Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D2424

Cinneadh (AE) 2022/2424 ón gCoimisiún an 5 Nollaig 2022 maidir le comhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a chuir an Rómáin isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh an tríú tréimhse thagartha (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 8740) (Is é an téacs Rómáinise amháin atá barántúil) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2022/8740

IO L 318, 12.12.2022, pp. 126–135 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2424/oj

12.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 318/126


CINNEADH (AE) 2022/2424 ÓN gCOIMISIÚN

an 5 Nollaig 2022

maidir le comhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a chuir an Rómáin isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh an tríú tréimhse thagartha

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 8740)

(Is é an téacs Rómáinise amháin atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos an creat chun aerspás Eorpach aonair a chruthú (an “Creatrialachán”) (1), agus go háirithe Airteagal 11(3), pointe (c), de,

Ag féachaint do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 ón gCoimisiún an 11 Feabhra 2019 lena leagtar síos scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach aonair agus lena n-aisghairtear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 390/2013 agus (AE) Uimh. 391/2013 (2), agus go háirithe Airteagal 15(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

BREITHNITHE GINEARÁLTA

(1)

De bhun Airteagal 10 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tá na Ballstáit le pleananna feidhmíochta ceangailteacha a tharraingt suas, ar an leibhéal náisiúnta nó ar leibhéal na mbloc feidhme aerspáis (“FAB”), pleananna nach mór spriocanna feidhmíochta ceangailteacha a chuimsiú iontu i leith gach tréimhse tagartha den scéim feidhmíochta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta agus feidhmeanna gréasáin. Tá na spriocanna feidhmíochta le bheith comhsheasmhach leis na spriocanna uile-Aontais a ghlac an Coimisiún le haghaidh na tréimhse tagartha lena mbaineann.

(2)

Leagadh spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh an tríú tréimhse thagartha (“TT3”) síos i dtosach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 ón gCoimisiún (3). Ós rud é gur tarraingíodh suas na spriocanna feidhmíochta sin ar fud an Aontais agus na dréachtphleananna feidhmíochta TT3 a chuir na Ballstáit isteach ina dhiaidh sin i mí Dheireadh Fómhair 2019 sular tharla ráig phaindéim COVID-19 i mí an Mhárta 2020, níor cuireadh san áireamh iontu an laghdú suntasach ar an aerthrácht i ngeall ar na bearta a rinne na Ballstáit agus tríú tíortha chun an phaindéim a shrianadh.

(3)

Mar fhreagairt ar thionchar phaindéim COVID-19 ar sholáthar na seirbhísí aerloingseoireachta, leagadh amach bearta eisceachtúla le haghaidh TT3, de mhaolú ar fhorálacha Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627 ón gCoimisiún (4). An 2 Meitheamh 2021, ghlac an Coimisiún Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 ón gCoimisiún (5) lena leagtar amach spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe ar fud an Aontais le haghaidh TT3. Ar an mbonn sin, chuir na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin i mí Dheireadh Fómhair 2021 dréachtphleananna feidhmíochta ina bhfuil spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe áitiúla le haghaidh TT3.

(4)

Is chuig an mBeilg, an Ghearmáin, an Ghréig, an Fhrainc, an Chipir, an Laitvia, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Rómáin agus an tSualainn a díríodh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/728 ón gCoimisiún (6). Sa Chinneadh sin, chinn an Coimisiún go bhfuil na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta faoi bhealach a chuimsítear i ndréachtphlean feidhmíochta na Rómáine le haghaidh TT3 ar neamhréir leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais, agus d’eisigh sé moltaí maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar na spriocanna sin.

(5)

Mar fhreagairt ar chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin a thosaigh an 24 Feabhra 2022, d’fhorchuir an tAontas bearta sriantacha lena gcuirtear toirmeasc ar aeriompróirí na Rúise, ar aon aerárthach atá cláraithe sa Rúis agus ar aon aerárthach nach aerárthach de chuid na Rúise é atá cláraithe nó atá cairtfhostaithe, nó atá faoi rialú ar shlí eile, ag aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht de chuid na Rúise faoi thuirlingt i gcríoch an Aontais, éirí de thalamh uaithi nó eitilt thairsti. Tháinig athruithe ar an aerthrácht in aerspás na hEorpa mar thoradh ar na bearta sriantacha sin agus ar na frithbhearta a ghlac an Rúis. Rinneadh difear géar do Bhallstáit áirithe leis an laghdú mór ar líon na dtraseitiltí san aerspás atá faoina gcúram. Ar leibhéal uile-Aontais, áfach, tá an tionchar breathnaithe ar an líon eitiltí teoranta i gcodarsnacht leis an laghdú géar a tháinig ar an aerthrácht ar fud na hEorpa mar gheall ar ráig phaindéim COVID-19.

