Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D2079

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2079 ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1348 lena ndeonaítear tacaíocht shealadach faoi Rialachán (AE) 2020/672 do Phoblacht na Cróite chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás na héigeandála a d’eascair as ráig COVID-19

    ST/12701/2022/INIT

    IO L 280, 28.10.2022, p. 15–18 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/2079/oj

    28.10.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 280/15


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2079 ÓN gCOMHAIRLE

    an 25 Deireadh Fómhair 2022

    lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1348 lena ndeonaítear tacaíocht shealadach faoi Rialachán (AE) 2020/672 do Phoblacht na Cróite chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás na héigeandála a d’eascair as ráig COVID-19

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/672 ón gComhairle an 19 Bealtaine 2020 maidir le bunú ionstraime Eorpaí le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandáil (SURE) a d’eascair as ráig COVID-19 (1), agus go háirithe Airteagal 6(1) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Ag éirí as iarraidh ón gCróit an 6 Lúnasa 2020, dheonaigh an Chomhairle, trí bhíthin Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1348 (2), cúnamh airgeadais don Chróit i bhfoirm iasachta arb ionann é agus uasmhéid EUR 1 020 600 000 le meánaibíocht uasta 15 bliana, agus le tréimhse infhaighteachta 18 mí, d’fhonn iarrachtaí náisiúnta na Cróite a chomhlánú chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ráig COVID-19 agus freagairt d’iarmhairtí socheacnamaíocha na ráige ar oibrithe agus ar dhaoine féinfhostaithe.

    (2)

    Bhí an iasacht bhreise le húsáid ag an gCróit chun scéimeanna oibre gearr-ama agus bearta comhchosúla a mhaoiniú, dá dtagraítear in Airteagal 3 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1348.

    (3)

    De bharr ráig COVID-19 cuirtear bac ar chuid shuntasach de lucht saothair na Cróite i gcónaí. Mar thoradh air sin, tá mórmhéaduithe tobanna leanúnacha tagtha ar an gcaiteachas poiblí sa Chróit i ndáil leis na bearta dá dtagraítear in Airteagal 3, pointí (a) agus (b), de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1348.

    (4)

    Maidir le ráig COVID-19 agus na bearta urghnácha a chuir an Chróit chun feidhme in 2020, 2021 agus 2022 chun srian a chur ar an ráig sin agus a a tionchar socheacnamaíoch agus a tionchar ar chúrsaí sláinte, d’imir siad tionchar ollmhór ar an airgeadas poiblí agus imríonn go fóill. In 2020 bhí easnamh rialtais ghinearálta agus ollfhiachas rialtais ghinearálta ar an gCróit de 7,3 % agus de 87,3 % den olltáirgeacht intíre (OTI) faoi seach ag an gCróit, a laghdaigh go dtí 2,9 % agus 79,8 % faoi seach faoi dheireadh 2021. De réir réamhaisnéis earraigh 2022 ón gCoimisiún, táthar ag súil go mbeidh easnamh rialtais ghinearálta agus ollfhiachas rialtais ghinearálta 1,8 % agus 73,1 % de OTI faoi seach ag an gCróit faoi dheireadh 2022. De réir réamhaisnéis eatramhach an tsamhraidh 2022 ón gCoimisiún, tuartar go dtiocfaidh méadú 3,4 % ar OTI na Cróite in 2022.

    (5)

    An 25 Iúil 2022 d’iarr an Chróit cúnamh airgeadais breise dar luach EUR 550 000 000 ar an Aontas d’fhonn leanúint dá hiarrachtaí náisiúnta ar tugadh fúthu in 2020, 2021 agus 2022 a chomhlánú chun aghaidh a thabhairt ar thionchar ráig COVID-19 agus chun freagairt d’iarmhairtí socheacnamaíocha na ráige ar oibrithe agus ar dhaoine féinfhostaithe. Go sonrach, rinne an Chróit na scéimeanna oibre gearr-ama agus bearta comhchosúla a leagtar amach in aithrisí (6) go (7) a fhadú agus a leasú a thuilleadh.

