This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D1951
Council Decision (EU) 2022/1951 of 13 October 2022 appointing the Secretary-General of the Council of the European Union for the period from 1 November 2022 to 31 October 2027
Cinneadh (AE) 2022/1951 ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2022 lena gceaptar Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh don tréimhse ón 1 Samhain 2022 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2027
Cinneadh (AE) 2022/1951 ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2022 lena gceaptar Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh don tréimhse ón 1 Samhain 2022 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2027
ST/13361/2022/INIT
IO L 269, 17.10.2022, p. 9–9
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
17.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 269/9 |
CINNEADH (AE) 2022/1951 ÓN gCOMHAIRLE
an 13 Deireadh Fómhair 2022
lena gceaptar Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh don tréimhse ón 1 Samhain 2022 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2027
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 240(2), an chéad fhomhír, de,
De bharr gur cheart Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh a cheapadh don tréimhse ón 1 Samhain 2022 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2027,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar Thérèse BLANCHET mar Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh don tréimhse ón 1 Samhain 2022 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2027.
Airteagal 2
Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle fógra do Thérèse BLANCHET faoin gCinneadh seo.
Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an dáta a dtabharfar fógra faoi.
Airteagal 3
Foilseofar an Cinneadh seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 13 Deireadh Fómhair 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
P. BLAŽEK