Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022D1199

    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1199 ón gCoimisiún an 11 Iúil 2022 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/76 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe i dtaca le hardaitheoirí le cosán taistil claonta agus lena gceartaítear an Cinneadh sin a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe maidir le rópaí sreinge cruach (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    C/2022/4864

    IO L 185, 12.7.2022, p. 133–137 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    Legal status of the document In force

    ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/1199/oj

    12.7.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    L 185/133


    CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2022/1199 ÓN gCOIMISIÚN

    an 11 Iúil 2022

    lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/76 a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe i dtaca le hardaitheoirí le cosán taistil claonta agus lena gceartaítear an Cinneadh sin a mhéid a bhaineann le caighdeáin chomhchuibhithe maidir le rópaí sreinge cruach

    (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

    TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

    Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le Caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoracha 89/686/CEE agus 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,

    De bharr an mhéid seo a leanas:

    (1)

    I gcomhréir le hAirteagal 14 de Threoir 2014/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ardaitheoirí agus comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó le codanna de na caighdeáin chomhchuibhithe sin, glactar leis go bhfuil siad i gcomhréir leis na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, ceanglais a chumhdaítear leis na caighdeáin sin nó leis na codanna sin díobh.

    (2)

    Le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2016) 5884 ón gCoimisiún (3), rinne an Coimisiún iarraidh ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) (“an iarraidh”) caighdeáin chomhchuibhithe a dhréachtú agus a athbhreithniú chun tacú le Treoir 2014/33/AE. Go háirithe, iarradh ar CEN caighdeáin chomhchuibhithe atá ann cheana a athbhreithniú chun a áirithiú go mbeidh siad fós ag teacht leis an úrscothacht a nglactar léi i gcoitinne, chun na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/33/AE a chomhlíonadh, agus, i gcás inarb ábhartha, na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a chomhlíonadh, dá dtagraítear i bpointe 1.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/33/AE.

    (3)

    Ar bhonn na hiarrata, rinne CEN athbhreithniú ar chaighdeán comhchuibhithe EN ISO 81-22:2014, caighdeán ar foilsíodh an tagairt dó i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/76 ón gCoimisiún (5). Rinneadh an t-athbhreithniú chun an caighdeán sin a chur in oiriúint do chreat dlíthiúil Threoir 2014/33/AE agus chun cur leis an deimhneacht dhlíthiúil agus an tsoiléireacht trí fhaisnéis níos beaichte a sholáthar in Iarscríbhinn ZA agus trí thagairtí normatacha dátaithe a thabhairt isteach. Is é an toradh a bhí air sin gur glacadh caighdeán comhchuibhithe EN 81-22:2021 i ndáil le rialacha sábháilteachta maidir le tógáil agus suiteáil ardaitheoirí le cosán taistil claonta chun daoine agus earraí a iompar. Ní dhearnadh aon athrú teicniúil substainteach ar chaighdeán comhchuibhithe EN 81-22:2014 mar thoradh ar an athbhreithniú sin.

    (4)

    Rinne an Coimisiún measúnú i gcomhar le CEN féachaint an gcomhlíonann caighdeán EN 81-22:2021 an iarraidh.

    (5)

    Comhlíonann caighdeán comhchuibhithe EN 81-22:2021 na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta is aidhm dó a chumhdach, ceanglais a leagtar amach i dTreoir 2014/33/AE. Dá bhrí sin, Is iomchuí an tagairt don chaighdeán sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    (6)

    In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/76, liostaítear na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/33/AE.

    (7)

    Chun a áirithiú go liostaítear in aon ghníomh amháin na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a dréachtaíodh chun tacú le Treoir 2014/33/AE, ba cheart na tagairtí do chaighdeán comhchuibhithe EN 81-22:2021 a chuimsiú i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/76.

    (8)

    Cuirtear caighdeán comhchuibhithe EN 81-22:2021 in ionad chaighdeán comhchuibhithe EN 81-22:2014. Dá bhrí sin, an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe EN 81-22:2014, is ga í a tharraingt siar ó Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ba cheart ar an gcaoi sin caighdeán comhchuibhithe EN 81-22:2014 a scriosadh ó Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/76.

    (9)

    Tagairtí do chaighdeáin chomhchuibhithe EN 12385-3:2004+A1:2008, EN 12385-5:2002 agus EN 13411-7:2006+A1:2008 maidir le rópaí sreinge cruach, is i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/76 atá siad foilsithe faoi láthair. Mar sin féin, ní comhpháirteanna sábháilteachta iad rópaí sreinge cruach le haghaidh ardaitheoirí faoi mar a thagraítear dóibh in Airteagal 1(1), an dara fomhír, de Threoir 2014/33/AE, agus dá bhrí sin, ní féidir glacadh leis go bhfuil na caighdeáin chomhchuibhithe sin i gcomhréir leis na buncheanglais sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach sa Treoir sin. Dá bhrí sin, is gá Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/76 a cheartú trí na tagairtí sin a scriosadh ó Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh sin.

    (10)

    Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/76 a leasú agus a cheartú dá réir.

    (11)

    Chun a ndóthain ama a thbhairt do mhonaróirí ullmhú le haghaidh caighdeán EN 81-22:2021 a chur i bhfeidhm, is gá tarraingt siar na tagartha do chaighdeán EN 81-22:2014 a chur siar.

    (12)

    Ón dáta a fhoilsítear an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, is rud é comhlíonadh an chaighdeáin sin a fhágann go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na bun-cheanglais chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe,

    TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/76 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 2

    Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/76 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo.

    Airteagal 3

    Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm ag Pointe (1) d’Iarscríbhinn I ón 12 Eanáir 2024.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Iúil 2022.

    Thar ceann an Choimisiúin

    An tUachtarán

    Ursula VON DER LEYEN


    (1)  IO L 316, 14.11.2012, lch. 12.

    (2)  Treoir 2014/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát i dtaca le hardaitheoirí agus le comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí (IO L 96, 29.3.2014, lch. 251).

    (3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2016) 5884 ón gCoimisiún an 21 Meán Fómhair 2016 maidir leis an iarraidh ar chaighdeánú chuig an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú a mhéid a bhaineann le hardaitheoirí agus le comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí chun tacú le Treoir 2014/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

    (4)  Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hinnealra, agus lena leasaítear Treoir 95/16/CE (IO L 157, 9.6.2006, lch. 24).

    (5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/76 ón gCoimisiún an 26 Eanáir 2021 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe i dtaca le hardaitheoirí agus le comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí a dréachtaíodh mar thacú le Treoir 2014/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 27, 27.1.2021, lch. 20).


    IARSCRÍBHINN I

    Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/76 mar a leanas:

    (1)

    scriostar iontráil 3;

    (2)

    cuirtear isteach an iontráil 3a seo a leanas:

    “3a.

    EN 81-22:2021

    Rialacha sábháilteachta maidir le tógáil agus suiteáil ardaitheoirí — Ardaitheoirí le haghaidh iompar daoine agus earraí — Cuid 22: Ardaitheoirí paisinéirí agus ardaitheoirí paisinéirí agus earraí le cosán taistil claonta”.


    IARSCRÍBHINN II

    In Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/76, scriostar iontrálacha 13, 14 agus 16.


    Top