This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022D1236
Council Decision (CFSP) 2022/1236 of 18 July 2022 on an assistance measure under the European Peace Facility to support the Nigerien Armed Forces
Cinneadh (CBES) 2022/1236 ón gComhairle an 18 Iúil 2022 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na Nígire
Cinneadh (CBES) 2022/1236 ón gComhairle an 18 Iúil 2022 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na Nígire
ST/9531/2022/INIT
IO L 190, 19.7.2022, p. 121–124
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
No longer in force, Date of end of validity: 14/07/2024; Arna aisghairm le 32024D1978
19.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 190/121 |
CINNEADH (CBES) 2022/1236 ÓN gCOMHAIRLE
an 18 Iúil 2022
maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha na Nígire
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagail 28(1) agus 41(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle (1), bunaíodh an tSaoráid Eorpach Síochána chun go maoineodh Ballstáit gníomhaíochtaí an Aontais faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála chun an tsíocháin a chaomhnú, coinbhleachtaí a chosc agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú i gcomhréir le hAirteagal 21(2), pointe (c), den Chonradh. Go háirithe, de bhun Airteagal 1(2) de Chinneadh (CBES) 2021/509, leis an tSaoráid Eorpach Síochána, féadfar gníomhaíochtaí a mhaoiniú chun acmhainneachtaí a bhaineann le cúrsaí míleata agus cosanta atá ag tríú Stáit agus eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta a neartú. |
(2) |
Tá ról nach beag ag an Nígir i gcroíthionscnaimh thábhachtacha réigiúnacha, Eorpacha agus idirnáisiúnta darb aidhm an tsíocháin agus an fhorbairt a neartú sa tSaiheil, lena n-áirítear Straitéis Chomhtháite an Aontais sa tSaiheil, an Chomhghuaillíocht don tSaiheil, an Chomhpháirtíocht le haghaidh Slándála agus Cobhsaíochta sa tSaiheil (P3S), chomh maith le Comhaontas na Saiheile. Tá iarrachtaí nach beag déanta ag an gcomhphobal idirnáisiúnta, lena n-áirítear an tAontas, tacú le Poblacht na Nígire sa chomhrac in aghaidh na sceimhlitheoireachta le cúpla bliain anuas. Tá an tAontas tiomanta don dlúthchaidreamh leis an Nígir ar mhaithe le tacú leis an arm agus leis an gcosaint sa tír sin. |
(3) |
Is tír lárnach i réigiún na Saiheile í an Nígir don Aontas ó thaobh aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna slándála agus imirce. Tá comhpháirtíocht láidir ag an Aontas le Rialtas na Nígire darb aidhm forbairt fhadtéarmach a bhaint amach trí chur chuige cuimsitheach comhtháite. |
(4) |
I litir uaithi dar dáta an 25 Márta 2022 a seoladh chuig Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (“an tArdionadaí”), d’iarr Aireacht Gnóthaí Eachtracha na Nígire ar an Aontas tacaíocht a thabhairt d’Fhórsaí Armtha na Nígire (Forces armées nigeriennes — FAN) i réimse tosaíochta, agus go deimhin sin a dhéanamh b’fhéidir i gcomhar le misean Chomhbheartas Slándála agus Cosanta an Aontais (CBSC) a bhfuil sainordú aige oibriú sa Nígir. |
(5) |
Tá bearta cúnaimh le cur chun feidhme agus na prionsabail agus na ceanglais a leagtar amach i gCinneadh (CBES) 2021/509 á gcur san áireamh agus go háirithe comhlíonadh Chomhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle (2), agus i gcomhréir leis na rialacha maidir le cur chun feidhme an ioncaim agus an chaiteachais a mhaoinítear faoin tSaoráid Eorpach Síochána. |
(6) |
Beidh an cur chun feidhme faoi réir measúnú tráthrialta ar fhorbairtí polaitiúla sa Nígir, i gcomhréir leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána a mheasúnú agus a shainaithint. Níor cheart don chur chun feidhme, go háirithe, leasanna slándála agus cosanta an Aontais agus a Bhallstáit a shárú. |
(7) |
Athdhearbhaíonn an Chomhairle go bhfuil rún daingean aici cearta an duine, saoirsí bunúsacha agus prionsabail dhaonlathacha a chosaint, a chur chun cinn agus a chomhlíonadh, agus an smacht reachta agus an dea-rialachas a neartú, i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe, le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus leis an dlí idirnáisiúnta, go háirithe an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Bunú, cuspóirí, raon feidhme agus ré
1. Leis seo, bunaítear beart cúnaimh a théann chun tairbhe Phoblacht na Nígire (“an tairbhí”), atá le maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána (“an Beart Cúnaimh”).
