Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D2440

    Cinneadh (CBES) 2022/2440 ón gComhairle an 12 Nollaig 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/1775 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí

    ST/13864/2022/INIT

    IO L 319, 13.12.2022, p. 68–79 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2440/oj

    13.12.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 319/68

    CINNEADH (CBES) 2022/2440 ÓN gCOMHAIRLE

    an 12 Nollaig 2022

    lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/1775 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 28 Meán Fómhair 2017, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2017/1775 (1).

    (2)

    An 13 Nollaig 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/2208 (2), lenar bunaíodh creat nua lena gceadaítear bearta sriantacha breise i gcoinne daoine aonair agus eintitis atá freagrach as síocháin, slándáil nó cobhsaíocht Mhailí a chur i mbaol, nó as bac a chur ar aistriú polaitiúil Mhailí a chur i gcrích go rathúil nó an bonn a bhaint de chur i gcrích rathúil an aistrithe pholaitiúil sin.

    (3)

    Ar bhonn athbhreithniú ar na bearta dá dtagraítear in Airteagal 1a(1), agus in Airteagal 2a, (1) agus (2), de Chinneadh (CBES) 2017/1775, ba cheart na bearta sriantacha a athnuachan go dtí an 14 Nollaig 2023, agus ba cheart na ráitis ar chúiseanna agus an fhaisnéis aitheantais don chúigear a áirítear ar liostaí na ndaoine nádúrtha agus ar liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2017/1775 a leasú.

    (4)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2017/1775 a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/1775 mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 6(2), sa chéad abairt, cuirtear “14 Nollaig 2022” in ionad an dáta “14 Nollaig 2023”;

    (2)

    leasaítear Iarscríbhinn II mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Nollaig 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. BORRELL FONTELLES

    (1)  Cinneadh (CBES) 2017/1775 ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2017 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí (IO L 251, 29.9.2017, lch. 23).

    (2)  Cinneadh (CBES) 2021/2208 an 13 Nollaig 2021 ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2017/1775 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Mailí (IO L 446, 14.12.2021, lch. 44).

    IARSCRÍBHINN

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2017/1775:

    “IARSCRÍBHINN II

    A.   Liosta na ndaoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 1a(1)

    Ainm

    Faisnéis aitheantais

    Cúiseanna

    Dáta an liostaithe

    1.

    DIAW, Malick

    Áit bhreithe: Ségou

    Dáta breithe: 2.12.1979

    Náisiúntacht: Mailíoch

    Pasuimhir: B0722922 bailí go dtí an 13.8.2018

    Inscne: fireann

    Post: Uachtarán an National Transition Council (orgán reachtach aistriú polaitiúil Mhailí), Coirnéal

    Tá Malick Diaw ina bhall lárnach de chiorcal inmheánach an Choirnéil Assimi Goïta. Agus é ina cheann foirne ar an tríú réigiún míleata, is é sin Kati, bhí sé ar dhuine de ghríosóirí agus de cheannairí an coup a rinneadh an 18 Lúnasa 2020, in éineacht leis an Maor-Choirnéal Ismaël Wagué, an Coirnéal Assimi Goïta, an Coirnéal Sadio Camara agus an Coirnéal Modibo Koné.

    Tá Malick Diaw freagrach, dá bhrí sin, as gníomhaíochtaí nó beartais a chuireann an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht i Mailí i mbaol.

    Is príomhghníomhaí i gcomhthéacs aistriú polaitiúil Mhailí é Malick Diaw freisin agus é ina Uachtarán ar an National Transition Council (CNT), comhlacht reachtach an Aistrithe, ó mhí na Nollag 2020.

    Níor éirigh le CNT na “misin” atá cumhdaithe sa Chairt Idirthréimhseach dar dáta an 1 Deireadh Fómhair 2020 (“Cairt Idirthréimhseach”) agus ba cheart a chríochnú laistigh de 18 mí a chur i gcrích in am trátha, mar is léir ón moill a bhí ar CNT an dréachtbhille toghcháin a fhormhuiniú. Chuidigh an moill sin le moill a chur ar eagrú na dtoghchán agus, ar an gcaoi sin, moill ar aistriú polaitiúil Mhailí a thabhairt chun críche go rathúil. Ina theannta sin, leis an mbille nua toghcháin, a ghlac CNT ar deireadh an 17 Meitheamh 2022 agus a foilsíodh in Iris Oifigiúil Phoblacht Mhailí an 24 Meitheamh 2022, ceadaítear don Uachtarán Idirthréimhseach, don Leas-Uachtarán Idirthréimhseach agus do chomhaltaí an Rialtais Idirthréimhsigh a bheith ina n-iarrthóirí sna toghcháin uachtaránachta agus reachtacha, rud atá ag teacht salach ar an gCairt Idirthréimhseach.

