EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D2080

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2080 ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1350 lena ndeonaítear tacaíocht shealadach faoi Rialachán (AE) 2020/672 do Phoblacht na Liotuáine chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás na héigeandála a d’eascair as ráig COVID-19

ST/12702/2022/INIT

IO L 280, 28.10.2022, p. 19–22 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/2080/oj

28.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 280/19


CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2080 ÓN gCOMHAIRLE

an 25 Deireadh Fómhair 2022

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1350 lena ndeonaítear tacaíocht shealadach faoi Rialachán (AE) 2020/672 do Phoblacht na Liotuáine chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás na héigeandála a d’eascair as ráig COVID-19

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/672 ón gComhairle an 19 Bealtaine 2020 maidir le bunú ionstraime Eorpaí le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandáil (SURE) a d’eascair as ráig COVID-19 (1), agus go háirithe Airteagal 6(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ag éirí as iarraidh ón Liotuáin an 7 Lúnasa 2020, dheonaigh an Chomhairle, trí bhíthin Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1350 (2), cúnamh airgeadais don Liotuáin i bhfoirm iasachta arb ionann é agus uasmhéid EUR 602 310 000 le meánaibíocht uasta 15 bliana, agus le tréimhse infhaighteachta 18 mí, d’fhonn iarrachtaí náisiúnta na Liotuáine a chomhlánú chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ráig COVID-19 agus chun freagairt d’iarmhairtí socheacnamaíocha na ráige sin le ar oibrithe agus ar dhaoine féinfhostaithe.

(2)

Bhí an iasacht le húsáid ag an Liotuáin chun scéimeanna oibre gearr-ama agus bearta comhchosúla, dá dtagraítear in Airteagal 3 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1350, a mhaoiniú.

(3)

I bhfianaise an dara hiarraidh ón Liotuáinan 11 Márta 2021, dheonaigh an Chomhairle, trí bhíthin Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/678 (3), lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1350, cúnamh airgeadais breise arb ionann é agus EUR 354 950 000 don Liotuáin tríd an uasmhéid iasachta a mhéadú go EUR 957 260 000 agus meánaibíocht uasta 15 bliana agus tréimhse infhaighteachta 18 mí ag gabháil leis, d’fhonn iarrachtaí náisiúnta na Liotuáine a chomhlánú chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ráig COVID-19 agus chun freagairt d’iarmhairtí socheacnamaíocha na ráige sin ar oibrithe agus ar dhaoine féinfhostaithe.

(4)

Bhí an iasacht bhreise le húsáid ag an Liotuáin chun scéimeanna oibre gearr-ama agus bearta comhchosúla a mhaoiniú, dá dtagraítear in Airteagal 3 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1350, arna leasú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/678.

(5)

De bharr ráig COVID-19 cuirtear bac ar chuid shuntasach de lucht saothair na Liotuáine i gcónaí. Mar thoradh air sin, tá mórmhéaduithe tobanna leanúnacha tagtha ar an gcaiteachas poiblí sa Liotuáin i ndáil leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 3, pointí (a) agus (b), de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1350.

(6)

Maidir le ráig COVID-19 agus na bearta urghnácha a chuir an Liotuáin chun feidhme in 2020, 2021 agus 2022 chun srian a chur ar an ráig sin agus a tionchar socheacnamaíoch agus a tionchar ar chúrsaí sláinte, d’imir siad tionchar ollmhór ar an airgeadas poiblí agus imríonn go fóill. In 2020, bhí easnamh rialtais ghinearálta agus ollfhiachas rialtais ghinearálta de 7,3 % agus de 46,6 % den olltáirgeacht intíre (OTI) faoi seach ar an Liotuáin, a chúngaigh go 1,0 % agus 44,3 % faoi seach faoi dheireadh 2021. De réir réamhaisnéis an earraigh ón gCoimisiún in 2022, táthar ag súil go mbeidh easnamh rialtais ghinearálta agus ollfhiachas rialtais ghinearálta de 4,6 % agus 42,7 % de OTI faoi seach ag an Liotuáin faoi dheireadh 2022. De réir réamhaisnéis eatramhach an tsamhraidh ón gCoimisiún in 2022, tuartar go dtiocfaidh méadú 1,9 % ar OTI na Liotuáine in 2022.

