Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D2197

Cinneadh (AE) 2022/2197 ón gComhairle an 8 Samhain 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile a mhéid a bhaineann leis na sonraíochtaí teicniúla agus nós imeachta maidir leis an úsáid a bhaineann an Ríocht Aontaithe as Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (“IMI”) agus méid agus módúlachtaí na ranníocaíochta airgeadais atá le déanamh ag an Ríocht Aontaithe le buiséad ginearálta an Aontais i ndáil leis an gcostas a ghintear ón úsáid a bhaineann sí as IMI

ST/12639/2022/INIT

IO L 292, 11.11.2022, pp. 41–46 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2197/oj

11.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 292/41


CINNEADH (AE) 2022/2197 ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Samhain 2022

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Choiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar arna bhunú leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile a mhéid a bhaineann leis na sonraíochtaí teicniúla agus nós imeachta maidir leis an úsáid a bhaineann an Ríocht Aontaithe as Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (“IMI”) agus méid agus módúlachtaí na ranníocaíochta airgeadais atá le déanamh ag an Ríocht Aontaithe le buiséad ginearálta an Aontais i ndáil leis an gcostas a ghintear ón úsáid a bhaineann sí as IMI

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 9(1) i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Mar a leagtar amach in Airteagal 6(1), an chéad fhomhír, pointe (a), de Roinn 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (1) (“an Comhaontú Trádála agus Comhair”), tá oibreoir atá bunaithe sa Pháirtí eile le dearbhú maidir le postú a chur faoi bhráid údaráis inniúla an Pháirtí, nó i gcás an Aontais, údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an tiománaí ar postú, agus úsáid á baint ón 2 Feabhra 2022 ar aghaidh as leagan chaighdeánach ilteangach den chomhéadan poiblí atá nasctha le Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (“IMI”) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). Maidir le húdarás inniúil, féadfaidh aon chomhlacht atá bunaithe ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil agus atá cláraithe in IMI agus a bhfuil freagrachtaí sonracha air a bhaineann le cur i bhfeidhm forálacha dlíthiúla áirithe a bheith ann.

(2)

Mar a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (c), an dara fomhír, de Roinn 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, le IMI ceadaítear freisin iarrataí a dhéanamh ar chúnamh ó údaráis inniúla an Pháirtí bunaíochta nó, i gcás an Aontais, ó údaráis inniúla an Bhallstáit bunaíochta, i gcás nach gcuireann an t-oibreoir an doiciméadacht a iarradh isteach laistigh de 8 seachtaine ó dháta na hiarrata.

(3)

Féadfaidh tríú tíortha IMI a úsáid má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 23 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 agus ar choinníoll go mbíonn an tríú tír dá dtugtar rochtain ar IMI páirteach i gcostais oibriúcháin IMI.

(4)

Mar a leagtar amach in Airteagal 7(5) de Roinn 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, socróidh an Coiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar na sonraíochtaí teicniúla agus na sonraíochtaí nós imeachta maidir leis an úsáid a bhaineann an Ríocht Aontaithe as IMI. Tá gá leis na sonraíochtaí sin chun nascadh na n-oibreoirí agus na n-údarás inniúla le IMI a cheadú, agus ar an gcaoi sin chun go mbeidh na hoibreoirí in ann a ndearbhuithe maidir le postú a chur isteach agus chun go mbeidh na húdaráis inniúla in ann páirt a ghlacadh sa chomhar riaracháin a dtugtar tuairisc air in aithrisí 1 agus 2. Chuir an tAontas na sonraíochtaí sin chun feidhme trí bhíthin Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2179 ón gCoimisiún (3).

(5)

Mar a leagtar amach in Airteagal 7(6) de Roinn 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 den Chomhaontú Trádála agus Comhair, beidh gach Páirtí páirteach i gcostais oibriúcháin chóras IMI. Is é an Coiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar a chinnfidh na costais a bheidh le híoc ag gach Páirtí. Is gá, dá bhrí sin, méid agus módúlachtaí na ranníocaíochta airgeadais atá le déanamh ag an Ríocht Aontaithe le buiséad ginearálta an Aontais a chinneadh i ndáil leis an gcostas a ghintear ón úsáid a bhaineann sí as IMI. Beidh dhá chuid sa ranníocaíocht airgeadais: costais chothabhála bhliantúla (ranníocaíocht bhliantúil) agus costais forbartha (íocaíocht aonuaire).