    Ghlac Comhphobal Eacnamaíoch Stáit na hAfraice Thiar (ECOWAS) smachtbhannaí aonair i gcoinne na nÚdarás Idirthréimhseach (lena n-áirítear Malick Diaw) i mí na Samhna 2021 de bharr na moille a chuir siad ar eagrú na dtoghchán agus, ar an gcaoi sin, ar thabhairt chun críche aistriú polaitiúil Mhailí. An 3 Iúil 2022, chinn ECOWAS na smachtbhannaí aonair sin a choinneáil.

    Dá bhrí sin, tá Malick Diaw ag cur bac ar chur i gcrích rathúil aistriú polaitiúil Mhailí agus ag baint an bhoinn den chur i gcrích sin.

    4.2.2022

    2.

    WAGUÉ, Ismaël

    Áit bhreithe: Bamako

    Dáta breithe: 2.3.1975

    Náisiúntacht: Mailíoch

    Pasuimhir: pas taidhleoireachta AA0193660 bailí go dtí an 15.2.2023

    Inscne: fireann

    Post: An tAire Athmhuintearais, Maor-Choirnéal

    Tá an Maor-Choirnéal Ismaël Wagué ina chomhalta lárnach de chiorcal inmheánach an Choirnéil Assimi Goïta, agus bhí sé ar dhuine de ghríosóirí an coup an 18 Lúnasa 2020, in éineacht leis an gCoirnéal Goïta, an Coirnéal Sadio Camara, an Coirnéal Modibo Koné agus an Coirnéal Malick Diaw.

    An 19 Lúnasa 2020, d’fhógair sé go raibh an t-arm tagtha i gcumhacht, agus bhí sé ansin ina urlabhraí don National Committee for the Salvation of the People (Comité national pour le salut du people, CNSP).

    Tá Ismaël Wagué freagrach, dá bhrí sin, as gníomhaíochtaí a chuireann an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht i Mailí i mbaol.

    Agus é ina Aire Athmhuintearais ar an Rialtas Idirthréimhseach ó mhí Dheireadh Fómhair 2020, tá Ismaël Wagué i gceannas ar Chomhaontú um Shíocháin agus Athmhuintearas i Mailí a chur i bhfeidhm. Trína ráiteas i mí Dheireadh Fómhair 2021, agus trína easaontú gan staonadh le comhaltaí an Permanent Strategic Framework (Cadre Stratégique Permanent, CSP), chuidigh sé le bac a chur ar an Monitoring Committee of the Agreement for Peace and Reconciliation in Mali (Comité de suivi de l’accord, CSA), rud a d’fhág gur cuireadh cruinnithe CSA ar fionraí ó mhí Dheireadh Fómhair 2021 go mí Mheán Fómhair 2022. Chuir an staid sin bac ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe sin, atá ar cheann de “misin” aistriú polaitiúil Mhailí dá bhforáiltear in Airteagal 2 den Chairt Idirthréimhseach.

    Ghlac ECOWAS smachtbhannaí aonair i gcoinne na nÚdarás Idirthréimhseach (lena n-áirítear Ismaël Wagué) i mí na Samhna 2021 de bharr na moille a chuir siad ar eagrú na dtoghchán agus, ar an gcaoi sin, ar thabhairt chun críche aistriú polaitiúil Mhailí. An 3 Iúil 2022, chinn ECOWAS na smachtbhannaí aonair sin a choinneáil.

    Tá Ismaël Wagué freagrach, dá bhrí sin, as gníomhaíochtaí a chuireann an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht i Mailí i mbaol, agus tá sé freagrach freisin as bac a chur ar aistriú polaitiúil Mhailí a thabhairt chun críche go rathúil, agus as an mbonn a bhaint de thabhairt chun críche an aistrithe sin.

    4.2.2022

    3.