(6)

An 13 Iúil 2022, chuir an Rómáin dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe le haghaidh TT3 (“an dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe”) faoi bhráid an Choimisiúin.

(7)

Tá tuarascáil curtha faoi bhráid an Choimisiúin ag an gcomhlacht um athbhreithniú ar an bhfeidhmíocht a thugann cúnamh don Choimisiún maidir le cur chun feidhme na scéime feidhmíochta de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 549/2004, agus sa tuarascáil sin ón gcomhlacht tá an measúnú atá aige ar an dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe.

(8)

I gcomhréir le hAirteagal 15(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, rinne an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta áitiúla atá i ndréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe na Rómáine ar bhonn na gcritéar measúnaithe a leagtar síos i bpointe 1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin, agus imthosca áitiúla á gcur san áireamh. Maidir le gach príomhréimse feidhmíochta agus maidir leis na spriocanna feidhmíochta gaolmhara, rinne an Coimisiún a mheasúnú a chomhlánú trí athbhreithniú a dhéanamh ar na heilimintí a leagtar amach i bpointe 2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(9)

Cuirtear an t-athrú sna himthosca maidir le haerthrácht in aerspás na hEorpa san áireamh sa réamhaisnéis tráchta bhonnlíne ó Sheirbhís Staidrimh agus Réamhaisnéise Eurocontrol (“STATFOR”), a foilsíodh i mí an Mheithimh 2022. Ar bhonn na réamhaisnéise sin, tugann an Coimisiún dá aire go bhfuiltear ag súil go mbeidh gluaiseachtaí breise eitilte ag an Rómáin ina haerspás le linn na coda eile de TT£ mar gheall ar athruithe ar shreafaí aerthráchta mar thoradh ar chogadh na Rúise san Úcráin. Mar sin féin, ní dhéanann an staid sin aon athrú suntasach ar na dálaí oibríochtúla le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta sa Rómáin agus níl tionchar díobhálach aige sin ar a dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe.

MEASÚNÚ ÓN gCOIMISIÚN

Measúnú ar na spriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta

(10)

Maidir le príomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta, rinne an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir an Rómáin faoina bhráid maidir le héifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta a dhéanann na soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta (“ANSPanna”), i gcomhréir le pointe 1.1. d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(11)

Is iad seo a leanas na spriocanna feidhmíochta sábháilteachta áitiúla arna moladh ag an Rómáin i leith éifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta, arna miondealú de réir na gcuspóirí bainistíochta sábháilteachta agus arna sloinneadh mar leibhéil cur chun feidhme:

An Rómáin

Spriocanna maidir le héifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta, arna sloinneadh mar leibhéal cur chun feidhme i raon idir leibhéil A agus D de chuid Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta an Aontais Eorpaigh

An soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta lena mbaineann

Cuspóir na bainistíochta sábháilteachta

2022

2023

2024

Spriocanna ar fud an Aontais (2024)

ROMATSA

Beartas agus cuspóirí sábháilteachta

C

C

C

C

Bainistíocht riosca sábháilteachta

C

C

D

D

Dearbhú sábháilteachta

C

C

C

C

Cur chun cinn sábháilteachta

C

C

C

C

Cultúr sábháilteachta

C

C

C

C

(12)

Tá na spriocanna feidhmíochta sábháilteachta arna moladh ag an Rómáin le haghaidh an tsoláthraí seirbhísí aerloingseoireachta, is é sin ROMATSA, comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais.

(13)

Tugann an Coimisiún dá aire go leagtar amach sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a chuir an Rómáin isteach bearta le haghaidh ROMATSA chun na spriocanna sábháilteachta áitiúla a bhaint amach, lena n-áirítear nósanna imeachta agus próisis faireacháin sábháilteachta inmheánacha a chur chun feidhme chun feabhas leanúnach a chur ar éifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta.

