Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D2446

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2446 ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2201 maidir le ceapachán comhaltaí áirithe agus a gcomhaltaí malartacha den Bhord Bainistithe Líonra agus den Aonad Eorpach um Chomhordú Eitlíochta i gcás Géarchéime le haghaidh na bhfeidhmeanna líonra bainistíochta aerthráchta (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2022/9110

    IO L 319, 13.12.2022, p. 93–99 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/2446/oj

    13.12.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 319/93


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2446 ÓN gCOIMISIÚN

    an 12 Nollaig 2022

    lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2201 maidir le ceapachán comhaltaí áirithe agus a gcomhaltaí malartacha den Bhord Bainistithe Líonra agus den Aonad Eorpach um Chomhordú Eitlíochta i gcás Géarchéime le haghaidh na bhfeidhmeanna líonra bainistíochta aerthráchta

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 551/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 maidir le heagrú agus úsáid aerspáis san aerspás Eorpach aonair (1), agus go háirithe Airteagal 6(4) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/123 ón gCoimisiún (2) bunaítear Bord Bainistithe Líonra chun faireachán agus stiúradh a dhéanamh ar fhorfheidhmiú na bhfeidhmeanna líonra bainistíochta aerthráchta. Bunaítear leis freisin Aonad Eorpach um Chomhordú Eitlíochta i gcás Géarchéime chun bainistiú éifeachtach géarchéime a áirithiú ar leibhéal an líonra.

    (2)

    Faoi Airteagal 18(7) agus Airteagal 19(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/123, ceapfaidh an Coimisiún comhaltaí agus a gcomhaltaí malartacha chuig an mBord agus chuig an Aonad ar thograí óna n-eagraíochtaí, ón nGníomhaireacht Eorpach um Chosaint nó ó Eurocontrol.

    (3)

    Is le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2168 ón gCoimisiún (3) a ceapadh cathaoirleach, leaschathaoirligh, comhaltaí agus comhaltaí malartacha an Bhoird Bainistithe Líonra agus comhaltaí agus comhaltaí malartacha an Aonaid Eorpaigh um Chomhordú Eitlíochta i gcás Géarchéime le haghaidh na tréimhse 2020 go dtí 2024.

    (4)

    Cuireadh san áireamh i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2201 ón gCoimisiún (4) roinnt tograí leis ó húdaráis ainmnithe a shainaithnítear in Airteagal 18(7) agus in Airteagal 19(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/123 le haghaidh ceapacháin chuig an mBord Bainistithe Líonra agus chuig an Aonad Eorpach um Chomhordú Eitlíochta i gcás Géarchéime.

    (5)

    In 2021, i ndiaidh theacht i bhfeidhm Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2201, fuair an Coimisiún roinnt tograí maidir le ceapacháin nua chuig an mBord Bainistithe Líonra agus chuig an Aonad Eorpach um Chomhordú Eitlíochta i gcás Géarchéime. Ionchorpraíodh na tograí sin i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2201 trí Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/723 ón gCoimisiún (5).

    (6)

    Ó shin, fuair an Coimisiún roinnt tograí maidir le ceapacháin nua chuig an mBord Bainistithe Líonra agus chuig an Aonad Eorpach um Chomhordú Eitlíochta i gcás Géarchéime.

    (7)

    Ar na tograí a fuarthas bhí moladh ó Eurocontrol inar ainmníodh ceathrar ionadaithe de chuid soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta tíortha comhlachaithe le haghaidh 2023. Is gá glacadh leis na hainmniúcháin sin le haghaidh 2023 ionas gur féidir ionadaithe na dtíortha comhlachaithe a rothlú sna blianta ina dhiaidh sin, mar a fhoráiltear in Airteagal 18(7) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/123.

    (8)

    Gach duine a bhfuil sé beartaithe iad a cheapadh, ó theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo, ba cheart dóibh a theacht in ionad na ndaoine a ceapadh rompu.

    (9)

    Ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne ionas gur féidir le ceapaithe nua dul isteach ar an mBord Bainistithe Líonra ón 1 Eanáir 2023.

