Escolha as funcionalidades experimentais que pretende experimentar

Este documento é um excerto do sítio EUR-Lex

Documento 32022D2070

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2070 ón gCoimisiún an 26 Deireadh Fómhair 2022 na dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí meascáin d’úire agus níotráit amóiniam de thionscnamh na Rúise, Oileán na Tríonóide agus Tobága agus Stáit Aontaithe Mheiriceá arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1688, gan na dleachtanna sin a chur ar fionraí

    C/2022/7826

    IO L 277, 27.10.2022, p. 208—214 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Estatuto jurídico do documento Em vigor

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/2070/oj

    27.10.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 277/208


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/2070 ÓN gCOIMISIÚN

    an 26 Deireadh Fómhair 2022

    na dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí meascáin d’úire agus níotráit amóiniam de thionscnamh na Rúise, Oileán na Tríonóide agus Tobága agus Stáit Aontaithe Mheiriceá arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1688, gan na dleachtanna sin a chur ar fionraí

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach (1) iad, agus go háirithe Airteagal 14(4) de,

    Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste a bunaíodh le hAirteagal 15(2) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    1.   NÓS IMEACHTA

    (1)

    An 8 Deireadh Fómhair 2019, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1688 (2) (“an bun-Rialachán”), d’fhorchuir an Coimisiún dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí meascáin d’úire agus níotráit amóiniam (“UAN” nó an “táirge lena mbaineann”) de thionscnamh na Rúise, Oileán na Tríonóide agus Tobága agus Stáit Aontaithe Mheiriceá (na “tíortha lena mbaineann”).

    (2)

    I mí na Bealtaine 2021, Copa-Cogeca (“an t-iarratasóir”), ar comhlachas úsáideoirí an táirge lena mbaineann é, chuir sé faisnéis isteach a bhain le hathrú sealadach a líomhain sé gur tháinig ar dhálaí an mhargaidh tar éis fhorchur na mbeart cinntitheach. Chumhdaigh an tréimhse imscrúdúcháin bhunaidh (“an TI bunaidh”) an tréimhse ón 1 Iúil 2017 go dtí an 30 Meitheamh 2018. Líomhain an t-iarratasóir go mbeadh athrú sealadach den sórt sin ina údar leis na dleachtanna frithdhumpála atá i bhfeidhm faoi láthair a chur ar fionraí, i gcomhréir le hAirteagal 14(4) de Rialachán (AE) 2016/1036. Chuir comhlachais eile, i.e. AGBP (Association Générale des Producteurs de Blé) agus Interore (International Ore & Fertilizer Belgium SA), fianaise ar fáil chun tacú leis na dleachtanna frithdhumpála a chur ar fionraí. Ní raibh na heilimintí agus an fhianaise ábhartha uile ba ghá sna haighneachtaí sin chun go bhféadfaidh an Coimisiún dul ar aghaidh leis an anailís. Chuaigh an Coimisiún i mbun plé leis an iarratasóir chun fianaise bhreise a bhailiú chun tacú lena mhaíomh gur tháinig athrú sealadach ar dhálaí an mhargaidh.

    (3)

    An 16 Samhain 2021, agus i bhfianaise na fianaise a bhí ar fáil, chinn an Coimisiún a iarraidh ar AGBP, Copa-Cogeca agus Fertilizers Europe faisnéis bhreise a chur ar fáil a bhaineann le tréimhse tar éis na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh agus, go sonrach, faisnéis faoi phraghsanna, éileamh an Aontais agus feidhmíocht thionscal an Aontais le linn an tríú ráithe de 2021 chun scrúdú agus measúnú a dhéanamh ar thionchar na n-athruithe líomhnaithe ar dhálaí mhargadh an Aontais, más ann do thionchar, agus ar an dóchúlacht go dtosódh an díobháil arís mar thoradh ar an bhfionraí.

    (4)

    Tar éis na n-aighneachtaí sin, tugadh an deis do Copa-Cogeca (lena n-áirítear cuid de na hargóintí a d’ardaigh AGPB) agus do thionscal an Aontais barúlacha a thabhairt.

    (5)

    Ar bhonn na faisnéise thuas, rinne an Coimisiún scrúdú lena fháil amach an mbeadh údar cuí leis an bhfionraí sin. Tá achoimre ar na heilimintí a measadh anseo thíos.

