This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D1238
Council Decision (CFSP) 2022/1238 of 18 July 2022 extending the mandate of the European Union Special Representative for the Horn of Africa and amending Decision (CFSP) 2021/1012
Cinneadh (CBES) 2022/1238 ón gComhairle an 18 Iúil 2022 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do Chorn na hAfraice agus lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/1012
Cinneadh (CBES) 2022/1238 ón gComhairle an 18 Iúil 2022 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do Chorn na hAfraice agus lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/1012
ST/10165/2022/INIT
IO L 190, 19.7.2022, pp. 127–128
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 31/08/2024
|
19.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 190/127 |
CINNEADH (CBES) 2022/1238 ÓN gCOMHAIRLE
an 18 Iúil 2022
lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do Chorn na hAfraice agus lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/1012
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 33 agus Airteagal 31(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 8 Nollaig 2011, chomhaontaigh an Chomhairle Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) a cheapadh do Chorn na hAfraice. |
|
(2) |
An 21 Meitheamh 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/1012 (1) lena gceaptar Annette WEBER mar ISAE do Chorn na hAfraice. Tá sainordú ISAE le dul in éag an 31 Lúnasa 2022. |
|
(3) |
Ba cheart síneadh a chur le sainordú ISAE go ceann tréimhse bhreise 24 mhí agus ba cheart méid tagartha airgeadais nua a bhunú don tréimhse ón 1 Meán Fómhair 2022 go dtí an 31 Lúnasa 2024. |
|
(4) |
Cuirfidh ISAE an sainordú chun feidhme i gcomhthéacs staid a d’fhéadfadh dul in olcas agus a d’fhéadfadh bac a chur ar bhaint amach chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais mar a leagtar amach in Airteagal 21 den Chonradh é, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear síneadh le sainordú Annette WEBER mar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh (ISAE) do Chorn na hAfraice go dtí an 31 Lúnasa 2024. Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh go ndéanfar sainordú ISAE a fhoirceannadh níos luaithe, bunaithe ar mheasúnú ón gCoiste Polaitiúil agus Slándála agus ar thogra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.
Airteagal 2
Leasaítear Cinneadh (CBES) 2021/1012 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear an fhomhír seo a leanas le hAirteagal 5(1): “Is é EUR 4 744 381,14 an méid tagartha airgeadais atá beartaithe chun an caiteachas a bhaineann le sainordú ISAE don tréimhse ón 1 Meán Fómhair 2022 go dtí an 31 Lúnasa 2024, a chumhdach.”; |
|
(2) |
in Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt: “Cuirfidh ISAE tuarascálacha tráthrialta maidir le dul chun cinn faoi bhráid na Comhairle, an Ardionadaí agus an Choimisiúin, agus le tuarascáil chuimsitheach chríochnaitheach ar chur chun feidhme an tsainordaithe faoin 31 Bealtaine 2024.”. |
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Iúil 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Cinneadh (CBES) 2021/1012 ón gComhairle an 21 Meitheamh 2021 lena gceaptar Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh do Chorn na hAfraice (IO L 222, 22.6.2021, lch. 27).