    (6)

    Ar bhonn an Achta um Margadh an tSaothair (3), thug an Chróit isteach beart lena gcuirtear cómhaoiniú ar thuarastail oibrithe ar fáil do ghnólachtaí a bhfuil laghdú ioncaim acu i gcomparáid le 2019. Is iad seo a leanas na critéir maidir le laghdú ioncaim: laghdú 20 % sa tréimhse ó mhí an Mhárta go mí na Bealtaine 2020, laghdú 50 % sa tréimhse ó mhí an Mheithimh go dtí mí na Nollag 2020, agus ag tosú ó mhí Eanáir 2021 is é an t-aon cheanglas atá ann ná laghdú ar ioncam i gcomparáid leis an mí chomhfhreagrach in 2019, ar choinníoll nach bhfoirceannfar an caidreamh fostaíochta. Le haghaidh mhí an Mhárta 2020, socraíodh méid na tacaíochta ag HRK 3 250 in aghaidh an fhostaí lánaimseartha, agus ag tosú ó mhí Aibreáin 2020 socraíodh méid na tacaíochta míosúla ag HRK 4 000 in aghaidh an fhostaí lánaimseartha. Fanann an méid tacaíochta in aghaidh an fhostaí gan athrú le linn na tréimhse ina bhfuil an beart gníomhach, ach tagann athruithe ar na hearnálacha atá incháilithe do thacaíocht le himeacht ama, agus an méid sin ag brath ar dhálaí eacnamaíocha. Le haghaidh na tréimhse idir mí na Samhna 2020 agus mí an Mheithimh 2021, maidir le cuideachtaí atá faoi dhianghlasáil de réir cinneadh ó na húdaráis náisiúnta, fuair siad tacaíocht in aghaidh an fhostaí lánaimseartha ag brath ar líon na laethanta dianghlasála ach ar méid é nach mó ná HRK 4 000 le haghaidh mí iomlán dianghlasála. Is éard atá sa bheart síneadh ar an mbeart a dtugtar tuairisc air in Airteagal 3, pointe (a), de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1348, dá bhforáiltear sa Chinneadh ó Chomhairle Riaracháin Sheirbhís Fostaíochta na Cróite (CES) a glacadh an 20 Márta 2020 agus a leasaíodh an 25 Márta, an 7 Aibreán, an 9 Aibreán, an 6 Bealtaine, an 28 Bealtaine, an 18 Meitheamh, an 25 Meitheamh, an 10 Iúil agus an 29 Iúil, an 7 Meán Fómhair, an 22 Deireadh Fómhair, an 4 Samhain agus an 4 Nollaig 2020. Glacadh leasuithe ó CES ina dhiaidh sin freisin in 2021 trí chinntí a rinneadh an 8 Eanáir, an 21 Eanáir, an 3 Márta, an 15 Aibreán, an 30 Aibreán, an 31 Bealtaine, an 23 Iúil, an 25 Lúnasa, an 29 Meán Fómhair, an 15 Deireadh Fómhair, an 4 Samhain, agus in 2022 trí chinntí a rinneadh an 27 Eanáir agus an 31 Bealtaine. Cuireadh deireadh leis an mbeart ag deireadh mhí an Mheithimh 2022.

    (7)

