Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1910

    Cinneadh (AE) 2022/1910 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2022 a bhaineann le tabhairt i gcrích na leasuithe ar an gComhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992

    ST/7978/2022/INIT

    IO L 261, 7.10.2022, p. 1–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1910/oj

    7.10.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 261/1


    CINNEADH (AE) 2022/1910 ÓN gCOMHAIRLE

    an 29 Meán Fómhair 2022

    a bhaineann le tabhairt i gcrích na leasuithe ar an gComhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a) (v), de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Is páirtí é an tAontas sa Chomhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992 (“an Comhaontú”), a thug an tAontas i gcrích le Cinneadh 92/580/CEE ón gComhairle (1), agus is ball é den Eagraíocht Idirnáisiúnta Siúcra.

    (2)

    Ar bhonn údaráis a tugadh le Cinntí (AE) 2017/2242 (2) agus (AE) 2019/2136 (3) ón gComhairle, chuir an Coimisiún, thar ceann an Aontais, tús le caibidlíocht le Baill eile na hEagraíochta Idirnáisiúnta Siúcra chun an Comhaontú a leasú, faoi threoir Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus Forbairt.

    (3)

    Tugadh an caibidliú ar na leasuithe ar an gComhaontú i gcrích agus rinne an Chomhairle Siúcra Idirnáisiúnta foclaíocht na leasuithe a fhormheas le linn a 57ú seisiún i mí na Samhna 2020 agus a 58ú seisiún i mí an Mheithimh 2021.

    (4)

    Féadfaidh an Chomhairle Siúcra Idirnáisiúnta aon leasú ar an gComhaontú a chomhaontófar le linn na caibidlíochta a mholadh do Bhaill na hEagraíochta Idirnáisiúnta Siúcra i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 44 den Chomhaontú.

    (5)

    Le Cinneadh (AE) 2021/1851 (4) ón gComhairle, tugadh údaras don Choimisiún vótáil i bhfabhar an mholta go ndéanfadh Baill na hEagraíochta Idirnáisiúnta Siúcra an Comhaontú a leasú le linn an vóta speisialta a bhí ar siúl ag an 59ú seisiún den Chomhairle Siúcra Idirnáisiúnta i mí na Samhna 2021. Vótáil an Chomhairle Siúcra Idirnáisiúnta i bhfabhar na leasuithe ar an gComhaontú d’aon toil.

    (6)

    De bhun Airteagal 44(1) den Chomhaontú, tá ar gach Ball den Eagraíocht Idirnáisiúnta Siúcra fógra a thabhairt don taiscí maidir lena ghlacadh leis na leasuithe ar an gComhaontú.

    (7)

    Ba cheart na leasuithe ar an gComhaontú a fhormheas,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leis seo, déantar na leasuithe ar an gComhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992 (“an Comhaontú”) a fhormheas thar ceann an Aontais.

    Tá téacs na leasuithe ar an gComhaontú i gceangal leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 44(1) den Chomhaontú, d’fhonn toiliú an Aontais a bheith faoi cheangal ag an gComhaontú leasaithe a chur in iúl.

    Airteagal 3

    Cuirfear an Cinneadh i bhfeidhm ar dháta a ghlachtha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Meán Fómhair 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. SÍKELA


    (1)  Cinneadh 92/580/CEE ón gComhairle an 13 Samhain 1992 maidir le síniú agus tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Idirnáisiúnta Siúcra 1992 (IO L 379, 23.12.1992, lch. 15).

    (2)  Cinneadh (AE) 2017/2242 ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht chun an Comhaontú Idirnáisiúnta Siúcra 1992 a leasú (IO L 322, 7.12.2017, lch. 29).

    (3)  Cinneadh (AE) 2019/2136 ón gComhairle an 5 Nollaig 2019 lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht chun an Comhaontú Idirnáisiúnta Siúcra 1992 a leasú (IO L 324, 13.12.2019, lch. 3).

    (4)  Cinneadh (AE) 2021/1851 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Siúcra Idirnáisiúnta a mhéid a bhaineann leis na leasuithe ar an gComhaontú Idirnáisiúnta Siúcra 1992 agus leis an tráthchlár chun iad a chur chun feidhme (IO L 374, 22.10.2021, p. 49).