2. Is é is cuspóir don Bheart Cúnaimh cumais agus athléimneacht FAN a neartú le go mbeidh ar a gcumas sláine críche agus ceannasacht na Nígire a chosaint agus chun gur fearr a chosnófar an pobal sibhialta ar an mbagairt sceimhlitheoireachta atá ag dul i méid.
3. Chun an cuspóir a leagtar amach i mír 2 a bhaint amach, maoineofar leis an mBeart Cúnaimh an dá chomhpháirt seo a leanas:
(a) |
Ionad Oiliúna do Theicneoirí na bhFórsaí Armtha (Centre de Formation des Techniciens des Armées — CFTA) a bhunú chun cumas FAN i réimse na tacaíochta lóistíochta a lárnú, a neartú, agus a struchtúrú ar bhealach níos fearr; agus |
(b) |
tul-bhunáit oibriúcháin (base opérationelle avancée — BOA) a chur ar bun chun leochaileacht FAN i réigiún Tillabéri a laghdú. |
4. Mairfidh an Beart Cúnaimh ar feadh tréimhse 36 mí ón dáta a thabharfar an conradh i gcrích idir an riarthóir um bearta cúnaimh, ag gníomhú mar oifigeach údarúcháin, agus an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 4(2) den Chinneadh seo i gcomhréir le hAirteagal 32(2), pointe (a), de Chinneadh (CBES) 2021/509.
Airteagal 2
Socruithe airgeadais
1. EUR 25 000 000 a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais atá ceaptha chun an caiteachas a bhaineann leis an mBeart Cúnaimh a chumhdach.
2. Déanfar an caiteachas go léir a bhainistiú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509 agus leis na rialacha maidir le hioncam agus caiteachas arna maoiniú faoin tSaoráid Eorpach Síochána a chur chun feidhme.
Airteagal 3
Socruithe leis an tairbhí
1. Déanfaidh an tArdionadaí pé socruithe is gá leis an tairbhí chun a áirithiú go gcomhlíonann an tairbhí an dlí idirnáisiúnta, go háirithe cearta idirnáisiúnta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta, agus Airteagal 62(2) de Chinneadh (CBES) 2021/509, mar choinníoll le soláthar na tacaíochta faoin mBeart Cúnaimh.
2. Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha lena gcuirtear d’oibleagáid ar an tairbhí an méid seo a leanas a áirithiú:
(a) |
le haonaid FAN, comhlíonadh an dlí ábhartha idirnáisiúnta, go háirithe cearta idirnáisiúnta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta chomh maith le tiomantas Rialtas na Nígire feabhas a chur ar chomhrac na caimiléireachta; |
(b) |
go mbaintear úsáid chuí agus éifeachtúil as aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mBeart Cúnaimh chun na gcríoch dár soláthraíodh iad; |
(c) |
go ndéantar cothabháil leordhóthanach ar aon sócmhainní a chuirtear ar fáil faoin mBeart Cúnaimh chun a áirithiú go mbeidh siad inúsáidte agus go mbeidh siad ar fáil go hoibríochtúil i gcaitheamh a saolré; |
(d) |
nach gcaillfear aon sócmhainní a chuirfear ar fáil faoin mBeart Cúnaimh, ná nach n-aistreofar iad gan toiliú ó Choiste na Saoráide arna bhunú faoi Chinneadh (CBES) 2021/509 chuig aon duine nó eintiteas seachas chucu siúd a shainaithnítear sna socruithe sin, ag deireadh a saolré. |
3. Áireofar sna socruithe dá dtagraítear i mír 1 forálacha maidir le tacaíocht a fhionraí agus a fhoirceannadh faoin mBeart Cúnaimh i gcás ina suitear go bhfuil na hoibleagáidí dá dtagraítear i mír 2 á sárú ag an tairbhí.
