Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1415

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1415 ón gCoimisiún an 18 Lúnasa 2022 maidir le rialacha dáilte tráchta modhnaithe le haghaidh aerfoirt Milano Malpensa, Milano Linate agus Orio al Serio (Bergamo) a fhormheas go páirteach de bhun Airteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 5783) (an téacs Iodáilise amháin atá barántúil)

    C/2022/5783

    IO L 217, 22.8.2022, p. 88–92 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/1415/oj

    22.8.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 217/88


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1415 ÓN gCOIMISIÚN

    an 18 Lúnasa 2022

    maidir le rialacha dáilte tráchta modhnaithe le haghaidh aerfoirt Milano Malpensa, Milano Linate agus Orio al Serio (Bergamo) a fhormheas go páirteach de bhun Airteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

    (a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad C(2022) 5783)

    (an téacs Iodáilise amháin atá barántúil)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh oibriú aersheirbhísí sa Chomhphobal (1), agus go háirithe Airteagal 19(3) de,

    Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gcoiste arna bhunú le hAirteagal 25(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    1.   NÓS IMEACHTA

    (1)

    An 22 Feabhra 2022 chuir údaráis na hIodáile an Coimisiún ar an eolas, de bhun Airteagal 19(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, faoi dhréacht-fhoraithne nua maidir le rialacha dáilte tráchta modhnaithe le haghaidh aerfoirt Milano Malpensa, Milano Linate agus Orio al Serio (Bergamo) (“dréacht-fhoraithne Giovannini”).

    2.   CÚLRA AGUS TUAIRISC AR AN MBEART

    2.1.   Dréacht-Fhoraithne Giovannini

    (2)

    Le hAirteagal 1 de dhréacht-fhoraithne Giovannini, modhnaítear Airteagal 4 d’fhoraithne an 3 Márta 2000 maidir le rialacha dáilte tráchta le haghaidh aerfoirt Milano Malpensa, Milano Linate agus Orio al Serio (Bergamo), arna leasú, ar an mbealach seo a leanas:

    “Mír 1:

    Féadfaidh aeriompróirí bealaí sceidealaithe ó phointe go pointe a oibriú, agus aerárthaí cabhlach caoile á n-úsáid acu, idir aerfort Milano Linate agus aerfoirt eile san Aontas Eorpach, nó idir aerfoirt Milano Linate agus aerfoirt de chuid Stáit a bhfuil comhaontú ingearach déanta aige leis anAontas Eorpach lena rialaítear a chuid aersheirbhísí agus ar aerfoirt iad atá suite laistigh de gha 1 500 km ó aerfort Milano Linate a thomhaistear de réir mhodh an bhealaigh mórchiorcail laistigh de theorainneacha an toillte oibríochtúil a shainítear le haghaidh aerfort Milano Linate. Ní fhéadfaidh ach na haeriompróirí seo a leanas na bealaí sin a oibriú:

    (a)

    iompróirí ar aeriompróirí Comhphobail iad de réir shainmhínithe Airteagal 2(10) agus (11) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 agus a chomhlíonann na ceanglais arna leagan síos ag na húdaráis eitlíochta inniúla, i gcomhréir leis an Rialachán sin;

    (b)

    aeriompróirí arna n-ainmniú ag tír chun aersheirbhísí a oibriú ar bhonn comhaontú ingearach a rinne an tír sin leis an Aontas Eorpach, ar choinníoll go mbaineann an bealach le haerfort atá laistigh de gha 1 500 km ó aerfort Milano Linate a thomhaistear de réir mhodh an bhealaigh mórchiorcail.”

    (3)

    Le hAirteagal 1 de dhréacht-fhoraithne Giovannini, modhnaítear freisin Airteagal 4 d’fhoraithne an 3 Márta 2000 maidir le rialacha dáilte tráchta le haghaidh aerfoirt Milano Malpensa, Milano Linate agus Orio al Serio (Bergamo), arna leasú, ar an mbealach seo a leanas:

    “Mír 2:

    D’fhonn comhlíonadh fhorálacha mhír 1 a ráthú, ní cheadófar ticéid a dháileadh ná a dhíol ná paisinéirí a iompar ar bhealaigh eitilte ó phointe go pointe ó aerfortMilano Linate nó chuige ach amháin i leith aerfoirt atá suite laistigh de na teorainneacha geografacha a shainítear le mír 1.”