    (6)

    An 20 Iúil 2022, chuir an Coimisiún a thorthaí in iúl do AGBP, Interore, Copa-Cogeca agus Fertilizers Europe. Deonaíodh tréimhse do na páirtithe uile ina raibh siad in ann a mbarúlacha a thabhairt i ndiaidh an nochta seo. Fuarthas barúlacha ó Interore, Copa-Cogeca agus Fertilizers Europe.

    2.   SCRÚDÚ AR ATHRÚ AR DHÁLAÍ AN MHARGAIDH

    (7)

    Foráiltear le hAirteagal 14(4) den bhun-Rialachán go bhféadfar, chun leas an Aontais, bearta frithdhumpála a chur ar fionraí i gcás ina bhfuil athrú sealadach tagtha ar dhálaí an mhargaidh a mhéid nach dócha go ndéanfaí díobháil arís de bharr na fionraí. Déanfaidh an Coimisiún scrúdú ar na heilimintí sin thíos.

    2.1.   Anailís ar athruithe ar dhálaí an mhargaidh

    (8)

    Na hathruithe sealadacha líomhnaithe ar dhálaí an mhargaidh, ba éard a bhí i gceist leo ganntanas soláthair ar mhargadh an Aontais toisc gur tháinig laghdú ar mhéid na n-allmhairí agus gur laghdaigh tionscal an Aontais a tháirgeacht. Mar gheall ar an éagothroime sealadach idir soláthar agus éileamh, tháinig méadú mór ar phraghsanna. Chumhdaigh an anailís dhá chuid: bhain an chéad chuid le comparáid idir dálaí an mhargaidh le linn na tréimhse imscrúdúcháin agus na dálaí in 2021, agus bhain an dara cuid leis an eolas is déanaí maidir leis na forbairtí is déanaí in 2022 dá raibh sonraí le fáil.

    (9)

    Ó forchuireadh na bearta, staidreamh Eurostat a chumhdaíonn an tréimhse suas go dtí deireadh 2021, tugann sé le fios gur tháinig laghdú mór ar allmhairí UAN. Tháinig laghdú 69 % ar allmhairí ó na tíortha lena mbaineann i gcomparáid leis an tréimhse imscrúdúcháin bhunaidh agus níor cuireadh allmhairí ó thíortha eile ina n-ionad ach i bpáirt. Dá bharr sin, tháinig laghdú beagnach 60 % ar allmhairí de gach tionscnamh i gcomparáid leis an méid a allmhairíodh sa tréimhse imscrúdúcháin bhunaidh. Tháinig laghdú freisin ar sciar margaidh na n-allmhairí ó 43 % go 19 %, bunaithe ar an toimhde gur fhan an t-éileamh san Aontas cobhsaí, mar a chuir Copa-Cogeca in iúl. Mar thoradh air sin bhí bearna soláthair arbh fhiú 1.14 milliún tona ann, nuair a chuirtear an tréimhse imscrúdúcháin bhunaidh i gcomparáid le 2021.

    (10)

    Sna barúlacha uaidh maidir leis an nochtadh, chuir Copa-Cogeca in iúl gur tháinig méadú os cionn 250 % ar allmhairí sa chéad leath de 2022, i gcomparáid leis an gcéad leath de 2021. Luaigh an páirtí gur tharla an méadú sin ag an am céanna leis an laghdú suntasach a tháinig ar tháirgeacht an Aontais de bharr na n-imthosca a phléitear thíos. A mhéid a bhaineann sé le hallmhairí, deimhníonn na sonraí atá ar fáil don Choimisiún go raibh an méadú sin ann.

    Tábla 1

    Méideanna allmhairiúcháin

    (‘000 tona)

     

    TI (An 1 Iúil 2017 go dtí an 30 Meitheamh 2018)

    2018

    2019

    2020

    2021 L1

    2021 L2

    2022 L1

    Na hallmhairí uile

    1 927

    1 998

    1 322

    1 027

    294

    499

    753

    Allmhairí ó Oileán na Tríonóide agus Tobága

    368

    361

    401

    418

    172

    217

    332

    Allmhairí ón Rúis

    613

    688

    314

    90

    15

    130

    320

    Allmhairí ó na Stáit Aontaithe

    742

    890

    222

    -

    -

    -

    37

    Allmhairí Eile

    204

    59

    385

    519

    107

    152

    64

    Foinse: an bun-Rialachán, Eurostat

    (11)