(14)

Dá bhrí sin, i bhfianaise an méid a dúradh in Aithrisí (11), (12) agus (13) agus de bhrí go bhfuil na spriocanna feidhmíochta sábháilteachta ar fud an Aontais a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 le baint amach faoi bhliain dheireanach TT3, is é sin 2024, ba cheart a mheas, maidir leis na spriocanna i bpríomhréimse feidhmíochta na sábháilteachta a chuimsítear i ndréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe na Rómáine, go bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais.

Measúnú ar na spriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil

(15)

Maidir le príomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir an Rómáin isteach maidir le meánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír, i gcomhréir le pointe 1.2. d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Dá réir sin, cuireadh na spriocanna atá beartaithe agus a chuimsítear i ndréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe na Rómáine i gcomparáid leis na luachanna tagartha ábhartha le haghaidh éifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach a leagtar amach i bplean feabhsúcháin líonra aerbhealaí na hEorpa a bhí ar fáil an 2 Meitheamh 2021, an dáta a glacadh na spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe ar fud an Aontais le haghaidh TT3.

(16)

I gcás na bliana 2020, ní dhearnadh athbhreithniú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 ar an sprioc feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh TT3 i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, sprioc a leagadh amach i dtosach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 sular tharla ráig phaindéim COVID-19, a mhéid a raibh an tréimhse le haghaidh chur i bhfeidhm na sprice sin imithe in éag agus, dá bhrí sin, go raibh sí curtha chun feidhme go críochnaitheach cheana, rud a d’fhág nárbh fhéidir coigeartuithe cúlghabhálacha a dhéanamh. Ar an gcuma chéanna, ní féidir na spriocanna feidhmíochta comhshaoil áitiúla le haghaidh 2021 a leag na Ballstáit síos sna dréachtphleananna feidhmíochta a cuireadh isteach i mí Dheireadh Fómhair 2021 a mhodhnú go cúlghabhálach sna dréachtphleananna feidhmíochta athbhreithnithe. Dá bhrí sin, an measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta comhshaoil áitiúla leis na spriocanna feidhmíochta comhfhreagracha ar fud an Aontais, ba cheart é a dhéanamh i leith na mblianta 2022, 2023, agus 2024.

(17)

Is iad seo a leanas na spriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil arna moladh ag an Rómáin, mar aon leis na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha le haghaidh TT3 ó phlean feabhsúcháin líonra aerbhealaí na hEorpa, arna sloinneadh mar mheánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír:

An Rómáin

2022

2023

2024

Spriocanna i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, arna sloinneadh mar mheánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír

2,05  %

2,05  %

2,05  %

Luachanna tagartha

2,05  %

2,05  %

2,05  %

(18)

Tugann an Coimisiún faoi deara gurb ionann na spriocanna comhshaoil arna moladh ag an Rómáin agus na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha le haghaidh gach ceann de na blianta 2022, 2023 agus 2024.

(19)

Tugann an Coimisiún dá aire gur chuir isteach an Rómáin, ina dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe, bearta chun na spriocanna comhshaoil áitiúla a bhaint amach, lena n-áirítear a rannpháirtíocht i dtionscnamh Aerspáis Saorbhealaigh Oirdheisceart na hEorpa, comhar trasteorann méadaithe, plean aistrithe chun loingseoireacht fheidhmíochtbhunaithe a chur chun feidhme, agus athruithe ar chumraíocht na n-earnálacha oibríochtúla chun úsáid aerspáis a fheabhsú.

(20)

Dá bhrí sin, i bhfianaise an méid a dúradh in Aithrisí (17), (18) agus (19), ba cheart a mheas, maidir leis na spriocanna i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil a chuimsítear i ndréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe na Rómáine, go bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais.

Measúnú ar na spriocanna feidhmíochta i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta

(21)

Maidir le príomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta, rinneadh measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna a chuir an Rómáin isteach maidir leis an meánmhoill ar bhainistíocht na sreibhe aerthráchta (“ATFM”) faoi bhealach in aghaidh na heitilte, i gcomhréir le pointe 1.3. d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Dá réir sin, cuireadh na spriocanna atá beartaithe agus a chuimsítear i ndréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe na Rómáine i gcomparáid leis na luachanna tagartha ábhartha a leagtar amach sa Phlean Oibríochtaí Gréasáin a bhí ar fáil an 2 Meitheamh 2021, tráth a glacadh na spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe ar fud an Aontais le haghaidh TT3.

