EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D2319

Cinneadh (CBES) 2022/2319 ón gComhairle an 25 Samhain 2022 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí

ST/13984/2022/INIT

IO L 307, 28.11.2022, p. 135–141 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 15/01/2024

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2319/oj

28.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 307/135


CINNEADH (CBES) 2022/2319 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Samhain 2022

a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Háítí

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 21 Deireadh Fómhair 2022, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (“an Chomhairle Slándála”) Rún 2653 (2022), lena n-athdhearbhaítear a tiomantas láidir do cheannasacht, do neamhspleáchas, d’iomláine chríochach agus d’aontacht Háítí.

(2)

Le Rún 2653 (2022) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, meabhraítear na rúin uile a ghlac an Chomhairle Slándála roimhe seo maidir le Háítí, go háirithe Rún 2645 (2022) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, lena n-éilítear inter alia go scoirfí láithreach d’fhoréigean droinge agus de ghníomhaíocht choiriúil, agus inar cuireadh in iúl go bhfuil an Chomhairle Slándála réidh bearta iomchuí a dhéanamh, de réir mar is gá, i gcoinne na ndaoine sin atá i mbun foréigean droinge, gníomhaíochtaí coiriúla nó mí-úsáidí chearta an duine, nó a dhéanann gníomhaíocht eile a bhaineann an bonn de shíocháin, de chobhsaíocht agus de shlándáil Háítí agus an réigiúin.

(3)

Á chinneadh go bhfuil an staid i Háítí fós ina bagairt don tsíocháin agus don tslándáil idirnáisiúnta, ceanglaítear le Rún 2653 (2022) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe go gcuirfear srianta taistil i bhfeidhm maidir le daoine arna n-ainmniú ag an gCoiste a bunaíodh le mír 19 de Rún 2653 (2022) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (“an Coiste Smachtbhannaí”), go ndéanfar cistí agus acmhainní eacnamaíocha uile na ndaoine nó na n-eintiteas arna n-ainmniú ag an gCoiste Smachtbhannaí a reo, agus go gcuirfear trádbhac arm i bhfeidhm maidir leis na daoine nó na heintitis arna n-ainmniú ag an gCoiste Smachtbhannaí.

(4)

Ní mór don Aontas gníomhú chun bearta áirithe a chur chun feidhme,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Toirmiscfear soláthar, díol, aistriú nó onnmhairiú díreach nó indíreach arm agus ábhair ghaolmhair de gach cineál, lena n-áirítear airm agus armlón, feithiclí míleata agus trealamh míleata, trealamh paraimíleata agus páirteanna spártha do na daoine agus na heintitis thuasluaite, nó chun tairbhe na ndaoine agus na n-eintiteas sin, arna n-ainmniú ag an gCoiste a bunaíodh le mír 19 de Rún 2653 (2022) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (“an Coiste Smachtbhannaí”) ag náisiúnaigh na mBallstát nó ó chríocha na mBallstát nó lena soithí brataí nó lena n-aerárthaí, bíodh siad de thionscnamh a gcríoch nó ná bíodh.

Liostaítear na daoine agus na heintitis dá dtagraítear sa mhír seo san Iarscríbhinn.

2.   Toirmeascfar an méid seo a leanas:

(a)

cúnamh teicniúil, oiliúint nó cúnamh eile a sholáthar, lena n-áirítear pearsanra amhais armtha a sholáthar, a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata nó aon airm agus ábhar gaolmhar a sholáthar, a chothabháil nó a úsáid, go díreach nó go hindíreach d’aon duine nó eintiteas dá dtagraítear i mír 1;

(b)

maoiniú nó cúnamh airgeadais a sholáthar a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata, lena n-áirítear go háirithe deontais, iasachtaí agus árachas creidmheasa onnmhairiúcháin, chomh maith le hárachas agus athárachas, le haghaidh aon díolachán, soláthar, aistriú nó onnmhairiú arm agus ábhar gaolmhar, nó chun cúnamh teicniúil gaolmhar nó cúnamh eile a sholáthar, go díreach nó go hindíreach d’aon duine nó eintiteas dá dtagraítear i mír 1.