    Maidir leis na forbairtí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo ó thaobh allmhairí de, thug an Coimisiún faoi deara gur cosúil gur dhírigh Stáit Aontaithe Mheiriceá a dhíolacháin UAN ar an margadh intíre ó bhí 2020 ann. Forchur na mbeart frithdhumpála cinntitheach i mí Dheireadh Fómhair 2019, is cosúil nach ndearna sé difear d’allmhairí ó Oileán na Tríonóide agus Tobága. Bhí méideanna suntasacha díobh fós ag teacht isteach san Aontas. In 2021, ba iad na hallmhairí sin 50 % (389 000 tona) de na hallmhairí uile chuig an Aontas. Sa chéad cheithre mhí de 2022, d’onnmhairigh Oileán na Tríonóide agus Tobága níos mó ná 234 000 tona chuig an Aontas, arbh é 54 % níos mó ná an méid a d’onnmhairigh sé sa tréimhse chéanna den bhliain seo caite (thart ar 152 000 tona). Mar sin, is cosúil go bhfuil méideanna suntasacha de UAN fós ag teacht isteach san Aontas ó Oileán na Tríonóide agus Tobága.

    (12)

    Maidir le hallmhairí ón Rúis, tugann fógraí agus smachtbhannaí údar dúinn a chreidiúint gur beag an seans go dtiocfaidh méadú ar allmhairí UAN ón Rúis. Go deimhin, an 4 Márta 2022, d’fhógair Aireacht Trádála agus Tionscail na Rúise gur “mhol sé do tháirgeoirí na Rúise lastais onnmhairiúcháin leasachán ón Rúis a chur ar fionraí go dtí go n-atosaíonn iompróirí obair (rialta) agus go soláthraíonn siad ráthaíochtaí go gcuirfear onnmhairí leasacháin i gcrích go hiomlán.” (3)

    (13)

    Thairis sin, príomh-scairshealbhóirí tháirgeoirí móra UAN na Rúise amhail an tUasal Melnichenko de chuid EuroChem, agus a Phríomhfheidhmeannach, Vladimir Rashevsky; an tUasal Mazepin de chuid Uralchem; agus an tUasal Moshe Kantor de chuid ACRON, tá siad ar liosta smachtbhannaí an Aontais. Cé nach ndearna na smachtbhannaí aonair difear díreach do na cuideachtaí Rúiseacha sin, d’fhéadfadh sé difear a dhéanamh d’allmhairí a thagann ón Rúis. Is fiú a thabhairt faoi deara, áfach, go raibh leibhéil shuntasacha allmhairí fós ag teacht ón Rúis in 2022 (gan aon laghdú orthu, beagnach). Go deimhin, tháinig laghdú ar leibhéil allmhairí sa chéad leath de 2022 i gcomparáid le 2019. I mí an Mheithimh 2022 amháin, bhí méid na n-allmhairí ón Rúis níos mó ná an méid sa chéad leath de 2021 ar fad.

    (14)

    Is foinse eile allmhairí chuig an Aontas í an Bhealarúis, ach cuireadh deireadh leis sin freisin toisc go bhfuil príomhtháirgeoir na Bealarúise, Grodno Azot, ar liosta smachtbhannaí an Aontais ó bhí an 2 Nollaig 2021 ann.

    (15)

    An 12 Márta 2022, d’fhógair an tAire um Beartas Talúntais na hÚcráine, Roman Leschenko, toirmeasc freisin ar onnmhairiú leasachán – UAN san áireamh.

    (16)

    Ar bhonn an mhéid thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhféadfaí le réasún a bheith ag súil leis go mbeidh Oileán na Tríonóide agus Tobága fós ina phríomhfhoinse allmhairí UAN don Aontas.

    (17)

    Agus na sonraí do 2021 á scrúdú, i bhfianaise an laghdaithe ar allmhairí agus an éilimh sheasta a mheastar in aithris (9), ba cheart do thionscal an Aontais a dhíolacháin a mhéadú faoi thart ar 31 %, i gcomparáid lena ndíolacháin sa TI bunaidh, arbh ionann é sin agus 821 000 tona san iomlán. Ach de réir na faisnéise a bailíodh maidir le soláthar thionscal an Aontais, cé gur tháinig méadú suntasach ar tháirgeacht i ndiaidh na bearta a fhorchur, níor leor méadú den sórt sin chun an laghdú ar allmhairí a chúiteamh go hiomlán. Tháinig méadú thart ar 17 % ar an meán ar dhíolacháin thionscal an Aontais ar mhargadh an Aontais, arb ionann é agus thart ar 450 000 tona. Ós rud é, mar a luaitear in aithris (9), go raibh an t-éileamh ar UAN san Aontas fós réasúnta cobhsaí ó bhí an tréimhse imscrúdúcháin bhunaidh ann, níl an bhearna soláthair a cruthaíodh de bharr méid níos ísle allmhairí á líonadh go hiomlán leis an méadú ar dhíolacháin thionscal an Aontais, agus dá bharr sin meastar gurb é thart ar 371 000 tona an éagothroime idir soláthar agus éileamh in 2021.

