Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1447

    Cinneadh (CBES) 2022/1447 ón gComhairle an 1 Meán Fómhair 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

    ST/11825/2022/INIT

    IO L 227I, 1.9.2022, p. 4–5 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1447/oj

    1.9.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    LI 227/4


    CINNEADH (CBES) 2022/1447 ÓN gCOMHAIRLE

    an 1 Meán Fómhair 2022

    lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/145/CBES (1).

    (2)

    Tá an tAontas fós diongbháilte agus tacaíocht á tabhairt aige do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine agus leanann sé de ghníomhaíochtaí agus de bhearta lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach na hÚcráine a cháineadh.

    (3)

    I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, measann an Chomhairle gur cheart triúr atá freagrach as gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin, a chur le liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES.

    (4)

    Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/145/CBES a leasú dá réir,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Meán Fómhair 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    M. BEK


    (1)  Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 16).


    IARSCRÍBHINN

    Cuirtear na daoine seo a leanas le liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES:

    Daoine

     

    Ainm

    Faisnéis chéannachta

    Ráiteas ar Chúiseanna

    Dáta an liostaithe

    “1230.

    Alla Viktorovna POLYAKOVA

    (Алла Викторовна ПОЛЯКОВА)

    Dáta breithe: 26.11.1970

    Áit bhreithe: Ryazan, Russian Federation

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: baineann

    Comhalta den Dúma Stáit (State Duma) a vótáil i bhfabhar rún Uimh. 58243-8 ‘Maidir leis an achainí ó Dhúma Stáit Thionól Cónaidhme Chónaidhm na Rúise Chuig Uachtarán Chónaidhm na Rúise V.V. Putin maidir leis an ngá aitheantas a thabhairt do Dhaon-Phoblacht Donetsk agus do Dhaon-Phoblacht Luhansk’ agus a thacaigh dá bhrí sin le gníomhaíochtaí agus beartais, agus a chuir gníomhaíochtaí agus beartais chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh a thuilleadh an Úcráin.

    1.9.2022

    1231.

    Anton Olegovich TKACHEV

    (Антон Олегович ТКАЧЁВ)

    Dáta breithe: 31.3.1994

    Áit bhreithe: Voronezh, Russian Federation

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    Comhalta den Dúma Stáit (State Duma) a vótáil i bhfabhar rún Uimh. 58243-8 ‘Maidir leis an achainí ó Dhúma Stáit Thionól Cónaidhme Chónaidhm na Rúise Chuig Uachtarán Chónaidhm na Rúise V.V. Putin maidir leis an ngá aitheantas a thabhairt do Dhaon-Phoblacht Donetsk agus do Dhaon-Phoblacht Luhansk’ agus a thacaigh dá bhrí sin le gníomhaíochtaí agus beartais, agus a chuir gníomhaíochtaí agus beartais chun feidhme, ar gníomhaíochtaí agus beartais iad a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, agus a dhíchobhsaigh a thuilleadh an Úcráin.

    1.9.2022

    1232.

    Valery Andreevich PONOMAREV

    (Валерий Андреевич ПОНОМАРЕВ)

    Dáta breithe: 17.8.1959

    Áit bhreithe: Kurilsky District, Sakhalin Region, Russian Federation

    Náisiúntacht: Rúiseach

    Inscne: fireann

    Comhalta den Chomhairle Cónaidhme (Federation Council) a dhaingnigh cinntí rialtais an ‘Conradh Cairdis, Comhair agus Cúnaimh Fhrithpháirtigh idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Donetsk agus idir Cónaidhm na Rúise agus Daon-Phoblacht Luhansk’.

    1.9.2022”


    Top