3.   Déanfaidh na Ballstáit cigireacht, i gcomhréir lena n-údaráis náisiúnta agus lena reachtaíocht náisiúnta agus i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, ar gach lasta chuig Háítí ar a gcríoch, lena n-áirítear calafoirt agus aerfoirt, má tá faisnéis acu a thugann forais réasúnacha chun a chreidiúint go bhfuil ítimí sa lastas a bhfuil toirmeasc faoin Airteagal seo ar a soláthar, ar a ndíol, ar a n-aistriú nó ar a n-onnmhairiú.

4.   Déanfaidh na Ballstáit cásanna ina sáraítear na bearta faoi mhír 1 agus faoi mhír 2 a thuairisciú don Choiste Smachtbhannaí in am trátha.

5.   Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh bearta marcála agus clárúcháin leordhóthanacha i bhfeidhm chun airm a rianú, lena n-áirítear mionairm agus armáin éadroma, i gcomhréir leis na hionstraimí idirnáisiúnta agus réigiúnacha a bhfuil siad ina bpáirtithe iontu, agus chun breithniú a dhéanamh ar an mbealach is fearr chun cúnamh a thabhairt do thíortha comharsanachta, i gcás inarb ábhartha agus arna iarraidh sin dóibh, chun gáinneáil aindleathach agus atreorú aindleathach lena sáraítear na bearta a fhorchuirtear i míreanna 1 agus 2 a chosc agus a bhrath.

Airteagal 2

1.   Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun teacht isteach ina gcríocha, nó idirthuras trína gcríocha, a chosc i gcás daoine arna n-ainmniú ag an gCoiste Smachtbhannaí mar dhaoine atá freagrach as gníomhaíochtaí nó atá comhpháirteach i ngníomhaíochtaí lena gcuirtear síocháin, cobhsaíocht agus slándáil Háítí i mbaol, nó a bhí páirteach i ngníomhaíocht den chineál sin, go díreach nó go hindíreach, lena n-áirítear an méid seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh:

(a)

dul i mbun gníomhaíochtaí coiriúla agus foréigin, go díreach nó go hindíreach, nó tacú le gníomhaíochtaí coiriúla agus foréigean lena bhfuil baint ag grúpaí armtha agus líonraí coiriúla a chuireann foréigean chun cinn, lena n-áirítear earcú le forneart leanaí ag grúpaí agus líonraí den sórt sin, fuadach, gáinneáil ar dhaoine agus smuigleáil imirceach, agus dúnbhásuithe agus foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe;

(b)

tacú le gáinneáil aindleathach agus atreorú arm agus ábhar gaolmhar, nó sreabha aindleathacha airgeadais a bhaineann leis an méid sin;

(c)

ag gníomhú ar son nó thar ceann duine nó eintitis arna ainmniú i dtaca leis an ngníomhaíocht a thuairiscítear i bpointí (a) agus (b), nó faoi stiúir duine nó eintiteas arna ainmniú i dtaca leis an ngníomhaíocht a thuairiscítear i bpointí (a) agus (b), nó a thugann tacaíocht nó maoiniú dóibh ar shlí eile, lena n-áirítear trí úsáid dhíreach nó indíreach a bhaint as fáltais ó choireacht eagraithe, lena n-áirítear fáltais ó tháirgeadh aindleathach drugaí agus ó gháinneáil aindleathach drugaí agus a réamhtheachtaithe de thionscnamh Háítí nó iad a bheith ar idirthuras trí Háítí, an gáinneáil ar dhaoine agus trí imircigh a smuigleáil ó Háítí, nó trí smuigleáil arm chuig Háítí nó ó Háítí;

(d)

ag gníomhú de shárú ar an lánchosc arm, nó mar dhaoine a rinne soláthar go díreach nó go hindíreach do ghrúpaí armtha nó líonraí coiriúla i Háítí nó a rinne díol leo nó aistriú dóibh, nó mar dhaoine a fuair airm nó aon ábhar gaolmhar, nó aon chomhairle theicniúil, oiliúint nó cúnamh, lena n-áirítear maoiniú agus cúnamh airgeadais, a bhaineann le gníomhaíochtaí foréigneacha grúpaí armtha nó líonraí coiriúla i Háítí;

(e)

gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh, ar gníomhartha iad lena sáraítear an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine nó gníomhartha ar sáruithe iad ar chearta an duine, lena n-áirítear iad siúd lena mbaineann marú seachbhreithiúnach, lena n-áirítear mná agus leanaí, agus gníomhartha foréigin, fuadach, fuadach forfheidhmithe, nó fuadach le haghaidh fuascailte i Háítí;

(f)

gníomhartha a bhaineann le foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe, lena n-áirítear éigniú agus sclábhaíocht ghnéasach, a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh i Háítí;

(g)

bac a chur ar chúnamh daonnúil a thabhairt do Háítí nó ar chúnamh daonnúil a rochtain nó a dháileadh i Háítí;

(h)

ionsaí a dhéanamh ar phearsanra nó ar áitribh mhisin agus oibríochtaí na Náisiún Aontaithe i Háítí, nó tacaíocht a thabhairt d’ionsaithe den sórt sin.

