This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D2205
Political and Security Committee Decision (CFSP) 2022/2205 of 9 November 2022 on the appointment of the EU Force Commander for the European Union military operation to contribute to the deterrence, prevention and repression of acts of piracy and armed robbery off the Somali coast (Atalanta), and repealing Decision (CFSP) 2022/1224 (ATALANTA/6/2022)
Cinneadh (CBES) 2022/2205 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 9 Samhain 2022 maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh le haghaidh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh chun cuidiú le bac agus cosc a chur le gníomhartha píoráideachta agus le robáil armtha amach ó chósta na Somáile agus iad a chur faoi chois (Atalanta) agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2022/1224 (ATALANTA/6/2022)
Cinneadh (CBES) 2022/2205 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 9 Samhain 2022 maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh le haghaidh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh chun cuidiú le bac agus cosc a chur le gníomhartha píoráideachta agus le robáil armtha amach ó chósta na Somáile agus iad a chur faoi chois (Atalanta) agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2022/1224 (ATALANTA/6/2022)
ST/13576/2022/INIT
IO L 293, 14.11.2022, p. 48–49
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 14/02/2023; Arna aisghairm le 32023D0311
14.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 293/48 |
CINNEADH (CBES) 2022/2205 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA
an 9 Samhain 2022
maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh le haghaidh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh chun cuidiú le bac agus cosc a chur le gníomhartha píoráideachta agus le robáil armtha amach ó chósta na Somáile agus iad a chur faoi chois (Atalanta) agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2022/1224 (ATALANTA/6/2022)
TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38 de,
Ag féachaint do Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES ón gComhairle an 10 Samhain 2008 maidir le hoibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh chun cuidiú le bac agus cosc a chur le gníomhartha píoráideachta agus le robáil armtha amach ó chósta na Somáile (1), agus iad a chur faoi chois, agus go háirithe Airteagal 6(1) di,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Faoi Airteagal 6(1) de Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES, thug an Chomhairle údarú don Choiste Polaitiúil agus Slándála na cinntí ábhartha a dhéanamh maidir le Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh a cheapadh le haghaidh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh chun cuidiú le bac agus cosc a chur le gníomhartha píoráideachta agus le robáil armtha amach ó chósta na Somáile agus iad a chur faoi chois (Atalanta) (“Ceannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh”). |
(2) |
An 13 Iúil 2022, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2022/1224 (2), lena gceaptar an Seachaimiréal Rui Miguel Marcelo CORREIA ina Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh. |
(3) |
An 16 Meán Fómhair 2022, mhol Ceannasaí Oibríochtúil an Aontais Eorpaigh go ndéanfaí an Captaen (Cabhlach) Nuno Filipe Cortes LOPES a cheapadh ina Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh nua amhail ón 2 Nollaig 2022. Chuir údaráis na Portaingéile in iúl go dtabharfar ardú céime don Chaptaen (Cabhlach) Nuno Filipe Cortes LOPES agus go ndéanfar Ceannasóir de sula gceapfar é ina Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh. |
(4) |
An 22 Meán Fómhair 2022, chomhaontaigh Coiste Míleata an Aontais leis an moladh sin. |
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2022/1224 a aisghairm, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar an Ceannasóir Nuno Filipe Cortes LOPES mar Cheannasaí Fórsa an Aontas Eorpaigh le haghaidh oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh chun cuidiú le bac agus cosc a chur le gníomhartha píoráideachta agus le robáil armtha amach ó chósta na Somáile agus iad a chur faoi chois (Atalanta) ón 2 Nollaig 2022.
Airteagal 2
Leis seo, déantar Cinneadh (CBES) 2022/1224 a aisghairm.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 2 Nollaig 2022.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Samhain 2022.
Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála
D. PRONK
An Cathaoirleach
(1) IO L 301, 12.11.2008, lch. 33.
(2) Cinneadh (CBES) 2022/1224 ón gCoiste polaitiúil agus slándála an 13 Iúil 2022 maidir le ceapachán Cheannasaí Fórsa an Aontais Eorpaigh d’oibríocht mhíleata an Aontais Eorpaigh chun cuidiú le bac agus cosc a chur le gníomhartha píoráideachta agus le robáil armtha amach ó chósta na Somáile agus iad a chur faoi chois (Atalanta), agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2022/1179 (ATALANTA/5/2022), (IO L 188, 15.7.2022, lch. 150).