    (10)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Aerspás Aonair,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Na daoine a liostaítear in Iarscríbhinn I, ceapfar iad ar feadh na tréimhse ó theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo go dtí an 31 Nollaig 2024 mar chomhaltaí agus mar chomhaltaí malartacha den Bhord Bainistithe Líonra, sa cháil dá dtagraítear san Iarscríbhinn sin. I gcás ina sonraítear tréimhse níos giorra san Iarscríbhinn, beidh feidhm ag an tréimhse sin.

    Na téarmaí oifige atá ann faoi láthair agus a chumhdaítear leis na ceapacháin dá dtagraítear sa chéad mhír, rachaidh siad in éag ar theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

    Airteagal 2

    Na daoine a liostaítear in Iarscríbhinn II, ceapfar iad ar feadh na tréimhse ó theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo go dtí an 31 Nollaig 2024, mar chomhaltaí agus mar chomhaltaí malartacha den Aonad Eorpach um Chomhordú Eitlíochta i gcás Géarchéime, sa cháil dá dtagraítear san Iarscríbhinn sin. I gcás ina sonraítear tréimhse níos giorra san Iarscríbhinn, beidh feidhm ag an tréimhse sin.

    Na téarmaí oifige atá ann faoi láthair agus a chumhdaítear leis na ceapacháin dá dtagraítear sa chéad mhír, rachaidh siad in éag ar theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Nollaig 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 96, 31.3.2004, lch. 20.

    (2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/123 ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2019 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le feidhmeanna líonra bainistíochta aerthráchta a chur chun feidhme agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 677/2011 ón gCoimisiún (IO L 28, 31.1.2019, lch. 1).

    (3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2168 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 maidir le ceapachán an chathaoirligh agus na gcomhaltaí agus a gcomhaltaí malartacha den Bhord Bainistithe Líonra agus na gcomhaltaí agus a gcomhaltaí malartacha den Aonad Eorpach um Chomhordú Eitlíochta i gcás Géarchéime le haghaidh feidhmeanna bainistíochta líonra aerthráchta i ndáil leis an tríú tréimhse thagartha 2020-2024 (IO L 328, 18.12.2019, lch. 90).

    (4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2201 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2020 maidir le ceapachán comhaltaí áirithe agus a gcomhaltaí malartacha chuig an mBord Bainistithe Líonra agus chuig an Aonad Eorpach um Chomhordú Eitlíochta i gcás Géarchéime le haghaidh na bhfeidhmeanna líonra bainistíochta aerthráchta (IO L 434, 23.12.2020, lch. 59).

    (5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/723 ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2201 maidir le ceapachán comhaltaí áirithe agus a gcomhaltaí malartacha den Bhord Bainistithe Líonra agus den Aonad Eorpach um Chomhordú Eitlíochta i gcás Géarchéime le haghaidh na bhfeidhmeanna líonra bainistíochta aerthráchta (IO L 134, 11.5.2022, lch. 21).


    IARSCRÍBHINN I

    CEAPACHÁIN COMHALTAÍ A bhFUIL VÓTA ACU AGUS COMHALTAÍ NACH BHFUIL VÓTA ACU DEN BHORD BAINISTITHE LÍONRA, AGUS A gCOMHALTAÍ MALARTACHA

    An Cathaoirleach:

    Gan ceapachán nua* (1)

    An Chéad Leas-Chathaoirleach:

     

    An Dara Leas-Chathaoirleach:

    Gan ceapachán nua*


    Úsáideoirí aerspáis

     

    Comhaltaí a bhfuil vóta acu

    Comhaltaí malartacha

    AIRE/ERA

    Maciej Wilk, Príomhoifigeach Oibriúcháin/Bainisteoir Cuntasach, LOT (AIRE)

    (go dtí an 31 Nollaig 2024)

    Peter Sandgren, Stiúrthóir Oibríochtaí Talún, Nova Airlines AB (ERA)

    (go dtí an 31 Nollaig 2024)

    A4E

     

    Matthew Krasa, Ceann na nGnóthaí Poiblí, Ryanair

    IATA

    Gan ceapachán nua*

    Gan ceapachán nua*

    EBAA/IAOPA/EAS

    Robert Baltus,** (2) Príomhoifigeach Oibriúcháin, European Business Aviation Association (EBAA)

    (go dtí an 31 Nollaig 2024)

    Gan ceapachán nua*


    Soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta de réir an bhloic feidhme aerspáis

     