Liostaítear na daoine dá dtagraítear sa mhír seo san Iarscríbhinn.

2.   Ní chuirfear de cheangal le mír 1 ar aon Bhallstát teacht isteach chuig a chríoch féin a dhiúltú dá náisiúnaigh féin.

3.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 i gcás inar gá dul isteach nó idirthuras chun próiseas breithiúnach a chomhlíonadh.

4.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 i gcás ina gcinnfidh an Coiste Smachtbhannaí, ar bhonn cás ar chás, an méid seo a leanas:

(a)

údar cuí a bheith le hiontráil nó le hidirthuras ar fhorais riachtanas daonnúil, lena n-áirítear oibleagáid reiligiúnach;

(b)

go ndéanfadh díolúine cuspóirí na síochána agus na cobhsaíochta i Háítí a chur chun cinn.

5.   I gcásanna ina n-údaraíonn Ballstát, de bhun mhír 3 nó 4, teacht isteach ina gcríocha, nó idirthuras trína gcríocha do dhaoine a liostaítear san Iarscríbhinn, beidh an t-údarú teoranta don chuspóir ar chuige sin a thugtar é agus do na daoine lena mbaineann an t-údarú.

Airteagal 3

1.   Na cistí agus na hacmhainní eacnamaíocha uile atá faoi úinéireacht nó faoi rialú díreach nó indíreach ag daoine nó eintiteas arna n-ainmniú ag an gCoiste Smachtbhannaí mar dhaoine nó eintitis atá freagrach as gníomhaíochtaí nó atá comhpháirteach i ngníomhaíochtaí lena gcuirtear síocháin, cobhsaíocht agus slándáil Háítí i mbaol, nó a bhí páirteach iontu, go díreach nó go hindíreach, lena n-áirítear an méid seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh:

(a)

dul i mbun gníomhaíochtaí coiriúla agus foréigin, go díreach nó go hindíreach, nó tacú le gníomhaíochtaí coiriúla agus foréigean lena bhfuil baint ag grúpaí armtha agus líonraí coiriúla a chuireann foréigean chun cinn, lena n-áirítear earcú le forneart leanaí ag grúpaí agus líonraí den sórt sin, fuadach, gáinneáil ar dhaoine agus smuigleáil imirceach, agus dúnbhásuithe agus foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe;

(b)

tacú le gáinneáil aindleathach agus atreorú arm agus ábhar gaolmhar, nó sreabha aindleathacha airgeadais a bhaineann leis an méid sin;

(c)

ag gníomhú ar son nó thar ceann duine nó eintiteas arna ainmniú i dtaca leis an ngníomhaíocht a thuairiscítear i bpointí (a) agus (b) nó faoi stiúir duine nó eintiteas arna ainmniú i dtaca leis an ngníomhaíocht a thuairiscítear i bpointí (a) agus (b), nó a thugann tacaíocht nó maoiniú dóibh ar shlí eile, lena n-áirítear trí úsáid dhíreach nó indíreach a bhaint as fáltais ó choireacht eagraithe, lena n-áirítear fáltais ó tháirgeadh aindleathach drugaí agus ó gháinneáil aindleathach drugaí agus a réamhtheachtaithe de thionscnamh Háítí nó iad a bheith ar idirthuras trí Háítí, an gáinneáil ar dhaoine agus trí imircigh a smuigleáil ó Háítí, nó trí smuigleáil arm chuig Háítí nó ó Háítí ;

(d)

ag gníomhú de shárú ar an lánchosc arm, nó mar dhaoine a rinne soláthar go díreach nó go hindíreach do ghrúpaí armtha nó líonraí coiriúla i Háítí nó a rinne díol leo nó aistriú dóibh, nó mar dhaoine a fuair airm nó aon ábhar gaolmhar, nó aon chomhairle theicniúil, oiliúint nó cúnamh, lena n-áirítear maoiniú agus cúnamh airgeadais, a bhaineann le gníomhaíochtaí foréigneacha grúpaí armtha nó líonraí coiriúla i Háítí;

