EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1276

Cinneadh (CBES) 2022/1276 ón gComhairle an 21 Iúil 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

ST/11119/2022/INIT

IO L 194, 21.7.2022, p. 11–14 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1276/oj

21.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 194/11


CINNEADH (CBES) 2022/1276 ÓN gCOMHAIRLE

an 21 Iúil 2022

lena leasaítear Cinneadh 2014/145/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 29 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 17 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2014/145/CBES (1).

(2)

Tá an tAontas fós diongbháilte agus tacaíocht á tabhairt aige do cheannasacht agus d’iomláine chríochach na hÚcráine agus leanann sé de ghníomhaíochtaí agus de bhearta lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach na hÚcráine a cháineadh.

(3)

Tugann réimeas na Siria tacaíocht, lena n-áirítear tacaíocht mhíleata, do chogadh foghach na Rúise gan chúis gan údar i gcoinne na hÚcráine. I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, measann an Chomhairle gur cheart seisear mar aon le heintiteas amháin atá bainteach le hearcú amhas Siriach chun troid san Úcráin in éineacht le trúpaí Rúiseacha a chur le liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh 2014/145/CBES a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Iúil 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. BEK


(1)  Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle an 17 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO L 78, 17.3.2014, lch. 16).


IARSCRÍBHINN

Cuirtear na daoine agus an t-eintiteas seo a leanas le liosta na ndaoine, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES:

Daoine

 

Ainm

Faisnéis chéannachta

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“1176.

Muhammad AL-SALTI (Muhamad AL-SALTI, Akram Muhammad AL-SALTI, Muhammad SALTI) - محمد السلطي, أكرم السلطي, أكرم محمد السلطي, محمد

Náisiúntacht: Siriach

Post: Ardcheannasaí ar an ‘Palestine Liberation Army’

Inscne: fireann

Is é Muhammad AL-SALTI an tArdcheannasaí ar an ‘Palestine Liberation Army’, atá rannpháirteach in earcú Palaistíneach chun troid san Úcráin in éineacht leis an Rúis. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó cobhsaíocht nó slándáil na hÚcráine, nó atá ina mbagairt orthu.

21.7.2022

1177.

Abu Hani SHAMMOUT (Abu Hani SHAMOUT, Abu SHAMMOUT, Hani SHAMMOUT) -أبو هاني شمو ط, أبو شموط, هاني شموط

Inscne: fireann

Is iar-oifigeach míleata Siriach agus iarcheannaire ar an bhfaicsean ‘al-Ahdat al-Omariya’ é Abu Hani SHAMMOUT, atá freagrach, in éineacht le hearcaitheoirí Rúiseacha, as amhais Shiriacha as Yalda, Babila agus Beit Sahem, ó dheas ón Damaisc, a chlárú, a bhfuil sé i ndán dóibh troid ar son fhórsaí na Rúise sa Libia agus san Úcráin. Chuir an Wagner Group de chúram air go díreach maoirseacht a dhéanamh ar earcú iarshaighdiúirí. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó cobhsaíocht nó slándáil na hÚcráine, nó atá ina mbagairt orthu.

21.7.2022

1178.

Nabeul AL-ABDULLAH (Nabel AL-ABDULLAH, Nabel AL-ABDALLAH, Nabel ABDALLAH, Nabel ABDULLAH) - نابل عبدالله, نابل العبدالله

Post: Ceannasaí ar na National Defence Forces i gcathair Suqaylabiyah

Inscne: fireann

Is é Nabeul AL-ABDULLAH ceannasaí ar na National Defence Forces i gcathair Suqaylabiyah. Tá maoirseacht á déanamh aige ar earcú amhais Siriach chun troid in éineacht leis an Rúis san Úcráin ó thús chogadh foghach na Rúise. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó cobhsaíocht nó slándáil na hÚcráine, nó atá ina mbagairt orthu.

21.7.2022

1179.

