EUR-Lex De toegang tot het recht van de Europese Unie

Terug naar de EUR-Lex homepage

Dit document is overgenomen van EUR-Lex

Document 32022D1649

Cinneadh (CBES) 2022/1649 ón gCoiste polaitiúil agus slándála an 20 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear síneadh le sainordú Cheann Misin Mhisean CBSC an Aontais Eorpaigh sa Nígir (EUCAP Sahel Niger/1/2022)

ST/11601/2022/INIT

IO L 248, 26.9.2022, blz. 57–58 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Juridische status van het document Niet meer van kracht, Datum einde geldigheid: 30/09/2023

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1649/oj

26.9.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 248/57


CINNEADH (CBES) 2022/1649 ÓN gCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA

an 20 Meán Fómhair 2022

lena gcuirtear síneadh le sainordú Cheann Misin Mhisean CBSC an Aontais Eorpaigh sa Nígir (EUCAP Sahel Niger/1/2022)

TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe an tríú mír d’Airteagal 38 de,

Ag féachaint do Chinneadh 2012/392/CBES ón gComhairle an 16 Iúil 2012 maidir le Misean CBSC an Aontais Eorpaigh sa Nígir (EUCAP Sahel Niger) (1), agus go háirithe Airteagal 9(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Chinneadh 2012/392/CBES, údaraítear an Coiste Polaitiúil agus Slándála, i gcomhréir leis an tríú mír d’Airteagal 38 den Chonradh, na cinntí ábhartha a ghlacadh chun rialú polaitiúil agus treoir straitéiseach Mhisean CBSC an Aontais Eorpaigh sa Nígir (EUCAP Sahel Niger) a fheidhmiú, lena n-áirítear an cinneadh Ceann Misin a cheapadh.

(2)

An 16 Nollaig 2020, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2021/22 (2) lena gceaptar Antje PITTELKAU mar Cheann Misin EUCAP Sahel Niger (EUCAP Sahel Niger), ón 16 Eanáir 2021 go dtí an 15 Eanáir 2022.

(3)

An 25 Samhain 2021, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2021/2162 (3) lena gcuirtear síneadh le sainordú Antje PITTELKAU mar Cheann Misin EUCAP Sahel Niger ón 16 Eanáir 2022 go dtí an 30 Meán Fómhair 2022.

(4)

An 9 Meán Fómhair 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/1505 (4), lena leasaítear Cinneadh 2012/392/CBES agus lena gcuirtear síneadh le sainordú EUCAP Sahel Niger go dtí an 30 Meán Fómhair 2024.

(5)

Mhol Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála go gcuirfí síneadh le sainordú Antje PITTELKAU mar Cheann Misin EUCAP Sahel Niger ón 1 Deireadh Fómhair 2022 go dtí an 30 Meán Fómhair 2023,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, cuirtear síneadh le sainordú Antje PITTELKAU mar Cheann Misin Mhisean CBSC an Aontais Eorpaigh sa Nígir (EUCAP Sahel Niger) ón 1 Deireadh Fómhair 2022 go dtí an 30 Meán Fómhair 2023.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Beidh feidhm aige ón 1 Deireadh Fómhair 2022.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Meán Fómhair 2022.

Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála

D. PRONK

An Cathaoirleach


(1)  IO L 187, 17.7.2012, lch. 48.

(2)  Cinneadh (CBES) 2021/22 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 16 Nollaig 2020 maidir le ceapadh Cheann Misin mhisean CBSC an Aontais Eorpaigh sa Nígir (EUCAP Sahel Niger) (EUCAP Sahel Niger) (EUCAP Sahel Niger/2/2020) (IO L 9, 12.1.2021, lch. 1).

(3)  Cinneadh (CBES) 2021/2162 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 25 Samhain 2021 lena gcuirtear síneadh le sainordú Cheann Misin Mhisean CBSC an Aontais Eorpaigh sa Nígir (EUCAP Sahel Niger) (EUCAP Sahel Niger/1/2021) (IO L 437, 7.12.2021 lch. 1).

(4)  Cinneadh (CBES) 2022/1505 ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2012/392/CBES maidir le Misean CBSC an Aontais Eorpaigh sa Nígir (EUCAP Sahel Niger) (IO L 235, 12.9.2022, lch. 28).


Naar boven