Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1864

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1864 ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2022 lena leagtar amach struchtúr eagrúcháin agus feidhmiú an Líonra Eorpaigh CBT agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/825/AE

    C/2022/6967

    IO L 259, 6.10.2022, p. 189–195 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/1864/oj

    6.10.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 259/189


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1864 ÓN gCOIMISIÚN

    an 5 Deireadh Fómhair 2022

    lena leagtar amach struchtúr eagrúcháin agus feidhmiú an Líonra Eorpaigh CBT agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/825/AE

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (1), agus go háirithe Airteagail 126(2) agus (5) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Tar éis Rialachán (AE) 2021/2115 a ghlacadh, tá an Líonra Eorpach CBT le bunú le haghaidh líonrú líonraí náisiúnta, eagraíochtaí, agus riaracháin i réimse na talmhaíochta agus na forbartha tuaithe ar leibhéal an Aontais. Ba cheart an Líonra Eorpach CBT a chur in ionad an Líonra Eorpaigh um Fhorbairt Tuaithe (ENRD), a cuireadh i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 52(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus Líonra na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuáil (CEN), a cuireadh i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 53(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013.

    (2)

    Chun na cuspóirí a bhaint amach, ar cuspóirí iad a bhaineann le líonrú i réimse na talmhaíochta agus na forbartha tuaithe ar leibhéal an Aontais agus a leagtar amach in Airteagal 126(3) de Rialachán (AE) 2021/2115 agus chun na cúraimí dá bhforáiltear in Airteagal 126(4) den Rialachán sin a dhéanamh, is gá rialacha a ghlacadh lena leagtar amach struchtúr eagrúcháin agus feidhmiú an Líonra Eorpaigh CBT.

    (3)

    Le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/825/AE (3) ón gCoimisiún, déantar foráil maidir le struchtúr eagrúcháin agus feidhmiú maidir le ENRD agus le líonraí CEN, a bhfuil an struchtúr eagrúcháin iontu: Tionól, Grúpa Stiúrtha agus foghrúpaí buana an Tionóil. Ar chúiseanna éifeachtúlachta, is iomchuí struchtúr eagrúcháin comhchosúil a úsáid don Líonra Eorpach CBT.

    (4)

    I gcomhréir le Cinneadh 2013/767/AE ón gCoimisiún (4), tá creat nua le bunú le haghaidh grúpaí idirphlé shibhialta a dhéileálann le hábhair a chumhdaítear leis an gcomhbheartas talmhaíochta (CBT). Ní mór ballraíocht i struchtúr eagrúcháin an Líonra Eorpaigh CBT d’eagraíochtaí Neamhrialtasacha ar fud an Aontais, a ceapadh ina gcomhaltaí de na grúpaí idirphlé shibhialta, a nuashonrú i gcomhréir leis an gcreat nua.

    (5)

    Ba cheart Tionól an Líonra Eorpaigh CBT a bhunú agus a chúraimí a shainiú i gcomhréir leis na rialacha cothrománacha maidir le cruthú agus feidhmiú ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a leagtar amach i gCinneadh C(2016)3301 ón gCoimisiún (5).

    (6)

    Ba cheart don Tionól malartú agus líonrú a chur chun cinn, go háirithe, i measc eintitis phoiblí agus phríobháideacha atá gníomhach in CBT agus an creat straitéiseach dá ngníomhaíocht a chur ar fáil, lena n-áirítear an obair théamach, agus faireachán agus measúnú iomchuí ar an ngníomhaíocht chéanna a áirithiú. Ba cheart dó comhaltaí an Ghrúpa Stiúrtha a mholadh.