Simon AL WAKIL (Simon WAKIL, Simon Al WAQIL, Simon WAQIL, Simon AL WAKEEL, Simon WAKEEL) - سيمون الوكيل, سيمون

Post: ceannasaí ar na National Defence Forces i gcathair Maharda

Inscne: fireann

Is ceannasaí ar na National Defence Forces i gcathair Maharda (Hama) é Simon AL WAKIL. Comhoibríonn sé go díreach le ceannasaíocht fhórsaí na Rúise sa tSiria, agus tá sé gníomhach i dtaca le hathsheachadadh i ndáil leis na hoibríochtaí chun daoine a chlárú chun troid san Úcráin in éineacht leis an Rúis. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó cobhsaíocht nó slándáil na hÚcráine, nó atá ina mbagairt orthu.

21.7.2022

1180.

Fawaz Mikhail GERGES - فواز ميخائيل جرجس

Post: fear gnó, POF ar Al Sayyad Company for Guarding and Protection Services

Inscne: fireann

Is é Fawaz Mikhail Gerges stiúrthóir Al Sayyad Company for Guarding and Protection Services Ltd, cuideachta slándála príobháidí de chuid na Siria a bunaíodh in 2017 agus faoi mhaoirseacht an Wagner Group sa tSiria, atá gníomhaíoch i gcosaint leasanna eacnamaíocha na Rúise a áirithiú (fosfáití, gás, agus láithreáin ola a áirithiú). Tá sé freagrach as amhais a earcú chun tairbhe fhórsaí na Rúise sa Libia agus san Úcráin. Dá bhrí sin, tá sé freagrach as gníomhaíochtaí agus beartais a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine, nó cobhsaíocht nó slándáil na hÚcráine, nó atá ina mbagairt orthu.

21.7.2022

1181.

Yasar Hussein IBRAHIM (Yassar Hussein IBRAHIM, Yassar IBRAHIM) - ياسر حسين ابراهيم

Náisiúntacht: Siriach

Dáta breithe: an 9.4.1983

Áit bhreithe: an Damaisc

Inscne: fireann

Is é Yasar Hussein Ibrahim comhúinéir Al-Sayyad Company for Guarding and Protection Services Ltd, cuideachta slándála príobháidí de chuid na Siria a bunaíodh in 2017 agus atá faoi mhaoirseacht an Wagner Group sa tSiria, atá gníomhach i gcosaint leasanna na Rúise (fosfáití, gás, agus láithreáin ola a áirithiú). Tá an chuideachta gníomhach in earcú amhais Siriach chuig an Libia agus an Úcráin. Dá bhrí sin, tá Yasar Hussein Ibrahim freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó le beartais, nó as iad a chur chun feidhme lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó de chobhsaíocht nó de shlándáil san Úcráin nó ar bagairt iad ar an méid sin.

21.7.2022”

Eintitis

 

Ainm

Faisnéis chéannachta

Cúiseanna

Dáta an liostaithe

“102.

Al-Sayyad Company for Guarding and Protection Services Ltd (dá ngairtear freisin 'ISIS Hunters') - شركة الصياد لخدمات الحراسة والحماية

Dáta a cruthaithe: 2017

Ceanncheathrú: Al Suqaylabiya (réigiún Hama)

Is cuideachta slándála príobháidí de chuid na Siria í Al-Sayyad Company for Guarding and Protection Services Ltd a bunaíodh in 2017 agus atá faoi mhaoirseacht an Wagner Group sa tSiria, atá gníomhach i gcosaint leasanna na Rúise (fosfáití, gás, agus láithreáin ola a áirithiú). Tá an chuideachta, a fheidhmíonn faoin ainm ‘ISIS Hunters’, gníomhach in earcú amhas Siriach chuig an Libia agus an Úcráin. Dá bhrí sin, tá an chuideachta freagrach as tacú le gníomhaíochtaí nó le beartais, nó as iad a chur chun feidhme lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó de chobhsaíocht nó de shlándáil san Úcráin nó ar bagairt iad ar an méid sin.

21.7.2022”


Top