    (18)

    Maidir leis na sonraí do 2022, mar a chuir Copa-Cogeca ar fáil ina mbarúlacha faoin nochtadh, is cosúil gur ghearr tionscal an Aontais siar go mór ar a chuid táirgthe. An bhearna soláthair a cruthaíodh dá bharr sin, bhí sí chomh mór sin nárbh fhéidir leis an méadú ar allmhairí sa chéad leath de 2022, a phléitear in aithris (10) thuas, í a chúiteamh.

    (19)

    Is féidir teacht ar an gconclúid gur tháinig éagothroime shealadach chun cinn idir soláthar agus éileamh ar mhargadh an Aontais i ndiaidh an imscrúdaithe bunaidh.

    (20)

    Suíodh praghas margaidh UAN an Aontais (‘praghas UAN’) trí úsáid a bhaint as meánphraghas UAN 30 ex-tanc Rouen, arb é an praghas margaidh ionadaíoch is mó clú san Eoraip é, agus is í an Fhrainc an tír is mó a úsáideann UAN san Aontas Eorpach. Tháinig méadú mór ar phraghas UAN san Aontas sa dara leath de 2021. Mhéadaigh praghsanna níos mó ná faoi dhó i gcaitheamh na sé mhí sin, agus bhí siad beagnach ceithre huaire níos airde i mí na Nollag 2021 ná mar a bhí le linn na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh. Ba é meánphraghas UAN le linn na tréimhse imscrúdúcháin bunaidh 154 EUR/tona, agus shroich sé EUR 598/tona i mí na Nollag 2021.

    (21)

    Is cosúil gurb é an príomhchúis leis an méadú sin ar phraghsanna an t-ardú ar phraghsanna gáis nádúrtha agus, de réir na faisnéise a bailíodh i measc tháirgeoirí an Aontais, is cion suntasach de chostais táirgthe UAN é sin. Ó bhí an tréimhse imscrúdúcháin bhunaidh ann, tháinig méadú beagnach 400 % ar mheánphraghsanna gáis nádúrtha san Aontas, is é sin ó 6.53 USD/MMBtu (4) go dtí 32.23 USD/MMBtu sa ráithe dheireanach de 2021.

    (22)

    Tháinig méadú freisin ar phraghsanna allmhairiúcháin UAN freisin, ach ní raibh sé chomh mór leis an méadú ar phraghsanna thionscal an Aontais. Le linn 2021, bhí praghsanna ó Oileán na Tríonóide agus Tobága agus ón Rúis níos ísle i gcónaí ná praghsanna margaidh UAN a foilsíodh. Sa chéad dhá ráithe de 2022 b’amhlaidh an scéal cé is moite d’Oileán na Tríonóide agus Tobága, a raibh a phraghsanna beagáinín os cionn phraghsanna margaidh UAN foilsithe sa dara ráithe de 2022.

    Tábla 2

    Praghsanna allmhairiúcháin agus UAN 30 ex-tank Rouen atá foilsithe

    (in EUR)

     

    TI (An 1 Iúil 2017 go dtí an 30 Meitheamh 2018)

    2021 R1

    2021 R2

    2021 R3

    2021 R4

    2022 R1

    2022 R2

    Allmhairí ó Oileán na Tríonóide agus Tobága

    140

    166

    229

    222

    323

    569

    700

    Allmhairí ón Rúis

    126

    147

    N/B

    269

    302

    483

    451

    Allmhairí ó na Stáit Aontaithe

    124

    N/B

    N/B

    N/B

    N/B

    N/B

    653

    Allmhairí eile

    129

    164

    220

    253

    303

    577

    547

    Rouen (na Fraince) UAN 30 ex tanc

    154

    255

    237

    318

    591

    695

    689

    Foinse: an bun-Rialachán, Eurostat agus Fertecon

    (23)

    Mar a luadh in aithrisí (17) agus (18), ní raibh an soláthar ar mhargadh an Aontais in ann an t-éileamh a shásamh, éileamh a mheastar a bheith réasúnta cobhsaí. Is dócha gur tháinig méadú ar phraghsanna mar gheall air sin, mar aon le méadú mór ar chostais na n-amhábhar.

