EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1679

Cinneadh (AE) 2022/1679 ón gComhairle an 26 Meán Fómhair 2022 lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Ríocht na Danmhairge, de Choiste na Réigiún

ST/12184/2022/INIT

IO L 252, 30.9.2022, p. 72–72 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1679/oj

30.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 252/72


CINNEADH (AE) 2022/1679 ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Meán Fómhair 2022

lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Ríocht na Danmhairge, de Choiste na Réigiún

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),

Ag féachaint don togra ó rialtas na Danmhairge,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla agus sainordú toghchánach acu in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa.

(2)

An 18 Iúil 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2022/1257 (2), lena gceaptar cúigear comhaltaí agus seachtar comhaltaí malartacha, arna moladh ag Ríocht na Danmhairge, de Choiste na Réigiún.

(3)

Tá suíochán comhalta ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis do Peter Sønderby Westphal SØRENSEN éirí as oifig.

(4)

Mhol rialtas na Danmhairge Kasper Egede GLYNGØ, ar ionadaí do chomhlacht réigiúnach é agus sainordú toghchánach aige in údarás áitiúil, Byrådsmedlem, Hedensted Kommune (comhalta den Chomhairle Cathrach, Bardas Hedensted), mar chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar Kasper Egede GLYNGØ, ar ionadaí do chomhlacht áitiúil é agus sainordú toghchánach aige, Byrådsmedlem, Hedensted Kommune (comhalta den Chomhairle Cathrach, Bardas Hedensted), mar chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2025.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

Z. NEKULA


(1)  IO L 139, 27.5.2019, lch. 13.

(2)  Cinneadh (AE) 2022/1257 ón gComhairle an 18 Iúil 2022 lena gceaptar cúigear comhaltaí agus seachtar comhaltaí malartacha, arna moladh ag Ríocht na Danmhairge, de Choiste na Réigiún (IO L 191, 20.7.2022, lch. 63).


Top