This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D1654
Council Decision (CFSP) 2022/1654 of 27 September 2022 amending Decision (CFSP) 2018/1788 in support of the South-Eastern and Eastern Europe Clearinghouse for the Control of Small Arms and Light Weapons (SEESAC) for the implementation of the Regional Roadmap on combating illicit arms trafficking in the Western Balkans
Cinneadh (CBES) 2022/1654 ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/1788 chun tacú le Teach Imréitigh Oirdheisceart agus Oirthear na hEorpa um Rialú Mionarm agus Arm Éadrom (SEESAC) chun cur chun feidhme an Treochláir Réigiúnaigh maidir le gáinneáil aindleathach ar airm a chomhrac sna Balcáin Thiar
Cinneadh (CBES) 2022/1654 ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/1788 chun tacú le Teach Imréitigh Oirdheisceart agus Oirthear na hEorpa um Rialú Mionarm agus Arm Éadrom (SEESAC) chun cur chun feidhme an Treochláir Réigiúnaigh maidir le gáinneáil aindleathach ar airm a chomhrac sna Balcáin Thiar
ST/12129/2022/INIT
IO L 249, 27.9.2022, pp. 45–46
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
27.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 249/45 |
CINNEADH (CBES) 2022/1654 ÓN gCOMHAIRLE
an 27 Meán Fómhair 2022
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/1788 chun tacú le Teach Imréitigh Oirdheisceart agus Oirthear na hEorpa um Rialú Mionarm agus Arm Éadrom (SEESAC) chun cur chun feidhme an Treochláir Réigiúnaigh maidir le gáinneáil aindleathach ar airm a chomhrac sna Balcáin Thiar
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 31(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 19 Samhain 2018, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2018/1788 (1). |
|
(2) |
An 6 Nollaig 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/2161 (2) lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/1788 agus lena gcuirtear síneadh leis an tréimhse cur chun feidhme do na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 de go dtí an 17 Deireadh Fómhair 2022. |
|
(3) |
D’iarr an comhpháirtí cur chun feidhme, Clár Forbartha na Náisiún Aontaithe, ag gníomhú dó thar ceann Theach Imréitigh Oirdheisceart agus Oirthear na hEorpa um Rialú Mionarm agus Arm Éadrom go gcuirfí síneadh 3 mhí le tréimhse cur chun feidhme Chinneadh (CBES) 2018/1788 go dtí an 17 Eanáir 2023, i bhfianaise na moille leanúnaí ar chur chun feidhme gníomhaíochtaí tionscadail faoi Chinneadh (CBES) 2018/1788 mar gheall ar thionchar phaindéim COVID-19. |
|
(4) |
Is féidir leanúint de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2018/1788 go dtí an 17 Eanáir 2023 a fheidhmiú gan aon iarmhairtí a mhéid a bhaineann le hacmhainní airgeadais. |
|
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Airteagal 5(2) de Chinneadh (CBES) 2018/1788 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(2) de Chinneadh (CBES) 2018/1788:
“2. Rachaidh an Cinneadh seo in éag an 17 Eanáir 2023.”.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 27 Meán Fómhair 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
Z. NEKULA
(1) Cinneadh (CBES) 2018/1788 ón gComhairle an 19 Samhain 2018 chun tacú le Teach Imréitigh Oirdheisceart agus Oirthear na hEorpa um Rialú Mionarm agus Arm Éadrom (SEESAC) chun cur chun feidhme an Treochláir Réigiúnaigh maidir le gáinneáil aindleathach ar airm a chomhrac sna Balcáin Thiar (IO L 293, 20.11.2018, lch. 11).
(2) Cinneadh (CBES) 2021/2161 ón gComhairle an 6 Nollaig 2021 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/1788 chun tacú le Teach Imréitigh Oirdheisceart agus Oirthear na hEorpa um Rialú Mionarm agus Arm Éadrom (SEESAC) chun cur chun feidhme an Treochláir Réigiúnaigh maidir le gáinneáil aindleathach ar airm a chomhrac sna Balcáin Thiar (IO L 436, 7.12.2021, lch. 46).