(6)

Is iomchuí, dá bhrí sin, an seasamh a ghlacfar thar ceann an Aontais sa Choiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar a bhunú maidir le sonraíochtaí teicniúla agus nós imeachta maidir le húsáid IMI ag an Ríocht Aontaithe agus méid agus módúlachtaí na ranníocaíochta airgeadais a dhéanfaidh an Ríocht Aontaithe le buiséad ginearálta an Aontais i ndáil leis an gcostas a ghintear ón úsád a bhaineann sí as IMI.

(7)

Ionas go mbeifear in ann na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo a chur i bhfeidhm go tráthúil, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm ar dháta a ghlactha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar, a bunaíodh le hAirteagal 8(1), pointe (o) den Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (an Coiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar), a mhéid a bhaineann leis na sonraíochtaí teicniúla agus nós imeachta maidir leis an úsáid a bhaineann an Ríocht Aontaithe as Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI) agus méid agus módúlachtaí na ranníocaíochta airgeadais a dhéanfaidh an Ríocht Aontaithe le buiséad ginearálta an Aontais i ndáil leis an gcostas a ghintear ón úsáid a bhaineann sí as IMI, leagtar amach é sa dréachtchinneadh ón gCoiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Foilseofar Cinneadh an Choiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Samhain 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. STANJURA


(1)   IO L 149, 30.4.2021, lch. 10.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún (“Rialachán IMI”) (IO L 316, 14.11.2012, lch. 1).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2179 ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2021 maidir le feidhmiúlachtaí an chomhéadain phoiblí atá nasctha le Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh i dtaca le tiománaithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar (IO L 443, 10.12.2021, lch. 68 ).


DRÉACHT

CINNEADH UIMH.../2022 ÓN gCOISTE SPEISIALAITHE UM IOMPAR DE BHÓTHAR ARNA BHUNÚ LEIS AN gCOMHAONTÚ TRÁDÁLA AGUS COMHAIR IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS AN COMHPHOBAL EORPACH DO FHUINNEAMH ADAMHACH, DE PHÁIRT, AGUS RÍOCHT AONTAITHE NA BREATAINE MÓIRE AGUS THUAISCEART ÉIREANN, DEN PHÁIRT EILE

an ...

maidir leis na sonraíochtaí teicniúla agus nós imeachta a bhaineann leis an úsáid a bhaineann an Ríocht Aontaithe as Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (‘IMI’), rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe sa chomhar riaracháin faoi Airteagal 6 de Roinn 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair agus méid agus módúlachtaí na ranníocaíochta airgeadais atá le déanamh ag an Ríocht Aontaithe le buiséad ginearálta an Aontais i ndáil leis an gcostas a ghintear ón úsáid a bhaineann sí as IMI

TÁ AN COISTE SPEISIALAITHE UM IOMPAR DE BHÓTHAR,

Ag féachaint don Chomhaontú Trádála agus Comhair idir Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an Aontais Eorpaigh, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile (1) (‘an Comhaontú Trádála agus Comhair’), agus go háirithe Airteagal 7(5) agus (6) de Roinn 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Mar a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (a), de Roinn 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, cuirfidh oibreoirí atá bunaithe sa Pháirtí eile dearbhú maidir le postú faoi bhráid údaráis inniúla an Pháirtí, nó i gcás an Aontais, údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil an tiománaí ar postú, agus úsáid á baint ón 2 Feabhra 2022 ar aghaidh as leagan chaighdeánach ilteangach den chomhéadan poiblí atá nasctha le Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (‘IMI’) a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). Maidir le húdarás inniúil, féadfaidh aon chomhlacht atá bunaithe ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil agus atá cláraithe in IMI agus a bhfuil freagrachtaí sonracha air a bhaineann le cur i bhfeidhm forálacha dlíthiúla áirithe a bheith ann.