(22)

I gcás na bliana 2020, ní dhearnadh athbhreithniú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 ar an sprioc feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh TT3 i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta, sprioc a leagadh amach i dtosach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 sular tharla ráig phaindéim COVID-19, a mhéid a raibh an tréimhse le haghaidh chur i bhfeidhm na sprice sin imithe in éag agus, dá bhrí sin, go raibh sí curtha chun feidhme go críochnaitheach cheana, rud a d’fhág nárbh fhéidir coigeartuithe cúlghabhálacha a dhéanamh. Ar an gcuma chéanna, ní féidir na spriocanna feidhmíochta acmhainneachta áitiúla le haghaidh 2021 a leag na Ballstáit síos sna dréachtphleananna feidhmíochta a cuireadh isteach i mí Dheireadh Fómhair 2021 a mhodhnú go cúlghabhálach sna dréachtphleananna feidhmíochta athbhreithnithe. Dá bhrí sin, an measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna feidhmíochta acmhainneachta áitiúla leis na spriocanna feidhmíochta comhfhreagracha ar fud an Aontais, ba cheart é a dhéanamh i leith na mblianta 2022, 2023, agus 2024.

(23)

Is iad seo a leanas na spriocanna acmhainneachta faoi bhealach arna moladh ag an Rómáin le haghaidh TT3, arna sloinneadh ina nóiméid mhoille ATFM in aghaidh na heitilte, mar aon leis na luachanna tagartha comhfhreagracha ón bPlean Oibríochta Gréasáin:

An Rómáin

2022

2023

2024

Spriocanna i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta, arna sloinneadh ina nóiméid mhoille ATFM in aghaidh na heitilte

0,04

0,04

0,04

Luachanna tagartha

0,04

0,04

0,04

(24)

Tugann an Coimisiún faoi deara gurb ionann na spriocanna acmhainneachta arna moladh ag an Rómáin agus na luachanna tagartha náisiúnta comhfhreagracha le haghaidh gach ceann de na blianta 2022, 2023 agus 2024.

(25)

Tugann an Coimisiún dá aire gur chuir an Rómáin i láthair sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe na bearta chun na spriocanna acmhainneachta áitiúla faoi bhealach a bhaint amach. Cuimsítear leis na bearta sin cur chun feidhme córais nua um bainistíocht aerthráchta, cumraíocht aerspáis lena ndírítear ar aerspás saorbhealaigh a chur chun feidhme agus ar úsáid sholúbtha coincheap aerspáis, agus ar earcú agus oiliúint rialtóirí nua aerthráchta.

(26)

Dá bhrí sin, i bhfianaise an méid a dúradh in aithrisí (23), (24) agus (25), ba cheart a mheas, maidir leis na spriocanna i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta a chuimsítear i ndréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe na Rómáine, go bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais.

Athbhreithniú ar spriocanna acmhainneachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt

(27)

Maidir leis na haerfoirt a thagann faoi raon feidhme Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 mar a leagtar amach in Airteagal 1(3) agus (4) den Rialachán sin, chomhlánaigh an Coimisiún a mheasúnú ar na spriocanna acmhainneachta i leith eitiltí faoi bhealach trí athbhreithniú a dhéanamh ar na spriocanna acmhainneachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt i gcomhréir le pointe 2.1.(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. Ní bhfuarthas ábhar imní sna spriocanna sin i gcás na Rómáine.

Measúnú ar spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe i bpríomhréimse feidhmíochta na costéifeachtúlachta

(28)

Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/728 go bhfuil na spriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach atá beartaithe agus a chuimsítear i ndréachtphlean feidhmíochta na Rómáine a cuireadh isteach in 2021 i gcomhréir leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais. Mhol an Rómáin spriocanna athbhreithnithe costéifeachtúlachta faoi bhealach ina dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe.

(29)

Leagtar amach sa tábla seo a leanas na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta tosaigh TT3 faoi bhealach le haghaidh limistéar muirearaithe na Rómáine, mar a leagtar síos i ndréachtphlean feidhmíochta FABEC a cuireadh isteach in 2021, agus na spriocanna feidhmíochta athbhreithnithe comhfhreagracha a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a cuireadh isteach in 2022:

Limistéar muirearaithe faoi bhealach na Rómáine

Luach bonnlíne 2014

Luach bonnlíne 2019

2020 —2021

2022

2023

2024

Spriocanna tosaigh costéifeachtúlachta faoi bhealach (a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021) arna sloinneadh mar chostas aonaid faoi bhealach arna chinneadh (i dtéarmaí réadacha ar phraghsanna 2017)

