haghaidh tréimhse 6 bliana ón 1 Eanáir 2023 go dtí an 31 Nollaig 2028 (milliún SEK)

Líon uasta bliantúil na dtosca táirgeachta incháilithe  (1)

Bainne bó agus cabhair iompair do bhainne bó déiríochta

 

450 000 tona an ceann

Minseacha, muca lena marú, cránacha, béaróga

 

17 000 AB

Torthaí boga, glasraí agus prátaí

 

3 660 heicteár

CABHAIR IOMLÁN

473,75  (2)

 


(1)  An ráta comhshó go haonaid bheostoic (AB): is 0,20 AB minseach, is 0,01 AB béaróg, is 0,33 AB cráin agus is 0,10 AB muc lena marú.

(2)  A bhféadfar tacaíocht uasta SEK 443,44 milliún de a dheonú don chatagóir bainne bó déiríochta agus cabhair iompair le haghaidh bainne bó déiríochta.


Top