(2)

Mar a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (c), an dara fomhír, de Roinn 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, le IMI, ceadaítear freisin iarrataí a dhéanamh ar chúnamh ó údaráis inniúla an Pháirtí bunaíochta nó, i gcás an Aontais, ó údaráis inniúla an Bhallstáit bunaíochta, i gcás nach gcuireann an t-oibreoir an doiciméadacht a iarradh isteach laistigh de 8 seachtaine ó dháta na hiarrata.

(3)

Féadfaidh tríú tíortha IMI a úsáid má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 23 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012, agus ar choinníoll go mbíonn an tríú tír dár tugadh rochtain ar IMI páirteach i gcostais oibriúcháin IMI.

(4)

Mar a leagtar amach in Airteagal 7(5) de Roinn 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, leagtar síos go socróidh an Coiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar na sonraíochtaí teicniúla agus nós imeachta maidir leis an úsáid a bhaineann an Ríocht Aontaithe as IMI. Tá gá leis na sonraíochtaí sin chun nascadh na n-oibreoirí agus na n-údarás inniúil le IMI a cheadú, agus ar an gcaoi sin chun go mbeidh na hoibreoirí in ann a ndearbhuithe maidir le postú a chur isteach agus chun go mbeidh na húdaráis inniúla in ann páirt a ghlacadh sa chomhar riaracháin a dtugtar tuairisc air in aithrisí 1 agus 2. Chuir an tAontas na sonraíochtaí sin chun feidhme trí bhíthin Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2179 ón gCoimisiún (3).

(5)

Mar a leagtar amach in Airteagal 7(6) de Roinn 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, beidh gach Páirtí páirteach i gcostais oibriúcháin chóras IMI. Is é an Coiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar a chinnfidh na costais a bheidh le híoc ag gach Páirtí. Is gá, dá bhrí sin, méid agus módúlachtaí na ranníocaíochta airgeadais atá le déanamh ag an Ríocht Aontaithe le buiséad ginearálta an Aontais a chinneadh i ndáil leis an gcostas a ghintear ón úsáid a bhaineann sí as IMI. Beidh dhá chuid sa ranníocaíocht airgeadais: costais chothabhála bhliantúla (ranníocaíocht bhliantúil) agus costais forbartha (íocaíocht aonuaire),

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Feidhmiúlachtaí ginearálta

1.   Áiritheoidh an tAontas go bhforáiltear, go háirithe, leis an gcomhéadan poiblí ilteangach atá nasctha le IMI do na feidhmiúlachtaí teicniúla seo a leanas d’oibreoirí na Ríochta Aontaithe:

(a)

cuntas a chruthú le haghaidh rochtain shlán ar limistéar forchoimeádta an oibreora;

(b)

logáil iomchuí gníomhaíochta úsáideora a áirithiú;

(c)

mionsonraí maidir leis an oibreoir, na húsáideoirí údaraithe, an bainisteoir iompair agus na tiománaithe ar postú a thaifeadadh sa chuntas;

(d)

dearbhuithe maidir le postú a bhainistiú:

(i)

an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(1), pointe (a), de Roinn 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair a thaifeadadh;

(ii)

dearbhú maidir le postú a chur isteach ina bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (i), lena gcumhdaítear íostréimhse aon lá amháin suas le huastréimhse 6 mhí;

(iii)

an fhaisnéis sa dearbhú maidir le postú a leasú chun é a choimeád cothrom le dáta;

(iv)

cóip de dhearbhú maidir le postú a íoslódáil go leictreonach agus i bhformáid is féidir a phriontáil;

(v)

an dearbhú maidir le postú a athnuachan;

(vi)

an dearbhú maidir le postú a tharraingt siar;

(e)

iarrataí ar dhoiciméadacht a fháil agus a fhreagairt de bhun Airteagal 6(1), pointe (c), de Roinn 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair;

(f)

rochtain a fháil ar aon doiciméad a sholáthraíonn údaráis inniúla an Stáit bunaíochta agus radharc a fháil orthu;

(g)

cumarsáid a dhéanamh le húdaráis inniúla an Stáit inar tharla an postú;

(h)

a bheith ar an eolas nuair a dhúnann údaráis inniúla an Stáit is óstach an iarraidh.