    (24)

    Tá ualach airgeadais ar úsáideoirí mar gheall ar an méadú sin ar phraghas UAN, ós rud é nach féidir leasacháin nítrigine eile a chur in áit UAN go héasca. Is ábhar leachtach é UAN agus tá feirmeoirí a cheannaíonn UAN faoi réir éifeacht ghlasála mar gheall ar an trealamh is gá a úsáidtear chun an leacht sin a dháileadh. Tá trealamh éagsúil ag teastáil ó fheirmeoirí a úsáideann leasacháin nítrigine. Thairis sin, méid UAN atá ag teastáil ó fheirmeoirí, tá sé neamhleaisteach. Le linn an timthrialla plandaí, tá solúbthacht áirithe ag feirmeoirí maidir leis an am a bhaineann le UAN a úsáid, ach ní féidir leo méid iomlán UAN a laghdú go mór gan an fómhar a chur i mbaol agus riosca a chruthú go laghdófar cáilíocht.

    (25)

    Ar bhonn na gcúiseanna a leagtar amach thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil athrú sealadach tagtha ar dhálaí an mhargaidh ó bhí an TI bunaidh ann sa mhéid is nach leor an soláthar chun an t-éileamh a shásamh agus go bhfuil na praghsanna níos airde.

    (26)

    Tar éis an nochta, mhaígh Interore agus Copa-Cogeca arís, mar gheall ar phraghsanna gáis arda san Aontas, nár mhéadaigh tionscal an Aontais a tháirgeacht chun dul in ionad na n-allmhairí agus, dá bhrí sin, go raibh na hallmhairí ó SAM agus ó Oileán na Tríonóide agus Tobága fós ag teastáil ó úsáideoirí UAN. Thairis sin, mhaígh Copa-Cogeca go bhfuil easpa iomaíochta ar mhargadh an Aontais.

    (27)

    Mar a leagtar amach in aithris (25), d’aithin an Coimisiún nach bhféadfadh an soláthar an t-éileamh a shásamh agus gur tháinig méadú ar phraghsanna UAN. Ós rud é nár thug Copa-Cogeca aon fhianaise chun tacú leis an easpa iomaíochta, diúltaíodh don mhaíomh sin.

    3.   AN DÓCHÚLACHT GO dTARLÓIDH AN DÍOBHÁIL ARÍS

    (28)

    An anailís ar an bhfaisnéis bhreise a d’iarr an Coimisiún ar Fertilizers Europe, arbh é an gearánach é san imscrúdú bunaidh, chun scrúdú a dhéanamh lena fháil amach an dócha go dtarlódh díobháil arís mar thoradh ar an bhfionraí, de bhun Airteagal 14(4) den bhun-Rialachán, léirigh an anailís sin go bhfuil tionscal an Aontais fós i staid díobhálach faoi láthair.

    (29)

    D’ainneoin an ardaithe ar phraghsanna UAN, bhí tionchar diúltach mór ag an méadú comhthreomhar ar phraghsanna gáis nádúrtha ar bhrabúsacht thionscal an Aontais. Chuir Fertilizers Europe sonraí ar fáil don chéad trí ráithe de 2021 maidir le costais UAN a díoladh, na praghsanna a bhí ann roimhe sin, chomh maith le figiúirí brabúsachta do tháirgeoirí an Aontais a bhfuil 65 % de tháirgeacht iomlán thionscal an Aontais acu. Léirigh na sonraí sin go soiléir go raibh brabúsacht ag titim, rud a d’fhág go raibh caillteanas de -9 % ar an meán ann sa tríú ráithe de 2021.