(e)

gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh, ar gníomhartha iad lena sáraítear an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine nó gníomhartha ar sáruithe iad ar chearta an duine, lena n-áirítear iad siúd lena mbaineann marú seachbhreithiúnach, lena n-áirítear mná agus leanaí, agus gníomhartha foréigin, fuadach, fuadach forfheidhmithe, nó fuadach le haghaidh fuascailte i Háítí;

(f)

gníomhartha a bhaineann le foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe, lena n-áirítear éigniú agus sclábhaíocht ghnéasach, a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh i Háítí;

(g)

bac a chur ar chúnamh daonnúil a thabhairt do Háítí nó ar chúnamh daonnúil a rochtain nó a dháileadh i Háítí;

(h)

ionsaí a dhéanamh ar phearsanra nó ar áitribh mhisin agus oibríochtaí na Náisiún Aontaithe i Háítí, nó tacaíocht a thabhairt d’ionsaithe den sórt sin;

nó ag daoine nó eintitis atá ag gníomhú thar a gceann siúd nó faoina stiúradh siúd, nó eintitis atá faoi úinéireacht nó faoi rialú acu siúd, déanfar na cistí agus na hacmhainní sin a reo.

Liostaítear san Iarscríbhinn na daoine nó na heintitis ainmnithe dá dtagraítear sa mhír seo.

2.   Ní chuirfear aon chiste ná acmhainn eacnamaíoch ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do na daoine ná do na heintitis a liostaítear san Iarscríbhinn, ná ní chuirfear aon chiste ná acmhainn eacnamaíoch ar fáil, go díreach nó go hindíreach, chun sochair dóibh.

3.   Ní bheidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 maidir le cistí agus acmhainní eacnamaíocha ar chinn an Ballstát ábhartha an méid seo a leanas ina leith:

(a)

go bhfuil siad riachtanach le haghaidh speansais bhunúsacha, lena n-áirítear íocaíocht le haghaidh earraí bia, cíos nó morgáiste, cógais agus cóireáil leighis, cánacha, préimheanna árachais, agus muirir fóntais phoiblí;

(b)

go bhfuil sé beartaithe leo go n-íocfar táillí gairmiúla réasúnta agus go n-aisíocfar speansais thabhaithe a bhaineann seirbhísí dlí a chur ar fáil, nó táillí nó muirir sheirbhíse, i gcomhréir leis na dlíthe náisiúnta, agus chuige sin amháin;

(c)

gur ceapadh iad chun táillí nó muirir sheirbhíse a íoc as cistí, sócmhainní airgeadais eile agus acmhainní eacnamaíocha reoite a choinneáil nó a chothabháil ar bhonn rialta, agus chuige sin amháin;

tar éis don Bhallstát ábhartha fógra a thabhairt don Choiste Smachtbhannaí go bhfuil sé i gceist aige, i gcás inarb iomchuí, rochtain ar na cistí sin, ar na sócmhainní airgeadais eile nó ar na hacmhainní eacnamaíocha sin a údarú agus in éagmais cinneadh diúltach ón gCoiste Smachtbhannaí laistigh de chúig lá oibre ón bhfógra sin a fháil.

4.   Ní bheidh feidhm ag na bearta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 maidir le cistí ná acmhainní eacnamaíocha ar chinn an Ballstát ábhartha an méid seo a leanas ina leith:

(a)

go bhfuil siad riachtanach le haghaidh caiteachas urghnách, ar choinníoll go bhfuil fógra faoin gcinneadh sin tugtha ag na Ballstáit don Choiste Smachtbhannaí agus go bhfuil sé formheasta ag an gCoiste Smachtbhannaí;

(b)

go bhfuil siad faoi réir lian nó breithiúnas breithiúnach, riaracháin nó eadrána, agus sa chás sin, féadfar na cistí, na sócmhainní airgeadais eile agus na hacmhainní eacnamaíocha eile a úsáid chun an lian sin nó an breithiúnas sin a shásamh ar choinníoll go ndearnadh an lian nó gur tugadh an breithiúnas sin roimh an dáta a liostaíodh an duine nó an t-eintiteas san Iarscríbhinn, nach chun tairbhe duine nó eintiteas arna ainmniú ag an gCoiste Smachtbhannaí é, agus gur thug na Ballstáit fógra ina leith don Choiste Smachtbhannaí.

