This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D1971
Council Decision (CFSP) 2022/1971 of 17 October 2022 amending Decision (CFSP) 2022/338 on an assistance measure under the European Peace Facility for the supply to the Ukrainian Armed Forces of military equipment, and platforms, designed to deliver lethal force
Cinneadh (CBES) 2022/1971 ón gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun trealamh míleata agus ardáin mhíleata a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh
Cinneadh (CBES) 2022/1971 ón gComhairle an 17 Deireadh Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun trealamh míleata agus ardáin mhíleata a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh
ST/13357/2022/INIT
IO L 270, 18.10.2022, pp. 95–96
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
18.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 270/95 |
CINNEADH (CBES) 2022/1971 ÓN gCOMHAIRLE
an 17 Deireadh Fómhair 2022
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun trealamh míleata agus ardáin mhíleata a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 41(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 28 Feabhra 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/338 (1), lenar bunaíodh beart cúnaimh ag a bhfuil méid tagartha airgeadais EUR 450 000 000 atá beartaithe chun soláthar trealaimh mhíleata agus ardán míleata d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh a chumhdach. |
|
(2) |
An 23 Márta 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/471 (2) lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338, lenar méadaíodh an méid tagartha airgeadais go EUR 900 000 000. |
|
(3) |
An 13 Aibreán 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/636 (3) lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338, lenar méadaíodh an méid tagartha airgeadais go EUR 1 350 000 000. |
|
(4) |
An 23 Bealtaine 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/809 (4) lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338, lenar méadaíodh an méid tagartha airgeadais go EUR 1 840 000 000. |
|
(5) |
An 21 Iúil 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/1285 (5) lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338, lenar méadaíodh an méid tagartha airgeadais go EUR 2 330 000 000. |
|
(6) |
I bhfianaise an fhogha armtha leanúnaigh atá á thabhairt ag Cónaidhm na Rúise faoin Úcráin, ba cheart EUR 490 000 000 breise a chur leis an méid tagartha airgeadais. |
|
(7) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2022/338 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: “3. Chun an cuspóir a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, maoineofar leis an mBeart Cúnaimh soláthar trealaimh mhíleata agus ardán míleata d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh chomh maith le trealamh míleata agus ardáin mhíleata arna ndeonú leis an tSaoráid Eorpach Síochána a chothabháil agus a dheisiú, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh, ag pearsanra míleata ar láithreáin mhíleata, nó i gcineálacha measctha comhair shibhialta-mhíleata nó i monarchana, arna iarraidh sin don Úcráin.”; |
|
(2) |
in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. EUR 2 820 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá beartaithe chun an caiteachas a bhaineann leis an mBeart Cúnaimh a chumhdach.”; |
|
(3) |
in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: “3. I gcomhréir le hAirteagal 29(5) de Chinneadh (CBES) 2021/509, féadfaidh an riarthóir um bearta cúnaimh glao ar ranníocaíochtaí a dhéanamh tar éis ghlacadh an Chinnidh seo, suas go EUR 2 820 000 000. Ní úsáidfear na cistí a ghlaofaidh an riarthóir um bearta cúnaimh ach chun caiteachas a íoc laistigh de na teorainneacha arna bhformheas ag an gCoiste arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 i mbuiséad leasaitheach 2022 agus sna buiséid do na blianta ina dhiaidh sin a chomhfhreagraíonn don Bheart Cúnaimh.”; |
|
(4) |
in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4: “4. Beidh an caiteachas a bhaineann leis an mBeart Cúnaimh a chur chun feidhme cáilithe amhail ón 1 Eanáir 2022 agus go dtí dáta a chinnfidh an Chomhairle. Is é EUR 450 000 000 a bheidh san uaschaiteachas incháilithe arna thabhú roimh an 11 Márta 2022. Beidh méid EUR 980 000 000 incháilithe ón 21 Iúil 2022. Beidh caiteachas a bhaineann le cothabháil agus deisiú incháilithe ón 17 Deireadh Fómhair 2022.”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 17 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Cinneadh (CBES) 2022/338 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun trealamh míleata agus ardáin mhíleata a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh (IO L 60, 28.2.2022, lch. 1).
(2) Cinneadh (CBES) 2022/471 ón gComhairle an 23 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun trealamh míleata agus ardáin mhíleata a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh (IO L 96, 24.3.2022, lch. 43).
(3) Cinneadh (CBES) 2022/636 ón gComhairle an 13 Aibreán 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na hÚcráine (IO L 117, 19.4.2022. lch. 34).
(4) Cinneadh (CBES) 2022/809 ón gComhairle an 23 Bealtaine 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun trealamh míleata agus ardáin mhíleata a sholáthard’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, a cheaptar chun fórsa marfach a sheachadadh (IO L 145, 24.5.2022, lch. 40).
(5) Cinneadh (CBES) 2022/1285 ón gComhairle an 21 Iúil 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/338 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun trealamh míleata agus ardáin mhíleata a sholáthar d’Fhórsaí Armtha na hÚcráine, atá ceaptha chun fórsa marfach a sheachadadh (IO L 195, 22.7.2022, lch. 93)