165,00 RON

155,38 RON

298,87 RON

191,50 RON

174,25 RON

174,33 RON

EUR 36,13

EUR 34,03

EUR 65,45

EUR 41,94

EUR 38,16

EUR 38,18

Spriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach athbhreithnithe (a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe) arna sloinneadh mar chostas aonaid faoi bhealach arna chinneadh (i dtéarmaí réadacha ar phraghsanna 2017)

RON 165,00

RON 155,38

RON 298,87

RON 179,53

RON 163,47

RON 160,39

EUR 36,13

EUR 34,03

EUR 65,45

EUR 39,32

EUR 35,80

EUR 35,13

(30)

Tugann an Coimisiún faoi deara go ndearna an Rómáin athbhreithniú ar a spriocanna costéifeachtúlachta áitiúla le haghaidh na mblianta 2022, 2023 agus 2024. Is é an toradh a bhíonn ar na spriocanna sin, i gcomparáid leis an dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021, costas aonaid arna chinneadh go foriomlán (“DUC”) atá 6,9 % níos ísle le linn 2022, 2023 agus 2024 agus 5,4 % níos ísle le linn TT3 ina iomláine. Tagann na laghduithe DUC sin mar thoradh ar an athbhreithniú aníos ar thoimhdí tráchta a úsáideadh sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe le haghaidh na mblianta 2022, 2023 agus 2024 agus cúitítear go páirteach iad le méadú ar na costais arna gcinneadh le haghaidh na mblianta 2023 agus 2024.

(31)

Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil na toimhdí tráchta a úsáidtear sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe bunaithe ar bhonn réamhaisnéis tráchta bhonnlíne STATFOR Eurocontrol mhí an Mheithimh 2022. Leis an tábla seo a leanas, cuirtear na haonaid seirbhíse faoi bhealach a réamh-mheastar maidir leis an limistéar muirearaithe le haghaidh na mblianta 2022, 2023 agus 2024 i gcomparáid leis na figiúirí a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta:

Limistéar muirearaithe faoi bhealach na Rómáine

2022

2023

2024

Réamhaisnéis tosaigh tráchta (a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021), arna sloinneadh ina mílte aonad seirbhíse faoi bhealach

4 360

5 022

5 269

Réamhaisnéis nuashonraithe tráchta (a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta), arna sloinneadh ina mílte aonad seirbhíse faoi bhealach

4 583

5 531

5 825

Difríocht

+5,1  %

+10,1  %

+10,6  %

(32)

Nuair a dhéantar comparáid leis an dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021, idir 5 % go 11 % atá na méaduithe bliantúla ar líon na n-aonad seirbhíse le haghaidh na mblianta 2022, 2023 agus 2024.

(33)

Leagtar amach sa tábla seo a leanas na costais athbhreithnithe arna gcinneadh le haghaidh na mblianta 2022, 2023 agus 2024, arna sloinneadh i dtéarmaí réadacha ar phraghsanna 2017:

Limistéar muirearaithe faoi bhealach na Rómáine

2022

2023

2024

Costais tosaigh arna gcinneadh i dtéarmaí réadacha ar phraghsanna 2017 (atá sa dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021)

RON 835 mhilliún

RON 875 mhilliún

RON 919 milliún

Costais athbhreithnithe arna gcinneadh i dtéarmaí réadacha ar phraghsanna 2017 (a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe)

RON 823 mhilliún

RON 904 mhilliún

RON 934 mhilliún

Difríocht

-1,5  %

+3,3  %

+1,7  %

(34)

Is éard atá sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe réamhaisnéis bhoilscithe nuashonraithe i ndáil leis an Rómáin le haghaidh na mblianta 2022, 2023 go 2024, mar a leagtar amach sa tábla seo a leanas:

Limistéar muirearaithe faoi bhealach na Rómáine

2022

2023

2024

Innéacs boilscithe tosaigh, lena ngabhann athrú réamh-mheasta bliain ar bhliain ar bhoilsciú idir lúibíní (na sonraí a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021)

116,1

(2,1  %)

119,1

(2,6  %)

122,2

(2,6  %)

Innéacs boilscithe athbhreithnithe, lena ngabhann an t-athrú bliain ar bhliain ar bhoilsciú idir lúibíní (na sonraí a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe)

125,9

(9,3  %)

130,9

(4,0  %)

