This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D1851
Council Decision (EU) 2022/1851 of 29 September 2022 on the position to be taken on behalf of the Union within the Joint Committee established by the Framework Agreement on Partnership and Cooperation between the European Union and its Member States, of the one part, and Mongolia, of the other part, concerning the establishment of a specialised working group on development cooperation
Cinneadh (AE) 2022/1851 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gCreat-Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht agus Comhar idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Mhongóil, den pháirt eile, a bhaineann le Meitheal Speisialaithe um Chomhar um Fhorbairt a bhunú
Cinneadh (AE) 2022/1851 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gCreat-Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht agus Comhar idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Mhongóil, den pháirt eile, a bhaineann le Meitheal Speisialaithe um Chomhar um Fhorbairt a bhunú
ST/12066/2022/INIT
IO L 257, 5.10.2022, p. 8–9
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 257/8 |
CINNEADH (AE) 2022/1851 ÓN gCOMHAIRLE
an 29 Meán Fómhair 2022
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste arna bhunú leis an gCreat-Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht agus Comhar idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Mhongóil, den pháirt eile, a bhaineann le Meitheal Speisialaithe um Chomhar um Fhorbairt a bhunú
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 209, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Thug an tAontas an Creat-Chomhaontú maidir le Comhpháirtíocht agus Comhar idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Mhongóil, den pháirt eile (1) (“an Comhaontú”) i gcrích trí bhíthin Chinneadh (AE) 2017/2270 (2) ón gComhairle agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Samhain 2017. |
(2) |
De bhun an Chomhaontaithe, féadfaidh an Comhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú (“an Comhchoiste”) meithleacha speisialaithe a chur ar bun chun cúnamh a thabhairt dó a chúraimí a chomhlíonadh. Tá na meithleacha sin le tuarascálacha mionsonraithe ar a gcuid gníomhaíochtaí a chur faoi bhráid an Chomhchoiste ag gach ceann dá chruinnithe. |
(3) |
Chuir an tAontas agus an Mhongóil araon in iúl gur spéis leo meitheal speisialaithe um chomhar um fhorbairt a bhunú chun an comhar um fhorbairt idir na Páirtithe a chur ar bhonn foirmiúil agus a dhoimhniú agus ionchur a chur ar fáil don Chomhchoiste freisin. |
(4) |
Tá an Comhchoiste, le linn a cheathrú seisiún nó, más iomchuí, trí nós imeachta i scríbhinn roimh an seisiún sin i gcomhréir lena Rialacha Nós Imeachta, le cinneadh a ghlacadh maidir le meitheal speisialaithe um chomhar um fhorbairt a bhunú agus maidir lena théarmaí tagartha a ghlacadh. |
(5) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bhunú, ós rud é go mbeidh cinneadh an Chomhchoiste ceangailteach ar an Aontas. |
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart seasamh an Aontais sa Chomhchoiste a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh atá i gceangal leis seo, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa cheathrú seisiún den Chomhchoiste, nó, más iomchuí, trí nós imeachta i scríbhinn roimh an seisiúin sin, beidh sé bunaithe ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste atá i gceangal leis an gCinneadh seo.
2. Féadfaidh ionadaithe an Aontais ar an gComhchoiste mionathruithe ar an dréachtchinneadh ón gComhchoiste a aontú gan cinneadh eile ón gComhairle.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Meán Fómhair 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. SÍKELA
(1) IO L 326, 9.12.2017, lch. 7.
(2) Cinneadh (AE) 2017/2270 an 9 Deireadh Fómhair 2017 ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chreat-Chomhaontaithe maidir le Comhpháirtíocht agus Comhar idir an tAontas Eorpach agus a mBallstáit, de pháirt, agus an Mhongóil, den pháirt eile (IO L 326, 9.12.2017, lch. 5).