This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D1664
Council Decision (EU) 2022/1664 of 20 September 2022 on the conclusion on behalf of the Union of the Framework Agreement between the European Union and its Member States, of the one part, and Australia, of the other part
Cinneadh (AE) 2022/1664 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2022 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chreat-Comhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Astráil, den pháirt eile
Cinneadh (AE) 2022/1664 ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 2022 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chreat-Comhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Astráil, den pháirt eile
ST/15467/2016/INIT
IO L 255, 3.10.2022, p. 1–2
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1664/oj
3.10.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 255/1 |
CINNEADH (AE) 2022/1664 ÓN gCOMHAIRLE
an 20 Meán Fómhair 2022
maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chreat-Comhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Astráil, den pháirt eile
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 37 de,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207 agus Airteagal 212(1), i gcomhar le hAirteagal 218(6), pointe (a), agus Airteagal 218(8), an dara fomhír, de,
Ag féachaint don togra comhpháirteach ón gCoimisiún Eorpach agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
De bhun Chinneadh (AE) 2017/1546 ón gComhairle (2), síníodh an Creat-Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Astráil, den pháirt eile (“an Comhaontú”) an 7 Lúnasa 2017, agus tá cuid dá fhorálacha á gcur i bhfeidhm ar bhonn sealadach i gcomhréir le hAirteagal 61 den Chomhaontú, go dtí go dtiocfaidh sé i bhfeidhm. |
(2) |
Is é cuspóir an Chomhaontaithe an comhar a neartú thar raon leathan réimsí beartais, lena n-áirítear cearta an duine, neamhleathadh arm ollscriosta, comhrac na sceimhlitheoireachta, comhar maidir le hábhair eacnamaíocha agus trádála, sláinte, comhshaol, athrú aeráide, fuinneamh, oideachas, cultúr, saothar, bainistiú tubaistí, iascach agus gnóthaí muirí, iompar, comhar dlíthiúil agus comhrac an sciúrtha airgid, an mhaoinithe sceimhlitheoireachta, na coireachta eagraithe agus an éillithe. |
(3) |
Ba cheart an Comhaontú a fhormheas, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Déantar leis seo an Creat-Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Astráil, den pháirt eile, a fhormheas thar ceann an Aontais (3).
Airteagal 2
Tabharfaidh Uachtarán na Comhairle, thar ceann an Aontais, an fógra dá bhforáiltear in Airteagal 61(1) den Chomhaontú (4).
Airteagal 3
Is é Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála a bheidh ina chomhchathaoirleach ar an gComhchoiste dá bhforáiltear in Airteagal 56 den Chomhaontú.
Déanfar ionadaíocht sa Chomhchoiste don Aontas nó, de réir mar a bheidh, don Aontas agus do na Ballstáit, ag brath ar an ábhar.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Meán Fómhair 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. BEK
(1) Toiliú an 18 Aibreán 2018 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Cinneadh (AE) 2017/1546 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2016 maidir le síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an Chreat-Chomhaontaithe Trádála idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Astráil, den pháirt eile (IO L 237, 15.9.2017, lch. 5).
(3) Foilsíodh an Comhaontú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (IO L 237, 15.9.2017, lch. 7) mar aon leis an gCinneadh maidir lena shíniú agus a chur i bhfeidhm sealadach.
(4) Déanfaidh Ardrúnaíocht na Comhairle an dáta a thiocfaidh an Comhaontú i bhfeidhm a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.