    (30)

    Chun a thorthaí a thabhairt cothrom le dáta, rinne an Coimisiún ionsamhlúcháin maidir le forbairt bhrabúsacht thionscal an Aontais dá ndéanfaí na bearta reatha a chur ar fionraí. Rinneadh na torthaí sin a thabhairt cothrom le dáta trí úsáid a bhaint as treochtaí i bpraghsanna gáis nádúrtha (an rud is mó ar fad a bhfuil tionchar aige ar chostas) agus i bpraghas UAN idir an chéad ráithe de 2021 agus an dara ráithe de 2022. Baineadh úsáid as na treochtaí sin chun costais iarbhír an táirgthe agus láimhdeachas comhfhreagrach Thionscal an Aontais a thabhairt cothrom le dáta chun a staid a léiriú suas go dtí an dara ráithe de 2022. An caillteanas a bhain do thionscal an Aontais sa tríú ráithe de 2021, léiríonn an t-eolas is déanaí go bhfuil sé fós ann sa chéad leath de 2022.

    (31)

    Thairis sin, ar bhonn na mbarúlacha maidir leis an nochtadh, is léir go bhfuil staid iarbhír thionscal an Aontais níos measa ná mar a measadh leis an ionsamhlúchán. Cé gur glacadh leis san ionsamhlúchán go mbeadh táirgeacht agus díolacháin thionscal an Aontais cobhsaí, dá gclisfí táirgeacht agus díolacháin thionscal an Aontais in 2022, mar a chuir Copa-Cogeca in iúl, dhéanfadh sé sin staid thionscal an Aontais níos measa. Is é an chúis atá leis sin forbairt praghsanna gáis nádúrtha agus praghsanna UAN. Mhéadaigh praghas UAN ar feadh tamaill agus bhain sé a bhuaic amach i mí an Mhárta 2022 (875 EUR/tona). Ansin thosaigh praghas UAN ag titim agus shroich sé 595 EUR/tona i mí an Mheithimh 2022. Níl aon eolas ag an gCoimisiún a chuirfeadh le fios go dtiocfaidh méadú ar phraghsanna UAN sna míonna amach romhainn. Os a choinne sin, d’fhan praghsanna gáis nádúrtha ag leibhéal ard sa ráithe dheireanach de 2021 agus sa chéad dá ráithe de 2022 (32.34 USD/MMBtu ar an meán). Cé gur tháinig laghdú beag ar phraghsanna gáis nádúrtha i mí na Bealtaine (29.8 USC/MMBtu), tháinig méadú orthu ina dhiaidh sin. I mí an Mheithimh, bhí siad ag 34.4 USD/MMBtu arís agus tá coinne leis go dtiocfaidh méadú níos suntasaí fós orthu go dtí go mbeidh siad os cionn 50 USD/MMBtu (5).

    (32)

    Sna himthosca sin, ní hamháin nach raibh táirgeoirí an Aontais in ann táirgeacht a mhéadú chun na hallmhairí a cailleadh in 2021 a chúiteamh go hiomlán, bhí orthu srian a chur le táirgeacht, mar a léiríonn líon na línte táirgthe a dúnadh go páirteach. Sna barúlacha uaidh maidir le nochtadh, luaigh Copa-Cogeca féin nach raibh praghsanna UAN i mí Mheán Fómhair 2022 in ann costas an gháis a theastaíonn chun UAN a tháirgeadh a chumhdach. Ós rud é go raibh cuid de na costais os cionn praghsanna díola UAN ar mhargadh an Aontais cheana féin agus go raibh méadú suntasach tagtha ar chostais sheasta in aghaidh an aonaid táirgthe mar gheall ar an laghdú ar tháirgeacht, níl aon amhras ann go raibh díobháil ábhartha fós á déanamh do thionscal an Aontais.

    (33)

    Tar éis an nochta, chuir Fertilizers Europe in iúl arís go raibh coinne leis go mbeadh praghas an gháis san Aontas fós ard sa cheathrú ráithe de 2022 agus go mbeadh allmhairí fós ag déanamh díobháil do thionscal an Aontais.

    (34)

    Tar éis an nochta, le linn éisteachta, luaigh Copa-Cogeca gur cheart don Choimisiún, i gcás a mheasúnaithe ar an dóchúlacht do dtarlódh an díobháil arís, anailís a dhéanamh ar dhíolacháin agus brabúsacht thionscal an Aontais i ndiaidh na chéad aighneachta a rinne Copa-Cogeca, i.e. ó mhí Iúil 2021 ar aghaidh.

