This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D1437
Commission Decision (EU) 2022/1437 of 30 August 2022 confirming the participation of Ireland in Regulation (EU) 2021/2260 of the European Parliament and of the Council amending Regulation (EU) 2015/848 on insolvency proceedings to replace its Annexes A and B
Cinneadh (AE) 2022/1437 ón gCoimisiún an 30 Lúnasa 2022 lena ndeimhnítear rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2021/2260 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/848 maidir le himeachtaí dócmhainneachta chun Iarscríbhinní A agus B a ghabhann leis a ionadú
Cinneadh (AE) 2022/1437 ón gCoimisiún an 30 Lúnasa 2022 lena ndeimhnítear rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2021/2260 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/848 maidir le himeachtaí dócmhainneachta chun Iarscríbhinní A agus B a ghabhann leis a ionadú
C/2022/6100
IO L 225, 31.8.2022, p. 3–4
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
31.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 225/3 |
CINNEADH (AE) 2022/1437 ÓN gCOIMISIÚN
an 30 Lúnasa 2022
lena ndeimhnítear rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2021/2260 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/848 maidir le himeachtaí dócmhainneachta chun Iarscríbhinní A agus B a ghabhann leis a ionadú
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Phrótacal (Uimh. 21) maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, seasamh atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 4 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I litir chuig an gCoimisiún dar dáta an 31 Bealtaine 2022, thug Éire fógra gur mian léi, i gcomhréir le hAirteagal 4 de Phrótacal (Uimh. 21), glacadh le Rialachán (AE) 2021/2260 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus a bheith faoi cheangal aige (1). |
(2) |
Níl aon choinníollacha sonracha i gceist le rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2021/2260 agus níl aon ghá le bearta idirthréimhseacha. Tugann an Coimisiún dá aire go bhfuil Éire faoi cheangal ag Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), agus níl sa bheart lena mbaineann an fógra reatha ó Éirinn ach nuashonrú ar Iarscríbhinní A agus B a ghabhann leis an Rialachán sin, iarscríbhinní ina bhfuil an liosta d’imeachtaí dócmhainneachta náisiúnta agus an liosta de chleachtóirí dócmhainneachta náisiúnta faoi seach. |
(3) |
Ba cheart rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2021/2260 a dheimhniú. |
(4) |
Chun go bhféadfaidh Éire Rialachán (AE) 2021/2260 a chur i bhfeidhm a luaithe is féidir, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Tá rannpháirtíocht na hÉireann i Rialachán (AE) 2021/2260 deimhnithe.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Lúnasa 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) Rialachán (AE) 2021/2260 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2021 lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/848 maidir le himeachtaí dócmhainneachta chun Iarscríbhinní A agus B a ghabhann leis a ionadú (IO L 455, 20.12.2021, lch. 4).
(2) Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le himeachtaí dócmhainneachta (IO L 141, 5.6.2015, lch. 19).