(7)

An 8 Lúnasa 2022, d’iarr an Liotuáin cúnamh airgeadais breise dar luach EUR 141 800 000 ar an Aontas d’fhonn leanúint dá hiarrachtaí náisiúnta ar tugadh fúthu in 2020, 2021 agus 2022 a chomhlánú chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ráig COVID-19 agus chun freagairt d’iarmhairtí socheacnamaíocha na ráige ar oibrithe. Go sonrach, rinne an Liotuáin na scéimeanna oibre gearr-ama agus bearta comhchosúla a leagtar amach in aithrisí (8) go (9) a fhadú nó a leasú a thuilleadh.

(8)

Sa “Dlí maidir le Fostaíocht Uimh. XII-2470” an 21 Meitheamh 2016, arna leasú le “Dlí Uimh. XIII-2822” an 17 Márta 2020, “Dlí Uimh. XIII-2846” an 7 Aibreán 2020, “Dlí Uimh. XIII-3005” an 4 Meitheamh 2020 agus “Dlí Uimh. XIV-131” an 23 Nollaig 2020, dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (a), de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1350 agus a leasaíodh dá éis sin le “Dlí Uimh. XIV-351” an 27 Bealtaine 2021, agus le “Dlí Uimh. XIV-911” an 20 Eanáir 2022, thug an Liotuáin scéim isteach chun fóirdheontais a íoc le fostóirí chun pá measta gach fostaí a bhfuil tréimhse gan obair le cur isteach aige a chumhdach, mar thacaíocht le linn an choraintín agus na staide éigeandála. Roimh an 1 Eanáir 2021, d’fhéadfadh fostóir rogha a dhéanamh idir fóirdheontais chun 70 % den tuarastal a chumhdach, suas go dtí uasmhéid 1,5 oiread an phá íosta, nó chun 90 % den tuarastal a chumhdach (100 % i gcás fostaithe atá 60 bliain d’aois agus níos sine), suas go dtí uasmhéid an phá íosta. Ón 1 Eanáir 2021, d’fhéadfadh fostóir fóirdheontais a fháil chun 100 % den tuarastal a chumhdach, suas go dtí uasmhéid 1,5 oiread an phá íosta. Ní mór d’fhostóirí a ghlacann páirt sa scéim 50 % ar a laghad dá líon fostaithe a choinneáil ar feadh 3 mhí ar a laghad tar éis dheireadh an fhóirdheontais pá.

(9)

Faoin “Dlí maidir le Fostaíocht Uimh. XII-2470” an 21 Meitheamh 2016, arna leasú le “Dlí Uimh. XIII-3005” an 4 Meitheamh 2020, dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (b), de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1350, a leasaíodh dá éis sin le “Dlí Uimh. XIV-351” an 27 Bealtaine 2021, roimh an 1 Iúil 2021 íocadh fóirdheontais freisin le haghaidh fostaithe a bhí ag filleadh ar an obair tar éis tréimhse gan obair, le haghaidh tréimhse suas go dtí 6 mhí tar éis filleadh dóibh. Faoi réir uasteorainn arbh é a bhí inti an pá íosta nó dhá oiread an phá íosta, ag brath ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch a dhéanann an fostóir, d’fhéadfadh méid na bhfóirdheontas a íocadh sa chéad mhí agus sa dara mí tar éis filleadh ar an obair a bheith chomh hard le 100 % de thuarastal fostaí, sa tríú mí agus sa cheathrú mí a bheith chomh hard le 50 % agus sa chúigiú mí agus sa séú mí a bheith chomh hard le 30 %. Ón 1 Iúil 2021, íocadh fóirdheontais le haghaidh fostaithe a bhí ag filleadh ó thréimhse gan obair, ar feadh suas le 2 mhí tar éis dóibh filleadh ar an obair. Is é atá san fhóirdheontas sin sa chéad mhí 100 % de thuarastal an fhostaí, ach méid nach mó ná 0,9 oiread an phá íosta, agus sa dara mí 100 % de thuarastal an fhostaí, ach méid nach mó ná 0,6 oiread an phá íosta. Is féidir na fóirdheontais sin a mheas a bheith ina mbeart atá comhchosúil leis na scéimeanna oibre gearr-ama, dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2020/672, toisc gurbh é ab aidhm dóibh tacaíocht ioncaim a sholáthar d’fhostaithe agus cuidiú le caidrimh fostaíochta a bhí ann cheana a choinneáil ar bun.

