Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D2356

Cinneadh (CBES) 2022/2356 ón gComhairle an 1 Nollaig 2022 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na Liobáine

ST/14368/2022/INIT

IO L 311, 2.12.2022, p. 161–164 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2356/oj

2.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 311/161


CINNEADH (CBES) 2022/2356 ÓN gCOMHAIRLE

an 1 Nollaig 2022

maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na Liobáine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 41(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle (1), bunaítear an tSaoráid Eorpach Síochána chun go maoineodh Ballstáit gníomhaíochtaí an Aontais faoin gComhbheartas Eachtrach agus Slándála chun an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú i gcomhréir le hAirteagal 21(2), pointe (c), den Chonradh. Go háirithe, de bhun Airteagal 1(2) de Chinneadh (CBES) 2021/509, tá an tSaoráid Eorpach Síochána le húsáid chun bearta cúnaimh a mhaoiniú amhail gníomhaíochtaí chun acmhainneachtaí a bhaineann le cúrsaí míleata agus cosanta atá ag tríú Stáit agus eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta a neartú.

(2)

Tá slándáil agus cobhsaíocht náisiúnta na Liobáine ríthábhachtach don Aontas agus don chomhphobal idirnáisiúnta. Chuige sin, rinneadh iarrachtaí suntasacha chun tacú leis an Liobáin, agus go háirithe le Fórsaí Armtha na Liobáine.

(3)

Le Rún 1701 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (CSNA), bunaíodh misean Fhórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin (UNIFIL) chun tacú le Fórsaí Armtha na Liobáine an tsíocháin agus an chobhsaíocht a choinneáil i nDeisceart na Liobáine. Athdheimhníonn an tAontas a chuid tacaíochta do UNIFIL, a bhfuil roinnt Ballstát den Aontas ag rannchuidiú ar bhealach suntasach leis. D’iarr CSNA freisin ar an gcomhphobal idirnáisiúnta tacú le Fórsaí Armtha na Liobáine chun slándáil agus cobhsaíocht náisiúnta na Liobáine a áirithiú.

(4)

An 25 Deireadh Fómhair 2022, fuair Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”) iarraidh go dtacódh an tAontas le Fórsaí Armtha na Liobáine.

(5)

Táthar chun bearta cúnaimh a chur chun feidhme agus aird á tabhairt ar na prionsabail agus ar na ceanglais a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2021/509, go háirithe ar chomhlíonadh Chomhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle (2), agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le cur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais arna mhaoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána.

(6)

Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil rún daingean aici cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus prionsabail dhaonlathacha a chosaint, a chur chun cinn agus a chomhlíonadh, an smacht reachta agus an dea-rialachas a neartú i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe, le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Bunú, cuspóirí, raon feidhme agus ré

1.   Leis seo, bunaítear beart cúnaimh a rachaidh chun tairbhe na Liobáine (“an tairbhí”) atá le maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána (“an beart cúnaimh”).

2.   Is é is cuspóir don bheart cúnaimh cumais agus athléimneacht Fhórsaí Armtha na Liobáine a fheabhsú chun slándáil agus cobhsaíocht náisiúnta na Liobáine a áirithiú, trína n-acmhainneachtaí míleata leighis a fheabhsú, agus trí threalamh a sholáthar do phearsanra oibríochtúil Fhórsaí Armtha na Liobáine.

3.   Chun an cuspóir a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, maoineofar leis an mbeart cúnaimh na cineálacha trealaimh seo a leanas nach bhfuil deartha chun fórsa marfach a sheachadadh:

(a)

trealamh cúraim sláinte chun tacú leis na seirbhísí míleata leighis (lárionaid agus ionaid réigiúnacha);

(b)

trealamh aonair don bhriogáid lóistíochta.

4.   Ar feadh tréimhse 36 mhí ó dháta thabhairt i gcrích an chéad chonartha ag an Riarthóir um Bearta Cúnaimh, ag gníomhú dó ina cháil mar oifigeach údarúcháin, i gcomhréir le hAirteagal 32(2), pointe (a), de Chinneadh (CBES) 2021/509, lena n-áirítear i gcomhthéacs na socruithe riaracháin i gcomhréir le hAirteagal 37 den Chinneadh sin, a mhairfidh an beart cúnaimh.

5.   Tabharfar an conradh chun an Beart Cúnaimh a chur chun feidhme i gcrích tráth nach luaithe ná tar éis don Choiste um an tSaoráid leasú a ghlacadh ar Rialacha Cur Chun Feidhme na Saoráide Eorpaí Síochána.

Airteagal 2

Socruithe airgeadais

1.   EUR 6 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheidh ceaptha chun an caiteachas a bhaineann leis an mbeart cúnaimh a chumhdach.

2.   Déanfar an caiteachas go léir a bhainistiú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus leis na rialacha maidir le cur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais arna maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána.

