EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1242

Cinneadh (AE) 2022/1242 ón gComhairle an 18 Iúil 2022 lena leasaítear Rialacha Nós Imeachta na Comhairle

ST/10548/2022/INIT

IO L 190, 19.7.2022, p. 137–138 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1242/oj

19.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 190/137


CINNEADH (AE) 2022/1242 ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Iúil 2022

lena leasaítear Rialacha Nós Imeachta na Comhairle

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 240(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 12(1) de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (1) go bhféadfar gníomhartha de chuid na Comhairle a bhaineann le hábhar práinne a ghlacadh trí vóta i scríbhinn i gcás ina gcinnfidh an Chomhairle nó Coiste Bhuanionadaithe Rialtais na mBallstát (Coreper) d’aon toil an nós imeachta sin a úsáid.

(2)

D’fhonn leanúnachas cinnteoireachta na Comhairle a áirithiú sna himthosca eisceachtúla arb í paindéim COVID-19 is cúis leo, ar dá réir nach bhféadfaí cruinnithe rialta na Comhairle a thionól, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2020/430 (2) lenar tugadh isteach maolú ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 12(1) de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle a mhéid a bhaineann le cinntí chun an gnáthnós imeachta i scríbhinn a úsáid, i gcás ina ndéanfaidh Coreper na cinntí sin. Le linn thréimhse chur i bhfeidhm Chinneadh 2020/430, bhí cinneadh ó Coreper an gnáthnós imeachta i scríbhinn a úsáid le déanamh i gcomhréir leis an riail vótála is infheidhme chun an gníomh ón gComhairle lena mbaineann a ghlacadh. Chuir an Chomhairle síneadh leis an maolú sin dhá uair déag, a raibh bonn cirt leo de bharr leanúint de na himthosca eisceachtúla arbh í paindéim COVID-19 ba chúis leo. Chuaigh an síneadh is déanaí, a tugadh isteach le Cinneadh 2022/321 ón gComhairle (3), in éag an 30 Meitheamh 2022.

(3)

D’ainneoin gur tháinig feabhas ar an staid fhoriomlán i ndáil le paindéim COVID-19, is léir ón úsáid a baineadh as an maolú ón gcéad fhomhír d’Airteagal 12(1) de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle le 2 bhliain anuas, agus na himeachtaí idirnáisiúnta a tharla le déanaí a raibh gá le gníomhaíocht phráinneach ina leith, go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh an Chomhairle in ann leanúint d’úsáid a bhaint as an uirlis den sórt sin amach anseo.

(4)

Dá bhrí sin, ag tógáil ar an taithí a fuarthas agus leanúnachas cinnteoireachta na Comhairle á áirithiú go rathúil le linn phaindéim COVID-19 ar bhealach éifeachtúil, i bhfianaise a dhóchúla is atá sé go mbeidh cásanna ann amach anseo ina n-éileofar gníomhaíocht phráinneach, agus i gcomhréir le ról Coreper atá ag ullmhú na hoibre sa Chomhairle agus chun comhsheasmhacht bheartais agus ghníomhaíochtaí an Aontais a áirithiú, is iomchuí a fhoráil gur cheart cinntí a dhéanamh chun an gnáthnós imeachta i scríbhinn a úsáid, i gcás ina ndéanfaidh Coreper na cinntí sin, i gcomhréir leis an riail vótála is infheidhme maidir le glacadh an ghnímh lena mbaineann ón gComhairle.

(5)

Níor cheart an gnáthnós imeachta i scríbhinn arna chinneadh ag Coreper a úsáid ach amháin in imthosca inar gá gníomhaíocht phráinneach agus ba cheart, roimh ré i gcónaí, ullmhúchán críochnúil a dhéanamh in Coreper, chun a áirithiú a mhéid is féidir, i measc nithe eile, gurb ann do chomhordú náisiúnta, trédhearcacht phoiblí, agus rannpháirtíocht na bparlaimintí náisiúnta i gcomhréir le cleachtais na mBallstát.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, na Rialacha Nós Imeachta na Comhairle a leasú, i gcomhréir le hAirteagal 240(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

(7)

I gcomhréir le hAirteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, tá feidhm ag Airteagal 240 CFAE maidir leis an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 12(1) de Rialacha Nós Imeachta na Comhairle cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“Féadfar gníomhartha de chuid na Comhairle a bhaineann le hábhar práinne a ghlacadh trí vóta i scríbhinn i gcás ina gcinnfidh an Chomhairle d’aon toil an nós imeachta sin a úsáid nó i gcás ina gcinnfidh Coreper an nós imeachta sin a úsáid i gcomhréir leis an riail vótála is infheidhme chun na gníomhartha ón gComhairle lena mbaineann a ghlacadh. In imthosca speisialta, féadfaidh an tUachtarán úsáid an nós imeachta sin a mholadh freisin; i gcás den sórt sin, féadfar vótaí i scríbhinn a úsáid nuair a chomhaontaíonn comhaltaí uile den Chomhairle leis an nós imeachta sin.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Foilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Iúil 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  Cinneadh 2009/937/AE ón gComhairle an 1 Nollaig 2009 lena nglactar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle (IO L 325, 11.12.2009, lch. 35).

(2)  Cinneadh (AE) 2020/430 ón gComhairle an 23 Márta 2020 maidir le maolú sealadach ar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle i bhfianaise na ndeacrachtaí taistil a chruthaigh an phaindéim COVID-19 san Aontas (IO L 88I, 24.3.2020, lch. 1).

(3)  Cinneadh (AE) 2022/321 ón gComhairle an 24 Feabhra 2022 lena gcuirtear síneadh breise leis an maolú sealadach ar Rialacha Nós Imeachta na Comhairle a tugadh isteach le Cinneadh (AE) 2020/430, i bhfianaise na ndeacrachtaí taistil a chruthaigh paindéim COVID-19 san Aontas (IO L 55, 28.2.2022, lch. 45).


Top