134,8

(3,0  %)

(35)

Mar thoradh ar nuashonrú na réamhaisnéise boilscithe, meastar go dtiocfaidh méadú mór ar na costais athbhreithnithe arna gcinneadh i dtéarmaí ainmniúla go háirithe le haghaidh na mblianta 2023 agus 2024, mar a leanas:

Limistéar muirearaithe faoi bhealach na Rómáine

2022

2023

2024

Costais tosaigh arna gcinneadh i dtéarmaí ainmniúla (a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021)

RON 946 mhilliún

RON 1 013 mhilliún

RON 1 088 milliún

Costais athbhreithnithe arna gcinneadh i dtéarmaí ainmniúla (a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe)

RON 1 000 milliún

RON 1 138 milliún

RON 1 209 milliún

Difríocht

+5,7  %

+12,3  %

+11,0  %

(36)

Rinne an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht na spriocanna costéifeachtúlachta athbhreithnithe arna moladh ag an Rómáin i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos i bpointí 1.4.(a), (b) agus (c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(37)

A mhéid a bhaineann le pointe 1.4.(a) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara go sáraíonn treocht faoi bhealach an DUC ar leibhéal an limistéir muirearaithe le linn TT3, mar atá, + 0,8 % an treocht ar fud an Aontais, mar atá, + 1,0 % le linn na tréimhse céanna. Tugann an Coimisiún dá aire gur feabhas é sin ar threocht DUC + 2,9 % arna ríomh ar bhonn an dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021.

(38)

A mhéid a bhaineann le pointe 1.4.(b) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil treocht fhadtéarmach faoi bhealach an DUC le linn an dara tréimhse thagartha (“TT2”) agus TT3 ar leibhéal an limistéir muirearaithe, mar atá, -0,3 %, i bhfad faoi bhun na treochta ar fud an Aontais le linn na tréimhse céanna, mar atá, -1,3 %. Tugann an Coimisiún dá aire, áfach, gur feabhas é sin ar threocht fhadtéarmach DUC + 0,6 % arna ríomh ar bhonn an dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021.

(39)

A mhéid a bhaineann le pointe 1.4.(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil luach bonnlíne DUC na Rómáine, arna shloinneadh ar phraghsanna 2017, mar atá, EUR 34,03, 14,6 % níos lú ná meánluach bonnlíne an ghrúpa comparáide, mar atá, EUR 39,84 in EUR2017.

(40)

Is léir go mbíonn treocht DUC le linn TT3 mar thoradh ar spriocanna costéifeachtúlachta athbhreithnithe na Rómáine le linn an tríú tréimhse thagartha, rud a sháraíonn an treocht chomhfhreagrach ar fud an Aontais. Ina theannta sin, tá DUC athbhreithnithe na Rómáine le haghaidh 2024 níos ísle ná an luach bonnlíne le haghaidh 2014, rud a léiríonn laghdú ar an DUC le linn RP2 agus RP3, cé nach gcomhlíontar an treocht fhadtéarmach DUC ar fud an Aontais. Ar deireadh, léiríonn an Rómáin feidhmíocht mhaith chostéifeachtúlachta i ndáil leis an luach bonnlíne le haghaidh 2019 atá i bhfad níos ísle ná meán comhfhreagrach an ghrúpa comparáide. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún, i ndáil leis an Rómáin, nach bhfágann an diall ó threocht fhadtéarmach an DUC ar fud an Aontais, dá dtagraítear in aithris (38), nach bhfuil na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta ar fud an Aontais.

(41)

Tríd is tríd, measann an Coimisiún, dá bhrí sin, gur thug an Rómáin aghaidh leordhóthanach ar na moltaí a leagtar amach in Airteagal 3 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/728 maidir leis an athbhreithniú ar a spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta áitiúla.

(42)

I bhfianaise an méid a dúradh in Aithrisí (29) go (41), ba cheart a mheas, maidir leis na spriocanna i bpríomhréimse feidhmíochta na costéifeachtúlachta a chuimsítear i ndréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe na Rómáine, go bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais.

