Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D2184

    Cinneadh (CBES) 2022/2184 ón gComhairle an 8 Samhain 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/1296 mar thaca le sábháilteacht agus slándáil bhitheolaíoch a neartú san Úcráin i gcomhréir le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus a modhanna seachadta

    ST/12073/2022/INIT

    IO L 288, 9.11.2022, p. 78–79 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 14/07/2024

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2184/oj

    9.11.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 288/78


    CINNEADH (CBES) 2022/2184 ÓN gCOMHAIRLE

    an 8 Samhain 2022

    lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/1296 mar thaca le sábháilteacht agus slándáil bhitheolaíoch a neartú san Úcráin i gcomhréir le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus a modhanna seachadta

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 31(1) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 31 Iúil 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/1296 (1), ar Cinneadh é lena bhforáiltear do thréimhse cur chun feidhme 36 mhí le haghaidh na dtionscadal dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Chinneadh sin (“an tréimhse cur chun feidhme”), ó tabhairt i gcrích an chomhaontaithe maoinithe dá dtagraítear in Airteagal 3(3) de.

    (2)

    Tá deireadh le teacht leis an tréimhse cur chun feidhme an 14 Nollaig 2022 nuair a rachaidh Cinneadh (CBES) 2019/1296 in éag.

    (3)

    An 12 Lúnasa 2022, d’iarr Lárionad um Chosc Coinbhleachtaí Rúnaíocht na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE), atá freagrach as cur chun feidhme teicniúil na dtionscadal dá dtagraítear in Airteagal 1(2) de Chinneadh (CBES) 2019/1296, go gcuirfí síneadh 13 mhí gan chostas leis an tréimhse cur chun feidhme. Leis an síneadh sin, chuirfí ar chumas ESCE cur chun feidhme roinnt de na tionscadail sin a chur i gcrích, ar tionscadail iad ar chuir paindéim COVID-19 agus an staid slándála san Úcráin isteach ar a gcur chun feidhme.

    (4)

    Níl aon impleacht maidir le hacmhainní airgeadais ag baint le síneadh a chur le tréimhse cur chun feidhme na dtionscadal go dtí an 14 Eanáir 2024.

    (5)

    Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (CBES) 2019/1296 a leasú dá réir sin,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(2) de Chinneadh (CBES) 2019/1296:

    “2.   Rachaidh an Cinneadh seo in éag an 14 Eanáir 2024.”.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 8 Samhain 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    Z. STANJURA


    (1)  Cinneadh (CBES) 2019/1296 ón gComhairle an 31 Iúil 2019 mar thaca le sábháilteacht agus slándáil bhitheolaíoch a neartú san Úcráin i gcomhréir le cur chun feidhme Rún 1540 (2004) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le neamhleathadh arm ollscriosta agus a modhanna seachadta (IO L 204, 2.8.2019, lch. 29).


    Top