(10)

Comhlíonann an Liotuáin na coinníollacha maidir le cúnamh airgeadais a iarraidh, coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/672. Chuir an Liotuáin fianaise chuí ar fáil don Choimisiún ina léirítear go bhfuil méadú EUR 1 264 915 309 tagtha ar an gcaiteachas poiblí iarbhír agus ar an gcaiteachas poiblí beartaithe ón 1 Feabhra 2020 ar aghaidh mar thoradh ar na bearta náisiúnta a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí socheacnamaíocha ráig COVID-19. Is mórmhéadú tobann é sin mar go mbaineann sé freisin le bearta atá ann faoi láthair a fhadú nó a leasú, ar bearta iad a bhaineann go díreach le scéimeanna oibre gearr-ama agus bearta comhchosúia lena gcumhdaítear cuid shuntasach de ghnóthais agus de lucht saothair na Liotuáine. Tá sé beartaithe ag an Liotuáin EUR 144 350 000 den mhéid méadaithe caiteachais a mhaoiniú trí chistí an Aontais agus EUR 21 505 309 trína maoiniú féin.

(11)

Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an Liotuáin agus d’fhíoraigh sé an mórmhéadú tobann ar an gcaiteachas poiblí iarbhír agus beartaithe a bhaineann go díreach leis na scéimeanna oibre gearr-ama agus bearta comhchosúla, dá dtagraítear san iarraidh an 8 Lúnasa 2022, i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2020/672.

(12)

Ba cheart, dá bhrí sin, cúnamh airgeadais a chur ar fáil d’fhonn cuidiú leis an Liotuáin aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí socheacnamaíocha an tsuaite eacnamaíoch thromchúisigh de dheasca ráig COVID-19. Ba cheart don Choimisiún na cinntí maidir le haibíochtaí, méid agus scaoileadh tráthchodanna agus tráinsí a dhéanamh i ndlúthchomhar leis na húdaráis náisiúnta.

(13)

Ós rud é go bhfuil an tréimhse infhaighteachta a thugtar i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1350 imithe in éag, tá gá le tréimhse nua infhaighteachta le haghaidh an chúnaimh airgeadais bhreise. Ba cheart síneadh 21 mhí a chur leis an tréimhse infhaighteachta 18 mí a dheonaítear le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1350 agus, dá thoradh sin, ba cheart 39 mí a bheith sa tréimhse infhaighteachta iomlán dar tús an chéad lá tar éis do Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1350 a theacht i bhfeidhm.

(14)

Ba cheart don Liotuáin agus don Choimisiún an Cinneadh seo a chur san áireamh sa chomhaontú iasachta dá dtagraítear in Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2020/672.

(15)

Ba cheart an Cinneadh seo a bheith gan dochar do thoradh aon nós imeachta a d’fhéadfaí a dhéanamh, nósanna imeachta a bhaineann le saobhadh fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, go háirithe de bhun Airteagail 107 agus 108 den Chonradh. Ní sháraítear leis an gCinneadh seo an ceanglas atá ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi chásanna Státchabhrach a d’fhéadfadh a bheith ann faoi Airteagal 108 den Chonradh.

(16)

Ba cheart don Liotuáin an Coimisiún a chur ar an eolas go tráthrialta maidir le cur chun feidhme an chaiteachais phoiblí atá beartaithe, chun a chur ar a chumas don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar a mhéid a chuir an Liotuáin an caiteachas sin chun feidhme.