    (4)

    Luaitear in aithrisí dhréacht-fhoraithne Giovannini go bhfuil gá le leasú a dhéanamh ar na rialacha atá ann faoi láthair maidir le dáileadh tráchta idir aerfoirt Milano chun a áirithiú go bhfanfadh aerfort Milano Linate ina “aerfort cathrach” lena bhfreastalaítear ar chinn scríbe ghearraistir, agus chun leas iomlán a bhaint as forbairt Milano Malpensa mar aerfort moil. Thairis sin, ba cheart aerfort Milano Linate a nascadh le haerfoirt lasmuigh den Aontas, ar choinníoll go mbeidh siad laistigh de gha 1 500 km, agus go bhfuil comhaontú aeriompair cothrománach nó cuimsitheach tugtha i gcrích ag an Aontas leis an tríú tír ina bhfuil an t-aerfort lonnaithe.

    (5)

    Sna mínithe a ghabhann leis an bhfógra a thug údaráis na hIodáile, chuir údaráis na hIodáile in iúl go bhfágfadh cur i bhfeidhm Airteagal 1 de dhréacht-fhoraithne Giovannini mar a thagraítear dó in aithris 2 go bhféadfaí leanúint d’oibríochtaí bealaí idir Milano Linate agus tíortha amhail an Ríocht Aontaithe, Ballstáit an Chomhlimistéir Eitlíochta Eorpaigh nó Maracó, laistigh de theorainneacha sainithe toillte an aerfoirt, eadhon 18 ngluaiseacht in aghaidh na huaire.

    (6)

    De bhun Airteagal 1 de dhréacht-fhoraithne Giovannini mar a thagraítear in aithris 2, déanfar an ga 1 500 km timpeall aerfort Milano Linate a thomhas de réir mhodh an bhealaigh mórchiorcail. Mhínigh údaráis na hIodáile ina bhfógra go n-úsáidtear an fad sin i reachtaíocht an Aontais mar thairseach chun eitiltí a bhfuil achair éagsúla acu a chatagóiriú (e.g. Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2)).

    (7)

    Maidir le hAirteagal 1 de dhréacht-fhoraithne Giovannini mar a thagraítear dó in aithris 3, mhínigh údaráis na hIodáile gurb é atá beartaithe leis an bhforáil sin forfheidhmiú dhréacht-Airteagal 4, mír 1, a áirithiú, agus léiríonn sí cur chuige na rialacha dáilte tráchta atá ann faoi láthair. Leis na rialacha atá ann faoi láthair, cuirtear de chúram ar an Údarás Eitlíochta Sibhialta náisiúnta faireachán a dhéanamh ar aerthrácht ag aerfoirt Milano Linate agus Milano Malpensa agus tuairisciú don Aireacht Bonneagair agus Iompair, chun a mheas an bhfuil na rialacha sin á gcomhlíonadh agus an bhfuil gá le haon ghníomhaíocht bhreise.

    2.2.   Comhairliúchán a rinne údaráis na hIodáile

    (8)

    An 6 Meán Fómhair 2021, i gcomhréir le hAirteagal 19(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, d’iarr Údarás Eitlíochta Sibhialta na hIodáile (ENAC) ar pháirtithe leasmhara páirt a ghlacadh i gcomhairliúchán a bhí ar siúl an 8 Meán Fómhair 2021 ag aerfort Milano Linate.

    (9)

    Dé réir na faisnéise a chuir údaráis na hIodáile isteach, d’fhreastail Coistí Úsáideoirí Aerfoirt aerfoirt Linate agus Malpensa ar an gcomhairliúchán, comhdhéanta d’aeriompróirí, cuideachtaí láimhseála ar talamh, an comhlacht bainistithe aerfoirt agus an comhordaitheoir sliotán.

    (10)

    De réir na tuarascála comhairliúcháin, bhí formhór na bpáirtithe i bhfabhar an leasaithe atá beartaithe.

    3.   COMHAIRLIÚCHÁIN A RINNE AN COIMISIÚN

    (11)

    An 25 Márta 2022 d’fhoilsigh an Coimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3) achoimre ar na leasuithe atá beartaithe ar na rialacha dáilte tráchta, leasuithe a thug údaráis na hIodáile fógra ina leith, agus thug sé 20 lá do pháirtithe leasmhara barúlacha a chur isteach.