    MAÏGA, Choguel

    Áit bhreithe: Tabango, Gao, Mailí

    Dáta breithe: 31.12.1958

    Náisiúntacht: Mailíoch

    Pasuimhir: pas taidhleoireachta DA0004473, a d’eisigh Mailí, víosa Schengen a eisíodh

    Inscne: fireann

    Post: An Príomh-Aire

    Agus é ina Phríomh-Aire ó mhí an Mheithimh 2021, is é Choguel Maïga atá i gceannas ar Rialtas Idirthréimhseach Mhailí a bunaíodh tar éis coup an 24 Bealtaine 2021.

    Agus é ag gníomhú ar bhealach a tháinig salach ar amchlár an athchóirithe agus na dtoghchán a comhaontaíodh roimhe seo le ECOWAS i gcomhréir leis an gCairt Idirthréimhseach, d’fhógair sé i mí an Mheithimh 2021 atheagrú na National Consultations for Refoundation (Assises nationales de la refondation, ANRanna) mar phróiseas réamh-athchóiriúcháin agus mar réamhchoinníoll d’eagrú na dtoghchán a bhí sceidealaithe don 27 Feabhra 2022.

    Cuireadh na ANRanna siar roinnt uaireanta, mar a d’fhógair Choguel Maïga é féin, agus cuireadh moill ar na toghcháin ansin. Rinne an t-iliomad páirtithe leasmhara na ANRanna, a tionóladh ar deireadh i mí na Nollag 2021, a bhaghcatáil. Ar bhonn mholtaí deiridh na ANRanna, thíolaic an Rialtas Idirthréimhseach amchlár nua lena bhforáiltear go reáchtálfar toghcháin uachtaránachta i mí na Nollag 2025, rud a cheadaíonn don Rialtas Idirthréimhseach fanacht i gcumhacht ar feadh tréimhse níos faide ná 5 bliana. I mí an Mheithimh 2022, chuir an Rialtas Idirthréimhseach clár ama athbhreithnithe faoi bhráid ECOWAS lena bhforáiltear go reáchtálfar toghcháin uachtaránachta i mí an Mhárta 2024, i.e. níos mó ná 2 bhliain tar éis an spriocdháta a leagtar síos sa Chairt Idirthréimhseach.

    Ghlac ECOWAS smachtbhannaí aonair i gcoinne na nÚdarás Idirthréimhseach (lena n-áirítear Choguel Maïga) i mí na Samhna 2021 mar gheall ar an moill a chuir siad ar eagrú na dtoghchán agus, ar an gcaoi sin, ar thabhairt chun críche aistriú polaitiúil Mhailí. Chuir ECOWAS i dtreis gur bhain na hÚdaráis Idirthréimhseacha úsáid as an ngá le hathchóirithe a chur chun feidhme mar chur i gcéill chun údar maith a thabhairt le síneadh a chur le haistriú polaitiúil Mhailí agus chun iad féin a choimeád i gcumhacht gan aon toghcháin dhaonlathacha. An 3 Iúil 2022, chinn ECOWAS na smachtbhannaí aonair sin a choinneáil.

    Ina cháil mar Phríomh-Aire, tá Choguel Maïga freagrach go díreach as na toghcháin dá bhforáiltear sa Chairt Idirthréimhseach a chur siar, agus dá bhrí sin, tá bac á chur aige ar thabhairt chun críche rathúil aistriú polaitiúil Mhailí agus an bonn á bhaint aige den tabhairt chun críche sin, go háirithe trí bhac a chur ar thoghcháin a reáchtáil agus an chumhacht a aistriú chuig údaráis thofa agus tríd an mbonn a bhaint de sin.

    4.2.2022

    4.

    MAÏGA, Ibrahim Ikassa

    Áit bhreithe: Tondibi, réigiún Gao, Mailí

    Dáta breithe: 5.2.1971

    Náisiúntacht: Mailíoch

    Pasuimhir: pas taidhleoireachta a d’eisigh Mailí

    Inscne: fireann

    Post: Aire an Athbhunaithe

    Tá Ibrahim Ikassa Maïga ina chomhalta de choiste straitéiseach M5-RFP (Mouvement du 5 juin - Rassemblement des forces patriotiques), a raibh ról lárnach aige i dtreascairt an Uachtaráin Keita.

