Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1333

    Cinneadh (CBES) 2022/1333 ón gComhairle an 28 Iúil 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/2110 maidir le Misean Comhairleach CBSC an Aontais Eorpaigh i bPoblacht na hAfraice Láir (EUAM RCA)

    ST/9385/2022/INIT

    IO L 201, 1.8.2022, p. 25–26 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1333/oj

    1.8.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 201/25


    CINNEADH (CBES) 2022/1333 ÓN gCOMHAIRLE

    an 28 Iúil 2022

    lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/2110 maidir le Misean Comhairleach CBSC an Aontais Eorpaigh i bPoblacht na hAfraice Láir (EUAM RCA)

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 42(4) agus 43(2) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 9 Nollaig 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2019/2110 (1), lenar bunaíodh Misean Comhairleach CBSC an Aontais Eorpaigh i bPoblacht na hAfraice Láir (EUAM RCA) agus sainordú tosaigh go dtí an 8 Lúnasa 2022 aige, 2 bhliain tar éis sheoladh EUAM RCA.

    (2)

    An 12 Aibreán 2022, ar bhonn an Athbhreithnithe Straitéisigh Iomlánaíoch ar Mhisean an Aontais Eorpaigh le haghaidh Oiliúint Mhíleata i bPoblacht na hAfraice Láir (EUTM RCA) agus ar EUAM RCA, mhol an Coiste Polaitiúil agus Slándála (PSC) go gcuirfí síneadh le sainordú EUAM RCA go dtí an 9 Lúnasa 2024. An 11 Bealtaine 2022, chomhaontaigh PSC gur cheart sainordú EUAM RCA a chur in oiriúint don staid i bPoblacht na hAfraice Láir.

    (3)

    Ba cheart Cinneadh (CBES) 2019/2110 a leasú dá réir.

    (4)

    Cuirfear EUAM RCA i gcrích i gcomhthéacs staid a bhféadfadh meath teacht uirthi agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach iad in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Cinneadh (CBES) 2019/2110 mar a leanas:

    (1)

    in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Is iad seo a leanas na cuspóirí straitéiseacha a bheidh ag EUAM RCA:

    (a)

    tacú le rialachas riailbhunaithe agus le hacmhainneachtaí bainistíochta a mhéadú in Aireacht Gnóthaí Baile agus Slándála Poiblí Phoblacht na hAfraice Láir i ndáil le dearadh, cur i bhfeidhm, méadú agus faireachán a dhéanamh ar na catagóirí ábhartha uile pleanála;

    (b)

    tacú le hathrú inbhuanaithe Fhórsaí Slándála Inmheánaí Phoblacht na hAfraice Láir agus lena bhfeidhmiú éifeachtach oibríochtúil agus lena n-imscaradh;

    (c)

    cúnamh a thabhairt chun tacaíocht chomhtháite a fhorbairt do Fhórsaí Slándála Inmheánaí Phoblacht na hAfraice Láir trí dhlúthchomhordú, agus aontacht gníomhaíochta agus comhlántacht na n-iarrachtaí leis na gníomhaithe ábhartha á n- áirithiú;

    (d)

    léargas cuimsitheach ar an staid a fháil trí Acmhainneacht Anailíseach tiomnaithe, lena n-áirítear i réimsí amhail cumarsáid straitéiseach agus forbairtí polaitiúla slándála;

    (e)

    tacú le hiarrachtaí cumarsáide straitéisí chun luachanna an Aontais a chothú, gníomhaíocht an Aontais a chur chun cinn agus sáruithe agus mí-úsáidí ar chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta ag fórsaí eachtracha i bPoblacht na hAfraice Láir a nochtadh.”;

    (2)

    in Airteagal 13, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

    “1.   Is é EUR 30 352 481,10 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá beartaithe chun an caiteachas a bhaineann le EUAM RCA a chumhdach don tréimhse ón 9 Nollaig 2019 go dtí an 8 Lúnasa 2022.

    Is é EUR 28 400 000,00 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá beartaithe chun an caiteachas a bhaineann le EUAM RCA a chumhdach don tréimhse ón 9 Lúnasa 2022 go dtí an 9 Lúnasa 2024.”;

    (3)

    in Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír:

    “Rachaidh sé in éag an 9 Lúnasa 2024.”.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Iúil 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    M. BEK


    (1)  Cinneadh (CBES) 2019/2110 ón gComhairle an 9 Nollaig 2019 maidir le Misean Comhairleach CBSC an Aontais Eorpaigh i bPoblacht na hAfraice Láir (EUAM RCA) (IO L 318, 10.12.2019, lch. 141).


    Top