This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D1509
Council Implementing Decision (CFSP) 2022/1509 of 9 September 2022 implementing Decision (CFSP) 2015/1333 concerning restrictive measures in view of the situation in Libya
Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/1509 ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh (CBES) 2015/1333 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia
Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/1509 ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh (CBES) 2015/1333 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia
ST/11546/2022/INIT
IO L 235, 12.9.2022, p. 35–36
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
12.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 235/35 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2022/1509 ÓN gCOMHAIRLE
an 9 Meán Fómhair 2022
lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh (CBES) 2015/1333 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2015/1333 ón gComhairle an 31 Iúil 2015 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2011/137/CBES (1), agus go háirithe Airteagal 12(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 31 Iúil 2015, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2015/1333. |
(2) |
An 18 Iúil 2022, rinne Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a bunaíodh de bhun Rún 1970 (2011) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe nuashonrú ar an bhfaisnéis a bhaineann le duine amháin atá faoi réir bearta sriantacha. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinní I agus III a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1333 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear leis seo Iarscríbhinní I agus III a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1333 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Meán Fómhair 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. SÍKELA
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinní I agus III a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1333, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 6:
“6. |
Ainm: 1: ABU 2: ZAYD 3: UMAR 4: DORDA Teideal: n/b Ainmniú: a) Stiúrthóir, an Eagraíocht Slándála Seachtraí. b) Ceann na gníomhaireachta um fhaisnéis sheachtrach. Dáta Breithe:4 Aibreán 1944Áit Bhreithe: Alrhaybat Ainmneacha bréige láidre: a) Dorda Abuzed OE b) Abu Zayd Umar Hmeid Dorda Ainm bréige lag: n/b Náisiúntacht: n/b Uimhir an phas: an Libia, uimhir FK117RK0, a eisíodh an 25 Samhain 2018, eisithe i dTripilí (Dáta éaga: 24 Samhain 2026) Uimhir Aitheantais Náisiúnta: n/b Seoladh: an Libia (Stádas/suíomh measta: éagtha) A liostaíodh an:26 Feabhra 2011 (leasaithe an 27 Meitheamh 2014, 1 Aibreán 2016, 25 Feabhra 2020, 18 Iúil 2022) Faisnéis eile: Liostaithe de bhun mhír 15 de rún 1970 (Toirmeasc Taistil). Liostaithe an 17 Márta 2011 de bhun mhír 17 de rún 1970 (Reo Sócmhainní).” |