Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1987

    Cinneadh (AE) 2022/1987 ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2022 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Rialtas na Malaeisia, den pháirt eile

    ST/11715/2022/INIT

    IO L 273, 21.10.2022, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1987/oj

    21.10.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 273/1


    CINNEADH (AE) 2022/1987 ÓN gCOMHAIRLE

    an 13 Deireadh Fómhair 2022

    maidir le síniú, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Rialtas na Malaeisia, den pháirt eile

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 209, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 25 Samhain 2004, d’údaraigh an Chomhairle don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht leis an Malaeisia i ndáil le Creat-Chomhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Rialtas na Malaeisia, den pháirt eile (an “Comhaontú”).

    (2)

    Tugadh an chaibidlíocht maidir leis an gComhaontú i gcrích go rathúil nuair a cuireadh inisealacha leis an gComhaontú an 6 Aibreán 2016 in Putrajaya na Malaeisia.

    (3)

    Dheimhnigh na hidirbheartaithe a gcomhthuiscint, i gcomhréir le Bunreacht Chónaidhme na Malaeisia, go bhfuil sé beartaithe ag Rialtas na Malaeisia, trína shíniú, ceangal a chur ar an Malaeisia ina hiomláine i ndáil leis an gComhaontú.

    (4)

    Is é cuspóir an Chomhaontaithe comhpháirtíocht neartaithe idir an tAontas agus an Mhalaeisia a bhunú agus comhar a dhoimhniú agus a fheabhsú maidir le saincheisteanna leasa fhrithpháirtigh, lena n-áirítear cearta an duine, neamhleathadh arm ollscriosta, comhrac na sceimhlitheoireachta, an comhrac in aghaidh an éillithe agus na coireachta eagraithe, trádáil, imirce, an comhshaol, fuinneamh, an t-athrú aeráide, iompar, eolaíocht agus teicneolaíocht, fostaíocht agus gnóthaí sóisialta, oideachas agus talmhaíocht.

    (5)

    Mar sin, ba cheart an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais, faoi réir a thabhairt i gcrích ag tráth níos faide anonn,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Déantar leis seo síniú an Chreat-Chomhaontaithe Comhpháirtíochta agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus Rialtas na Malaeisia, den pháirt eile (an “Comhaontú”), a fhormheas thar ceann an Aontais, faoi réir thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe (1).

    Airteagal 2

    Údaraítear leis seo d’Uachtarán na Comhairle an duine nó na daoine a ainmniú a bhfuil sé de chumhacht aige nó acu an Comhaontú a shíniú thar ceann an Aontais.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 13 Deireadh Fómhair 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    P. BLAŽEK


    (1)  Foilseofar téacs an Chomhaontaithe in éineacht leis an gcinneadh maidir lena thabhairt i gcrích.


    Top