(17)

Rinneadh an cinneadh cúnamh airgeadais a sholáthar agus riachtanais reatha agus ionchasacha na Liotuáine á gcur san áireamh, chomh maith le hiarrataí ar chúnamh airgeadais de bhun Rialachán (AE) 2020/672 a cuireadh isteach cheana nó atá beartaithe le cur isteach ag Ballstáit eile, agus prionsabail na córa comhionainne, na dlúthpháirtíochta, na comhréireachta agus na trédhearcachta á gcur i bhfeidhm an tráth céanna,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1350 mar a leanas:

(1)

leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

“1.   Cuirfidh an tAontas iasacht ar fáil don Liotuáin arb ionann é agus uasmhéid EUR 1 099 060 000. Beidh meánaibíocht uasta 15 bliana ag gabháil leis an iasacht sin.

2.   39 mí a bheidh sa tréimhse infhaighteachta le haghaidh cúnamh airgeadais a dheonaítear leis an gCinneadh seo dar tús an chéad lá tar éis don Chinneadh seo teacht i bhfeidhm.”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Scaoilfear an chéad tráthchuid faoi réir theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe iasachta dá bhforáiltear in Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2020/672. Scaoilfear aon tráthchuid eile i gcomhréir le téarmaí an chomhaontaithe iasachta sin nó, i gcás inarb ábhartha, beidh sí faoi réir theacht i bhfeidhm aguisín a ghabhann leis, nó theacht i bhfeidhm comhaontaithe iasachta leasaithe a thugtar i gcrích idir an Liotuáin agus an Coimisiún agus a chuirfear in ionad an chomhaontaithe iasachta bunaidh.”;

(2)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

“Airteagal 3

Féadfaidh an Liotuáin na bearta seo a leanas a mhaoiniú:

(a)

fóirdheontais phá le linn na tréimhse gan obair, dá bhforáiltear in Airteagal 41 den ‘Dlí maidir le Fostaíocht Uimh. XII-2470’ an 21 Meitheamh 2016, arna leasú go deireanach le ‘Dlí Uimh. XIV-911’ an 20 Eanáir 2022;

(b)

fóirdheontais phá tar éis na tréimhse gan obair, dá bhforáiltear in Airteagal 41 den ‘Dlí maidir le Fostaíocht Uimh. XII-2470’ an 21 Meitheamh 2016, arna leasú go deireanach le ‘Dlí Uimh. XIV-351’ an 27 Bealtaine 2021;

(c)

sochair do dhaoine féinfhostaithe, dá bhforáiltear in Airteagal 5-1 den ‘Dlí maidir le Fostaíocht Uimh. XII-2470’ an 21 Meitheamh 2016, arna leasú in 2020;

(d)

sochair do dhaoine féinfhostaithe atá ag gabháil don talmhaíocht, dá bhforáiltear in Airteagal 5-2 den ‘Dlí maidir le Fostaíocht Uimh. XII-2470’ an 21 Meitheamh 2016, arna leasú in 2020.”.

Airteagal 2

Dírítear an Cinneadh seo chuig Poblacht na Liotuáine.

Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an dáta a dtabharfar fógra faoi don seolaí.

Airteagal 3

Foilseofar an Cinneadh seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 25 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. SÍKELA


(1)  IO L 159, 20.5.2020, lch. 1.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1350 ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 2020 lena ndeonaítear tacaíocht shealadach faoi Rialachán (AE) 2020/672 do Phoblacht na Liotuáine chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú I gcás na héigeandála a d’eascair as ráig COVID-19 (IO L 314, 29.9.2020, lch. 35).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/678 ón gComhairle an 23 Aibreán 2021 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1350 lena ndeonaítear tacaíocht shealadach faoi Rialachán (AE) 2020/672 do Phoblacht na Liotuáine chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás na héigeandála a d’eascair as ráig COVID-19 (IO L 144, 27.4.2021, lch. 12).


Top