    Ina cháil mar Aire an Athbhunaithe ó mhí an Mheithimh 2021, cuireadh de chúram air na National Consultations for Refoundation (Assises nationales de la Refondation, ANRanna) a phleanáil, a d’fhógair an Príomh-Aire Choguel Maïga.

    Agus é ag gníomhú ar bhealach a tháinig salach ar amchlár an athchóirithe agus na dtoghchán a comhaontaíodh le ECOWAS roimhe seo i gcomhréir leis an gCairt Idirthréimhseach, d’fhógair an Rialtas Idirthréimhseach na ANRanna sin mar phróiseas réamh-athchóiriúcháin agus mar réamhchoinníoll d’eagrú na dtoghchán atá sceidealaithe don 27 Feabhra 2022.

    Mar a d’fhógair Choguel Maïga, cuireadh na ANRanna siar roinnt uaireanta agus cuireadh moill ar na toghcháin. Rinne an t-iliomad páirtithe leasmhara na ANRanna, a tionóladh ar deireadh i mí na Nollag 2021, a bhaghcatáil. Ar bhonn mholtaí deiridh na ANRanna, thíolaic an Rialtas Idirthréimhseach amchlár nua lena bhforáiltear go reáchtálfar toghcháin uachtaránachta i mí na Nollag 2025, rud a cheadaíonn don Rialtas Idirthréimhseach fanacht i gcumhacht ar feadh tréimhse níos faide ná 5 bliana. I mí an Mheithimh 2022, chuir an Rialtas Idirthréimhseach clár ama athbhreithnithe faoi bhráid ECOWAS lena bhforáiltear go reáchtálfar toghcháin uachtaránachta i mí an Mhárta 2024, i.e. níos mó ná 2 bhliain tar éis an spriocdháta a leagtar síos sa Chairt Idirthréimhseach.

    Ghlac ECOWAS smachtbhannaí aonair i gcoinne na nÚdarás Idirthréimhseach (lena n-áirítear Ibrahim Ikassa Maïga) i mí na Samhna 2021, mar gheall ar an moill a chuir siad ar eagrú na dtoghchán agus, ar an gcaoi sin, ar thabhairt chun críche aistriú polaitiúil Mhailí. Chuir ECOWAS i dtreis gur bhain na hÚdaráis Idirthréimhseacha úsáid as an ngá le hathchóirithe a chur chun feidhme mar chur i gcéill chun údar maith a thabhairt le síneadh a chur le haistriú polaitiúil Mhailí agus chun iad féin a choimeád i gcumhacht gan aon toghcháin dhaonlathacha. An 3 Iúil 2022, chinn ECOWAS na smachtbhannaí aonair sin a choinneáil.

    Ina cháil mar Aire an Athbhunaithe, tá bac á chur ag Ibrahim Ikassa Maïga ar thabhairt chun críche rathúil aistriú polaitiúil Mhailí agus an bonn á bhaint aige den tabhairt chun críche sin, go háirithe trí bhac a chur ar thoghcháin a reáchtáil agus an chumhacht a aistriú chuig údaráis thofa agus tríd an mbonn a bhaint de sin.

    4.2.2022

    5.

    DIARRA, Adama Ben

    (dá ngairtear freisin Ben Le Cervau)

    Áit bhreithe: Kati, Mailí

    Náisiúntacht: Mailíoch

    Pasuimhir: pas taidhleoireachta a d’eisigh Mailí, víosa Schengen a eisíodh

    Inscne: fireann

    Post: Comhalta den National Transition Council (orgán reachtach aistriú polaitiúil Mhailí)

    Tá Adama Ben Diarra, dá ngairtear Camarade Ben Le Cervau, ar dhuine de cheannairí óga M5-RFP (Mouvement du 5 juin-Rassemblement des Forces Patriotiques), a raibh ról lárnach aige i dtreascairt an Uachtaráin Keita. Tá Adama Ben Diarra ina cheannaire ar Yéréwolo freisin, an phríomheagraíocht atá ag tacú leis na hÚdaráis Idirthréimhseacha, agus ina chomhalta den National Transitional Council (CNT) ón 3 Nollaig 2021.

