Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1436

    Cinneadh (CBES) 2022/1436 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 25 Lúnasa 2022 maidir le Ceann Misin a cheapadh ar Mhisean Comhairleach CBSC an Aontais Eorpaigh i bPoblacht na hAfraice Láir (EUAM RCA) (EUAM RCA/1/2022)

    ST/11569/2022/INIT

    IO L 225, 31.8.2022, p. 1–2 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document No longer in force, Date of end of validity: 31/08/2023

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1436/oj

    31.8.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 225/1


    CINNEADH (CBES) 2022/1436 ÓN GCOISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA

    an 25 Lúnasa 2022

    maidir le Ceann Misin a cheapadh ar Mhisean Comhairleach CBSC an Aontais Eorpaigh i bPoblacht na hAfraice Láir (EUAM RCA) (EUAM RCA/1/2022)

    TÁ AN COISTE POLAITIÚIL AGUS SLÁNDÁLA,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 38, an tríú mír, de,

    Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2019/2110 ón gComhairle an 9 Nollaig 2019 maidir le Misean Comhairleach CBSC an Aontais Eorpaigh i bPoblacht na hAfraice Láir (EUAM RCA) (1), agus go háirithe Airteagal 8(1) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    De bhun Chinneadh (CBES) 2019/2110, údaraítear don Choiste Polaitiúil agus Slándála, i gcomhréir le hAirteagal 38, an tríú mír, den Chonradh, na cinntí ábhartha a ghlacadh chun rialú polaitiúil agus treoir straitéiseach Mhisean Comhairleach CBSC an Aontais Eorpaigh i bPoblacht na hAfraice Láir (EUAM RCA) a fheidhmiú, lena n-áirítear an cinneadh Ceann Misin a cheapadh.

    (2)

    An 17 Nollaig 2019, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2019/2189 (2), lena gceaptar Paulo SOARES mar Cheann Misin EUAM RCA ón 9 Nollaig 2019 go dtí an 8 Nollaig 2020.

    (3)

    An 24 Samhain 2020, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2020/1774 (3), lena gcuirtear síneadh le sainordú Paulo SOARES mar Cheann Misin EUAM RCA ón 9 Nollaig 2020 go dtí an 8 Nollaig 2021.

    (4)

    An 25 Samhain 2021, ghlac an Coiste Polaitiúil agus Slándála Cinneadh (CBES) 2021/2099 (4) lena gcuirtear síneadh le sainordú Paulo SOARES mar Cheann Misin EUAM RCA ón 9 Nollaig 2021 go dtí an 8 Lúnasa 2022.

    (5)

    An 28 Iúil 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/1333 (5) lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/2110 agus lena gcuirtear síneadh le sainordú EUAM RCA go dtí an 9 Lúnasa 2024.

    (6)

    An 8 Lúnasa 2022, mhol Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála José Manuel MARQUES DIAS a cheapadh mar Cheann Misin EUAM RCA ón 1 Meán Fómhair 2022 go dtí an 31 Lúnasa 2023,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leis seo, ceaptar José Manuel MARQUES DIAS ina Cheann Misin ar Mhisean Comhairleach CBSC an Aontais Eorpaigh i bPoblacht na hAfraice Láir (EUAM RCA) ón 1 Meán Fómhair 2022 go dtí an 31 Lúnasa 2023.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Beidh feidhm aige ón 1 Meán Fómhair 2022.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Lúnasa 2022.

    Thar ceann an Choiste Pholaitiúil agus Slándála

    D. PRONK

    An Cathaoirleach


    (1)  IO L 318, 10.12.2019, lch. 141.

    (2)  Cinneadh (CBES) 2019/2189 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 17 Nollaig 2019 maidir le Ceann Misin a cheapadh ar Mhisean Comhairleach CBSC an Aontais Eorpaigh i bPoblacht na hAfraice Láir (EUAM RCA) (EUAM RCA/1/2019) (IO L 330, 20.12.2019, lch. 51).

    (3)  Cinneadh (CBES) 2020/1774 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 24 Samhain 2020 lena gcuirtear síneadh le sainordú Cheann Misin Mhisean Comhairleach CBSC an Aontais Eorpaigh i bPoblacht na hAfraice Láir (EUAM RCA) (EUAM RCA/1/2020) (IO L 398, 27.11.2020, lch. 22).

    (4)  Cinneadh (CBES) 2021/2099 ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála an 25 Samhain 2021 lena gcuirtear síneadh le sainordú Cheann Misin Mhisean Comhairleach CBSC an Aontais Eorpaigh i bPoblacht na hAfraice Láir (EUAM RCA) (EUAM RCA/1/2021) (IO L 428, 30.11.2021, lch. 1).

    (5)  Cinneadh (CBES) 2022/1333 ón gComhairle an 28 Iúil 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/2110 maidir le Misean Comhairleach CBSC an Aontais Eorpaigh i bPoblacht na hAfraice Láir (EUAM RCA) (IO L 201, 1.8.2022, lch. 25).


    Top