This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D1315
Council Implementing Decision (CFSP) 2022/1315 of 26 July 2022 implementing Decision (CFSP) 2015/1333 concerning restrictive measures in view of the situation in Libya
Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/1315 ón gComhairle an 26 Iúil 2022 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh (CBES) 2015/1333 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia
Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2022/1315 ón gComhairle an 26 Iúil 2022 lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh (CBES) 2015/1333 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia
ST/11015/2022/INIT
IO L 198, 27.7.2022, p. 19–21
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
27.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 198/19 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (CBES) 2022/1315 ÓN gCOMHAIRLE
an 26 Iúil 2022
lena gcuirtear chun feidhme Cinneadh (CBES) 2015/1333 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 31(2) de,
Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2015/1333 ón gComhairle an 31 Iúil 2015 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Libia, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2011/137/CBES (1), agus go háirithe Airteagal 12(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 31 Iúil 2015, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2015/1333. |
(2) |
De bhun Airteagal 17(2) de Chinneadh (CBES) 2015/1333, tá athbhreithniú déanta ag an gComhairle ar liostaí na ndaoine agus na n-eintiteas ainmnithe a leagtar amach in Iarscríbhinní II agus IV a ghabhann leis an gCinneadh sin. |
(3) |
Is é tátal na Comhairle gur cheart an iontráil do dhuine amháin a d’éag a scriosadh, agus gur cheart na bearta sriantacha atá dírithe ar gach duine eile agus ar gach eintitis eile atá ar na liostaí a leagtar amach in Iarscríbhinní II agus IV a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1333 a choinneáil ar bun. Ina theannta sin, ba cheart an ráiteas ar na cúiseanna agus an fhaisnéis maidir le beirt a shainaithint a nuashonrú. |
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2015/1333 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní II agus IV a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2015/1333 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Iúil 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. SÍKELA
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2015/1333 mar a leanas:
(1) |
in Iarscríbhinn II, (Liosta na ndaoine agus na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 8(2)), leasaítear Cuid A (Daoine) mar a leanas:
|
(2) |
in Iarscríbhinn IV, (Liosta na ndaoine agus na n-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 9(2)), leasaítear Cuid A (Daoine) mar a leanas:
|