Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1919

Cinneadh (CBES) 2022/1919 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 6 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Ceannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh a cheapadh ar Mhisean Míleata CBSC an Aontais Eorpaigh le haghaidh Oiliúint Mhíleata i bPoblacht na hAfraice Láir (EUTM RCA) agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2022/105 (EUTM RCA/3/2022)

ST/12979/2022/INIT

IO L 263, 10.10.2022, pp. 19–20 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 06/10/2023; Arna aisghairm le 32023D2112

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1919/oj

10.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 263/19


CINNEADH (CBES) 2022/1919 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA

an 6 Deireadh Fómhair 2022

maidir le Ceannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh a cheapadh ar Mhisean Míleata CBSC an Aontais Eorpaigh le haghaidh Oiliúint Mhíleata i bPoblacht na hAfraice Láir (EUTM RCA) agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2022/105 (EUTM RCA/3/2022)

TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38 de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2016/610 ón gComhairle an 19 Aibreán 2016 maidir le Misean CBSC an Aontais Eorpaigh le haghaidh Oiliúint Mhíleata i bPoblacht na hAfraice Láir (EUTM RCA) (1), agus go háirithe Airteagal 5(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Trí bhíthin Chinneadh (CBES) 2016/610, d’údaraigh an Chomhairle don Choiste Polaitiúil agus Slándála, i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chonradh, na cinntí ábhartha a bhaineann le rialú polaitiúil agus treoshuíomh straitéiseach Mhisean Míleata CBSC an Aontais Eorpaigh le haghaidh Oiliúint Mhíleata i bPoblacht na hAfraice Láir (EUTM RCA) a dhéanamh, lena n-áirítear na cinntí maidir le Ceannasaithe Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh ar EUTM RCA a cheapadh ina dhiaidh sin.

(2)

An 19 Eanáir 2022, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2022/105 (2) lena gceaptar an Briogáidire-Ghinearál Jacky CABO mar Cheannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh ar EUTM RCA.

(3)

An 28 Iúil 2022, trí bhíthin Chinneadh (CBES) 2022/1334 (3) chuir an Chomhairle síneadh le sainordú EUTM RCA go dtí an 20 Meán Fómhair 2023.

(4)

An 16 Meán Fómhair 2022, mhol údaráis mhíleata na Portaingéile go gceapfaí an Briogáidire-Ghinearál Lino Loureiro GONÇALVES mar chéad Cheannasaí Fórsa eile an Aontais Eorpaigh ar Misean EUTM RCA eile a luaithe is féidir. Thacaigh Ceannasaí Mhisean an Aontais Eorpaigh leis an togra sin.

(5)

An 23 Meán Fómhair 2022, d’aontaigh Coiste Míleata an Aontais Eorpaigh leis an moladh go bhformheasfadh an Coiste Polaitiúil agus Slándála an togra ó údaráis mhíleata na Portaingéile.

(6)

Ba cheart cinneadh a dhéanamh maidir leis an mBriogáidire-Ghinearál Lino Loureiro GONÇALVES a cheapadh mar Cheannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh ar EUTM RCA.

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2022/105 a aisghairm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar an Briogáidire-Ghinearál Lino Loureiro GONÇALVES mar Cheannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh ar Mhisean CBSC an Aontais Eorpaigh le haghaidh Oiliúint Mhíleata i bPoblacht na hAfraice Láir (EUTM RCA) amhail ón 10 Deireadh Fómhair 2022.

Airteagal 2

Leis seo, déantar Cinneadh (CBES) 2022/105 a aisghairm.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 10 Deireadh Fómhair 2022.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Deireadh Fómhair 2022.

Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála

D. PRONK

An Cathaoirleach


(1)   IO L 104, 20.4.2016, lch. 21.

(2)  Cinneadh (CBES) 2022/105 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 19 Eanáir 2022 maidir le Ceannasaí Fórsa Mhisean an Aontais Eorpaigh a cheapadh ar Mhisean CBSC an Aontais Eorpaigh le haghaidh Oiliúint Mhíleata i bPoblacht na hAfraice Láir (EUTM RCA) agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2021/1435 (EUTM RCA/1/2022) (IO L 18, 27.1.2022, lch. 9).

(3)  Cinneadh (CBES) 2022/1334 ón gComhairle an 28 Iúil 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2016/610 maidir le Misean CBES an Aontais Eorpaigh le haghaidh Oiliúint Mhíleata i bPoblacht na hAfraice Láir (EUTM RCA) (IO L 201, 1.8.2022, p. 27).


Top