    Thairis sin, ar bhonn “an Achta um Margadh an tSaothair” thug an Chróit isteach beart lena gcuirtear tacaíocht ar fáil don laghdú sealadach ar am oibre sa tréimhse idir mí an Mheithimh 2020 agus mí na Nollag 2022 do ghnólachtaí ina bhfostaítear 10 bhfostaí nó níos mó atá ag feidhmiú in aon earnáil. Is ionann an ceanglas chun tairbhe a bhaint as an mbeart seo agus laghdú measta ar uaireanta oibre míosúla comhiomlána na n-oibrithe lánaimseartha go léir de 10 % ar a laghad ar leibhéal an fhostóra, nó 20 % ar leibhéal aonaid gnó, sa mhí a bhfuil iarratas á dhéanamh ar an tacaíocht ina leith. Thairis sin, ceanglaítear ar an bhfostóir a chuireann isteach ar an tacaíocht nasc a léiriú idir tionchar ráig COVID-19 ar a ngnó agus an laghdú a mheastar a thiocfaidh, go háirithe, trí fhianaise a sholáthar ar an laghdú ioncaim sa mhí dá bhfuil iarratas á dhéanamh ar an tacaíocht ar a laghad 20 % i gcomparáid leis an mí chomhfhreagrach in 2019 nó, go heisceachtúil, i gcás Eanáir agus Feabhra 2022, i gcomparáid leis an mí chomhfhreagrach in 2020. Tíolactar an t-iarratas ar an mbeart sa mhí roimh an mí a ndéantar iarratas ar an tacaíocht ina leith. Is féidir suas le HRK 2 000 in aghaidh na míosa in aghaidh an fhostaí a mhaoiniú leis an mbeart. Is éard atá sa bheart síneadh ar an mbeart a dtugtar tuairisc air in Airteagal 3, pointe (b), de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1348, dá bhforáiltear sa Chinneadh ó Chomhairle Riaracháin Sheirbhís Fostaíochta na Cróite (CES) a glacadh an 29 Meitheamh 2020 agus a leasaíodh an 10 Iúil agus an 22 Deireadh Fómhair 2020, agus a leasaíodh tuilleadh an 8 Eanáir 2021 agus an 27 Eanáir 2022. Tá sé beartaithe an beart a fhorghníomhú go dtí deireadh mhí na Nollag 2022.

    (8)

    Comhlíonann an Chróit na coinníollacha maidir le cúnamh airgeadais a iarraidh, coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/672. Chuir an Chróit fianaise iomchuí ar fáil don Choimisiún ina léirítear go bhfuil méadú EUR 2 220 567 523 tagtha ar an gcaiteachas poiblí iarbhír ón 1 Feabhra 2020 go deireadh mhí Aibreáin 2022 mar thoradh ar na bearta náisiúnta a glacadh chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí socheacnamaíocha ráig COVID-19. Is mórmhéadú tobann é seo mar go mbaineann sé freisin le bearta atá ann faoi láthair a fhadú nó a leasú, ar bearta iad a bhaineann go díreach le scéimeanna oibre gearr-ama agus bearta comhchosúla lena gcumhdaítear cuid shuntasach de ghnóthais agus de lucht saothair na Cróite. Tá sé beartaithe ag an gCróit EUR 631 536 540 den mhéid méadaithe caiteachais a mhaoiniú trí chistí an Aontais agus EUR 18 430 983 trína maoiniú féin.

    (9)

    Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an gCróit agus d’fhíoraigh sé an mórmhéadú tobann ar an gcaiteachas poiblí iarbhír a bhaineann go díreach leis na scéimeanna oibre gearr-ama agus bearta comhchosúla, dá dtagraítear in iarraidh an 25 Iúil 2022, i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) 2020/672.

    (10)

    Ba cheart, dá bhrí sin, cúnamh airgeadais a chur ar fáil d’fhonn cuidiú leis an gCróit aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí socheacnamaíocha an tsuaite eacnamaíoch thromchúisigh de bharr ráig COVID-19. Ba cheart don Choimisiún na cinntí maidir le haibíochtaí, méid agus scaoileadh tráthchodanna agus tráinsí a dhéanamh i ndlúthchomhar leis na húdaráis náisiúnta.

    (11)

    Ós rud é go bhfuil an tréimhse infhaighteachta a thugtar i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1348 imithe in éag, tá gá le tréimhse infhaighteachta nua le haghaidh an chúnaimh airgeadais breise. Ba cheart síneadh 21 mhí a chur leis an tréimhse infhaighteachta 18 mí le haghaidh cúnamh airgeadais a dheonaítear le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1348 agus, dá thoradh sin, ba cheart 39 mí a bheith sa tréimhse infhaighteachta iomlán dar tús an chéad lá tar éis do Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1348 a theacht i bhfeidhm.

    (12)

    Ba cheart don Chróit agus don Choimisiún an Cinneadh seo a chur san áireamh sa chomhaontú iasachta dá dtagraítear in Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2020/672.