    IARSCRÍBHINN

    Déantar an Comhaontú Idirnáisiúnta Siúcra, 1992 (“an Comhaontú”) a leasú mar a leanas:

    (1)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

    “Airteagal 1

    Cuspóirí

    Is éard atá i gcuspóirí an Chomhaontaithe Idirnáisiúnta Siúcra, 1992 (dá ngairtear an Comhaontú anseo feasta) i bhfianaise théarmaí rún 93 (IV) arna ghlacadh ag Comhdháil na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus Forbairt, an méid seo a leanas:

    (a)

    Comhar idirnáisiúnta feabhsaithe a áirithiú i gcúrsaí siúcra agus milseoirí domhanda chomh maith le saincheisteanna gaolmhara, lena n-áirítear táirgeadh bithfhuinnimh agus eatánóil breosla ó bharra siúcra;

    (b)

    Fóram a chur ar bun le haghaidh comhairliúcháin idir-rialtasacha maidir le margaí siúcra agus milseoirí agus maidir le margaí fhotháirgí an tionscail siúcra agus eatánóil breosla bunaithe ar bharra siúcra;

    (c)

    An trádáil a éascú trí fhaisnéis a bhailiú agus a chur ar fáil ar an margadh domhanda siúcra agus milseoirí eile, chomh maith le bithfhuinneamh agus eatánól breosla bunaithe ar bharra siúcra;

    (d)

    Éileamh méadaithe ar shiúcra agus ar bharra siúcra a spreagadh, le haghaidh úsáidí neamhbhia go háirithe.”;

    (2)

    in Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Is le vóta speisialta a cheapfaidh an Chomhairle an Stiúrthóir Feidhmiúcháin go ceann tréimhse 4 bliana. Déanfaidh an Chomhairle an ceapachán 6 mhí ar a laghad roimh thús thréimhse oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Féadfaidh an Chomhairle an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a athcheapadh le vóta speisialta go ceann tréimhse 4 bliana eile. Ní dhéanfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a cheapadh ar feadh níos mó ná dhá théarma. Déanfaidh an Chomhairle téarmaí sonracha ceapacháin an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a chinneadh.”;

    (3)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 25:

    “Airteagal 25

    An buiséad riaracháin a ghlacadh agus ranníocaíochtaí na mBall

    1.   Chun críoch an Airteagail seo, beidh 2 000 vóta ag na Baill.

    2.

    (a)

    Beidh líon áirithe vótaí ag gach Ball agus déanfar an líon sin a chinneadh i gcomhréir le mír 3 thíos.

    (b)

    Ní bheidh níos lú ná 6 vóta ag aon Bhall.

    (c)

    Ní bheidh aon vóta codánach ann. Ceadófar slánú sa phróiseas ríofa agus chun a áirithiú go leithdháilfear an líon vótaí iomlán.

    3.   Déanfar na vótaí a chinneadh ar bhonn bliantúil de réir an nós imeachta seo a leanas: gach bliain ó 2023 amach, tráth fhoilsithe Bhliainirise an tSiúcra ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta Siúcra, déanfar an líon vótaí le haghaidh gach Baill a ríomh ar bhonn na dtáscairí seo a leanas agus a n-ualaithe choibhneasta:

    20 % de na vótaí bunaithe ar sciar pro rata an Bhaill sin d’onnmhairí Iomlána na mBall, móide

    20 % de na vótaí bunaithe ar sciar pro rata an Bhaill sin d’allmhairí Iomlána na mBall, móide

    20 % de na vótaí bunaithe ar sciar pro rata an Bhaill sin de tháirge Iomlán na mBall, móide

    20 % de na vótaí bunaithe ar sciar pro rata an Bhaill sin de thomhaltas Iomlán na mBall, móide

    20 % de na vótaí bunaithe ar sciar pro rata an Bhaill sin de Chumas Íocaíochta Iomlán na mBall (APF). Tá APF comhionann leis na measúnuithe le haghaidh leithdháileadh chostais na Náisiún Aontaithe.

    Déanfar líon vótaí gach Baill a ríomh, le haghaidh gach ceann de na táscairí thuas, trí úsáid a bhaint as meán an táscaire sin le haghaidh na 5 bliana dheireanacha a foilsíodh san eagrán is déanaí de Bhliainiris Siúcra na hEagraíochta. Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a ríomhfaidh sciar gach Baill in iomlán na mBall uile le haghaidh na dtáscairí thuasluaite. Dáilfear na sonraí go léir thuas ar na Baill tráth a ndéanfar na ríomhanna.