Athbhreithniú ar na spriocanna costéifeachtúlachta athbhreithnithe maidir le seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt

(43)

Maidir leis na haerfoirt a thagann faoi raon feidhme Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 mar a leagtar amach in Airteagal 1(3) agus (4) den Rialachán sin, chomhlánaigh an Coimisiún a mheasúnú ar na dréachtspriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach le hathbhreithniú ar na dréachtspriocanna costéifeachtúlachta le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta críochfoirt i gcomhréir le pointe 2.1.(c) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(44)

I gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/728, chuir an Coimisiún ábhair imní in iúl maidir leis na spriocanna costéifeachtúlachta críochfoirt arna moladh ag an Rómáin sa dréachtphlean feidhmíochta a cuireadh isteach in 2021, agus mheas sé go raibh an Rómáin le húdar breise a thabhairt leis na spriocanna sin nó iad a athbhreithniú síos. Mar sin féin, tugann an Coimisiún dá aire go ndearna an Rómáin, a mhalairt ar fad, athbhreithniú aníos ar na spriocanna sin le haghaidh na mblianta 2022 agus 2023, lena n-áirítear méadú ar na costais arna gcinneadh i dtéarmaí réadacha le haghaidh na bliana 2023.

(45)

Tugann an Coimisiún faoi deara go bhfuil treocht DUC críochfoirt na Rómáine de + 4,2 % le linn TT3 fós níos airde ná an treocht DUC faoi bhealach de + 0,8 % le linn TT3, agus go bhfuil sé fós níos airde ná an treocht DUC críochfoirt iarbhír de —3,1 % a breathnaíodh le linn TT2. Ina theannta sin, níor tháinig ach feabhas beag ar an treocht DUC críochfoirt i leith TT3 i gcomparáid le dréachtphlean feidhmíochta na Rómáine a cuireadh isteach in 2021, inar breathnaíodh treocht DUC críochfoirt de + 4,3 %.

(46)

Dá bhrí sin, i bhfianaise an mhéid a dúradh in aithrisí (44) agus (45), measann an Coimisiún go bhfuil spriocanna feidhmíochta costéifeachtúlachta críochfoirt na Rómáine ina n-ábhair imní gó fóill. Dá bhrí sin, athdhearbhaíonn an Coimisiún a thuairim gur cheart don Rómáin athbhreithniú síos a dhéanamh ar na spriocanna sin nó údair chuí a sholáthar le haghaidh na spriocanna sin, lena n-áirítear le haghaidh na gcostas méadaithe arna gcinneadh le haghaidh na bliana 2023. Ba cheart don Rómáin aghaidh a thabhairt ar an ábhar imní i dtaca le glacadh a plean feidhmíochta chríochnaithigh de bhun Airteagal 16, pointe (a) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

Athbhreithniú ar na scéimeanna dreasachtaí dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317 mar chomhlánú ar mheasúnú an Choimisiúin ar na spriocanna acmhainneachta

(47)

I gcomhréir le pointe 2.1.(f) d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317, chomhlánaigh an Coimisiún a mheasúnú ar na spriocanna acmhainneachta trí athbhreithniú a dhéanamh ar na scéimeanna dreasachtaí dá dtagraítear in Airteagal 11 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317. I ndáil leis sin, scrúdaigh an Coimisiún an gcomhlíonann na scéimeanna dreasachtaí atá beartaithe na ceanglais shubstainteacha a leagtar amach in Airteagal 11(1) agus (3) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/317.

(48)

I gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/728, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil an Rómáin le hathbhreithniú a dhéanamh ar a scéim dreasachta chun na spriocanna acmhainneachta críochfoirt a bhaint amach sa chaoi go socrófar an t-uasmhíbhuntáiste airgeadais a eascraíonn as an scéim dreasachta sin ar leibhéal a bhfuil tionchar ábhartha aige ar an ioncam atá i mbaol. Tugann an Coimisiún dá aire go ndearna an Rómáin athbhreithniú ar a scéim dreasachta chun spriocanna acmhainneachta críochfoirt a bhaint amach tríd an uasmhíbhuntáiste airgeadais a shocrú ar leibhéal atá cothrom le 1 % de na costais arna gcinneadh. Tugtar aghaidh leis an athbhreithniú ar na hábhair imní a chuir an Coimisiún in iúl i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/728. Níl aon bharúil bhreise ag an gCoimisiún maidir leis na scéimeanna dreasachta a leagtar amach i ndréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe na Rómáine.

CONCLÚID

(49)

I bhfianaise a bhfuil thuas, cinneann an Coimisiún go bhfuil na spriocanna feidhmíochta a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a chuir an Rómáin isteach comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na spriocanna feidhmíochta a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta athbhreithnithe a chuir an Rómáin isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 agus a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, tá siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh an tríú tréimhse thagartha a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891.