    (7)

    Ba cheart an Tionól a bheith comhdhéanta de na Pleananna Straitéiseacha CBT, údaráis bhainistíochta náisiúnta agus gníomhaireachtaí íocaíochta, líonraí náisiúnta CBT, eagraíochtaí atá gníomhach i réimse na talmhaíochta agus na forbartha tuaithe ar leibhéal an Aontais, eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar údaráis réigiúnacha nó áitiúla atá gníomhach i réimse na talmhaíochta agus na forbartha tuaithe ar leibhéal an Aontais, grúpaí gníomhaíochta áitiúla de chuid LEADER, seirbhísí comhairleacha feirme, seirbhísí tacaíochta nuálaíochta atá nasctha le tionscadail grúpaí oibriúcháin de chuid CEN agus institiúidí taighde atá gníomhach i ngníomhaíochtaí nuálaíochta atá nasctha le tionscadail grúpaí oibriúcháin de chuid CEN.

    (8)

    D’fhonn eagrú éifeachtach agus éifeachtúil ghníomhaíocht an Líonra Eorpaigh CBT a áirithiú, i gcomhréir le tuairimí an Tionóil, is gá Grúpa Stiúrtha an Líonra Eorpaigh CBT a bhunú agus a chúraimí agus a struchtúr a shainiú.

    (9)

    Ba cheart don Ghrúpa Stiúrtha gníomhaíochtaí an Líonra Eorpaigh CBT a ullmhú agus obair leantach a dhéanamh orthu. Ba cheart dó comhordú a dhéanamh ar obair théamach an líonra agus ar na sraitheanna gníomhaíochta a bhaineann leis na Pleananna Straitéiseacha CBT, leis an nuálaíocht, leis an bhfaireachán agus leis an meastóireacht, agus ba cheart dó comhordú obair an Tionóil a áirithiú le hobair a dhéanann grúpaí saineolaithe agus coistí eile arna mbunú i gcomhthéacs CBT.

    (10)

    Ba cheart an Grúpa Stiúrtha a bheith comhdhéanta d’ionadaithe de Thionól an Líonra Eorpaigh CBT agus d’fhoghrúpaí buana arna mbunú i gcomhréir leis an gCinneadh seo.

    (11)

    D’fhonn malartú oscailte agus rialta a choinneáil idir an Líonra Eorpach CBT agus na grúpaí idirphlé shibhialta maidir leis an CBT, ba cheart go gcuirfí ar chumas ionadaithe na ngrúpaí idirphlé shibhialta páirt a ghlacadh i gcruinnithe an Ghrúpa Stiúrtha mar bhreathnadóirí.

    (12)

    Ba cheart rialacha a leagan síos maidir le nochtadh faisnéise ag comhaltaí an Tionóil agus an Ghrúpa Stiúrtha i gcomhréir le hAirteagal 339 den Chonradh.

    (13)

    Ós rud é go gcuirtear an Cinneadh seo in ionad Chinneadh Cur Chun Feidhme 2014/825/AE, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/825/AE a aisghairm.

    (14)

    Is éard atá i gceist le ballraíocht i struchtúr eagrúcháin an Líonra Eorpaigh CBT ná na húdaráis bhainistíochta náisiúnta a ainmniú roimh ré le haghaidh an Phlean Straitéisigh faoi CBT, creidiúnú gníomhaireachtaí íocaíochta, líonraí náisiúnta CBT a bhunú, grúpaí áitiúla gníomhaíochta a roghnú i gcomhréir le hAirteagal 32 de Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) agus seirbhísí comhairleacha feirme a bhunú.

    (15)

    Ionas go mbeidh an Líonra Eorpach CBT in ann tús a chur lena chúraimí sula mbeidh comhlachtaí agus eintitis dá Tionóil nó dá Ghrúpa Stiúrtha bunaithe, ba cheart comhaltaí faoi seach struchtúr eagrúcháin ENRD agus líonraí CEN, arna n-ainmniú nó arna gceapadh de bhun Chinneadh Cur Chun Feidhme 2014/825/AE, a bheith ina gcomhaltaí nua do dtí go n-ainmneofar nó go gceapfar iad ina dhiaidh sin de bhun an Chinnidh seo.

