Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D2101

    Cinneadh (AE) 2022/2101 ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle Chomhaltaí Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha maidir le haontachas aontachas Rialtas Ríocht na hAraibe Sádaí leis an gComhaontú Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015

    ST/12503/2022/INIT

    IO L 283, 3.11.2022, p. 7–9 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2101/oj

    3.11.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 283/7


    CINNEADH (AE) 2022/2101 ÓN gCOMHAIRLE

    an 13 Deireadh Fómhair 2022

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle Chomhaltaí Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha maidir le haontachas aontachas Rialtas Ríocht na hAraibe Sádaí leis an gComhaontú Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Síníodh an Comhaontú Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015 (“an Comhaontú”) thar ceann an Aontais i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2016/1892 ón gComhairle (1) an 18 Samhain 2016, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí. Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm go sealadach an 1 Eanáir 2017 i gcomhréir le hAirteagal 31(2) de.

    (2)

    Tugadh an Comhaontú i gcrích an 17 Bealtaine 2019 le Cinneadh (AE) 2019/848 ón gComhairle (2).

    (3)

    De bhun Airteagal 29 den Chomhaontú, tá Comhairle Chomhaltaí Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg (“Comhairle na gComhaltaí”) chun na coinníollacha maidir le haontachas Rialtais leis an gComhaontú bhunú.

    (4)

    Rinne Rialtas Ríocht na hAraibe Sádaí iarratas foirmiúil ar aontú don Chomhaontú. Ba cheart, dá bhrí sin, cuireadh a thabhairt do Chomhairle na gComhaltaí, le linn seisiún amach anseo, nó faoi chuimsiú nós imeachta um chinntí a ghlacadh ag Comhairle na gComhaltaí trí chomhfhreagras a chomhmhalartú, chun na coinníollacha maidir le haontachas Ríocht na hAraibe Sádaí a bhunú i dtaca leis na sciartha rannpháirtíochta i gComhairle Idirnáisiúnta na nOlóg agus leis na teorann ama chun an ionstraim a thaisceadh.

    (5)

    Ós rud é go bhfuil a hearnáil ológ á forbairt ag Ríocht na hAraibe Sádaí a mhéid a bhaineann le tomhaltas agus go bhfuil sé i gceist aici a táirgeacht a fhorbairt, d’fhéadfadh a haontachas Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg a threisiú faoi choinníollacha áirithe, go háirithe a mhéid a bhaineann le haonfhoirmeacht a bhaint amach sa dlí náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhaineann le saintréithe táirgí olóige, chun aon bhacainn ar thrádáil a sheachaint.

    (6)

    Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle na gComhaltaí a bhunú ós rud é go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla ag na cinntí atá le glacadh ar an Aontas trí dhifear a dhéanamh don chothromaíocht cinnteoireachta i gComhairle na gComhaltaí nuair nach nglacfar le cinntí trí chomhthoil i gcomhréir le hAirteagal 10(4) den Chomhaontú,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leagtar amach san Iarscríbhinn an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gComhairle Chomhaltaí Chomhairle Idirnáisiúnta na nOlóg le linn seisiún amach anseo, nó faoi chuimsiú nós imeachta um chinntí a ghlacadh ag Comhairle na gComhaltaí trí chomhfhreagras a mhalartú, a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha maidir le haontachas Rialtas Ríocht na hAraibe Sádaí leis an gComhaontú.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 13 Deireadh Fómhair 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    P. BLAŽEK


    (1)  Cinneadh (AE) 2016/1892 ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2016 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015 (IO L 293, 28.10.2016, lch. 2).

    (2)  Cinneadh (AE) 2019/848 ón gComhairle an 17 Bealtaine 2019 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe Idirnáisiúnta maidir le hOla Olóige agus Ológa Boird, 2015 (IO L 139, 27.5.2019, lch. 1).


    IARSCRÍBHINN

    Tacóidh an tAontas le haontachas Rialtas Ríocht na hAraibe Sádaí leis an gComhaontú, le linn seisiún de chuid Chomhairle na gComhaltaí amach anseo, nó faoi chuimsiú nós imeachta um chinntí a ghlacadh ag Comhairle na gComhaltaí trí chomhfhreagras a mhalartú, ar choinníoll go ríomhfar sciartha rannpháirtíochta Ríocht na hAraibe Sádaí de réir na foirmle a shonraítear in Airteagal 11 den Chomhaontú. Tacóidh an tAontas le haon teorainn ama chun an ionstraim aontachais a thaisceadh a ligfeadh do Ríocht na hAraibe Sádaí aontú don Chomhaontú gan mhoill. Má chuirtear moill ar thaisceadh na hionstraime, féadfaidh an tAontas, i gcinntí ina dhiaidh sin a bheidh le glacadh ag Comhairle na gComhaltaí, tacú le síneadh a chur leis an tréimhse chun an ionstraim a thaisceadh.


    Top