Airteagal 2

Is chuig an Rómáin a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Nollaig 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

Adina VĂLEAN

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 96, 31.3.2004, lch. 1.

(2)   IO L 56, 25.2.2019, lch. 1.

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2019 lena leagtar síos spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh an líonra um bainistíocht aerthráchta i ndáil leis an tríú tréimhse thagartha dar tús an 1 Eanáir 2020 agus dar críoch an 31 Nollaig 2024 (IO L 144, 3.6.2019, lch. 49).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1627 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2020 maidir le bearta eisceachtúla i ndáil leis an tríú tréimhse thagartha (2020-2024) den scéim feidhmíochta agus muirearaithe san aerspás Eorpach aonair de dheasca phaindéim COVID-19 (IO L 366, 4.11.2020, lch. 7).

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/891 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2021 lena leagtar síos spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais Eorpaigh le haghaidh an líonra um bainistíocht aerthráchta i leith an tríú tréimhse thagartha (2020-2024) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/903 (IO L 195, 3.6.2021, lch. 3).

(6)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/728 ón gCoimisiún an 13 Aibreán 2022 maidir le neamhréir spriocanna feidhmíochta áirithe atá sna dréachtphleananna feidhmíochta náisiúnta agus sna dréachtphleananna feidhmíochta bloic feidhme aerspáis arna gcur isteach ag an mBeilg, an Ghearmáin, an Ghréig, an Fhrainc, an Chipir, an Laitvia, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Rómáin agus an tSualainn de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais don tríú tréimhse thagartha agus lena leagtar amach moltaí maidir leis na spriocanna sin a athbhreithniú (IO L 135, 12.5.2022, lch. 4).


IARSCRÍBHINN

Na spriocanna feidhmíochta a chuimsítear sa dréachtphlean feidhmíochta a chuir an Rómáin isteach de bhun Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 agus a fuarthas amach go bhfuil siad comhsheasmhach leis na spriocanna feidhmíochta ar fud an Aontais le haghaidh an tríú tréimhse thagartha

PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA NA SÁBHÁILTEACHTA

Éifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta

An Rómáin

Spriocanna maidir le héifeachtacht na bainistíochta sábháilteachta, arna sloinneadh mar leibhéal cur chun feidhme i raon idir leibhéil A agus D de chuid EASA

An soláthraí seirbhísí aerloingseoireachta lena mbaineann

Cuspóir na bainistíochta sábháilteachta

2022

2023

2024

ROMATSA

Beartas agus cuspóirí sábháilteachta

C

C

C

Bainistíocht riosca sábháilteachta

C

C

D

Dearbhú sábháilteachta

C

C

C

Cur chun cinn sábháilteachta

C

C

C

Cultúr sábháilteachta

C

C

C

PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA AN CHOMHSHAOIL

Meánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír

An Rómáin

2022

2023

2024

Spriocanna i bpríomhréimse feidhmíochta an chomhshaoil, arna sloinneadh mar mheánéifeachtúlacht chothrománach eitilte faoi bhealach an ruthaig eitilte iarbhír

2,05  %

2,05  %

2,05  %

PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA NA hACMHAINNEACHTA

Meánmhoill ATFM eitilte faoi bhealach ina nóiméid in aghaidh na heitilte

An Rómáin

2022

2023

2024

Spriocanna i bpríomhréimse feidhmíochta na hacmhainneachta, arna sloinneadh ina nóiméid mhoille ATFM in aghaidh na heitilte

0,04

0,04

0,04

PRÍOMHRÉIMSE FEIDHMÍOCHTA NA COSTÉIFEACHTÚLACHTA

Costas aonaid arna chinneadh le haghaidh seirbhísí aerloingseoireachta faoi bhealach

Limistéar muirearaithe faoi bhealach na Rómáine

Luach bonnlíne 2014

Luach bonnlíne 2019

2020 - 2021

2022

2023

2024

Spriocanna costéifeachtúlachta faoi bhealach athbhreithnithe, arna sloinneadh mar chostas aonaid faoi bhealach arna chinneadh (i dtéarmaí réadacha ar phraghsanna 2017)

RON 165,00

RON 155,38

RON 298,87

RON 179,53

RON 163,47

RON 160,39

EUR 36,13

EUR 34,03

EUR 65,45

EUR 39,32

EUR 35,80

EUR 35,13


Top