2.   Áiritheoidh an tAontas go soláthróidh an comhéadan poiblí ilteangach atá nasctha le IMI na feidhmiúlachtaí teicniúla a ligfidh d’údarás náisiúnta amháin nó níos mó sa Ríocht Aontaithe an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

dearbhuithe maidir le postú a fháil;

(b)

doiciméid a iarraidh faoin nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (c), de Roinn 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair;

(c)

toradh deiridh an mheasúnaithe ar chomhlíonadh na rialacha maidir le postú an oibreora a chur isteach sa chóras agus an iarraidh a dhúnadh in IMI.

3.   Is éard a bheidh in údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe aon chomhlacht atá bunaithe ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil agus atá cláraithe in IMI agus a bhfuil freagrachtaí sonracha air a bhaineann le cur i bhfeidhm Roinn 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair. Cláróidh pointe teagmhála IMI na Ríochta Aontaithe dá dtagraítear in Airteagal 4(2) den Chinneadh seo údaráis inniúla na Ríochta Aontaithe in IMI.

4.   Beidh an tAontas i dteideal stop a chur le rochtain na Ríochta Aontaithe ar IMI má scoireann an Ríocht Aontaithe de na coinníollacha a leagtar amach inAirteagal 23(1), pointe (c) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 a chomhlíonadh.

Airteagal 2

Feidhmiúlachtaí a bhaineann le hiarrataí ar dhoiciméid

1.   Leis an gcomhéadan poiblí beidh údarás inniúil an Stáit, inar tharla an postú, in ann a iarraidh ar an oibreoir doiciméid a leagtar amach in Airteagal 6(1), pointe (c), an chéad fhomhír, de Roinn 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair a sheoladh le haghaidh tréimhse lena gcumhdaítear suas leis na 12 mhí ó dháta na hiarrata. Ligfidh an comhéadan poiblí atá nasctha le IMI don oibreoir na doiciméid a iarrtar a sholáthar de chéim amháin nó níos mó.

2.   I gcás ina n-iarrtar ar an oibreoir doiciméad breise amháin nó níos mó a sholáthar nár áiríodh san iarraidh dá dtagraítear i mír 1, ríomhfaidh an comhéadan poiblí an tréimhse 8 seachtaine inar féidir doiciméid a sholáthar ó dháta na hiarrata ar an doiciméad breise nó ar na doiciméid bhreise.

3.   Fágfaidh an comhéadan poiblí go bhféadfar an t-oibreoir a chur ar an eolas i gcás ina n-iarrann an Stát is óstach cúnamh an Stáit bunaíochta.

4.   Aon doiciméad a uaslódálann údarás inniúil an Stáit bunaíochta, tar éis iarraidh ar chúnamh arna déanamh ag údarás inniúil an Stáit is óstach, de bhun Airteagal 6(1), pointe (c), an dara fomhír, de Roinn 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair, is doiciméad é a bheidh le feiceáil i gcuntas an oibreora.

5.   Fágfaidh an comhéadan poiblí go bhféadfar fógra a thabhairt don oibreoir i dtaca le dúnadh na hiarrata ar dhoiciméid chomh maith le léiriú ar an toradh deiridh ach a mbeidh seiceáil déanta ag na húdaráis inniúla ar na doiciméid a iarradh.

6.   Iarrataí ar dhoiciméid nach ndúnann údarás inniúil iarrthach an Stáit is óstach, is iarrataí iad a dhúnfar go huathoibríoch 24 mhí i ndiaidh dháta na hiarrata.