    (12)

    Fuair an Coimisiún barúlacha ó chúig pháirtí leasmhara, agus theastaigh ón gcuid is mó acu nach luafar a n-ainm.

    (13)

    Thacaigh na páirtithe leasmhara uile le hAirteagal 1 de dhréacht-fhoraithne Giovannini mar a thagraítear dó in aithris 2, cé gur iarr páirtí amháin go leathnófaí an ga thar 1 500 km chun níos mó ceann scríbe a áireamh.

    (14)

    Thacaigh trí pháirtí leasmhara go sainráite le hAirteagal 1 de dhréacht-fhoraithne Giovannini mar a thagraítear dó in aithris 3, agus iad ag áitiú go bhfeabhsódh sé comhlíonadh dhréacht-Airteagal 4, mír 1, agus go gcoinneodh sé aerfort Linate mar fhíor-aerfort ó phointe go pointe. Chuir páirtí leasmhar amháin in iúl go raibh imní air faoi Airteagal 1 de dhréacht-fhoraithne Giovannini mar a thagraítear dó in aithris 3 agus é ag áitiú go bhfuil an toirmeasc ar dhíolachán ticéad le cinn scríbe lasmuigh de raon feidhme dhréacht-Airteagal 4, mír 1, díréireach. Bhí imní mhór ar an bpáirtí sin freisin faoin gcaoi a gcuirfí an fhoráil chun feidhme agus bhí amhras air go mbeadh an fhoráil iomchuí chun déileáil leis na fadhbanna toillte.

    4.   MEASÚNÚ

    (15)

    Ar dtús, tugann an Coimisiún faoi deara go gcomhlíonann na trí aerfort a bhfuil feidhm ag an riail dáilte tráchta maidir leo, ar tugadh fógra ina leith, is iad sin Milano Linate, Milano Malpensa agus Orio al Serio (Bergamo), go gcomhlíonann siad na ceithre choinníoll a leagtar amach in Airteagal 19(2), an chéad fhomhír, de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008. Freastalaíonn na haerfoirt ar chomhchathair Milano, rud a chomhlíonann an chéad choinníoll. Tá na naisc bhonneagair agus iompair phoiblí idir na trí aerfort agus idir iad agus cathair Milano de chineál a chomhlíonann an dara agus an tríú coinníoll. Ina theannta sin, soláthraíonn na haerfoirt na seirbhísí riachtanacha d’aeriompróirí ar bhealach a chomhlíonann an ceathrú coinníoll.

    (16)

    Thairis sin, tugann an Coimisiún dá aire, leis na cinntí a ghlac an Coimisiún roimhe seo, gur formheasadh rialacha dáilte tráchta a raibh sé de chuspóir acu aerfort Milano Malpensa a bhunú mar mhol idirnáisiúnta agus Milano Linate a bhunú mar aerfort ó phointe go pointe chun teorainn a chur leis an sreabhadh tráchta ag an aerfoirt sin.

    (17)

    Go sonrach, le Foraithní Bersani agus Bersani 2 an 5 Eanáir 2001, arna bhformheas le Cinneadh 2001/163/CE ón gCoimisiún (4), ag aerfort Milano Linate, forchuireadh teorainneacha ar líon na seirbhísí fillte laethúla chuig aerfoirt an Aontais arna sainaithint ar bhonn mhéid an tráchta paisinéirí. Chuir Foraithní Bersani agus Bersani 2 teorainn freisin le haerfort Milano Linate d’aerárthaí pasáiste aonair le haghaidh naisc sceidealaithe ó phointe go pointe laistigh den Aontas, agus sin amháin. D’fhág sé sin gur brúdh an trácht a bhí fágtha go haerfort Malpensa.