    (16)

    Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ó Choiste an Chomhbheartais Talmhaíochta,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    CAIBIDIL I

    ÁBHAR

    Airteagal 1

    Ábhar

    Leagtar amach sa Chinneadh seo struchtúr eagrúcháin agus oibríocht an Líonra Eorpaigh CBT trí Thionól agus Grúpa Stiúrtha a chur ar bun, lena bhforáiltear dá gcomhdhéanamh agus dá gcúraimí agus lena leagtar síos rialacha maidir lena n-oibriú.

    CAIBIDIL II

    TIONÓL AN LÍONRA EORPAIGH CBT

    Airteagal 2

    Tionól Líonra Eorpach CBT

    Bunaítear leis seo Tionól an Líonra Eorpaigh CBT, dá ngairfear “an Tionól” anseo feasta.

    Airteagal 3

    Cúraimí an Tionóil

    Is iad seo a leanas, go háirithe, na cúraimí a bheidh ar an Tionól

    (a)

    malartú agus líonrú a chur chun cinn i measc eintitis phoiblí agus príobháideacha atá gníomhach sa talmhaíocht agus san fhorbairt tuaithe, sa nuálaíocht a bhaineann le cuspóirí sonracha CBT agus i bhfaireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar thalmhaíocht agus ar fhorbairt tuaithe;

    (b)

    comhordú idir snáitheanna téamacha an Líonra Eorpaigh CBT a áirithiú;

    (c)

    an creat straitéiseach agus an treoir a chur ar fáil do ghníomhaíochtaí an Líonra Eorpaigh CBT, lena n-áirítear na hoibreacha téamacha;

    (d)

    a áirithiú go ndéanfar faireachán agus measúnú iomchuí ar ghníomhaíochtaí an Líonra Eorpaigh CBT maidir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 126(3) de Rialachán (AE) 2021/2115 agus na cúraimí a liostaítear in Airteagal 126(4) den Rialachán sin;

    (e)

    comhaltaí an Ghrúpa Stiúrtha a mholadh don Ard-Stiúrthóir um Thalmhaíocht agus Forbairt Tuaithe (“an tArd-Stiúrthóir”).

    Airteagal 4

    Ballraíocht an Tionóil

    1.   Beidh na comhaltaí seo a leanas mar chuid den Tionól:

    (a)

    líonraí náisiúnta CBT dá dtagraítear in Airteagal 126(1) de Rialachán (AE) 2021/2115 (comhalta amháin ó gach Ballstát);

    (b)

    na húdaráis bhainistíochta dá dtagraítear in Airteagal 123 de Rialachán (AE) 2021/2115 (comhalta amháin ó gach Ballstát);

    (c)

    gníomhaireachtaí íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7) (comhalta amháin ó gach Ballstát);

    (d)

    Eagraíochtaí neamhrialtasacha ar fud an Aontais, atá cláraithe sa Chlár Trédhearcachta, a ceapadh ina gcomhaltaí de na grúpaí idirphlé shibhialta maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta (CBT) de bhun Chinneadh 2013/767/AE agus a léirigh gur spéis leo a bheith rannpháirteach sa Tionól;

    (e)

    Eagraíochtaí ar fud an Aontais a dhéanann ionadaíocht ar údaráis réigiúnacha nó áitiúla atá gníomhach sa talmhaíocht agus san fhorbairt tuaithe, lena n-áirítear na naisc idir ceantair thuaithe agus uirbeacha (3 chomhalta ar a mhéad);

    (f)

    grúpaí gníomhaíochta áitiúla de chuid LEADER dá dtagraítear in Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2021/1060 (comhalta amháin ó gach Ballstát);

    (g)

    seirbhísí comhairleacha feirme atá gníomhach i seirbhísí tacaíochta nuálaíochta atá nasctha le tionscadail ghrúpaí oibriúcháin CEN dá dtagraítear in Airteagal 127(3) de Rialachán (AE) 2021/2115 (comhalta amháin ó gach Ballstát);

    (h)

    institiúidí taighde talmhaíochta atá gníomhach i ngníomhaíochtaí nuálaíochta a bhaineann le tionscadail ghrúpaí oibriúcháin CEN dá dtagraítear in Airteagal 127(3) de Rialachán (AE) 2021/2115 (comhalta amháin ó gach Ballstát).

