This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D1259
Council Decision (EU) 2022/1259 of 18 July 2022 appointing a member, proposed by the Grand Duchy of Luxembourg, of the European Economic and Social Committee
Cinneadh (AE) 2022/1259 ón gComhairle an 18 Iúil 2022 lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Ard-Diúcacht Lucsamburg, de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Cinneadh (AE) 2022/1259 ón gComhairle an 18 Iúil 2022 lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Ard-Diúcacht Lucsamburg, de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
ST/10465/2022/INIT
IO L 191, 20.7.2022, p. 68–68
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 20/09/2025
|
20.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 191/68 |
CINNEADH (AE) 2022/1259 ÓN gCOMHAIRLE
an 18 Iúil 2022
lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Ard-Diúcacht Lucsamburg, de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 302 de,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/853 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag féachaint don togra ó rialtas Lucsamburg,
Tar éis di dul i gcomhairle leis an gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 300(2) den Chonradh, beidh an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta comhdhéanta d’ionadaithe d’eagraíochtaí fostóirí, fostaithe agus páirtithe eile atá ionadaíoch don tsochaí shibhialta, go háirithe i réimsí socheacnamaíocha, sibhialta, gairmiúla agus cultúrtha. |
|
(2) |
An 2 Deireadh Fómhair 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2020/1392 (2) lena gceaptar comhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa don tréimhse ón 21 Meán Fómhair 2020 go dtí an 20 Meán Fómhair 2025. |
|
(3) |
Tá suíochán comhalta ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa tagtha chun bheith folamh tar éis do Claudine OTTO éirí as oifig. |
|
(4) |
Mhol rialtas Lucsamburg Christel CHATELAIN, Directrice des Affaires Économiques – Chambre de Commerce du Grand-Duché de Luxembourg (Stiúrthóir Gnóthaí Eacnamaíocha - Comhlachas Tráchtála Ard-Diúcacht Lucsamburg), mar chomhalta de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 20 Meán Fómhair 2025, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar Christel CHATELAIN, Directrice des Affaires Économiques – Chambre de Commerce du Grand-Duché de Luxembourg (Stiúrthóir Gnóthaí Eacnamaíocha — Comhlachas Tráchtála Ard-Diúcacht Lucsamburg), mar chomhalta de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 20 Meán Fómhair 2025.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Iúil 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
Z. NEKULA
(1) IO L 139, 27.5.2019, lch. 15.
(2) Cinneadh (AE) 2020/1392 ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2020 lena gceaptar comhaltaí Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa don tréimhse ón 21 Meán Fómhair 2020 go dtí an 20 Meán Fómhair 2025, agus lena n-aisghairtear agus lena n-ionadaítear an Cinneadh ón gComhairle lena gceaptar comhaltaí de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa don tréimhse ón 21 Meán Fómhair 2020 go dtí an 20 Meán Fómhair 2025 a glacadh an 18 Meán Fómhair 2020 (IO L 322, 5.10.2020, lch. 1).