    (35)

    Maidir leis sin, luaigh an Coimisiún nach féidir gníomh seasta a bheith i gcinneadh chun bearta frithdhumpála a chur ar fionraí. Bhí margadh UAN an Aontais an-luaineach sa tréimhse tar éis do Copa-Cogeca a chéad aighneacht a dhéanamh, rud a dhéanann difear don mheasúnú ar dhálaí an mhargaidh agus ar an dóchúlacht go dtosófaí an díobháil arís. An fhaisnéis a chuir Copa-Cogeca ar fáil ar dtús, measadh go raibh sí as dáta agus go raibh faisnéis bhreise riachtanach. An fhaisnéis bhreise a fuarthas ó thionscal an Aontais, léirigh sí go raibh táirgeoirí an Aontais buailte ag caillteanais airgeadais. Go deimhin, ghlac Copa-Cogeca go bhfuil díobháil á déanamh do thionscal an Aontais in 2022. Sna barúlacha uaidh maidir le nochtadh, luaigh Copa-Cogeca féin gur “a mhéid a bhaineann sé le tionscal an Aontais, tháinig laghdú mór ar a dhíolachán in 2022” agus “faoi dhálaí an mhargaidh atá ann faoi láthair, níl sé brabúsach gás nádúrtha a phróiseáil ina UAN. Mar sin, luíonn sé le loighic go ndearnadh saoráidí UAN uile san Aontas a chur as feidhm.”

    (36)

    Ina theannta sin, le linn éisteachta, mhaígh Copa-Cogeca go raibh easpa trédhearcachta agus ionadaíochta ag baint leis na sonraí brabúsachta a chuir tionscal an Aontais ar fáil. Mar a luaitear in aithris (29), fuair an Coimisiún sonraí a léirigh go raibh staid chaillteanais ag baint le táirgeoirí comhoibríocha an Aontais, táirgeoirí a bhfuil formhór tháirgeacht an Aontais acu. Bhí an figiúr brabúsachta sin bunaithe ar láimhdeachas agus costais UAN tháirgeoirí an Aontais. Ós rud é go raibh an fhaisnéis sin faoi rún, ní fhéadfaí ach figiúr comhiomlánaithe a nochtadh do tháirgeoirí comhoibríocha uile an Aontais. Thairis sin, mar a luaitear in aithrisí (32) agus (35) thuas, is cosúil nach bhfuil Copa-Cogeca féin ag cur ina choinne go bhfuil díobháil ábhartha á déanamh do thionscal an Aontais.

    (37)

    Tar éis an nochta, mhaígh Copa-Cogeca go mbeadh sé i gcoinne leas an Aontais leanúint de na bearta agus go mbeadh tionchar diúltach aige sin ar tháirgeadh bia san Aontas. Mheabhraigh an Coimisiún nach bhféadfar bearta faoi Airteagal 14(4) den bhun-Rialachán a chur ar fionraí ar mhaithe le leas an Aontais ach amháin más rud é nach dócha go dtosódh díobháil arís mar thoradh ar an bhfionraí. I bhfianaise staid thionscal an Aontais i mí Mheán Fómhair 2022, mar a d’aithin Copa-Cogeca ina mbarúlacha maidir leis an nochtadh a bhfuil achoimre orthu in aithrisí (32) and (35) above, lean tionscal an Aontais de bheith ag tabhú caillteanas airgeadais agus, dá bhrí sin, ba dhócha go rachadh an díobháil in olcas i gcás ina gcuirfí na bearta ar fionraí, agus ó tharla sin amhlaidh níor comhlíonadh na coinníollacha maidir le fionraí, agus níor mheas an Coimisiún gur ghá meastóireacht a dhéanamh ar leas an Aontais faoi Airteagal 14(4) den bhun-Rialachán.

    (38)

    Líomhain Copa-Cogeca nach bhfuil gá le bearta cosanta ós rud é nach bhfuil tionscal an Aontais in ann aon UAN a tháirgeadh faoi láthair toisc go bhfuil an praghas gáis i bhfad níos airde ná praghas UAN agus dá bhrí sin tá laghdú suntasach tagtha ar aschur UAN san Aontas.

    (39)

    Mar sin féin, thug an Coimisiún dá aire gur sholáthair Copa-Cogeca sonraí a léiríonn go bhfuil UAN á tháirgeadh fós san Aontas agus go bhfuil díobháil ábhartha á déanamh do thionscal an Aontais. Dá bhrí sin, diúltaíodh don mhaíomh sin.

    4.   CONCLÚID

    (40)

    Tá athrú sealadach tagtha ar dhálaí an mhargaidh sa mhéid nach leor an soláthar UAN ar mhargadh an Aontais faoi láthair ar phraghsanna inacmhainne chun freastal ar an éileamh seasta. Is é is cúis leis sin, den chuid is mó, go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar allmhairí UAN agus ní féidir le táirgeoirí an Aontais na méideanna allmhairí a cailleadh a chúiteamh go hiomlán, mar gheall ar mhéadú mór ar chostas an táirgthe.