    (18)

    Bhí sé de chuspóir ag Foraithne Del Rio an 18 Samhain 2016, arna formheas le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2019 ón gCoimisiún (5), úsáid aerfort Milano Linate a bharrfheabhsú agus feabhas a chur ar an nascacht le gach cathair Eorpach eile, agus leas iomlán á bhaint ag an am céanna as acmhainneacht mhol Malpensa ina ról sonrach mar gheata idir-ilchríochach. Dá bhrí sin, le Foraithne Del Rio, baineadh na teorainneacha ar mhinicíochtaí atá bunaithe ar mhéideanna tráchta paisinéirí a d’fhéadfaí a oibriú go dtí Linate agus uaidh, ach áitíodh léi nach bhféadfaí freastal ach ar chinn scríbe laistigh den Aontas agus aerárthaí cabhlach caoile á n-úsáid.

    (19)

    I bhfianaise an mhéid thuas, ní cheistíonn an Coimisiún beartas na hIodáile maidir le haerfoirt Milano Malpensa agus Milano Linate.

    (20)

    A mhéid a bhaineann le hAirteagal 1 de dhréacht-fhoraithne Giovannini mar a thagraítear dó in aithris 2, tugann an Coimisiún faoi deara go mbaintear leis teorainneacha áirithe a fhorchuirtear ar aersheirbhísí ag aerfort Linate. Féadfar freastal ar chinn scríbe tríú tíortha nua le haerfort Linate, cinn scríbe a thagann laistigh de gha 1 500 km den aerfort agus atá i dtír a bhfuil comhaontú aeriompair cothrománach nó cuimsitheach tugtha i gcrích ag an Aontas léi.

    (21)

    Ní thagann ceist na comhréireachta chun cinn, bunaithe ar an gcur chuige a glacadh i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2019, a mhéid a bhaintear le hAirteagal 1 de dhréacht-fhoraithne Giovannini mar a thagraítear dó in aithris 2 teorainneacha maidir le rochtain ar aerfort Linate agus uaidh chun go mbeidh éifeachtúlacht agus rogha níos fearr ag aeriompróirí maidir lena sceidil a shocrú de réir éileamh na bpaisinéirí.

    (22)

    In aon chás, is é a bheadh mar thoradh ar chur i bhfeidhm Airteagal 1 de dhréacht-fhoraithne Giovannini mar a thagraítear in aithris 2 go gcuirfí cinn scríbe nua le haerfort Linate ar bhealach trédhearcach agus bunaithe ar chritéir oibiachtúla nach mbeadh idirdhealú idir aeriompróirí an Aontais ná cinn scríbe an Aontais mar thoradh orthu.

    (23)

    A mhéid a bhaineann le hAirteagal 1 de dhréacht-fhoraithne Giovannini mar a thagraítear dó in aithris 3, measann an Coimisiún go dtagann fadhbanna chun cinn maidir le comhréireacht agus trédhearcacht, rud atá contrártha le hAirteagal 19(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008.

    (24)

    Leis an bhforáil, cuirtear toirmeasc ar dháileadh agus ar dhíolachán ticéad idir aerfort Milano Linate agus aon cheann scríbe lasmuigh de raon feidhme dhréacht-fhoraithne Giovannini mar a thagraítear in aithris 2, agus cuirtear toirmeasc ar aon chúrsa taistil nasctha (murab ionann agus bealach ó phointe go pointe). Mar a shoiléirigh údaráis na hIodáile le linn cruinnithe le seirbhísí an Choimisiúin an 4 Aibreán 2022, agus an 30 Meitheamh 2022, mar obair leantach ar cheisteanna i scríbhinn a sheol seirbhísí an Choimisiúin an 1 Aibreán 2022, ní hamháin go gcuireann sé sin cosc ar aeriompróirí cúrsaí taistil le haerfort Milano Linate a thairiscint mar an pointe idirthurais, ach cuireann sé cosc freisin ar aeriompróirí cúrsaí taistil a thairiscint chuig aerfort Linate nó uaidh a nascann ina dhiaidh sin in aerfoirt eile lasmuigh de Milano. Go bunúsach, leis an bhforáil rialaítear sreabhadh aistrithe paisinéirí ag aerfoirt lasmuigh de Milano.

    (25)

    Maidir le srian a chur le nasceitiltí agus le haistriú paisinéirí ag aerfort Linate, measann an Coimisiún go bhfuil sé comhréireach chun an cuspóir a bhaint amach é a choinneáil mar aerfort ó phointe go pointe agus chun forbairt aerfort Malpensa mar mhol idirnáisiúnta a chur chun cinn. Mar sin féin, le rialú sreabhadh aistrithe paisinéirí ag aerfoirt lasmuigh de Milano, sáraítear raon feidhme dlisteanach na rialacha dáilte tráchta le haghaidh aerfoirt atá ag freastal ar chathair nó ar chomhchathair ar leith, Milano sa chás sin.

