This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D1850
Council Decision (EU) 2022/1850 of 20 September 2022 on the position to be taken on behalf of the European Union at the eighth session of the Meeting of the Parties to the Agreement on the Conservation of African-Eurasian Migratory Waterbirds with regard to certain amendments to Annex 3 to the Agreement
Cinneadh (AE) 2022/1850 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an ochtú seisiún de Chruinniú na bPáirtithe sa Chomhaontú maidir le hÉin Uisce Imirceacha Afracacha-Eoráiseacha a Chaomhnú i ndáil le leasuithe áirithe ar Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gComhaontú
Cinneadh (AE) 2022/1850 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2022 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an ochtú seisiún de Chruinniú na bPáirtithe sa Chomhaontú maidir le hÉin Uisce Imirceacha Afracacha-Eoráiseacha a Chaomhnú i ndáil le leasuithe áirithe ar Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gComhaontú
ST/11609/2022/INIT
IO L 257, 5.10.2022, pp. 6–7
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
5.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 257/6 |
CINNEADH (AE) 2022/1850 ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Meán Fómhair 2022
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an ochtú seisiún de Chruinniú na bPáirtithe sa Chomhaontú maidir le hÉin Uisce Imirceacha Afracacha-Eoráiseacha a Chaomhnú i ndáil le leasuithe áirithe ar Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gComhaontú
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tháinig an Comhaontú maidir le hÉin Uisce Imirceacha Afracacha-Eoráiseacha a Chaomhnú (“an Comhaontú”) i bhfeidhm an 1 Samhain 1999 agus rinneadh é a fhormheas thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh le Cinneadh 2006/871/CE ón gComhairle (1). |
|
(2) |
De bhun Airteagal X(5) den Chomhaontú, féadfaidh Cruinniú na bPáirtithe leasuithe a ghlacadh ar Iarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú. |
|
(3) |
Le linn an ochtú seisiún dá chuid a bheidh ar siúl ón 26 go dtí an 30 Meán Fómhair 2022, táthar ag súil go nglacfar i gCruinniú na bPáirtithe rún maidir le leasuithe ar Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gComhaontú a ghlacadh. |
|
(4) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an ochtú seisiún de Chruinniú na bPáirtithe i ndáil leis na leasuithe atá beartaithe a bhunú, ós rud é go mbeidh an Rún ina cheangal ar an Aontas agus go mbeidh sé in ann tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar dhlí an Aontais, eadhon Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). |
|
(5) |
Maidir leis na leasuithe atá beartaithe ar Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gComhaontú a thíolaic an Ríocht Aontaithe agus a leagtar amach i ndréachtRún 8.2 a bhaineann leis na cúig speiceas seo a leanas: an ghé ghlas — Anser anser, an póiseard cíordhearg — Netta rufina, an fheadóg ghlas — Pluvialis squatarola squatarola, an Roilleach — Haematopus ostralegus longipes, agus an tsíolghé — Anser fabalis fabalis, rannchuidíonn siad le leibhéal cosanta níos airde a bhaint amach do na daonraí speicis sin atá ag meath agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a fhormheas thar ceann an Aontais. Mar sin féin, i gcomhréir le hAirteagal 3(4) de Chinneadh 2006/871/CE, tá an Coimisiún le forchoimeádas a chur isteach i ndáil leis na leasuithe atá beartaithe a bhaineann leis na cúig speiceas sin, ós rud é go mbeadh leasú ar Threoir 2009/147/EC ag teastáil uathu, rud nach féidir a dhéanamh laistigh de 90 lá ón dáta a ghlacfaidh Cruinniú na bPáirtithe iad, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é seo a leanas an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an ochtú seisiún de Chruinniú na bPáirtithe sa Chomhaontú maidir le hÉin Uisce Imirceacha Afracacha-Eoráiseacha a Chaomhnú:
Formheasfaidh an tAontas na leasuithe ar Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gComhaontú a thíolaic an Ríocht Aontaithe agus a leagtar amach i ndréachtRún 8.2 ón ochtú seisiún de Chruinniú na bPáirtithe sa Chomhaontú a bhaineann leis na cúig speiceas seo a leanas: an ghé ghlas — Anser anser, an póiseard cíordhearg — Netta rufina, an fheadóg ghlas — Pluvialis squatarola squatarola, an Roilleach — Haematopus ostralegus longipes, agus an tsíolghé — Anser fabalis fabalis.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Meán Fómhair 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BEK
(1) Cinneadh 2006/871/CE ón gComhairle an 18 Iúil 2005 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, an Chomhaontaithe maidir le hÉin Uisce Imirceacha Afracacha-Eoráiseacha a Chaomhnú (IO L 345, 8.12.2006, lch. 24).
(2) Treoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).