Airteagal 3

Feidhmiúlachtaí a bhaineann le coinneáil sonraí

1.   Leis an gcomhéadan poiblí atá nasctha le IMI féadfar na sonraí uile a stóráiltear sa chomhéadan poiblí sin agus i gcuntas na n-oibreoirí a scriosadh nuair nach mbeidh gá leis na sonraí sin a thuilleadh chun na gcríoch ar bailíodh agus ar próiseáladh iad. Leis an gcomhéadan poiblí féadfar meabhrúchán a sheoladh chuig an oibreoir maidir le sonraí pearsanta an tiománaí a athbhreithniú agus a scriosadh, nuair is gá.

2.   Leis an gcomhéadan poiblí féadfar na dearbhuithe maidir le postú a chuirtear isteach tríd an gcomhéadan poiblí sin a scriosadh go huathoibríoch i ndiaidh na tréimhse 24 mhí dá dtagraítear in Airteagal 6(5) de Roinn 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn 31 a ghabhann leis an gComhaontú Trádála agus Comhair.

3.   I gcás ina gcuireann an t-oibreoir doiciméid isteach mar chuid d’iarraidh ar dhoiciméid, ní bheidh na doiciméid a iarradh ar fáil ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá chun na gcríoch ar bailíodh iad ná ar feadh tréimhse níos faide ná 12 mhí i ndiaidh dhúnadh na hiarrata.

Airteagal 4

Úsáid IMI

1.   Úsáidfidh an Ríocht Aontaithe IMI a bhunaítear le Rialachán IMI le haghaidh malartuithe faisnéise, lena n-áirítear sonraí pearsanta, leis na húdaráis inniúla.

2.   Ceapfaidh an Ríocht Aontaithe pointe teagmhála IMI chun críoch an chomhair riaracháin a leagtar amach in Airteagal 2 agus cuirfidh sí an Coimisiún agus an Coiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar ar an eolas faoi sin.

Airteagal 5

Méid agus módúlachtaí ranníocaíocht airgeadais na Ríochta Aontaithe

1.   Ranníocfaidh an Ríocht Aontaithe go bliantúil le costais oibríochtúla agus chothabhála IMI. Beidh feidhm ag an ranníocaíocht bhliantúil ó dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. I gcás na chéad bhliana, íocfar an ranníocaíocht laistigh de 20 lá ó dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo. I gcás na mblianta ina dhiaidh sin, íocfar faoin 31 Nollaig den bhliain roimhe sin í. Beidh méid na ranníocaíochta socraithe ag EUR 86 204 don chéad bhliain agus déanfar é a athbhreithniú de réir fhorbairt an Innéacs Eorpaigh Praghsanna do Thomhaltóirí (IEPT) gach bliain ina dhiaidh sin. Cuirfidh an Coimisiún Eorpach an méid athbhreithnithe in iúl don Ríocht Aontaithe i scríbhinn.

2.   Ranníocfaidh an Ríocht Aontaithe le costais fhoriomlána forbartha an chomhéadain phoiblí atá nasctha le IMI. Déanfar an ranníocaíocht sin uair amháin agus is méid socraithe EUR 232 835 é. Íocfar an costais forbartha aonuaire laistigh de 20 lá ó dháta theacht i bhfeidhm an Chinnidh seo.

3.   Íocfar an ranníocaíocht dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 in euro le cuntas bainc an Choimisiúin atá ainmnithe in euro agus a luaitear sa nóta dochair.

4.   I gcás athrú mór ar chostas foriomlán IMI, mar gheall ar oiriúnuithe teicneolaíochta nó ar chúiseanna eile, glacfaidh an Coiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar cinneadh nua maidir le ranníocaíocht airgeadais na Ríochta Aontaithe, arna iarraidh sin ag duine de Chomhchathaoirligh an Choiste.

Airteagal 6

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh ...,

Thar Ceann an Choiste Speisialaithe um Iompar de Bhóthar

Na Comhchathaoirligh


(1)   IO AE L 149, 30.4.2021, lch. 10.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún('Rialachán IMI') (IO AE L 316, 14.11.2012, lch. 1).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2179 ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2021 maidir le feidhmiúlachtaí an chomhéadain phoiblí atá nasctha le Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh i dtaca le tiománaithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar (IO L 443, 10.12.2021, lch. 68).


Top