    (13)

    Ba cheart don Chinneadh seo a bheith gan dochar do thoradh aon nós imeachta a d’fhéadfaí a dhéanamh, nósanna imeachta a bhaineann le saobhadh fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, go háirithe de bhun Airteagail 107 agus 108 den Chonradh. Ní sháraítear leis an gCinneadh seo an ceanglas atá ar na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi chásanna Státchabhrach a d’fhéadfadh a bheith ann faoi Airteagal 108 den Chonradh.

    (14)

    Ba cheart don Chróit an Coimisiún a chur ar an eolas go tráthrialta maidir le cur chun feidhme an chaiteachais phoiblí atá beartaithe, chun a chur ar a chumas don Coimisiún measúnú a dhéanamh ar a mhéid a chuir an Chróit an caiteachas sin chun feidhme.

    (15)

    Rinneadh an cinneadh chun cúnamh airgeadais a chur ar fáil agus riachtanais reatha agus ionchasacha na Cróite á gcur san áireamh, chomh maith le hiarrataí ar chúnamh airgeadais de bhun Rialachán (AE) 2020/672 a cuireadh isteach cheana nó atá beartaithe le cur isteach ag Ballstáit eile, agus prionsabail na córa comhionainne, na dlúthpháirtíochta, na comhréireachta agus na trédhearcachta á gcur i bhfeidhm an tráth céanna,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1348 mar a leanas:

    (1)

    leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:

    (a)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:

    “1.   Cuirfidh an tAontas iasacht ar fáil don Chróit arb ionann é agus uasmhéid EUR 1 570 600 000. Beidh meánaibíocht uasta 15 bliana ag gabháil leis an iasacht sin.

    2.   39 mí a bheidh sa tréimhse infhaighteachta le haghaidh cúnamh airgeadais a dheonaítear leis an gCinneadh seo dar tús an chéad lá tar éis don Chinneadh seo teacht i bhfeidhm.”;

    (b)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

    “4.   Scaoilfear an chéad tráthchuid faoi réir theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe iasachta dá bhforáiltear in Airteagal 8(2) de Rialachán (AE) 2020/672. Scaoilfear aon tráthchuid eile i gcomhréir le téarmaí an chomhaontaithe iasachta sin nó, i gcás inarb iomchuí, beidh siad faoi réir theacht i bhfeidhm aguisín a ghabhann leis, nó theacht i bhfeidhm comhaontaithe iasachta leasaithe a thabharfar i gcrích idir an Chróit agus an Coimisiún agus a chuirfear inionad an chomhaontaithe iasachta bunaidh.”;

    (2)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

    “Airteagal 3

    Féadfaidh an gCróit na bearta seo a leanas a mhaoiniú:

    (a)

    na fóirdheontais caomhnaithe post in earnálacha a ndéanann COVID-19 difear dóibh, de bhun Airteagail 35 agus 36 den ‘Acht um Margadh an tSaothair’ agus dá bhforáiltear sa chinneadh ó ‘Sheirbhís Fostaíochta na Cróite an 20 Márta 2020’ arna leasú go deireanach le cinneadh a glacadh an 31 Bealtaine 2022; agus

    (b)

    an chabhair le haghaidh uaireanta oibre laghdaithe, de bhun Airteagail 35 agus 36 den ‘Acht um Margadh an tSaothair’ agus dá bhforáiltear sa chinneadh ó ‘Sheirbhís Fostaíochta na Cróite an 29 Meitheamh 2020’ arna leasú go deireanach le cinneadh a glacadh an 27 Eanáir 2022.”.

    Airteagal 2

    Dírítear an Cinneadh seo chuig Poblacht na Cróite.

    Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an dáta a dtabharfar fógra faoi don seolaí.

    Airteagal 3

    Foilseofar an Cinneadh seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 25 Deireadh Fómhair 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. SÍKELA


    (1)   IO L 159, 20.5.2020, lch. 1.

    (2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1348 ón gComhairle an 25 Meán Fómhair 2020 lena ndeonaítear tacaíocht shealadach faoi Rialachán (AE) 2020/672 do Phoblacht na Cróite chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás na héigeandála a d’eascair as ráig COVID-19 (IO L 314, 29.9.2020, lch. 28).

    (3)  OG 118/18, 32/20, 18/22.


    Top