Airteagal 4
Cur chun feidhme
1. Beidh an tArdionadaí freagrach as a áirithiú go gcuirfear an Cinneadh seo chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2021/509, agus leis na rialacha maidir leis an ioncam agus an caiteachas faoin tSaoráid Eorpach Síochána a chur chun feidhme, agus ar bhealach atá comhsheasmhach leis an gCreat Modheolaíochta Comhtháite chun na bearta agus na rialuithe atá riachtanach le haghaidh bearta cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána a mheasúnú agus a shainaithint.
2. Is é Expertise France a dhéanfaidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(3) a chur chun feidhme.
Airteagal 5
Faireachán, rialú agus meastóireacht
1. Áiritheoidh an tArdionadaí go ndéanfar faireachán ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí, arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 3, ag an tairbhí. Leis an bhfaireachán sin, músclófar feasacht ar an gcomhthéacs agus ar na rioscaí a ghabhann le sáruithe ar na hoibleagáidí arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 3, agus rannchuideofar le sáruithe den sórt sin a chosc, lena n-airítear sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus an dlí daonnúil idirnáisiúnta ag aonaid de chuid FAN, sáruithe lena mbaineann úsáid trealaimh arna soláthar faoin mBeart Cúnaimh.
2. Déanfar rialú an trealaimh agus na soláthairtí tar éis a loingsithe a eagrú mar a leanas:
(a) |
fíorú ar a seachadadh, trína bhfuil na fórsaí, arb iad na húsáideoirí deiridh iad, le deimhnithe seachadta a shíniú tráth a aistreofar úinéireacht; |
(b) |
tuairisciú ar an bhfardal, trína bhfuil an tairbhí chun tuarascáil bhliantúil ar fhardal na n-ítimí ainmnithe a thabhairt go dtí go measfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála nach dteastaíonn tuairisciú den sórt sin a thuilleadh; |
(c) |
rialú ar an láthair, nuair atá an tairbhí le rochtain a dheonú don Ardionadaí chun rialú ar an láthair a dhéanamh arna iarraidh sin dó. |
3. Déanfaidh an tArdionadaí meastóireacht, i bhfoirm chéad mheasúnaithe struchtúrtha ar an mBeart Cúnaimh, 6 mhí tar éis thógáil CFTA agus BOA. I gcás inar gá, d’fhéadfadh sé gurbh é a bheadh i gceist cuairteanna ar an láthair chun cigireacht a dhéanamh ar an mbonneagar, an trealamh, na soláthairtí a sholáthraítear faoin mBeart Cúnaimh, nó aon chineál faisnéise éifeachtúla eile arna sholáthar go neamhspleách. Déanfar meastóireacht chríochnaitheach nuair a bheidh an Beart Cúnaimh curtha i gcrích chun a mheasúnú ar rannchuidigh an Beart Cúnaimh leis na cuspóirí a luadh a bhaint amach.
Airteagal 6
Tuairisciú
Le linn na tréimhse cur chun feidhme, soláthróidh an tArdionadaí tuarascálacha tráthrialta don Choiste Polaitiúil agus Slándála maidir le cur chun feidhme an Bhirt Cúnaimh, i gcomhréir le hAirteagal 63 de Chinneadh (CBES) 2021/509. Cuirfidh an riarthóir um bearta cúnaimh an Coiste um an tSaoráid arna bhunú le Cinneadh (CBES) 2021/509 ar an eolas go tráthrialta faoi chur chun feidhme ioncaim agus caiteachais, i gcomhréir le hAirteagal 38 den Chinneadh sin, lena n-áirítear trí fhaisnéis faoi na soláthróirí agus na fochonraitheoirí lena mbaineann.
Airteagal 7
Fionraí agus foirceannadh
1. Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála cinneadh a dhéanamh cur chun feidhme an Bhirt Cúnaimh a chur ar fionraí go hiomlán nó go páirteach i gcomhréir le hAirteagal 64 de Chinneadh (CBES) 2021/509.
2. Féadfaidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála a mholadh don Chomhairle go ndéanfaí an Beart Cúnaimh a fhoirceannadh.
Airteagal 8
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 18 Iúil 2022.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) Cinneadh (CBES) 2021/509 ón gComhairle an 22 Márta 2021 lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána, agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528 (IO L 102, 24.3.2021, lch. 14).
(2) Comhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainmhínítear rialacha comhchoiteanna chun onnmhairí de theicneolaíocht agus de threalamh míleata a rialú (IO L 335, 13.12.2008, lch. 99).