    4.   I gcás aontachas Baill nó Ball tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe seo, déanfar a vótaí a chinneadh de réir na heochrach ríofa faoi mhíreanna 2 agus 3 thuas. Déanfar vótaí na mBall atá ann cheana a athríomh dá réir sin ionas gur 2 000 vóta a bheidh in iomlán na vótaí go fóill.

    5.   I gcás ina dtarraingíonn Ball nó Baill siar, déanfar vótaí an Bhaill nó na mBall a tharraingíonn siar a athdháileadh ar na Baill eile bunaithe ar sciartha athríofa 5 tháscaire na mBall ionas gur 2 000 vóta a bheidh in iomlán vótaí na mBall go fóill.

    6.   Socrú idirthréimhseach:

    (a)

    Chun pointe tosaithe a bhunú le haghaidh coigeartuithe a ríomh, glacfar leis an mBallraíocht agus an staid vótála sa bhliain 2022 mar bhonn.

    (b)

    Le linn na chéad 5 bliana den idirthréimhse ní bheidh líon vótaí gach Baill níos mó ná 15 % níos airde ná níos ísle ná na vótaí a aontaíodh don bhliain roimhe sin, agus, le linn an dara 5 bliana den idirthréimhse ní fhéadfaidh líon vótaí gach Baill a bheith níos mó ná 20 % níos airde ná níos ísle ná na vótaí a aontaíodh don bhliain roimhe sin. Ach amháin i gcás, i gcomhréir le forálacha mhír 2(c), inarb é a thiocfaidh as slánú gur mó an líon vótaí a leithdháiltear ar Bhall ná na céatadáin arna gcomhaontú, ceadófar sin.

    (c)

    Chun an ranníocaíocht in aghaidh an vóta a bhunú, ní dhéanfar vótaí nach nglacfar leo de bharr chur i bhfeidhm mhír 6 (b) a ath-leithdháileadh ar na Baill eile. Dá bhrí sin, déanfar an ranníocaíocht in aghaidh an vóta a chinneadh ar bhonn líon athríofa na vótaí foriomlána, ar choinníoll nach mó sin na 2 000 vóta.

    (d)

    Beidh deireadh leis an socrú idirthréimhseach laistigh de 10 mbliana.

    7.   Forálacha Airteagal 26, mír 2, a bhaineann le cearta vótála a chur ar fionraí de dheasca neamh-chomhlíonadh oibleagáidí, ní bheidh feidhm acu maidir leis an airteagal seo.

    8.   Le linn an dara leath de gach bliain, glacfaidh an Chomhairle buiséad riaracháin na hEagraíochta don bhliain ina dhiaidh sin agus cinnfidh sí ranníocaíocht na mBall in aghaidh an vóta is gá le haghaidh an bhuiséid sin, tar éis forálacha mhír 6 den airteagal seo a chur san áireamh.

    9.   Déanfar ranníocaíocht gach Baill leis an mbuiséad riaracháin a ríomh tríd an ranníocaíocht in aghaidh an vóta a iolrú le líon na vótaí atá ina sheilbh aige faoin airteagal sin, mar a leanas:

    (a)

    I ndáil leis na Baill sin ar Baill iad tráth ghlacadh deireanach an bhuiséid riaracháin, an líon vótaí atá ina seilbh ag an am sin; agus

    (b)

    I ndáil leis na Baill sin a ghlac ballraíocht tar éis ghlacadh an bhuiséid riaracháin, an líon vótaí a fhaigheann siad an tráth a ghlacann siad ballraíocht, arna choigeartú i gcoibhéis le fuílleach na tréimhse a chumhdaítear leis na buiséid; na hathbhreithnithe a dhéantar ar Bhaill eile, ní dhéanfar athrú orthu sin.