    2.   Is é an Ballstát faoi seach a ainmneoidh na comhaltaí dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (b), (c), (f), (g) agus (h).

    Is é an tArd-Stiúrthóir a cheapfaidh na comhaltaí dá dtagraítear i mír 1, pointe (e), ar bhonn glao ar iarratais.

    3.   Ainmneoidh údaráis na mBallstát na buanionadaithe do gach ceann de na catagóirí dá dtagraítear i mír 1, pointí (a), (b), (c), (f), (g) agus (h).

    Ainmneoidh na heagraíochtaí dá dtagraítear i mír 1, pointí (d) agus (e), a mbuanionadaithe.

    4.   Foilseofar ainmneacha chomhaltaí an Tionóil i gClár Ghrúpaí Saineolaithe an Choimisiúin agus ainmneacha eintiteas eile den saghas céanna (“an Clár”) agus ar shuíomh gréasáin an Líonra Eorpaigh CBT.

    Airteagal 5

    Feidhmiú an Tionóil

    1.   Beidh ionadaí ón gCoimisiún ina chathaoirleach ar an Tionól. Déanfaidh an cathaoirleach cruinniú a thionól uair sa bhliain ar a laghad.

    2.   I gcomhaontú leis an gCoimisiún, féadfaidh an Tionól foghrúpaí a bhunú maidir le sraitheanna téamacha sonracha a bhaineann le cuspóirí agus cúraimí an Líonra Eorpaigh CBT, lena n-áirítear foghrúpaí buana maidir leis an méid seo a leanas:

    (a)

    nuálaíocht agus malartú eolais;

    (b)

    LEADER agus forbairt chríochach; agus

    (c)

    Pleananna Straitéiseacha CBT.

    Déanfaidh foghrúpaí oibreacha téamacha ar bhonn sainordaithe arna shainiú ag an Tionól.

    Rachaidh foghrúpaí neamhbhuana ar lánscor a luaithe a chomhlíonfar a sainordú.

    3.   Féadfaidh ionadaí an Choimisiúin cuireadh a thabhairt do shaineolaithe agus do bhreathnadóirí ó lasmuigh den Tionól a bhfuil inniúlacht shonrach acu in ábhar atá ar an gclár oibre páirt a ghlacadh in obair an Tionóil nó na bhfoghrúpaí ar bhonn ad hoc.

    Comhaltaí an Tionóil, chomh maith le saineolaithe agus breathnadóirí ar tugadh cuireadh dóibh, comhlíonfaidh siad oibleagáidí na rúndachta gairmiúla a leagtar síos sna Conarthaí agus sna rialacha cur chun feidhme a ghabhann leo, chomh maith le rialacha an Choimisiúin maidir le slándáil a bhaineann le cosaint faisnéise rúnaicmithe an Aontais, a leagtar síos i gCinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún (8). Mura n-urramóidh siad na hoibleagáidí sin, déanfaidh an Coimisiún gach beart is iomchuí.

    4.   Mura gcinnfidh an cathaoirleach a mhalairt, reáchtálfar cruinnithe an Tionóil agus a fhoghrúpaí ar áitreabh an Choimisiúin. Soláthróidh an Coimisiún seirbhísí rúnaíochta. Féadfaidh oifigigh de chuid an Choimisiúin a bhfuil leas acu sna himeachtaí freastal ar chruinnithe an Tionóil agus a fhoghrúpaí.

    5.   Glacfaidh an Tionól a rialacha nós imeachta ar bhonn na rialacha caighdeánacha nós imeachta le haghaidh grúpaí saineolaithe arna nglacadh ag an gCoimisiún.