5.   Le mír 1, ní chuirfear cosc ar dhuine ainmnithe nó ar eintiteas ainmnithe íocaíocht a dhéanamh atá dlite faoi chonradh a rinneadh sular liostaíodh an duine nó an t-eintiteas sin, ar choinníoll gur chinn an Ballstát ábhartha nach bhfaigheann duine nó eintiteas dá dtagraítear i mír 1 an íocaíocht go díreach nó go hindíreach, agus tar éis don Bhallstát ábhartha fógra a thabhairt don Choiste Smachtbhannaí go bhfuil sé i gceist aige na híocaíochtaí sin a dhéanamh nó a fháil nó, i gcás inarb iomchuí, dí-reo cistí, sócmhainní airgeadais eile nó acmhainní eacnamaíocha a údarú chun na críche sin, 10 lá oibre roimh an údarú sin.

6.   Ní bheidh feidhm ag mír 2 maidir leis an méid seo a leanas a chur le cuntais reoite:

(a)

ús nó tuillimh eile ar na cuntais sin; nó

(b)

íocaíochtaí atá dlite faoi chonarthaí, comhaontuithe nó oibleagáidí a tháinig chun cinn roimh an dáta a tháinig na cuntais sin le bheith faoi réir na mbearta dá bhforáiltear i míreanna 1 agus 2;

ar choinníoll go bhfuil an t-ús sin, na tuillimh eile sin agus na híocaíochtaí sin reoite agus gur faoi réir na mbeart dá bhforáiltear in mír 1 fós atá siad.

7.   Gan dochar do chláir cúnaimh dhaonnúil a sheoltar in áiteanna eile, ní bheidh feidhm ag na bearta dá bhforáiltear i míreanna 1 agus 2 maidir le cistí a íoc, sócmhainní airgeadais eile nó acmhainní eacnamaíocha is gá a sheachadadh chun a áirithiú go ndéanfar cúnamh daonnúil a bhfuil géarghá léi a sheachadadh go tráthúil nó chun tacú le gníomhaíochtaí eile a thacaíonn le riachtanais bhunúsacha an duine i Háítí, ag na Náisiúin Aontaithe, ag a sainghníomhaireachtaí nó ag a sainchláir, eagraíochtaí daonnúla a bhfuil stádas breathnóra acu le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe a sholáthraíonn cúnamh daonnúil, agus a gcomhpháirtithe cur chun feidhme lena n-áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha a fhaigheann cistiú déthaobhach nó iltaobhach agus atá rannpháirteach i bPlean Freagartha Daonnúla na Náisiún Aontaithe do Háítí.

Airteagal 4

Déanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d'aon toil, an liosta san Iarscríbhinn a leasú i gcomhréir le cinntí arna ndéanamh ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (“An Chomhairle Slándála”) nó ag an gCoiste Smachtbhannaí.

Airteagal 5

1.   I gcás ina n-ainmneoidh an Chomhairle Slándála nó an Coiste Smachtbhannaí duine nó eintiteas, cuirfidh an Chomhairle an duine nó an t-eintiteas sin san áireamh san Iarscríbhinn. Déanfaidh an Chomhairle a cinneadh, lena n-áirítear na forais leis an liostú, a chur in iúl go díreach don duine nó don eintiteas lena mbaineann más eol an seoladh, nó trí fhógra a fhoilsiú, trína dtabharfar deis don duine nó don eintiteas sin barúlacha a thíolacadh.

2.   I gcás ina dtíolacfar barúlacha nó i gcás ina dtíolacfar fianaise shubstaintiúil nua, athbhreithneoidh an Chomhairle a cinneadh agus cuirfidh sí an duine nó an t-eintiteas lena mbaineann ar an eolas dá réir sin.

Airteagal 6

1.   Áireofar san Iarscríbhinn na forais chun na daoine agus na heintitis a liostú mar a fhoráiltear ag an gComhairle Slándála nó ag an gCoiste Smachtbhannaí.

