Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1994

    Cinneadh (AE) 2022/1994 ón gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Fhochoiste um Thásca Geografacha arna bhunú leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann lena rialacha nós imeachta a ghlacadh

    ST/12753/2022/INIT

    IO L 273, 21.10.2022, p. 20–21 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 21/10/2022

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1994/oj

    21.10.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 273/20


    CINNEADH (AE) 2022/1994 ÓN gCOMHAIRLE

    an 17 Deireadh Fómhair 2022

    maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Fhochoiste um Thásca Geografacha arna bhunú leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann lena rialacha nós imeachta a ghlacadh

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An Comhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile (1) (“an Comhaontú”), thug an tAontas i gcrích é trí bhíthin Chinnidh (AE) 2018/104 (2) ón gComhairle, cuireadh i bhfeidhm ar bhonn sealadach é ón 1 Meitheamh 2018 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Márta 2021.

    (2)

    De bhun Airteagal 240(2) den Chomhaontú, féadfaidh an Fochoiste um Thásca Geografacha (“an Fochoiste”) a rialacha nós imeachta féin a chinneadh.

    (3)

    Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Fhochoiste a bhunú a mhéid a bhaineann lena rialacha nós imeachta, ós rud é go mbeidh na rialacha sin ina gceangal ar an Aontas.

    (4)

    Chun cur chun feidhme éifeachtach an Chomhaontaithe a áirithiú, ba cheart rialacha nós imeachta an Fhochoiste a ghlacadh.

    (5)

    Ba cheart, dá bhrí sin, seasamh an Aontais san Fhochoiste a bheith bunaithe ar dréachtchinneadh ón bhFochoiste sin atá i gceangal leis an gCinneadh seo,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Maidir le seasamh an Aontais san Fhochoiste um Thásca Geografacha a mhéid a bhaineann lena rialacha nós imeachta a ghlacadh, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ón bhFochoiste atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 17 Deireadh Fómhair 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. BORRELL FONTELLES


    (1)   IO L 23, 26.1.2018, lch. 4.

    (2)  Cinneadh (AE) 2018/104 ón gComhairle an 20 Samhain 2017 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Chuimsithigh Fheabhsaithe idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a mBallstáit, de pháirt, agus Poblacht na hAirméine, den pháirt eile (IO L 23, 26.1.2018, lch. 1).


    Top