    10.   Féadfaidh an Chomhairle, le vóta speisialta, beart a dhéanamh de réir mar a mheasfadh sí a bheith iomchuí, chun maolú a dhéanamh ar na héifeachtaí ar ranníocaíochtaí Ball a thiocfadh as ballraíocht a d’fhéadfadh a bheith teoranta tráth buiséad riaracháin 2024 a ghlacadh nó as aon mhórlaghdú ar an mballraíocht ina dhiaidh sin.”;

    (4)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 32:

    “Airteagal 32

    Faisnéis agus staidéir

    1.   Gníomhóidh an Eagraíocht mar lárionad le haghaidh bailiú agus foilsiú faisnéise staidrimh agus staidéir ar tháirge domhanda, praghsanna, onnmhairithe agus allmhairithe, tomhaltas agus stoic tháirgí siúcra, chomh maith le cánacha ar tháirgí siúcra.

    2.   Gabhann na Baill orthu féin a chur ar fáil laistigh den am a fhéadtar a fhorordú sna rialacha nós imeachta na staitisticí agus an fhaisnéis uile atá ar fáil a fhéadtar a shainaithint sna rialacha sin gur rialacha iad is gá chun a chumasú don Eagraíocht a fheidhmeanna a chomhlíonadh faoin gcomhaontú seo. I gcás inar gá sin, bainfidh an Eagraíocht úsáid as aon fhaisnéis ábhartha den chineál sin a d’fhéadfadh a bheith ar fáil ó fhoinsí eile. Maidir le hoibríochtaí daoine nó cuideachtaí a tháirgeann nó a phróiseálann táirgí siúcra nó a chuireann ar an margadh iad, ní dhéanfaidh an Eagraíocht aon fhaisnéis a fhoilsiú a d’fhéadfaí a úsáid chun an hoibríochtaí sin a shainaithint.”;

    (5)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 33:

    “Airteagal 33

    Meastóireacht margaidh, tomhaltas agus staitisticí

    1.   Bunóidh an Chomhairle Coiste Táirgí Siúcra um Meastóireacht Mhargaidh, Tomhaltas agus Staitisticí, ina mbeidh na Baill uile, faoi Chathaoirleacht an Stiúrthóra Feidhmiúcháin.

    2.   Déanfaidh an Coiste athbhreithniú leanúnach ar ábhair a bhaineann le geilleagar domhanda na dtáirgí siúcra agus coinneoidh sé na Baill ar an eolas ar an méid a phléitear agus tionólfaidh sé cruinniú chuige sin dhá uair sa bhliain de ghnáth. Maidir leis an bhfaisnéis uile a bhaileoidh an eagraíocht de bhun airteagal 32, cuirfidh an Coiste é sin san áireamh ina athbhreithniú.

    3.   Tabharfaidh an Coiste faoi obair sna réimsí seo a leanas:

    (a)

    Staitisticí maidir leis an táirge siúcra a ullmhú agus anailís staitistiúil a dhéanamh ar thairgeadh, tomhaltas agus stoic an táirge siúcra agus an trádáil idirnáisiúnta ann agus praghsanna;

    (b)

    Anailís ar iompraíochtaí margaidh agus ar na himthosca a dhéanann difear dóibh agus tagairt ar leith á déanamh do rannpháirtíocht tíortha i mbéal forbartha sa trádáil dhomhanda;

    (c)

    Anailís ar an éileamh ar tháirgí siúcra, lena n-áirítear na héifeachtaí a bhíonn ag an úsáid a bhaintear as ionadaigh shiúcra nádúrtha nó shaorga ar an trádáil dhomhanda i dtáirgí siúcra nó ar a dtomhailt;

    (d)

    Saincheisteanna eile de réir mar a fhormheasann an Chomhairle

    4.   Gach bliain, déanfaidh an Chomhairle dréachtchlár oibre don todhchaí a bhreith, arna ullmhú ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ina bheidh meastachán ar na riachtanais acmhainní.”;

    (6)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 34:

    “Airteagal 34

    Taighde agus forbairt

    Chun na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 1 a bhaint amach, féadfaidh an Chomhairle cúnamh a thabhairt taighde agus forbairt a dhéanamh i ngeilleagair táirgí siúcra agus na torthaí a fhaightear sa réimse sin a scaipeadh. Chun na críche sin, féadfaidh an Chomhairle oibriú i gcomhar le heagraíochtaí agus institiúidí taighde idirnáisiúnta ar choinníoll nach dtabhaíonn an Chomhairle aon oibleagáidí airgeadais eile.”;

    (7)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal na hIarscríbhinne a ghabhann leis an gComhaontú:

    “An leithdháileadh vótaí a comhaontaíodh den chéad uair in 1992”.


    Top