Airteagal 3

Socruithe leis an tairbhí

1.   Déanfaidh an tArdionadaí na socruithe is gá leis an tairbhí chun a áirithiú go gcomhlíonann sé na ceanglais agus na coinníollacha arna mbunú ag an gCinneadh seo, mar choinníoll chun tacaíocht a sholáthar faoin mbeart cúnaimh.

2.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha lena gcuirtear d’oibleagáid ar an tairbhí an méid seo a leanas a áirithiú:

(a)

go gcomhlíonfaidh aonaid Fhórsaí Armtha na Liobáine dá dtugtar tacaíocht faoin mbeart cúnaimh an dlí idirnáisiúnta ábhartha, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta;

(b)

go mbainfear úsáid chuí éifeachtúil as aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun na gcríoch dár soláthraíodh iad;

(c)

go ndéanfar cothabháil leordhóthanach ar aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mbeart cúnaimh chun a áirithiú go mbeidh siad inúsáidte agus go mbeidh siad ar fáil le haghaidh oibríochtaí i gcaitheamh a saolré;

(d)

nach gcaillfear aon sócmhainní a chuirfear ar fáil faoin mbeart cúnaimh, ná nach n-aistreofar iad gan toiliú ón gCoiste um an tSaoráid arna bhunú faoi Chinneadh (CBES) 2021/509 chuig daoine nó eintitis eile seachas iad siúd a shainaithnítear sna socruithe sin, ag deireadh a saolré.

3.   Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha maidir le tacaíocht a chur ar fionraí agus a fhoirceannadh faoin mbeart cúnaimh i gcás ina bhfaighfear go bhfuil na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 2 á sárú ag an tairbhí.

Airteagal 4

Cur chun feidhme

1.   Beidh an tArdionadaí freagrach as a áirithiú go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus leis na rialacha le haghaidh an ioncaim agus an chaiteachais faoin tSaoráid Eorpach Síochána a chur chun feidhme, i gcomhréir leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána a mheasúnú agus a shainaithint.

2.   Is é an Riarthóir um Bearta Cúnaimh a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(3) a chur chun feidhme, lena n-áirítear trí shocruithe riaracháin i gcomhréir le hAirteagal 37(3) de Chinneadh (CBES) 2021/509.

Airteagal 5

Faireachán, rialú agus meastóireacht

1.   Déanfaidh an tArdionadaí faireachán ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 3 ag an tairbhí. Leis an bhfaireachán sin, déanfar feasacht a mhúscailt ar an gcomhthéacs agus na rioscaí a ghabhann le sáruithe ar na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3, agus rannchuideofar le sáruithe den sórt sin a chosc, lena n-airítear sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta arna ndéanamh ag aonaid Fhórsaí Armtha na Liobáine dá dtugtar tacaíocht faoin mbeart cúnaimh.

2.   Déanfar rialú an trealaimh agus na soláthairtí tar éis a loingsithe a eagrú mar a leanas:

(a)

fíorú seachadta, nuair atá deimhnithe seachadta le síniú ag na fórsaí, arb iad na húsáideoirí deiridh, tráth a aistreofar úinéireacht;

(b)

tuairisciú ar an bhfardal, trína bhfuil an tairbhí chun tuarascáil bhliantúil ar fhardal na n-ítimí ainmnithe a thabhairt go dtí go measfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála nach dteastaíonn tuairisciú den sórt sin a thuilleadh;

(c)

rialú ar an láthair, ar tríothu a dheonóidh an tairbhí don Ardionadaí rochtain chun rialú ar an láthair a dhéanamh arna iarraidh sin dó.

3.   Déanfaidh an tArdionadaí meastóireacht chríochnaitheach nuair a bheidh an beart cúnaimh curtha i gcrích chun a mheasúnú ar rannchuidigh an beart cúnaimh sin leis na cuspóirí a luadh in Airteagal 1(2) a bhaint amach.

Airteagal 6

Tuairisciú

Le linn na tréimhse cur chun feidhme, cuirfidh an tArdionadaí tuarascálacha leathbhliantúla faoi bhráid an Choiste Polaitiúil agus Slándála maidir le cur chun feidhme an bhirt cúnaimh, i gcomhréir le hAirteagal 63 de Chinneadh (CBES) 2021/509. Cuirfidh an Riarthóir um Bearta Cúnaimh an Coiste um an tSaoráid arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 ar an eolas go tráthrialta faoi chur chun feidhme ioncaim agus caiteachais, i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chinneadh sin, lena n-áirítear trí fhaisnéis faoi na soláthróirí agus na fochonraitheoirí lena mbaineann a sholáthar.

Airteagal 7

Fionraí agus foirceannadh

1.   Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a chinneadh cur chun feidhme an bhirt cúnaimh a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir le hAirteagal 64 de Chinneadh (CBES) 2021/509.

2.   Ina theannta sin, féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a mholadh don Chomhairle go bhfoirceannfaí an beart cúnaimh.

Airteagal 8

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Nollaig 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. SÍKELA


(1)  Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).

(2)  Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainítear rialacha comhchoiteanna lena rialaítear an rialú a dhéantar ar onnmhairiú teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99).


Top