Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1682

Cinneadh (CBES) 2022/1682 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1465 maidir le gníomhaíocht ón Aontas Eorpach chun tacú le Sásra Fíorúcháin agus Cigireachta na Náisiún Aontaithe in Éimin

ST/12389/2022/INIT

IO L 252, 30.9.2022, pp. 76–77 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1682/oj

30.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 252/76


CINNEADH (CBES) 2022/1682 ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Meán Fómhair 2022

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1465 maidir le gníomhaíocht ón Aontas Eorpach chun tacú le Sásra Fíorúcháin agus Cigireachta na Náisiún Aontaithe in Éimin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 18 Meán Fómhair 2018, bunaithe ar iarraidh ó Shásra Fíorúcháin agus Cigireachta na Náisiún Aontaithe don Éimin (UNVIM), ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/1249 (1) maidir le gníomhaíocht ón Aontas Eorpach chun tacú le UNVIM.

(2)

An 12 Deireadh Fómhair 2020, bunaithe ar iarraidh ó UNVIM, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/1465 (2) agus rinne sí gníomhaíocht an Aontais a athnuachan mar thaca leis an sásra ar feadh tréimhse 12 mhí.

(3)

An 15 Samhain 2021, bunaithe ar iarraidh eile ó UNVIM, rinne an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/1465 a leasú trí bhíthin Chinneadh (CBES) 2021/1991 (3) chun gníomhaíocht an Aontais a athnuachan a thuilleadh mar thaca le UNVIM ar feadh 12 mhí, go dtí an 30 Meán Fómhair 2022.

(4)

Le Rún 2643 (2022) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, cuireadh síneadh le sainordú Mhisean na Náisiún Aontaithe chun tacú le Comhaontú Hodeidah chun tacú le cur chun feidhme an chomhaontaithe maidir le Cathair Hodeidah agus calafoirt Hodeidah, Saleef agus Ras Issa, a leagtar amach i gComhaontú Stócólm agus a thug na páirtithe uile sa choinbhleacht in Éimin i gcrích an 13 Nollaig 2018, agus a formhuiníodh le Rún 2451 (2018) ó Chomhairle Slándála na Náisiúin Aontaithe agus le Rún 2452 (2019) ó Chomhairle Slándála na Náisiúin Aontaithe.

(5)

D’iarr UNVIM tacaíocht bhreise ar feadh bliain amháin ar an Aontas.

(6)

Ba cheart don Aontas a thacaíocht do UNVIM a athnuachan ar feadh bliana chun a shainordú a chur chun feidhme.

(7)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2020/1465 a leasú dá réir.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear, leis seo, Cinneadh (CBES) 2020/1465 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

“1.   Is é seo a leanas a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais chun an tionscadal dá dtagraítear in Airteagal 1 a chur chun feidhme:

EUR 2 059 838 don tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2020 go dtí an 28 Feabhra 2022,

EUR 2 200 000 don tréimhse ón 1 Márta 2022 go dtí an 30 Meán Fómhair 2022,

EUR 2 200 000 don tréimhse ón 1 Deireadh Fómhair 2022 go dtí an 30 Meán Fómhair 2023.

Déanfaidh an Chomhairle athbhreithniú ar an méid tagartha airgeadais faoin 1 Márta 2023 bunaithe, inter alia, ar an ráta ionsúcháin agus ar mheasúnú ar riachtanais ón Seirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus ón gCoimisiún.”;

(2)

in Airteagal 5, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír:

“Rachaidh sé in éag an 30 Meán Fómhair 2023.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Beidh feidhm aige ón 1 Deireadh Fómhair 2022.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. SÍKELA


(1)  Cinneadh (CBES) 2018/1249 ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2018 maidir le gníomhaíocht ón Aontas Eorpach mar thaca le Sásra Fíorúcháin agus Cigireachta na Náisiún Aontaithe in Éimin (IO L 235, 19.9.2018, lch. 14).

(2)  Cinneadh (CBES) 2020/1465 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2020 maidir le gníomhaíocht ón Aontas Eorpach chun tacú le Sásra Cigireachta agus Fíoraithe na Náisiún Aontaithe in Éimin (IO L 335, 13.10.2020, lch. 13).

(3)  Cinneadh (CBES) 2021/1991 ón gComhairle an 15 Samhain 2021 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/1465 maidir le gníomhaíocht ón Aontas Eorpach chun tacú le Sásra Fíorúcháin agus Cigireachta na Náisiún Aontaithe in Éimin (UNVIM) (IO L 405, 16.11.2021, lch. 12).


Top