2.   Áireofar san Iarscríbhinn freisin, i gcás ina mbeidh sí ar fáil, an fhaisnéis a chuirfidh an Chomhairle Slándála nó an Coiste Smachtbhannaí ar fáil chun na daoine nó na heintitis lena mbaineann a shainaithint. Maidir le daoine, féadfaidh na nithe seo a leanas a bheith ar áireamh san fhaisnéis sin: ainmneacha lena n-áirítear ailiasanna, dáta breithe agus áit bhreithe, náisiúntacht, uimhreacha pas agus cárta aitheantais, inscne, seoladh, más eol, agus feidhm nó gairm. Maidir le heintitis, féadfaidh ainmneacha, áit agus dáta clárúcháin, uimhir chlárúcháin agus áit ghnó a bheith san áireamh san fhaisnéis sin.

Airteagal 7

1.   Déanfaidh an Chomhairle, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”) sonraí pearsanta a phróiseáil chun a gcúraimí faoin gCinneadh seo a thabhairt i gcrích, go háirithe:

(a)

a mhéid a bhaineann leis an gComhairle, chun leasuithe ar an Iarscríbhinn a ullmhú agus a dhéanamh;

(b)

a mhéid a bhaineann leis an Ardionadaí, chun leasuithe ar an Iarscríbhinn a ullmhú.

2.   Maidir le sonraí ábhartha a bhaineann le cionta coiriúla arna ndéanamh ag daoine nádúrtha liostaithe agus le ciontuithe coiriúla nó bearta slándála a bhaineann leis na daoine sin, ní fhéadfaidh an Chomhairle ná an tArdionadaí iad a phróiseáil, i gcás inarb infheidhme, ach amháin a mhéid is gá an phróiseáil sin chun an Iarscríbhinn a ullmhú.

3.   Chun críocha an Chinnidh seo, ainmnítear an Chomhairle agus an tArdionadaí mar “rialaitheoir” de réir bhrí Airteagal 3, pointe 8, de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), chun a áirithiú gur féidir leis na daoine nádúrtha lena mbaineann a gcearta a fheidhmiú faoin Rialachán sin.

Airteagal 8

Déanfar an Cinneadh seo a leasú nó a aisghairm de réir mar is iomchuí, i gcomhréir le cinntí arna ndéanamh ag an gComhairle Slándála.

Airteagal 9

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Samhain 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. SÍKELA


(1)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).


IARSCRÍBHINN

Liosta na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 1(1), Airteagal 2(1) agus Airteagal 3(1), agus na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1) agus Airteagal 3(1)

DAOINE

1.

Bhí Jimmy Cherizier (alias “Barbeque”) ag gabháil do ghníomhartha a chuireann síocháin, slándáil agus cobhsaíocht Háítí i mbaol agus rinne sé gníomhartha a phleanáil, a stiúradh, nó a dhéanamh arb ionann iad agus sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine.

Ainmníocht: 21 Deireadh Fómhair 2022

Faisnéis bhreise ó insint achomair na gcúiseanna lena liostú a chuir an Coiste Smachtbhannaí ar fáil:

Tá Jimmy Cherizier ar cheann de na ceannairí droinge is mó tionchar i Háítí agus is é atá i gceannas ar chomhghuaillíocht de dhronga Háítí ar a dtugtar “G9 Family and Allies” (“Teaghlaigh agus Comhghuaillithe G9”).

Agus é ar seirbhís mar oifigeach in Haitian National Police (HNP) (Póilíní Náisiúnta Háítí), rinne Cherizier ionsaí marfach i mí na Samhna 2018 ar shibhialtaigh i gcomharsanacht Port-au-Prince ar a dtugtar La Saline a phleanáil agus ghlac sé páirt ann. Le linn an ionsaí seo maraíodh ar a laghad 71, scriosadh os cionn 400 teach, agus rinne dronga armtha éigniú ar seachtar ban ar a laghad. Le linn 2018 agus 2019, bhí Cherizier i gceannas ar ghrúpaí armtha in ionsaithe comhordaithe brúidiúla i gcomharsanachtaí Port-au-Prince. I mí na Bealtaine 2020, bhí Cherizier i gceannas ar dhronga armtha in ionsaí cúig lá i gcomharsanachtaí éagsúla Port-au-Prince inar maraíodh sibhialtaigh agus inar cuireadh tithe trí thine. Ó bhí an 11 Deireadh Fómhair 2022 ann, tá Cherizier agus a chónaidhm de dhrong G9 ag cur bac gníomhach ar shaorghluaiseacht breosla ón gcríochfort breosla Varreux — an críochfort breosla is mó i Háítí. Chuir a chuid gníomhaíochtaí go díreach leis an bpairilis eacnamaíoch agus leis an ngéarchéim dhaonnúil i Háítí.


Top