    (26)

    Ina theannta sin, téann an leasú atá beartaithe thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí beartais aerfoirt na hIodáile a bhaint amach agus cuireann sé isteach go míchuí ar shaoirse ghnó aeriompróirí agus ar shaoirse na n-aeriompróirí seirbhísí a sholáthar ag aerfoirt lasmuigh de Milano.

    (27)

    Thairis sin, le hAirteagal 1 de dhréacht-fhoraithne Giovannini mar a thagraítear in aithris 3, ardaítear saincheisteanna trédhearcachta, ós rud é nach bhfuil sé soiléir conas a fhorfheidhmeoidh údaráis na hIodáile na rialacha. Leis an bhforáil atá i gceist, ní shoiléirítear an ndéanfar faireachán ar sceidil aeriompróirí, agus sin amháin, nó an mbeidh gníomhairí taistil agus dáileoirí ticéad faoi dhliteanas freisin as bealaí taistil áirithe a thaispeáint a nascann lasmuigh d’aerfort Linate. Anuas air sin, ní léir an mbeadh sé d’aidhm ag an bhforáil sin paisinéirí féin-nasctha a cheapadh, paisinéirí nach bhfuil rialú ag aeriompróirí ná ag gníomhairí taistil ná ag dáileoirí ticéad eile ar a gcúrsaí taistil.

    5.   CONCLÚID

    (28)

    Mar chonclúid, maidir le hAirteagal 1 de dhréacht-fhoraithne Giovannini mar a thagraítear dó aithris 2, lena leasaítear na rialacha dáilte tráchta atá ann faoi láthair le haghaidh aerfoirt Milano Malpensa, Milano Linate agus Orio al Serio (Bergamo), measann an Coimisiún go bhfuil sé comhoiriúnach le hAirteagal 19(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008.

    (29)

    Maidir le hAirteagal 1 de dhréacht-fhoraithne Giovannini mar a thagraítear dó in aithris 3, measann an Coimisiún nach bhfuil sé comhoiriúnach le hAirteagal 19(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Formheastar na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 1 de dhréacht-fhoraithne Giovannini maidir le rialacha dáilte tráchta modhnaithe le haghaidh aerfoirt Milano Malpensa, Milano Linate agus Orio al Serio (Bergamo) a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin an 22 Feabhra 2022 agus mar a thagraítear dóibh in aithris 2.

    Ní féidir na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 1 den dhréacht-fhoraithne sin mar a thagraítear dóibh in aithris 3 a fhormheas.

    Airteagal 2

    Is chuig Poblacht na hIodáile a dhírítear an Cinneadh seo.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Lúnasa 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    Adina VĂLEAN

    Comhalta den Choimisiún


    (1)  IO L 293, 31.10.2008, lch. 3.

    (2)  Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás nach gceadófar dóibh bordáil agus i gcás ina gcuirfear eitiltí ar ceal nó i gcás ina gcuirfear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91 (IO L 46, 17.2.2004, lch. 1).

    (3)  Fógra ón Iodáil faoi chur i bhfeidhm Airteagal 19(2) de Rialachán 1008/2008 i ndáil le rialacha dáilte tráchta idir aerfoirt Milano Malpensa agus Milano Linate (IO C 134, 25.3.2022, lch. 28).

    (4)  Cinneadh 2001/163/CE ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2000 maidir le nós imeachta a bhaineann le cur i bhfeidhm Rialachán (CEE) Uimh. 2408/92 ón gComhairle (Cás TREN/AMA/12/00 — Rialacha dáilte tráchta na hIodáile le haghaidh chóras aerfoirt Milano) (IO L 58, 28.2.2001, lch. 29).

    (5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2019 ón gCoimisiún an 16 Samhain 2016, maidir le rialacha dáilte tráchta modhnaithe le haghaidh aerfoirt Milano Malpensa, Milano Linate agus Orio al Serio (Bergamo) a fhormheas de bhun Airteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 312, 18.11.2016, lch. 73).


    Top