    6.   I bprionsabal, foilsíonn an Coimisiún na doiciméid ábhartha uile maidir leis na gníomhaíochtaí a rinne an Tionól (amhail cláir oibre, miontuairiscí agus aighneachtaí na rannpháirtithe) sa Chlár agus ar shuíomh gréasáin an Líonra Eorpaigh CBT.

    7.   Féadfar obair an Tionóil a chomhordú le hobair a dhéanann grúpaí saineolaithe agus coistí eile arna mbunú i gcomhthéacs an idirphlé shibhialta maidir le CBT agus i gcomhthéacs Rialachán (AE) 2021/1060.

    Airteagal 6

    Aisíoc speansas

    1.   Ní thabharfar luach saothair do chomhaltaí an Tionóil i ndáil leis na seirbhísí a sholáthraíonn siad.

    2.   Speansais taistil agus chothaithe chomhaltaí an Tionóil as a rannpháirtíocht i gcruinnithe an Tionóil, lena n-áirítear na foghrúpaí, aisíocfaidh an Coimisiún iad i gcomhréir leis na forálacha a bheidh i bhfeidhm laistigh den Choimisiún.

    3.   Aisíocfar na speansais dá dtagraítear i mír 2 laistigh de theorainneacha na leithreasuithe atá ar fáil arna leithdháileadh ar sheirbhísí an Choimisiúin faoi nós imeachta bliantúil chun acmhainní a chionroinnt.

    CAIBIDIL III

    GRÚPA STIÚRTHA NA LÍONRAÍ EORPACHA CBT

    Airteagal 7

    Grúpa Stiúrtha na Líonraí Eorpacha CBT

    Bunaítear leis seo Grúpa Stiúrtha na Líonraí Eorpacha CBT, dá ngairfear “an Grúpa Stiúrtha” anseo feasta.

    Airteagal 8

    Cúraimí an Ghrúpa Stiúrtha

    Is iad seo a leanas, go háirithe, na cúraimí a bheidh ar an nGrúpa Stiúrtha:

    (a)

    gníomhaíochtaí an Líonra Eorpaigh CBT a ullmhú agus obair leantach a dhéanamh orthu, i gcomhréir leis an gcreat straitéiseach arna chur ar fáil ag an Tionól;

    (b)

    comhordú a dhéanamh ar na sraitheanna téamacha i gcomhréir leis an gcreat arna sholáthar ag an Tionól agus obair leantach a dhéanamh ar a chur chun feidhme;

    (c)

    measúnú leanúnach a dhéanamh ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht ghníomhaíochtaí an Líonra Eorpaigh CBT;

    (d)

    comhordú obair an Tionóil a áirithiú le hobair a dhéanann grúpaí saineolaithe agus coistí eile arna mbunú i gcomhthéacs an idirphlé shibhialta maidir le CBT agus i gcomhthéacs Rialachán (AE) 2021/1060;

    (e)

    tuairisciú don Tionól a mhéid a bhaineann lena ghníomhaíochtaí.

    Airteagal 9

    Comhaltas an Ghrúpa Stiúrtha

    1.   Beidh na comhaltaí seo a leanas mar chuid den Ghrúpa Stiúrtha:

    (a)

    ochtar comhaltaí ón Tionól;

    (b)

    ceathrar comhaltaí ó gach ceann de na foghrúpaí buana arna mbunú ag an Tionól;

    (c)

    beirt chomhaltaí ón ngrúpa saineolaithe maidir le cur chun feidhme Rialachán na bPleananna Straitéiseacha CBT, a bhaineann le faireachán agus meastóireacht.

    2.   Ceapfaidh an tArd-Stiúrthóir comhaltaí an Ghrúpa Stiúrtha tar éis togra ón Tionól, ina léireofar éagsúlacht gheografach agus théamach chomhaltaí an Líonra Eorpaigh CBT agus q bheidh bunaithe ar ghealltanas deonach na gcomhaltaí atá molta.

    I gcás gach ceann de na catagóirí dá dtagraítear i mír 1, féadfaidh an Tionól uainíocht ar chomhaltaí an Ghrúpa Stiúrtha a mholadh.

