Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D2336

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2336 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2022 maidir le liosta a fhoilsiú lena léirítear luachanna astaíochtaí CO2 áirithe in aghaidh an mhonaróra chomh maith le meánastaíochtaí sonracha CO2 gach feithicle nua tromshaothair a cláraíodh san Aontas de bhun Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le haghaidh tréimhse tuairiscithe 2020 (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 8428) (Is iad na téacsanna Béarla, Fraincise, Gearmáinise, Iodáilise, Ollainnise agus Sualainnise amháin atá barántúil) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2022/8428

    IO L 309, 30.11.2022, p. 8–11 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/2336/oj

    30.11.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 309/8


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2336 ÓN gCOIMISIÚN

    an 28 Samhain 2022

    maidir le liosta a fhoilsiú lena léirítear luachanna astaíochtaí CO2 áirithe in aghaidh an mhonaróra chomh maith le meánastaíochtaí sonracha CO2 gach feithicle nua tromshaothair a cláraíodh san Aontas de bhun Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le haghaidh tréimhse tuairiscithe 2020

    (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 8428)

    (Is iad na téacsanna Béarla, Fraincise, Gearmáinise, Iodáilise, Ollainnise agus Sualainnise amháin atá barántúil)

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1242 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena socraítear na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 d’fheithiclí nua tromshaothair agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 595/2009 agus (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/53/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 11(1), an chéad fhomhír, pointí (a), (b), (d) agus (f) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Ba cheart meánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra a chinneadh ar bhonn sonraí arna dtuairisciú ag na Ballstáit agus ag monaróirí de bhun Rialachán (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) maidir le feithiclí an mhonaróra sin.

    (2)

    Ba cheart meánastaíochtaí sonracha CO2 na bhfeithiclí nua tromshaothair uile a cláraíodh san Aontas a bhunú ar na sonraí arna dtuairisciú maidir le feithiclí ó gach monaróir.

    (3)

    Ba cheart an fachtóir astaíochtaí nialasacha agus an fachtóir astaíochtaí ísle le haghaidh gach monaróra a chinneadh agus na feithiclí tromshaothair astaíochtaí nialasacha agus feithiclí tuairiscithe tromshaothair astaíochtaí ísle á gcur san áireamh.

    (4)

    Ba cheart an chonair laghdaithe astaíochtaí CO2 agus na creidmheasanna astaíochta in aghaidh an mhonaróra a chinneadh ar bhonn líon na bhfeithiclí nua tromshaothair seachas feithiclí seirbhíse arna dtuairisciú amhlaidh.

    (5)

    Tá na sonraí a chuirtear i láthair san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo bunaithe ar na sonraí a bhí ar fáil don Choimisiún an 1 Lúnasa 2022.

    (6)

    D’fhéadfadh sé go mbeadh ar an gCoimisiún na sonraí a fhoilsítear anseo a thabhairt cothrom le dáta, má fhaigheann sé sonraí breise a dhéanfadh difear do na ríomhanna sin,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Meánastaíochtaí sonracha CO2 in aghaidh an mhonaróra

    Maidir le meánastaíochtaí sonracha CO2 in aghaidh an mhonaróra, dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1242, i dtréimhse tuairiscithe 2020, léirítear iad sa dara colún den tábla san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    An fachtóir astaíochtaí nialasacha agus an fachtóir astaíochtaí ísle in aghaidh an mhonaróra

    An fachtóir astaíochtaí nialasacha agus an fachtóir astaíochtaí ísle in aghaidh an mhonaróra, dá dtagraítear in Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2019/1242, i dtréimhse tuairiscithe 2020, léirítear é sa tríú colún den tábla san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 3

    Conair laghdaithe astaíochtaí CO2 agus creidmheasanna astaíochta in aghaidh an mhonaróra

    An chonair laghdaithe astaíochtaí CO2 agus na creidmheasanna astaíochta in aghaidh an mhonaróra, dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2019/1242, i dtréimhse tuairiscithe 2020, léirítear iad sa cheathrú colún agus sa chúigiú colún, faoi seach, den tábla san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 4

    Meánastaíochtaí sonracha CO2 gach feithicle nua tromshaothair

    Is é seo a leanas meánastaíochtaí sonracha CO2 feithiclí nua tromshaothair a cláraíodh san Aontas i dtréimhse tuairiscithe 2020, a ríomhadh tríd an bhfoirmle in Iarscríbhinn I, pointe 2.7 a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1242 agus na feithiclí nua tromshaothair atá ag gach monaróir á gcur san áireamh: 52,46 g/tkm.

    Airteagal 5

    Is chuig na monaróirí seo a leanas a dhírítear an Cinneadh seo:

    (1)

    DAIMLER TRUCK AG

    Mercedesstr.120

    70372 Stuttgart

    An Ghearmáin

    (2)

    DAF NV

    Bosca poist 90065

    5602 PT Eindhoven

    An Ísiltír

    (3)

    Ford Otomotiv Sanayi AS

    Akpinar Mah. Hasan Basri Cad No 2

    34885 Sancaktepe Iostanbúl

    An Tuirc

    (4)

    Iveco Magirus-AG

    Nicolaus-Otto-Straße 27

    89079 Ulm

    An Ghearmáin

    (5)

    IVECO SPA

    Via Puglia 35

    10156 Torino

    An Iodáil

    (6)

    MAN TRUCK AND BUS SE

    Dachauer Str 667

    80995 München

    An Ghearmáin

    (7)

    RENAULT TRUCK SA

    99 Route de Lyon

    69802 Saint Priest

    An Fhrainc

    (8)

    SCANIA CV AB

    Vagnmakarvagen 1

    15187 Södertälje

    An tSualainn

    (9)

    VOLVO TRUCK CORPORATION

    Herkulesgatan 75

    40508 Göteborg

    An tSualainn.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Samhain 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    Frans TIMMERMANS

    Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin


    (1)  IO L 198, 25.7.2019, lch. 202.

    (2)  Rialachán (AE) 2018/956 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Meitheamh 2018 maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 ó fheithiclí nua tromshaothair agus ar ídiú breosla na bhfeithiclí sin. IO L 173, 9.7.2018, Ich. 1).


    IARSCRÍBHINN

    Le gach iontráil, tagraítear do thréimhse tuairiscithe 2020 mar a shainmhínítear in Airteagal 3(3) de Rialachán 2019/1242.

    Monaróir

    Meánastaíochtaí sonracha CO2, dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/1242, in g/tkm)

    Fachtóir astaíochtaí nialasacha agus fachtóir astaíochtaí ísle, dá dtagraítear in Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2019/1242

    Conair laghdaithe astaíochtaí CO2, dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2019/1242, in g/tkm

    Creidmheasanna astaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 7 de Rialachán (AE) 2019/1242, in g/tkm

    DAIMLER TRUCK AG

    52,65

    0,999

    51,35

    -

    DAF NV

    55,05

    1,000

    54,21

    -

    Iveco Magirus-AG

    54,81

    1,000

    52,01

    -

    IVECO SPA

    33,00

    0,998

    29,69

    -

    Ford Otomotiv Sanayi AS

    55,09

    1,000

    51,28

    -

    MAN TRUCK AND BUS SE

    50,79

    0,998

    50,83

    1 011

    RENAULT TRUCK SA

    50,61

    0,998

    48,67

    -

    SCANIA CV AB

    50,23

    1,000

    51,86

    49 534

    VOLVO TRUCK CORPORATION

    53,53

    0,999

    52,79

    -


    Top