    (41)

    Go deimhin, is é an rud atá taobh thiar de phraghsanna arda UAN atá ann faoi láthair na praghsanna arda atá ar an ngás nádúrtha faoi láthair, praghsanna is airde ná riamh. Is é gás an príomh-amhábhar chun UAN a tháirgeadh. De bharr na bpraghsanna gáis as cuimse sin, bhí tionscal an Aontais ag déanamh caillteanais sa tríú ráithe de 2021. Níorbh fhéidir an méadú sin ar chostais a chur ar aghaidh chuig custaiméirí ar dhá chúis. Ar an gcéad dul síos, mar gheall ar an tsolúbthacht a luaitear in aithris (24), chinn feirmeoirí a gceannach UAN a chur siar chuig an séasúr leasacháin (an t-earrach). Ar an dara dul síos, mar gheall ar an mbrú leanúnach ar phraghsanna atá ann de bharr allmhairí, mar a léirítear i dTábla 2 thuas. Thairis sin, mar a d’aithin na páirtithe, faoi dhálaí an mhargaidh mar atá siad faoi láthair ní féidir le tionscal an Aontais UAN a tháirgeadh agus a dhíol ar bhrabús agus, dá bhrí sin, tá cuid shuntasach dá acmhainneacht táirgeachta gan úsáid. Tá tásca ann freisin gur measa fós a bheadh staid thionscal an Aontais dá gcuirfí an fhionraí i bhfeidhm. Mar thoradh ar allmhairí dumpáilte ar phraghsanna ísle ó na tíortha lena mbaineann, go háirithe Oileán na Tríonóide agus Tobága, bheadh brú breise ar phraghsanna thionscal an Aontais agus is é an riosca a bheadh ann dá bharr go ndéanfaí praghsanna a chreimeadh ar mhargadh an Aontais.

    (42)

    Ós rud é gur léiríodh sa scrúdú ar fhorbairtí i ndiaidh na tréimhse imscrúdúcháin gur bhain staid dhíobhálach do thionscal an Aontais go fóill, níorbh fhéidir leis an gCoimisiún teacht ar an gconclúid go raibh athrú sealadach tagtha ar dhálaí margaidh a mhéid nach dócha go ndéanfaí díobháil arís de bharr fionraí de bhun Airteagal 14(4) den bhun-Rialachán. Tá an cinneadh seo gan dochar do cheart an Choimisiúin cinneadh a dhéanamh de bhun Airteagal 14(4) den bhun-Rialachán, dá dtiocfadh athrú ar chúrsaí amach anseo.

    (43)

    Dá bhrí sin, na dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha ar allmhairí meascáin d’úire agus níotráit amóiniam de thionscnamh na Rúise, Oileán na Tríonóide agus Tobága agus Stáit Aontaithe Mheiriceá arna bhforchur le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1688 ón gCoimisiún, chinn an Coimisiún gan na dleachtanna sin a chur ar fionraí.

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Na coinníollacha chun an dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1688 maidir le hallmhairí meascáin d’úiré agus níotráit amóiniam de thionscnamh na Rúise, Oileán na Tríonóide agus Tobága agus Stáit Aontaithe Mheiriceá a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 14(4) de Rialachán (AE) 2016/1036, ní chomhlíontar iad.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Deireadh Fómhair 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

    (2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1688 ón gCoimisiún an 8 Deireadh Fómhair 2019 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí meascáin d’úire agus níotráit amóiniam de thionscnamh na Rúise, Oileán na Tríonóide agus Tobága agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, IO L 258, 9.10.2019, lch. 21.

    (3)  https://www.reuters.com/article/ukraine-crisis-russia-fertilizers-idINL2N2V71JG

    (4)  MMBtu: Metric Million British Thermal Unit (Milliún Méadrach Teas-Aonad Briotanach).

    (5)  Ar bhonn phraghas todhchaíochtaí gáis TTF na hÍsiltíre, arb é an praghas seachadta é ag an tSaoráid Aistrithe Teideal san Ísiltír. Is é TTF na hÍsiltíre an t-innéacs margaidh a úsáideann an Banc Domhanda chun an praghas gáis stairiúil a ríomh.


    Início