    Níor éirigh le CNT na “misin” atá cumhdaithe sa Chairt Idirthréimhseach dar dáta agus a bhí le críochnú laistigh de 18 mí a chur i gcrích in am trátha, mar is léir ón moill a bhí ar CNT an dréachtbhille toghcháin a fhormhuiniú. Chuidigh an moill sin le moill a chur ar eagrú na dtoghchán agus, ar an gcaoi sin, moill ar aistriú polaitiúil Mhailí a thabhairt chun críche go rathúil. Ina theannta sin, leis an mbille nua toghcháin, a ghlac CNT ar deireadh an 17 Meitheamh 2022 agus a foilsíodh in Iris Oifigiúil Phoblacht Mhailí an 24 Meitheamh 2022, ceadaítear don Uachtarán Idirthréimhseach agus don Leas-Uachtarán Idirthréimhseach agus do chomhaltaí an Rialtais Idirthréimhsigh a bheith ina n-iarrthóirí sna toghcháin uachtaránachta agus reachtacha, rud atá ag teacht salach ar an gCairt Idirthréimhseach.

    Bíonn Adama Ben Diarra go gníomhach ag moladh agus ag tacú le síneadh a chur le haistriú polaitiúil Mhailí i rith slógaí polaitiúla agus ar ghréasáin shóisialta, agus é ag rá go bhfuil sé mar aidhm dhiongbháilte ag muintir Mhailí an idirthréimhse 5 bliana a mhol na hÚdaráis Idirthréimhseacha tar éis na National Consultations for Refoundation (Assises nationales de la Refondation, ANRanna).

    Agus é ag gníomhú ar bhealach a tháinig salach ar amchlár an athchóirithe agus na dtoghchán a comhaontaíodh le ECOWAS roimhe seo i gcomhréir leis an gCairt Idirthréimhseach, d’fhógair an Rialtas Idirthréimhseach na ANRanna mar phróiseas réamh-athchóiriúcháin agus mar réamhchoinníoll d’eagrú na dtoghchán atá sceidealaithe don 27 Feabhra 2022.

    Mar a d’fhógair Choguel Maïga, cuireadh na ANRanna siar roinnt uaireanta agus cuireadh moill ar na toghcháin. Rinne an t-iliomad páirtithe leasmhara na ANRanna, a tionóladh ar deireadh i mí na Nollag 2021, a bhaghcatáil. Ar bhonn mholtaí deiridh na ANRanna, thíolaic an Rialtas Idirthréimhseach amchlár nua lena bhforáiltear go reáchtálfar toghcháin uachtaránachta i mí na Nollag 2025, agus lena gceadaítear do na húdaráis Idirthréimhseacha fanacht i gcumhacht ar feadh tréimhse níos faide ná 5 bliana. I mí an Mheithimh 2022, chuir an Rialtas Idirthréimhseach clár ama athbhreithnithe faoi bhráid ECOWAS lena bhforáiltear go reáchtálfar toghcháin uachtaránachta i mí an Mhárta 2024, i.e. níos mó ná 2 bhliain tar éis an spriocdháta a leagtar síos sa Chairt Idirthréimhseach.

    Ghlac ECOWAS smachtbhannaí aonair i gcoinne na nÚdarás Idirthréimhseach (lena n-áirítear Adama Ben Diarra) i mí na Samhna 2021 de bharr na moille a chuir siad ar eagrú na dtoghchán agus, ar an gcaoi sin, ar thabhairt chun críche aistriú polaitiúil Mhailí. Chuir ECOWAS i dtreis gur bhain na hÚdaráis Idirthréimhseacha úsáid as an ngá le hathchóirithe a chur chun feidhme mar chur i gcéill chun údar maith a thabhairt le síneadh a chur le haistriú polaitiúil Mhailí agus chun iad féin a choimeád i gcumhacht gan aon toghcháin dhaonlathacha. An 3 Iúil 2022, chinn ECOWAS na smachtbhannaí aonair sin a choinneáil.

    Dá bhrí sin, tá bac á chur ag Adama Ben Diarra ar thabhairt chun críche rathúil aistriú polaitiúil Mhailí agus an bonn á bhaint aige den tabhairt chun críche sin, go háirithe trí bhac a chur ar thoghcháin a reáchtáil agus an chumhacht a aistriú chuig údaráis thofa, agus tríd an mbonn a bhaint de sin.

    4.2.2022

    B.   Liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintitis agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2a(1)

    ”.

    Top