Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1240

    Cinneadh (CBES) 2022/1240 ón gComhairle an 18 Iúil 2022 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/489 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine agus do shaincheisteanna réigiúnacha eile de chuid na mBalcán Thiar

    ST/10189/2022/INIT

    IO L 190, 19.7.2022, p. 131–132 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1240/oj

    19.7.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 190/131


    CINNEADH (CBES) 2022/1240 ÓN gCOMHAIRLE

    an 18 Iúil 2022

    lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/489 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine agus do shaincheisteanna réigiúnacha eile de chuid na mBalcán Thiar

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 33 agus Airteagal 31(2) de,

    Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    An 2 Aibreán 2020, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2020/489 (1) lena gceaptar Miroslav LAJČÁK mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) don Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine agus do shaincheisteanna réigiúnacha eile de chuid na mBalcán Thiar. Cuireadh síneadh le sainordú ISAE le Cinneadh (CBES) 2021/470 ón gComhairle (2) agus tá sé le dul in éag an 31 Lúnasa 2022.

    (2)

    Ba cheart síneadh 24 mhí breise a chur le sainordú ISAE, agus ba cheart méid tagartha airgeadais nua a bhunú don tréimhse ón 1 Meán Fómhair 2022 go dtí an 31 Lúnasa 2024.

    (3)

    Cuirfidh ISAE an sainordú chun feidhme i gcomhthéacs staide a d’fhéadfadh dul in olcas, agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh iad,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/489 mar a leanas:

    (1)

    cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

    “Airteagal 1

    Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh

    Cuirtear síneadh le sainordú Miroslav LAJČÁK mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) don Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine agus do shaincheisteanna réigiúnacha eile de chuid na mBalcán Thiar, go dtí an 31 Lúnasa 2024. Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh go ndéanfar sainordú ISAE a fhoirceannadh níos luaithe, ar bhonn measúnú ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála (PSC) agus ar bhonn togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (Ardionadaí).”;

    (2)

    cuirtear an fhomhír seo a leanas le hAirteagal 5(1):

    “Is é EUR 3 970 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais a bheartaítear chun an caiteachas a bhaineann le sainordú ISAE don tréimhse ón 1 Meán Fómhair 2022 go dtí an 31 Lúnasa 2024 a chumhdach.”;

    (3)

    in Airteagal 13, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:

    “Déanfaidh ISAE tuarascálacha rialta ar dhul chun cinn a thíolacadh chuig an gComhairle, an Ardionadaí, agus an gCoimisiún, agus tuarascáil chuimsitheach chríochnaitheach ar chur chun feidhme an tsainordaithe a thíolacadh chucu faoin 31 Bealtaine 2024.”.

    Airteagal 2

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Iúil 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    J. BORRELL FONTELLES


    (1)  Cinneadh (CBES) 2020/489 ón gComhairle an 2 Aibreán 2020 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine agus do shaincheisteanna réigiúnacha eile de chuid na mBalcán Thiar (IO L 105, 3.4.2020, lch. 3).

    (2)  Cinneadh (CBES) 2021/470 ón gComhairle an 18 Márta 2021 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2020/489 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don Idirphlé idir Béalgrád agus Pristine agus do shaincheisteanna réigiúnacha eile de chuid na mBalcán Thiar (IO L 96, 19.3.2021, lch. 13).


    Top