    Comhaltaí a bhfuil vóta acu

    Comhaltaí malartacha

    BALTIC

    Maciej Rodak**

    Leas-Uachtarán PANSA

    (go dtí an 31 Nollaig 2024)

    Tomas Montvila**

    Príomhoifigeach Oibriúcháin

    Oro Navigacija

    (go dtí an 31 Nollaig 2024)

    BLUEMED

    Maurizio Pagetti, Príomhoifigeach Oibriúcháin, ENAV

    (go dtí an 31 Nollaig 2024)

    Claude Mallia, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, MATS

    (go dtí an 31 Nollaig 2024)

    DANUBE

    Gan ceapachán nua*

    Adrian Florea,

    Stiúrthóir Oibríochtúil

    (ROMATSA)

    (go dtí an 31 Nollaig 2024)

    DK-SE

    Gan ceapachán nua*

    Thorsten Elkjaer, Príomhoifigeach Oibriúcháin, NAVIAIR

    (go dtí an 31 Nollaig 2024)

    FABCE

    Gabor Menrath

    Stiúrthóir ATM Hungaroconttrol

    (go dtí an 31 Nollaig 2024)

    Alexander Hanslik

    Stiúrthóir Austrocontrol

    (go dtí an 31 Nollaig 2024)

    FABEC

    Dirk Mahns, Príomhoifigeach Oibriúcháin, Deutsche Flugsicherung GmbH (DFS)

    Florian Guillermet, Stiúrthóir, DSNA

    (go dtí an 31 Nollaig 2024)

     

     

    Gan ceapachán nua*

    NEFAB

    Tormod Rangnes, Stiúrthóir Oibríochtaí, Avinor

    (go dtí an 31 Nollaig 2024)

    Janis Lapins, Leas-Cheann ATM, LGS

    (go dtí an 31 Nollaig 2024)

    SOUTH-WEST

    Gan ceapachán nua*

    Nuno Simoes**

    Stiúrthóir na hoifige straitéise, pleanála agus caidrimh sheachtraigh

    Navegacao Aerea de Portugal (NAV Portugal)

    ÉIRE

    David Usher, **Údarás Eitlíochta na hÉireann

    Joe Ryan, Údarás Eitlíochta na hÉireann

    Oibreoirí aerfoirt

     

    Comhaltaí a bhfuil vóta acu

    Comhaltaí malartacha

     

    Gan ceapachán nua*

    Ivan Bassato, Stiúrthóir Bainistíochta an Aerfoirt, Aeroporto di Roma Fiumicino (Roma)

     

    Gan ceapachán nua*

    Isabelle Baumelle, Príomhoifigeach Oibriúcháin & Stiúrthóir Margaíochta Aerlínte, Aeroports de la Cote d’Azur, Nice, an Fhrainc


    An tArm

     

    Comhaltaí a bhfuil vóta acu

    Comhaltaí malartacha

    Soláthraithe míleata seirbhísí aerloingseoireachta

    Gan ceapachán nua*

    An Coirnéal Matthias Löwa, Stiúrthóir ATM, an tÚdarás Eitlíochta Míleata, an Ghearmáin

    (go dtí an 31 Nollaig 2024)

    Úsáideoirí míleata aerspáis

    An Briogáidireghinearál Laurent Thiebault** DSAE

    An Coirnéal Yann Pichavant, ionadaí ATM, Ministère de la Défense, an Fhrainc


    Cathaoirleach an Bhoird Bainistithe Líonra

     

    Comhalta nach bhfuil vóta aige

    Comhalta malartach

     

    Gan ceapachán nua*

     


    An Coimisiún Eorpach

     

    Comhalta nach bhfuil vóta aige

    Comhalta malartach

     

    Christine Berg,

    Ceann Aonaid, Aerspás Eorpach Aonair

    AS MOVE, an Coimisiún Eorpach

    Staffan Ekwall,

    Oifigeach beartas,

    AS MOVE, an Coimisiún Eorpach


    Údarás Faireacháin CSTE

     

    Comhalta nach bhfuil vóta aige

    Comhalta malartach

     

    Gan ceapachán nua*

    Valgerður Guðmundsdóttir, Leas-Stiúrthóir, Údarás Faireacháin CSTE


    Bainisteoir Líonra

     

    Comhalta nach bhfuil vóta aige

    Comhalta malartach

     

    Gan ceapachán nua*

    Gan ceapachán nua*


    Cathaoirleach na meithle um oibríochtaí (NDOP)

     

    Comhalta nach bhfuil vóta aige

    Comhalta malartach

     

    Gan ceapachán nua*

    Guillaume Blandel, Stiúrthóir Oibríochtaí, DSNA**


    Ionadaithe soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta tíortha comhlachaithe

     

    Comhaltaí nach bhfuil vóta acu

    Comhaltaí malartacha

    Go dtí an 31 Nollaig 2023.