    3.   Féadfar an tArd-Stiúrthóir a chur in ionad comhalta den Ghrúpa Stiúrtha tar éis togra ón Tionól sna cásanna seo a leanas:

    (a)

    go dtarraingíonn comhalta siar ón nGrúpa Stiúrtha;

    (b)

    nach n-ainmníonn sé ionadaithe go rialta do chruinnithe an Ghrúpa Stiúrtha;

    (c)

    nach bhfuil sé in ann rannchuidiú le cúraimí an Ghrúpa Stiúrtha go héifeachtach a thuilleadh;

    (d)

    nach gcomhlíonann sé an ceanglas maidir le neamhnochtadh a bhaineann le faisnéis atá cumhdaithe ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla a leagtar síos in Airteagal 339 den Chonradh.

    4.   Féadfaidh ionadaithe na ngrúpaí idirphlé sibhialta maidir le CBT páirt a ghlacadh i gcruinnithe an Ghrúpa Stiúrtha mar bhreathnadóirí.

    Airteagal 10

    Costais oibriúcháin agus cruinnithe an Ghrúpa Stiúrtha

    Beidh feidhm ag Airteagal 5 agus Airteagal 6, mutatis mutandis, maidir le speansais oibriúcháin agus cruinnithe an Ghrúpa Stiúrtha.

    CAIBIDIL IV

    FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 11

    Aisghairm

    Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/825/AE.

    Airteagal 12

    Bearta idirthréimhseacha

    Maidir le comhalta amháin nó níos mó den Tionól nó de Ghrúpa Stiúrtha an Líonra Eorpaigh CBT, dá dtagraítear in Airteagal 4(1) nó Airteagal 9(1) faoi seach den Chinneadh seo, i gcás nach bhfuil an comhalta nó na comhaltaí sin ainmnithe nó ceaptha fós, beidh comhalta nó comhaltaí faoi seach an Tionóil nó Ghrúpa Stiúrtha líonraí ENRD agus EIP-AGRI, arna n-ainmniú nó arna gceapadh de bhun Airteagal 4(1) nó Airteagal 9(1) faoi seach de Chinneadh Cur Chun Feidhme 2014/825/AE, ina gcomhaltaí den Tionól nó de Ghrúpa Stiúrtha an Líonra Eorpaigh CBT go dtí go n-ainmneofar nó go gceapfar an comhalta nua nó na comhaltaí nua.

    Airteagal 13

    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Deireadh Fómhair 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  Rialachán (AE) 2021/2115 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus atá le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013 (IO L 435 an 6.12.2021, lch. 1).

    (2)  Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).

    (3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/825/AE ón gCoimisiún an 20 Samhain 2014 lena mbunaítear struchtúr eagrúcháin agus feidhmiú don líonra Eorpach um fhorbairt tuaithe agus do Líonra na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuáil agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/168/CE (IO L 334, 21.11.2014, lch. 98).

    (4)  Cinneadh 2013/767/AE ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2013 lena gcuirtear ar bun creat d’idirphlé sibhialta in ábhair arna gcumhdach leis an gcomhbheartas talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2004/391/CE (IO L 338, 17.12.2013, lch. 115).

    (5)  Cinneadh ón gCoimisiún an 30 Bealtaine 2016 lena mbunaítear rialacha cothrománacha maidir le grúpaí saineolaithe de chuid an Choimisiúin a chruthú agus a fheidhmiú C(2016) 3301 final.

    (6)  Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais do Bhainistiú Teorainneacha agus do Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).

    (7)  Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (IO L 435, 6.12.2021, lch. 187).

    (8)  Cinneadh (AE, Euratom) 2015/444 ón gCoimisiún an 13 Márta 2015 maidir leis na rialacha slándála chun faisnéis rúnaicmithe de chuid an Aontais Eorpaigh a chosaint (IO L 72, 17.3.2015, lch. 53).


    Top