Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D2306

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2306 ón gCoimisiún an 23 Samhain 2022 lena ndeonaítear maoluithe do Bhallstáit áirithe i ndáil le tarchur staidrimh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le staidreamh maidir le saoráidí cúraim sláinte, acmhainní daonna cúraim sláinte agus úsáid cúraim sláinte (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 8341) (Is iad na téacsanna sa tSeicis, san Ollainnis, sa Bhéarla, sa Fhraincis, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, sa Ghaeilge, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa Spáinnis agus sa tSualainnis atá barántúil agus na téacsanna sin amháin) (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2022/8341

    IO L 305, 25.11.2022, p. 58–62 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/2306/oj

    25.11.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 305/58


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2306 ÓN gCOIMISIÚN

    an 23 Samhain 2022

    lena ndeonaítear maoluithe do Bhallstáit áirithe i ndáil le tarchur staidrimh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le staidreamh maidir le saoráidí cúraim sláinte, acmhainní daonna cúraim sláinte agus úsáid cúraim sláinte

    (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 8341)

    (Is iad na téacsanna sa tSeicis, san Ollainnis, sa Bhéarla, sa Fhraincis, sa Ghearmáinis, sa Ghréigis, sa Ghaeilge, sa Phortaingéilis, sa Rómáinis, sa Spáinnis agus sa tSualainnis atá barántúil agus na téacsanna sin amháin)

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1338/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le staidreamh Comhphobail i dtaca leis an tsláinte phoiblí agus i dtaca leis an tsláinte agus leis an tsábháilteacht ag an obair (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

    Ag féachaint do na hiarrataí a rinne Ríocht na Beilge, Poblacht na Seice, Éire, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Poblacht na Cipire, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Portaingéile, an Rómáin agus Ríocht na Sualainne,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    I gcomhréir le hAirteagal 9(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1338/2008, féadfar, más gá, maoluithe agus idirthréimhsí a ghlacadh le haghaidh na mBallstát, ar choinníoll go bhfuil siad bunaithe ar fhorais oibiachtúla.

    (2)

    Léiríonn an fhaisnéis a chuir na Ballstáit ar fáil don Choimisiún gurb é is cúis leis na hiarrataí ar mhaoluithe go bhfuil gá le hoiriúnuithe móra ar na córais náisiúnta riaracháin agus staidrimh chun Rialachán (CE) Uimh. 1338/2008 a chomhlíonadh go hiomlán.

    (3)

    Dá bhrí sin, ba cheart na maoluithe sin a dheonú do Ríocht na Beilge, Poblacht na Seice, Éire, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Poblacht na Cipire, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Portaingéile, an Rómáin agus Ríocht na Sualainne, arna iarraidh sin dóibh.

    (4)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, a bunaíodh le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2),

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Deonaítear maoluithe mar a leagtar amach san Iarscríbhinn iad do na Ballstáit a liostaítear inti.

    Airteagal 2

    Is chuig Ríocht na Beilge, Poblacht na Seice, Éire, an Phoblacht Heilléanach, Ríocht na Spáinne, Poblacht na Fraince, Poblacht na Cipire, Ard-Diúcacht Lucsamburg, Ríocht na hÍsiltíre, Poblacht na hOstaire, Poblacht na Portaingéile, an Rómáin agus Ríocht na Sualainne a dhírítear an Cinneadh seo.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Samhain 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    Paolo GENTILONI

    Comhalta den Choimisiún


    (1)   IO L 354, 31.12.2008, lch. 70.

    (2)  Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sonraí atá faoi réir na rúndachta staidrimh a tharchur chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).


    IARSCRÍBHINN

    Maoluithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1338/2008, arna chur chun feidhme ag an gCoimisiún, maidir le saoráidí cúraim sláinte, acmhainní daonna cúraim sláinte agus úsáid cúraim sláinte

    Chun críoch an bhailithe sonraí, deonófar na maoluithe seo a leanas:

    Ní cheanglófar ar an tSeicia, Éire, an Spáinn, an Chipir, Lucsamburg, an Ísiltír, an Ostair, an Phortaingéil ná an Rómáin sonraí a chur ar fáil maidir leis na hathróga a shonraítear i dTábla 1, ná, i gcás ina léirítear sin, maidir le miondealú na n-athróg, le haghaidh na mblianta tagartha a shonraítear ann. I gcás nach bhfuil gá le cumhdach iomlán, míneofar na diallais ón gcumhdach iomlán sna meiteashonraí tagartha.

    Tábla 1

    Ballstát

    Athróg/miondealú

    Na blianta tagartha a chumhdaítear leis an maolú

    An tSeicia

    Tír chónaithe na neamhchónaitheoirí a scaoileadh amach maidir leis na hathróga seo a leanas:

    6.1

    An líon othar cónaitheach a scaoileadh amach as an ospidéal

    6.2

    An líon laethanta leapa othar cónaitheach in ospidéal

    6.3

    An líon cásanna lae a scaoileadh amach as an ospidéal

    2023-2024

    An tSeicia

    7.10

    Eisceadh páirteach faireoige mamaí

    7.11

    Maisteachtóime iomlán

    2023-2024

    Éire

    Cumhdach iomlán na n-athróg seo a leanas (tá gá le cumhdach páirteach):

    6.1

    An líon othar cónaitheach a scaoileadh amach as an ospidéal

    6.2

    An líon laethanta leapa othar cónaitheach in ospidéal

    6.3

    An líon cásanna lae a scaoileadh amach as an ospidéal

    2023-2024

    An Spáinn

    Na haoisghrúpaí “65-74” agus “75 nó níos sine” maidir leis an athróg seo a leanas:

    1.1

    An líon lianna i mbun cleachtais de réir aoise agus de réir inscne

    2021-2023

    An Chipir

    Cumhdach iomlán na n-athróg uile in Iarscríbhinn II (tá gá le cumhdach páirteach)

    2021-2022

    Lucsamburg

    Athróga 1.1-1.6 faoi Shonraí maidir le Fostaíocht Sláinte

    2023

    An Ísiltír

    Cumhdach iomlán na n-athróg faoi phointe 6. Sonraí maidir le Cúram Ospidéil (tá gá le cumhdach páirteach)

    2023

    An Ostair

    5.1

    Ráta imdhíonta daoine atá 65 bliana d’aois nó níos sine in aghaidh an fhliú

    2021-2022

    An Phortaingéil

    1.1

    An líon lianna i mbun cleachtais de réir aoise agus de réir inscne

    1.2

    An líon lianna i mbun cleachtais de réir catagóire

    1.3

    An líon cnáimhseach atá i mbun cleachtais

    1.4

    An líon altraí atá i mbun cleachtais

    1.5

    An líon fiaclóirí atá i mbun cleachtais

    2023-2025

    An Phortaingéil

    2.4

    An líon céimithe cnáimhseachais

    3.1

    An líon leapacha ospidéil le haghaidh cúram sómatach; feidhm “Cúram fadtéarmach”

    3.3

    An líon leapacha i saoráidí cúraim fhadtéarmaigh cónaithe

    Athróga faoi phointe 4. Sonraí maidir le Feistí Íomháithe Leighis.

    5.2

    Ráta na mban idir 50 agus 69 mbliana d’aois a ndearnadh scagthástáil le haghaidh ailse chíche orthu laistigh de chlár náisiúnta scagthástála ailse cíche (mamagrafaíocht)

    5.3

    Ráta na mban idir 20 agus 69 mbliana d’aois a ndearnadh scagthástáil ailse cheirbheacs orthu laistigh de chlár náisiúnta scagthástála ailse ceirbheacs

    2021-2023

    An Phortaingéil

    Réigiún NUTS2 áit chónaithe an othair a scaoileadh amach as an ospidéal maidir leis na hathróga seo a leanas:

    6.1

    An líon othar cónaitheach a scaoileadh amach as an ospidéal

    6.2

    An líon laethanta leapa othar cónaitheach in ospidéal

    6.3

    An líon cásanna lae a scaoileadh amach as an ospidéal

    2023-2025

    An Phortaingéil

    Cumhdach iomlán na n-athróg seo a leanas (tá gá le cumhdach páirteach):

    7.1

    Máinliacht catarachta

    7.2

    Céislíneachtóime

    7.3

    Angaplaiste chorónach thraslúmanach

    7.4

    Nódú seach-chonaire artaire chorónaigh

    7.5

    Colaicisteachtóime

    7.6

    Deisiú na heirne bléiní

    7.8

    Athchur cromáin

    7.9

    Athchur iomlán glúine

    7.10

    Eisceadh páirteach faireoige mamaí

    7.11

    Maisteachtóime iomlán

    2023-2025

    An Rómáin

    1.3

    An líon cnáimhseach atá i mbun cleachtais

    2021

    Deonófar maoluithe don Bheilg, don Ghréig, don Spáinn, don Fhrainc, do Lucsamburg agus don tSualainn maidir leis an sprioc-am chun sonraí a chur ar fáil i dtaca leis na hathróga i dTábla 2 agus na meiteashonraí tagartha i gcás ina sonraítear sin.

    Tábla 2

    Ballstát

    Athróg

    Sprioc-am nua

    Na blianta tagartha a chumhdaítear leis an maolú

    An Bheilg

    5.2

    Ráta na mban idir 50 agus 69 mbliana d’aois a ndearnadh scagthástáil le haghaidh ailse chíche orthu laistigh de chlár náisiúnta scagthástála ailse cíche (mamagrafaíocht)

    5.3

    Ráta na mban idir 20 agus 69 mbliana d’aois a ndearnadh scagthástáil ailse cheirbheacs orthu laistigh de chlár náisiúnta scagthástála ailse ceirbheacs

    Am+26 mhí

    2021-2024

    An Ghréig

    Athróga faoi phointe 1. Sonraí maidir le Fostaíocht Sláinte

    Am+20 mí

    2023

    An Spáinn

    Athróga faoi phointe 1. Sonraí maidir le Fostaíocht Sláinte agus meiteashonraí tagartha

    Am+16 mhí

    2023

    An Spáinn

    Athróga faoi phointí 2-5 d’Iarscríbhinn II, agus meiteashonraí tagartha

    Am+16 mhí

    2021-2023

    An Fhrainc

    2.1

    An líon céimithe leighis

    2.2

    An líon céimithe fiaclóireachta

    2.3

    An líon céimithe cógaisíochta

    Am+21 mhí

    2021-2023

    Lucsamburg

    Athróga faoi phointe 6. Sonraí maidir le Cúram Ospidéil agus 7. Sonraí maidir le Gnáthaimh Mháinliachta

    Am+38 mí

    2023

    Lucsamburg

    Athróga faoi phointe 6. Sonraí maidir le Cúram Ospidéil agus 7. Sonraí maidir le Gnáthaimh Mháinliachta

    Am+26 mhí

    2024

    An tSualainn

    Athróga faoi phointe 1. Sonraí maidir le Fostaíocht Sláinte

    Am+21 mhí

    2023-2024


    Top