    Nenad Šakić**

    Seirbhísí Aerthráchta na Seirbia agus Mhontainéagró (SMATSA)

    Mirjana Vasiljević**

    Seirbhísí Aerthráchta na Seirbia agus Mhontainéagró (SMATSA)

    Go dtí an 31 Nollaig 2023

    Sitki Kagan Ertas, **

    Soláthraí Seirbhísí Aerloingseoireachta na Tuirce (DHMI)

    Sevda Turhan,**

    Soláthraí Seirbhísí Aerloingseoireachta na Tuirce (DHMI)


    Eurocontrol

     

    Comhalta nach bhfuil vóta aige

    Comhalta malartach

     

    Raul Medina Caballero**

    Ard-Stiúrthóir

    Eurocontrol

    (go dtí an 31 Nollaig 2024)

    Gan ceapachán nua*


    (1)  Ionadaithe a bhfuil * leo in Iarscríbhinní I agus II, ceapadh iad le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2168 ón gCoimisiún, atá i bhfeidhm go fóill.

    (2)  Ionadaithe a bhfuil ** leo in Iarscríbhinní I agus II, ceaptar iad leis an gCinneadh seo.


    IARSCRÍBHINN II

    CEAPACHÁIN COMHALTAÍ BUANA DEN AONAD EORPACH UM CHOMHORDÚ EITLÍOCHTA I gCÁS GÉARCHÉIME, AGUS A gCOMHALTAÍ MALARTACHA

    Na Ballstáit

     

    Comhalta

    Comhalta malartach

     

    Gan ceapachán nua*

    Gan ceapachán nua*


    Stáit CSTE

     

    Comhalta

    Comhalta malartach

     

    Gan ceapachán nua*

    Gan ceapachán nua*


    An Coimisiún Eorpach

     

    Comhalta

    Comhalta malartach

     

    Christine Berg,

    Ceann Aonaid, Aerspás Eorpach Aonair

    AS MOVE, an Coimisiún Eorpach

    Staffan Ekwall,

    Oifigeach beartas,

    AS MOVE, an Coimisiún Eorpach


    Gníomhaireacht

     

    Comhalta

    Comhalta malartach

     

    Fabio Grasso — Bainisteoir na Rannóige um Chaighdeáin agus Cur Chun Feidhme ATM

    (go dtí an 31 Nollaig 2024)

    Gan ceapachán nua*


    Eurocontrol

     

    Comhalta

    Comhalta malartach

     

    Philippe Merlo, DECMA** (go dtí an 31 Nollaig 2024)

    Philip Hugues DECMA**

    (go dtí an 31 Nollaig 2024)


    Bainisteoir Líonra

     

    Comhalta

    Comhalta malartach

     

    Gan ceapachán nua*

    Steven Moore

    Bainisteoir Oibríochtaí EACCC

    Bainisteoir Líonra na Stiúrthóireachta

    Eurocontrol


    An tArm

     

    Comhalta

    Comhalta malartach

     

    An Leifteanantchoirnéal Adam Karwoth

    Údarás Eitlíochta Míleata na Gearmáine

    An Coirnéal Yann Pichavant,

    Ministère de la Défense, an Fhrainc


    Soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta

     

    Comhalta

    Comhalta malartach

     

    Gan ceapachán nua*

    Gan ceapachán nua*


    Oibreoirí aerfoirt

     

    Comhalta

    Comhalta malartach

     

    Aidan Flanagan, Bainisteoir Sábháilteachta, ACI — an Eoraip

    (go dtí an 31 Nollaig 2024)

    Gan ceapachán nua*


    Úsáideoirí aerspáis

     

    Comhalta

    Comhalta malartach

     

    Gan ceapachán nua*

    Gan ceapachán nua*


    Top