Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1235

    Cinneadh (AE) 2022/1235 ón gComhairle an 12 Iúil 2022 maidir le hathnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle

    ST/14207/2021/INIT

    IO L 190, 19.7.2022, p. 119–120 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1235/oj

    19.7.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 190/119


    CINNEADH (AE) 2022/1235 ÓN gCOMHAIRLE

    an 12 Iúil 2022

    maidir le hathnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle

    TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 186, i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    Trí bhíthin Chinneadh 2005/781/CE (1), d’fhormheas an Chomhairle an Comhaontú le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle (2) (“an Comhaontú”) a thabhairt i gcrích.

    (2)

    I gcomhréir le hAirteagal XII den Chomhaontú, tháinig an Comhaontú i bhfeidhm ar an dáta a thug an dá Pháirtí fógra i scríbhinn dá chéile gur comhlánaíodh a gcuid nósanna imeachta inmheánacha faoi seach is gá chun go dtiocfaidh an Comhaontú i bhfeidhm, eadhon 7 Lúnasa 2007. Bhí an Comhaontú bailí ar dtús ar feadh tréimhse 5 bliana agus féadfar é a athnuachan le comhaontú idir na Páirtithe tar éis meastóireachta le linn na bliana leathdheireanaí de chuid gach tréimhse athnuachana.

    (3)

    Tá athnuachan an Chomhaontaithe formheasta ag an gComhairle ar feadh tréimhse bhreise 5 bliana faoi dhó, trí bhíthin Chinntí 2012/646/AE (3) agus (AE) 2018/343 (4).

    (4)

    Deimhnigh na Pháirtithe gur mian leo an Comhaontú a athnuachan go ceann 5 bliana leis an malartú litreacha idir eatarthu, arna ndátú an 11 Bealtaine 2021 agus an 24 Bealtaine 2021.

    (5)

    Ba cheart athnuachan an Chomhaontaithe a fhormheas thar ceann an Aontais,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Déantar, leis seo, athnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle, go ceann tréimhse bhreise 5 bliana, a fhormheas thar ceann an Aontais.

    Airteagal 2

    Ainmneoidh Uachtarán na Comhairle an duine nó na daoine dá dtabharfar de chumhacht fógra a thabhairt do Phoblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle, thar ceann an Aontais, go ndearna an tAontas a chuid nósanna imeachta inmheánacha is gá chun go ndéanfar an Comhaontú a athnuachan i gcomhréir le hAirteagal XII(2) den Chomhaontú.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Iúil 2022.

    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán

    Z. STANJURA


    (1)  Cinneadh 2005/781/CE ón gComhairle an 6 Meitheamh 2005 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle (IO L 295, 11.11.2005, lch. 37).

    (2)  IO L 295, 11.11.2005, lch. 38.

    (3)  Cinneadh 2012/646/AE ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2012 maidir le hathnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle (IO L 287, 18.10.2012, lch. 4).

    (4)  Cinneadh (AE) 2018/343 ón gComhairle an 5 Márta 2018 maidir le hathnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle (IO L 67, 9.3.2018, lch. 1).


    Top