This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D2097
Political and Security Committee Decision (CFSP) 2022/2097 of 27 October 2022 on the appointment of the Special Training Commander for the European Union Military Assistance Mission in support of Ukraine (EUMAM Ukraine) (EUMAM Ukraine/2/2022)
Cinneadh (CBES) 2022/2097 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 27 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Ceannasaí Speisialta Oiliúna a cheapadh le haghaidh Mhisean Cúnaimh Mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine) (EUMAM Ukraine/2/2022)
Cinneadh (CBES) 2022/2097 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 27 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Ceannasaí Speisialta Oiliúna a cheapadh le haghaidh Mhisean Cúnaimh Mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine) (EUMAM Ukraine/2/2022)
ST/13934/2022/INIT
IO L 281, 31.10.2022, p. 72–72
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
31.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 281/72 |
CINNEADH (CBES) 2022/2097 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA
an 27 Deireadh Fómhair 2022
maidir le Ceannasaí Speisialta Oiliúna a cheapadh le haghaidh Mhisean Cúnaimh Mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine) (EUMAM Ukraine/2/2022)
TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38 de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2022/1968 ón gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Misean Cúnaimh Mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine) (1), agus go háirithe Airteagal 5(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 17 Deireadh Fómhair 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/1968 maidir le Misean Cúnaimh Mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine). |
(2) |
Foráiltear le hAirteagal 2(3) de Chinneadh (CBES) 2022/1968 go bhfuil Ballstát le Ceannasaíocht Oiliúna Speisialta ilnáisiúnta (ST-C) a chur ar fáil, a bheidh i gceannas ar ghníomhaíochtaí oiliúna sa tír sin. |
(3) |
De bhun Airteagal 5(1) de Chinneadh (CBES) 2022/1968, thug an Chomhairle údarú don Choiste Polaitiúil agus Slándála na cinntí ábhartha a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 38 de Chonradh an Aontais Eorpaigh, maidir le Ceannasaithe an Aontais a cheapadh le haghaidh EUMAM Ukraine, an Ceannasaí Speisialta Oiliúna san áireamh. |
(4) |
An 21 Deireadh Fómhair 2022, mhol Ceannasaí Mhisean an Aontais Eorpaigh go gceapfaí an Leifteanant-Ghinearál Andreas MARLOW mar Cheannasaí Speisialta Oiliúna. |
(5) |
An 24 Deireadh Fómhair 2022, thacaigh Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh leis an moladh sin. |
(6) |
Ba cheart cinneadh a dhéanamh maidir leis an Leifteanant-Ghinearál Andreas MARLOW a cheapadh mar Cheannasaí Speisialta Oiliúna le haghaidh EUMAM Ukraine ón 27 Deireadh Fómhair 2022. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar Leifteanant-Ghinearál Andreas MARLOW ina Cheannasaí Speisialta Oiliúna le haghaidh Mhisean Cúnaimh Mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh mar thaca leis an Úcráin (EUMAM Ukraine) amhail ón 27 Deireadh Fómhair 2022.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála
D. PRONK
An Cathaoirleach